An Ghaeilge agus an Ghaeltacht i mBuiséad 2010

Mar a bheithfeá ag súil, ní raibh aon buaiteoiri i measc pobal na Gaeilge nó na Gaeltachta sa Bhuiséad seo.  Ní raibh ann ach caillteoirí nár chaill an oiread is ar chaill dreamanna eile.

Na caillteoirí móra:   Udarás na Gaeltachta:  San iomlán tá tuairim is €5m caillte ag Udarás na Gaeltachta ón bhliain seo chaite.    Tá tuairim is €500,000 caillte ó na buiséid riaracháin agus tionscnaimh.  Tá €4.65m bainte den bhuiséad caiptil.

Maidir le Foras na Gaeilge.  De réir an méid atá ráite ar an léaráid thíos, níl ach €50,000 caillte ag an bhForas Teanga do 2010 i gcomparáid le 2009.  Níl léargas beacht nó cruinn againn ar mbuiséad iomlán d’Fhoras na Gaeilge seachas an bhuiséad don Boord o’Ulster Scotch (atá trioblóidí dá gcuid féin acu is cosúil).  Caithfear cúpla toisc breise a chur san áireamh – ceann acu go laghdóidh an allúntas ón Roinn ó thuaidh i gcomhréir leis an laghdú ón Roinn ó dheas go h-uathoibreach.

An toisc eile, an solas glas a tugadh d’Fhoras na Gaeilge 16 fostaí sa bhreis a earcú, innealtóirí teanga san áireamh, chun cur leis an bhfoireann ina oifigí i mBaile Atha Cliath, Béal Feirste agus an oifig nua i nGaoth Dobhair.   Is cinnte go gcosnóidh seo €1m+ in aghaidh na bliana as seo amach agus ní fios go fóill cén luach a bheidh le fáil as.   Tagann seo trath go bhfuil atbhreithniú déanta ar líon agus éifeacht na n-eagrasaí ‘buanmhaoinithe’ agus é tugtha le fios go neamhbhalbh go bhfuil iarracht á dhéanamh eagras amháin nó b’fheidir beirt nó triúr a bheith ann seachas naoi gcinn déag.  Mar sin de fagfaidh sin go mbeidh eagras amháin nó triúr ag brath go h-iomlán ar an bhForas dá gcuid maoiniú agus is beag neamhspleachas a bheidh ag na h-eagrais sin.

Tá laghdú €2.08m ar bhuiséad TG4 – síos ó €36.133m go dtí €34.050m.  Is mór an titim é sin.   Is ionann é, mar shampla, agus fáil reidh le Ros na Rún go h-iomlán ó sceideal an staisiúin.   Cinntí crua le déanamh i mBaile na hAbhann.

Tá gearradh suntasach déanta ar Chiste na Gaeilge – síos ó €8.415m go €5.716m – sin gearradh 32%.  Is dócha gur feidir linn glacadh leis mar sin nach mbeidh aon iocaíochtaí ró mhóra do leithéidí Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

I raiteas a d’eisigh an Aire O Cuív – nó ar a shon ar a laghad – níl aon tagairt ann don Straitéis 20 Bliain a foilsíodh coicís ó shin.  An bhfuil sin ligthe i ndearmad theana féin?  Is cinnte nach bhfuil aon acmhainní breise sa Bhuiséad seo chun an straitéis a chur i bhfeidhm.

6 thuairim ar “An Ghaeilge agus an Ghaeltacht i mBuiséad 2010

  1. Ping: Anaithnid

  2. Duine

    An gceapann tú go bhfuil sé slantiúl duit chun a bheith ag caint faoin nGaeilge amháin?

    Freagra
  3. conal

    an dóigh leat go bhfuil sé in am athbhreathnú ar an mbille teanga agus an cheart atá ag gach saoránach cáipéisí stáit a fháil as gaeilge? ní dóigh liom go raibh éalamh riamh ar an leagan gaeilge den fhoirm C1 de chuid an companies registration office nó an central bank act(agus a leithéad de foirm agus dlí), ach fós féin caitheadh airgead suntasach chun iad a aistriú. caithfidh go bhfuil sloite níos éafachtaí ann chun an teanga a chothú ná sin.

    Freagra
    1. colm

      A Chonaill,
      Mura mbíonn siad ar fáil, bí cinnte nach mbeidh éileamh go deo orthu.

      A Dhuine,
      Tá níos mó i gceist anseo ná an Ghaeilge amháin.
      Tagann go leor réimsí saol faoin Údarás agus faoinm bhForas – cur chun cinn na tionsclaíochta sa nGaeltachta, cúrsaí oideachais ar fud na tíre (naoíonraí, gaelscolaíocht), nuachtán, leabhair agus go leor eile nach iad.

      Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Airgead amú amach is amach airgead na h-aistriúcháin. Nior cheart ach an Barr 10 de chaipéisí a lorgaitear i mBéarla a aistriú go Gaeilge agus fag na h-ionstraimí reachtúla ar an seilf go ceann tamall eile. Ní h-é is go bhfuil prainn leis nó dá mbeadh bheidís aistrithe i bhfad ó shin. Eagla craicinn atá ar O Cuív roimh cancrán Ghaelach a la An Béal Bocht an Rialtas a thabhairt chun cúirte de bharr gan leagan Ghaeilge a bheith ann.

    Ní chothóidh solathar ar chaipéisí aistrithe – leithéidí na cinn atá luaite ag Conal – aon rud don Ghaeilge ach droch mheas agus díspeagadh i measc lucht an Bhéarla. Cur i gcéill atá ann a mhaíomh go gcuireann sé le stadas na teanga. Cuireann sé le h-ísliú measa don Ghaeilge thar rud ar bith eile.

    Tá sé in am dúinn fáíl reidh leis an mbagaiste seo.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s