Gairm ón dtaobh clé….

Tá plé agus tuilleadh plé déanta ar Shinn Féin ar an mblag seo ó bunaíodh an bhlag is dócha. Bhíodh údar an bhlag ag tacú le Sinn Féin – sé sin le rá ag votáil ar a son – trath. Níl nios mó.

Ar na h-údair leis an scarúint seo tá an aighneas ar fad faoi Shinn Féin agus céard a rinne ionadaithe an phairtí sin chun tacú le Lá Nua timpeall ar bhórd an Fhorais. Ach tá cúinsí eile ann freisin.

Cad é an treo atá SF ag dul? Chonaiceamar chomh gasta agus a d’athraigh an phairtí a phort le linn an fheachtais toghcháin i 2007. Nóimead amháin ba phairtí iad a bhí in éadan an Rialtais agus ag iarraidh FF a bhrú as oifig – an chéad noiméad eile bhí siad ag iarraidh luí in aon leaba le FF chomh fada is go raibh siad sa rialtas le cheile! I mbéal an toghcháin, mar léiriú ar an bhfonn diamhair chun cumhachta a bhí ar SF, d’athraigh an pháirtí a pholasai ar cheist na cánach corporáide. Nóimead amháin bhí siad ar son é a athrú ach i bhfaiche na súl bhí siad ar shon é a choimead mar a bhí.

Thug an athrú poirt tobann sin an bréag don scéal grinn atá ag dul timpeall ó dheas. Cén difir idir SF agus FF? 50 bliain. I bhfirinne tá an difir i bhfad níos giorra ná sin!

Ar aon nós anois tá Eoin Ó Broin, pearsa i SF atá ard mheas agam air as ucht a éirim pholatúil, tar éis leabhar a fhoilsiú faoin treo ar cheart do SF bheith ag dul sa todhchaí.

Ina leabhar nua, Sinn Féin and the Politics of Left Republicanism, deir Eoin Ó Broin an méid seo faoi oidhreacht pholatúil Shinn Féin:

Sinn Féin has been one of the central architects of the peace process and is increasingly setting the terms of political debate in Ireland north and south. Despite this, the party remains much misunderstood and often misrepresented.

“It is the left republican tradition started by Connolly and continued by Mellows, Gilmore, O’Donnell, the Republican Congress, Clann na Poblachta and even the Workers’ Party to which we belong.

“While our history has seen many successes, it has also seen many failures. Honestly understanding our past is vital if we are to understand the limitations of our present and to achieve our objectives in the future.

“Sinn Féin’s future must be a left republican future, taking our place in the globally resurgent radical democratic left of Europe, Latin America and the wider world.”

Shíl mise gurb amhlaidh an scéal riamh. Ach ansan fuair mé ciall ceannaigh i mí Mheán Fhómhair seo chaite nuair a votáíl ionadaithe Shinn Féin in éadan Lá Nua ag bórd an Fhorais. Ní h-é gur chuir an vóta íontas orm – bhí dúshlán tugtha ag Lá Nua do SF, dúshlán nach mbeadh na magairlí ag aon mheán Ghaeilge eile a thabhairt, ar cheist na Gaeilge – ach chuir an loighic ar chúl an seasamh sin íontas agus díómá orm.

Mhínigh Eoghan Mac Cormaic é i gcolún uaidh a fhoilsíodh in An Phoblacht.

beidh díoma orm má a thagann deireadh le Lá Nua. De réir an taighde áfach, agus de réir an bheithigh úd a chuirtear an ‘margadh’ air, níl a dhóthain de léitheoireacht laethúil ann chun coimitmint mhór airgead phoiblí a chur isteach sa tionscnamh agus an fhís seo, go fóill, ag an phointe seo.

Conas mar a réitíonn an chaint seo faoin bheithíoch choisricean seo, an margadh, le fealsúnacht SF bheith ag teacht ón éite chlé? B’shin an cheist a chuir mé orm féin agus b’é an freagra a fuair mé – nach raibh SF ar an eite clé, nó eite ar bith. Gurb é an t-aon fealsúnacht a bhí agus atá ag an páirtí ná cur chun cinn an pháirtí féin. Go beacht seo fealsúnacht FF ag pointe níos luaithe i bhforbairt éabhlóídeach an pháirtí.

Tugann sin ar ais go dtí an cheist – cad é an difir idir FF agus SF?

I bhfad níos lú ná 50 bliain, fán dtrath seo.

Feicimíd an claonadh seo i dtreo an mhargaidh, claonadh atá go h-iomlán as alt leis an gculú eacnamúil seo atá mar thoradh ar mí riail an mhargaidh, i go leor bheartais eile de chuid SF. An dúil atá acu i bpáirtíochtaí priobháideach phoiblí mar shampla. [Bionn sé aisteach nó fhaid is a bhí Bairbre de Brún ina Aire Sláinte ó thuaidh, bhí sí ar shon páirtíóchtaí PP – ach nuair a bhí Mary Harney i mbun na h-oibre céanna ó dheas, bhí SF i gcoinne a leitheid.]

An rud amháin a chaithfidh SF cur sa cheart má tá aon todhchaí ag an pháirtí mar fhórsa den éite radacach, deireadh a chur leis an claonadh chun cinsireachta atá á chleachtadh ag leitheidí Gerry Adams agus ceannasaíocht an pháirtí, claonadh a fhágann go bhfuil guth duine ar bith a thugann dúshlán do threo cheart chreidmheach an pháirtí curtha ina thost nó a ardán bainte de nó fagtha gan éisteacht.

Tá tagairt ag Eoin Ó Broin do seo ina leabhar freisin agus pléann sé an scéal san Irish News inniu. Thall ar Slugger O’Toole, tá an scéal sin ath-fhoilsithe (mar tá IN fós sa chloch aois ó thaobh na h-idirlíne de agus ní thugann siad cead do dhaoine a chuid scéalta a léamh gan sintiús a ioc)
:

“Sinn Fein’s ideological and organisational history, and the experience of 70 years of [British] state repression and 30 years of armed conflict have all combined to create an organisation which is both highly centralised in its distribution of power and vertical in its structure of command,” he writes in the book.

“Discipline and loyalty are often more highly valued than critical debate and internal democracy.

“The advent of the peace process has created a degree of flexibility within the party.

“However, if we are to continue to expand and respond effectively to the changing political circumstances in which we find ourselves, we need to struggle towards a more decentralised and horizontal party structure.”

Sin teachtaireacht nach rachadh amú ar Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams agus a bhlag atá ag feidhmiú faoi chúing chinsireachta atá níos déine ná mar a bhí Mir 31 riamh!

Beidh le feiceáil an dtabharfar éisteacht do Eoin Ó Broin…..

3 thuairim ar “Gairm ón dtaobh clé….

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Agus FF sa phaopach dé bharr an gearrchéim eachnamaíochta an bhfuil dáinsear go dtiocfadh SF ina n-áit?Tá an cinsíreacht ag teacht isteach i FF freisean agus iomatheoirí a bheith a gcur faoi aghallamh chun seasamh `sna toghacháin áitiúla.Saghas Iaráin glas faoin Atatollah Comhainn

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    eoghain bocht. ró mhall,ró mhall monuar.Stábla folamh agus an capall ar shiúl ( ag sodar i ndhiaidh na nuasal ?. cá fios?)

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s