Ar an ngearrliosta

iba09gearrliosta
Agus sinn ár gcasadh i speirling na gearchéime geilleagair, is deas an rud go mbionn dea scéal ann ó am go cheile. Is dea scéal domsa go pearsanta agus don dream a thugann chuairt ar iGaeilge go raibh ainmniuchán faighte ag an mblag seo le h-aghaidh an gradam don blag is fearr a bhain úsáid as an nGaeilge ag na Irish Blog Awards. Anois seo chugainn an scéal go bhfuil iGaeilge luaite le ceithre blag eile ar an ngearrliosta le h-aghaidh an gradam seo.

Beidh bronnadh na ngradaim ar siúl i gCorcaigh ar an Satharn, 21ú Feabhra, agus tá sé i gceist agam freastal ar an ocáid chun casadh ar mo bhlagadóiri. Níl a fhios agam an mó eile ón ngearrliosta don bhlag Ghaeilge is fearr a bheidh ann – ach beadsa ann.

Is é seo an gearrliosta:

Best Use of the Irish Language in a Blog – Sponsored by Edgecast Media
talkirish.com
hilaryny.blogspot.com
igaeilge.wordpress.com
iomhannablag.blogspot.com
gaelgannaire.blogspot.com

Tá dhá iar-bhuaiteoir ar an liosta sin – blag Hilary Bean Uí Shuibhne agus blag Ghael Gan Náire. Anuas ar sin tá blag ná raibh a fhios agam go raibh sé ann – Talk Irish – agus blag eile atá dírithe ar íomhánna. Neosfaidh an aimsir cé acu a bheas an bua….

Bua nó díomua, i gceann coicise beidh an blag seo bliain d’aois agus tá súil agam roinnt fhorbairtí nua a fhogairt chun an ocáid – nó is ocáid dom é fiú mura n-aithníonn éinne eile é – a cheiliúradh.

7 dtuairim ar “Ar an ngearrliosta

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    Comhghairdeas a Choncubhair as an ainmniúcháin.Cén fath nach bhfuil nasc agat le Foinse?

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Bhí an Druma Mór ar an liosta fada, a Dhiarmuid. Ach ar chúis éigean nior eirigh leis an gearr liosta don bhlag is fearr a shroichint. Is cuimhin liom gur sheol mé ainmniuchán mé féin don suíomh.

    Rud amháin, b’fheidir,faoi An Druma Mór gur suíomh nuachta é níos mó ná blag. Téann daoine ann chun a gcuid nuachta a fháíl i nGaeilge agus b’fhéidir mar sin go mbeidh sé níos oiriúnaí cur isteach ar Gradaim na Suíomhanna Idirlíne níos moille sa bhliain.

    Deinim nasc le Foinse ó am go cheile ach ní bhionn na scéalta á fhoilsiú luath a dhothain – nó ní bhionn go leor acu ann – chun nasc a dhéanamh leo. Tá siad sa chloch aois ó thaobh na h-idirlíne de creidim.

    Freagra
  3. Dáithí Ó Muirí

    Áthas orm go bhfuil an t-ainmniúchán faighte ag an bhlag, a Conchubhair. Ádh mór sa chomórtas.

    Freagra
  4. Seán Mór

    comhghairdeas leat, a Chonchúir… blag den chéad scoth agat anseo. Ádh mór ort ar an 21ú!

    Freagra

Freagra