Straitéis – nó plean – 20 Bliain foilsithe – geallúint tugtha faoi ‘acmhainní’

Faoi dheireadh thiar, tá an phlean a gheall Rialtas na 26 Contae dúinn i mbéal na Nollag 2006, plean chun an Ghaeilge a leathnú mar theanga phobail faoi cheann 20 bliain foilsithe.  Más maith is mithid.  Níl an chaipéis ar shuíomh na Roinne – nó níl sé ann go feiceálach – faoi láthair.   Seo chugaibh é….

Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030

Tá sé luath go leor sa phroiseas gan an plean seo a dhamnú – ach ag an am chéanna ní mór a thabhairt chun cuimhne go bhfuil pleananna go leor chun an Ghaeilge a athbheochan/aiseirí/a thabhairt slán don chéad ghlúin eile/a mharú le maorláthas/scrios de réir do rogha ag bailiú deannaidh ar sheilfeanna na Roinne.

Fiú amháin más plean foirfe é seo ar son na teanga, an mbeidh na h-acmhainní ann chun é a chur i bhfeidhm?   Dúirt an Aire agus é ag caint ar Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, go ‘gcaithfeadh go mbeadh’ agus d’admhaigh sé gur beag tairbhe plean gan acmhainní chun é a chur i bhfeidhm.

Beidh le feiceáil.

Má tá leathnú le déanamh ar ról Udarás na Gaeltachta – Udarás na Gaeilge – is léir go gciallaíonn sin go mbeidh cúngú mór á dhéanamh ar ról Fhoras na Gaeilge.  B’fheidir nach droch rud é sin nó is eagras mí eifeachtach gan tuiscint gan fuinneamh an Fhoras – ach cá bhfagann sin Gaeilgeoirí na sé contae?   Faoi chúram an DUP? Is plean é seo don Saor Stát agus is bocht agus is suarach an tagairt atá déanta do chainteoirí Ghaeilge an Tuaiscirt.  Seo an t-aon tagairt atá feicthe agamsa sa strac fhéachaint a thug mé ar an bplean.

Tuaisceart Éireann

Mar a tugadh ar aird thuas leanfaidh an Rialtas ag obair freisin le go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán tiomantais ó thaobh na Gaeilge a bhaineann le Rialtas na Breataine agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann lena n-áirítear Acht Teanga don Ghaeilge a thabhairt isteach agus cur le cosaint agus forbairt na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

Ní caipéis mór ‘glosiáilte’ é an plean seo – ar nós an Ráiteas Rialtais a eisíodh ag Teach Farmleigh – agus, go deimhin, tá an cuma air le h-earráidí litrithe agus gramadaí tugtha faoi ndeara agamsa, gur éisíodh faoi dhithneas é.   Mar sin féin, ní ar sin a bheimíd ag díriú anseo ach ar abhar an phlean féin, cad atá á mholadh ann agus cad é an seans go gcuirfear i bhfeidhm é?   Agus má chuirtear i bhfeidhm é ina iomláine, nó cuid de, cad é an toradh a bheidh air don Ghaeilge, dá pobal labhartha agus don Ghaeltachta agus dá pobal cónaithe.

6 thuairim ar “Straitéis – nó plean – 20 Bliain foilsithe – geallúint tugtha faoi ‘acmhainní’

  1. séamus Mac Seáin

    in ainm Dé na téimis ag cur a’s ag cúiteamh faoin diabhail rud. Gabhadh siad ar aghaidh leis an rud a chur i bhféidhm. Ní thiocfadh leis a bheith níos measa ná an rud atá anois ann. Níl ann, ar feadh a fheicimse, ach ” Tuarascáil um Athbheochan an Gaeilge” circa 1965 agus culaith úr air. Níor chuireadh sin i bhfeidhm ariamh. Fíor mhaith dar liom Údarás na Gaeltachta a chur i mbun an ruda uilig agus tabhairt ar chuid “suits” Ghluaiseacht an Gaeilge dul siar nó imeacht. Shábhálfadh sé cuid den timpealacht deireadh a bheith lena gcuid meamraim agus a gcuid tuarascála.

    Freagra
  2. aonghus

    Beidh le feiceáil cad a dhéanfar san Coiste Oireachtais.

    Is fiú an cuir is cúiteamh, sílim. Caolseans go mbeidh an tAire seo ann i ndiaidh an céad toghchán eile. Má éiríonn leis cur ina luí ar na páirtithe eile glacadh le codanna fiúntacha den plean seo, beidh bunús éigin ann.

    Seans go mbeidh deis aige cló dlí an chuir ar Údarás na Gaeilge.

    Freagra
  3. daoi

    Is maith an rud é gur foilsíodh an plean roimh an Nollaig agus gealltanais ann a thagann salach ar mholtaí Mhic Chárthaigh. Maidir le hoirthuaisceart na hÉireann, ba chóir an nasc uile-oileáin sin a chur faoi chúram Iomairt Cholm Cille agus an eagraíocht sin a fhorbairt le go mbeidh oidhreacht iomlán na nGael á treisiú i slí nach mbaineann le teorainneacha ná polaitíocht agus fáilte roimh chách idir Ghael agus Ghall a saol a shaibhriú leis an teanga idiroileáin seo a chuireann cuid againn Gaeilge uirthi.

    Freagra
  4. Cailliomachas

    Ar chéad léamh an Phlean dom ní léir go bhfuil aon tacaíocht bhreise institiúideach le bheith agus an oideachas Gaeilge. Teastaíonn Roinn Oideachais dár gcuid féin uainn. Is é an sine qua non é. Gan é níl sa Phlean ach sop in áit na snipe. Roinn Oideachais dár gcuid féin!

    Freagra
  5. Ciarán

    Is plean é seo atá dírithe go hiomlán is go huile ar an deisceart. Níl aitheantas tugtha fiú go bhfuil an teanga beo áit eile ar an oileán. Gach tagairt ar ranna nó comhlachtaí, is ranna ó dheas iad. Ní bhaineann figiúirí atá luaite sa phlean ach leis an daonáireamh ó dheas. Beidh forfheidhmiú an phlean faoi stiúir oifig an Taoisigh agus buic eile ó rialtas an deiscirt -tagairt ar bith do nasc oifigiúil leis an tuaisceart. Thar ama is cinnte go mbeidh isliú ar mhaoiniú na Gaeilge ó thuaidh. Plean ón 26 chontae don 26 chontae atá ann, céim siar ón dóchas a bhí ann i 1998. Ní raibh na bearta uile-oiléanda a cuireadh in áit an t-am sin éifeachtach, ach sa phlean seo níl ann fiú do bhearta uile-oileánda. Níl ann ach cur i gcéill.

    Freagra

Freagra