Cé mhéid a chosnódh sé do leitheoirí/lucht tacaíochta na nirisí seo a mhaoiniú sinn féin? Tá sé thar am againn an freagracht a ghlacadh chúgainn féin seachas bheith ag caoineadh nuair a chuireann Foras na Gaeilge, ‘Hannibal Lecter’ na nuachtán is na nirisí Gaeilge.
Ciarán Dúnbarrach
Beidh ar ‘An tUltach’ agus ar ‘Feasta’ cur isteach ar dheontas ar leith ó Fhoras na Gaeilge chun an tréimhse idir Iúil agus Nollaig 2013 a mhaoiniú.
Tá sé curtha in iúl ag Foras na Gaeilge don ‘Tuairisceoir’ gur “thóg Bord Fhoras na Gaeilge cinneadh gan “An tUltach” agus “Feasta” a mhaoiniú don tréimhse Iúil go Nollaig 2013 tríd an mhaoiniú a chuirtear ar fáil do Chomhaltas Uladh i gcás ‘An tUltach’, agus do Chonradh na Gaeilge i gás Feasta mar chuid de bhunmaoiniú na n-eagraíochta sin.”
“Is é rud, áfach, gur chinn an Bord gur féidir le ‘An tUltach’ agus le ‘Feasta’ iarratais ar leith a dhéanamh chuig Foras na Gaeilge don tréimhse sé mhí sin i dtaca leis an dá iris sin de,” a deir an ráiteas.
Tuigtear dúinn nach bhfuil aon chinnteacht go bhfaighidh ceachtar acu aon mhaoiniú.
Fuair ‘An Tuairisceoir’ an ráiteas seo a…
Amharc ar an alt bunaidh 459 d’fhocla eile
Thank you for the sharing your knowledge and information its very helpful and understandable