A fhior Ghaeil fhíor Ghaelacha, seo chugainn fíor Ghaelachas…

A chairde Ghaeil agus a phlúr na tíre….

Seo mír ón léiriú íontach den dráma, An Béal Bocht, atá ar chamchuairt ar fuaid na tíre ag Compántas Amharclainne Aisling Ghéar.  Bhí sé de phleisiúr agam bheith i láthair nuair a léiríodh é in Amharclann “Briery Gap” Maigh Chromtha oíche Dé Satharn agus bhain mé féin agus mo bhean ana shasamh as.  Sin an slí chun deich mbliain pósta a cheiliúradh – dráma brea Gaelach agus seaimpéin blasta ón Fhrainnc ina dhiaidh!

Beidh an dráma seo le feiscint i gCorcaigh anocht [Dé Domhnaigh sa Cork Arts Theatre]  agus i bPort Lairge ón Mháirt go dtí Déardaoin [Garterlane Arts Centre].  Is fiú go mór dul chun é a fheiscint ina iomláine.

Maith dhom an droch cheamradóíreacht le bhúr dtoil.  Ní raibh an trí chosach ceamra liom agus uaireannta theip orm fánúint socair de bharr bheith sna trithí ag gairí….

Is fiú dul go dtí an dráma seo agus é a fheiscint ina iomláíne.  Mura dtacaíonn muid lena leithéid, ná bíodh íontas orainn nuair nach mbeidh siad ann….

B’fhiú dúinn faire ar an ndráma seo i gcomhtheacs an phlé ar fad atá ar bun faoi Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

3 thuairim ar “A fhior Ghaeil fhíor Ghaelacha, seo chugainn fíor Ghaelachas…

  1. aonghus

    Teachtaireacht gur físeáin príobháideach atá ann an méid a fheicimise!

    Tá drámaí leo feicthe agam cheana, ach caolseans go mbeidh ar mo chumas freastal ar seo. Tá Baile Bhlainséir ró achrannach don té atá spléach ar iompair poiblí, agus cónaí air i gCill Mhantáin.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s