Feachtas físe fiúntach….ach céim breise ag teastáil

Tá físeán úr feachtais seolta ag Guth na Gaeltachta chun aird an phobail a dhíriú ar an bpriacal ina bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht de bharr moltaí Mhic Charthaigh.   Is féidir amharc air anseo thuas.

Más maith is mithid.   Bhí an chruinniú seo ag tús na míosa seo agus ghlac sé trí sheachtain an fhíseán a fhoilsiú.  Anuas ar sin, tá an físeán aonteangach, i nGaeilge amháin, agus ní mor dúinn a thuiscint má tá an fheachtas seo le baint go gcaithfimíd a léiriú do phobal mhór na tíre seo, a thacaíonn leis an Ghaeltacht agus leis an Ghaeilge fiú is nach bhfuil siad líofa sa teanga, go mbeadh giorruithe ar leithéidí Scéim na Mná Tí ina íonsaí orthu.

Tá an baol ann mura n-aithnímíd go bhfuil gá le leaganacha Bhéarla de píosaí bolscaireachta mar seo, nach mbeidh an lucht féachana agus an lucht tacaíochta ann dúinn atáimid ag lorg.

Tá an t-am idir seo agus 9 Nollaig, lá an Bhuiséid, ag giorrú.   Ba cheart dúinn an am seo a úsáid chun féachaint chuige go bhfuil pobal na tíre ar fad ar an eolas faoi céard atá i gceist leis an bhfeachtas chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a thabhairt slán ón eigeandáil seo.

Ba cheart dúinn a aithint go bhfuilimid beo trath na h-eigeandála agus go gcaithfidh pobal na Gaeilge is na Gaeltachta a léiriú go bhfuilimíd páirteach sa mhór phobal.  Ba cheart a thabhairt le fios go n-aithnímid go mbeidh ciorruithe de dhíth ach a thabhairt le fios cad iad na ciorruithe is fearr ar féidir a dhéanamh agus cad iad na rudaí nár cheart giorrú.

Tá cúig éileamh ag Guth na Gaeltachta – agus is iad seo iad.

1. Roinn na Gaeltachta faoi cheannasaíocht an Aire a choinneáil

2. Cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a choinneáil

3. Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge a chosaint

4. Scéimeanna forbartha teanga, cultúrtha agus ealaíne a choinneáil agus a leasú más gá

5. Ciste caiteachais a bheith ar fáil d’oibreacha caipitil, infreastruchtúir agus pobail i gceantair iargúlta mar an Ghaeltacht

Maidir leis an gcéad éileamh, is léir ó na fograí a foilsíodh le déanaí ag lorg Ard Runaí agus cúigear aistritheoir nach bhfuil aon bhaol ann don Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó thua Mhic Charthaigh.

Is cinnte go mba amaideach an mhaise é deireadh a chur le feidhm fiontraíochta Udarás na Gaeltachta agus é d’aistriú chuig Fiontraíocht Éireann.   Murach an Udarás, ní bheadh teora leis an dífhostaíocht sa Ghaeltacht.

Tacaím go mór le scéim na mná tí – tá sé tabhachtach go dtabharfaí tacaíocht do thionscal na gColáistí Samhraidh ar an mbonn go bhfuil an tionscal sin ag tabhairt isteach airgead don Ghaeltacht.  Tionscal beo beathach atá ann, a thugann toradh íontach ar infhéistíocht an stait.

Ach luath nó mall, titfidh an tua ar an nGaeilge is ar an nGaeltacht in áit éigean.  An bhfuil sé ionainn teacht le cheile agus a rá anois cén áit nár cheart do titim –  agus ní leor bheith ag maíomh nach féidir leis titim in áit ar bith – agus cén áit nach ndéanfadh sé an oiread sin dochar do bhaill riachtanacha chorp  an phobail teanga.

Sin an fath go dtacaím le feachtas Guth na Gaeltachta nó aithníonn an feachtas go mbeidh giorruithe ann agus go bhfuilimid sa Ghaeltacht agus i bpobal na Gaeilge sásta bheith páirteach leis an bpobal mhór.

Bionn dreamanna ar nós Sinn Féin ag iarraidh a thabhairt le fios nach gá aon giorruithe bheith ann agus iad ag maíomh go bhfuil siad ar thaobh an chosmhuintir.  I bhfirinne níl siad ach ag cronán ar a son féin.   Os rud é gur feachtas é Guth na Gaeltachta a fhograíonn:

Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta
atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta .

Sin cúis eile le tacú leis….  Nior cheart do phairtí ar bith, Sinn Féin nó eile, feachtais is grúpaí Ghaeilge nó Ghaeltachta a shealbhú.

Is cinnte go bhfuil éagóir á dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta – agus tá an éagóir sin á dhéanamh le blianta fada nó ba bheag méadú a fuair an Ghaeilge le linn blianta rachmasacha an Tiogair Cheiltigh – ach sin sean scéal agus meirg air.

Caithfimid port nua a sheinm – agus caithfimid an phobal a thabhairt linn.  Agus dá fheabhas é an fhíseán thuas, ní leor é.

Nil sé maith a dhothain níos mó go mbeadh físeán You Tube ann – caithfidh feachtas uile ghabhalach na meán nua bheith ann.  Mura bhfuil TG4 sásta tuairisciú a dhéanamh ar an bhfeachtas seo, tá orainn féachaint taobh amuigh de TG4.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s