Sarah Carey, ceap milleáin an chinsil

Cé go raibh go leor a scrígh sí nár aontaigh mé leis, tá trua agam ar maidin do Sarah Carey. Chuir na h-altanna uaithi faoin ngaelscolaíocht alltacht orm de bharr na claonta frith Ghaeilge a léiríodh iontu. Ach níar gheall orthu san a raibh uirthi eirí as a colún leis an Irish Times, seanbhean chraifeach Sraid Teamhair. http://www.irishtimes.com/newspaper/ireland/2011/0326/1224293137825.html

Ms Kennedy told Ms Carey yesterday that her credibility as a columnist had been damaged by the findings of the report of the Moriarty tribunal and its aftermath. In order to protect the reputation of The Irish Times, her position as a columnist was untenable.

Is cosúil gur thug Sarah Carey, a chaith seal ag obair le Denis O’Brien, eolas do Stephen Collins, eagarthóir pholatúil an Tribune ag an am ach sa phost céanna leis an Irish Times anois.

, “with data about donations made by Denis O’Brien to all political parties . . .

Maith go leor. Nuair a cheistigh dlíodóirí an Bhínse Fiosruithe í i gceistneoir faoin sceitheadh seo, shéan sí aon lámh a bheith aici ann.

Ms Carey said it was “important to reiterate that I did not [her emphasis] lie under oath to the tribunal. Indeed, when I came to give evidence under oath at the tribunal, I told the whole truth about the leak and denial.

“All of this was known to The Irish Time s – indeed had been reported in that paper by Colm Keena on Thursday, January 22nd, 2004, four years before they hired me as a columnist.”

Cuireann an t-eolas sin, a tuairisciodh san IT ar maidin, craiceann nua ar an scéal. Bhí a fhios ag Geraldine Kenny nuair a d’earcaigh sí Carey faoin méid ar tharla roimhe agus cheap sí Carey ar aon nós. Bhí a fhios ag leitheoirí an IT agus, dá bhrí sin, an phobal mhór an méid sin.

Anois tá bata agus bóthar tugtha ag Kennedy, bean eile, don bhean mífhortúnach seo, Sarah Carey,9 mar gur sceith sí eolas agus nuair a cheistigh na h-údaráis í, shéan sí an sceitheadh. Dá ndéanfadh iriseoir amhlaidh, dheinfí laoch de! Go deimhin is mar gheall ar a leithéid de sheasamh a bhain Geraldine Kennedy a clú amach.

Ms Carey said she would be taking a break from presenting on TV3 but she would continue to present her radio show on Newstalk.(is le Denis O Brien
an staisiún).

Is í an t-aon duine a chaill a post go dti seo mar gheall ar Bhínse Fiosruithe McCarthy. Athtoghadh Michael Lowry, is biliúnaí é Denis O’Brien. Na stat seirbhísigh go léir nár chreid Moriarty, nior chaill duine acu a phost.

As bínse fiosruithe a chosain na céadta milliúin, is í Carey a roghnaitear mar cheap milleáin chun éiric na h-éagora a ioc.

Mar a dúradh i Hamlet:
There is something wrong in the state of Denmark.

2 thuairim ar “Sarah Carey, ceap milleáin an chinsil

  1. Seosamh Ó Beirgin

    Nuair a bhí mise ag léamh a cuid tuairimí faoin binse san Irish Times ní raibh fhios agam gur scheith sí eolas ón binse chuig an Sunday Tribune nó gur inis sí bréaga chuig an binse faoi. Is maith an rud é gur fuair Madam eagarthóra réidh leí.

    Freagra
  2. Concubhar

    Pointe cothrom cé go raibh ceangal an cholúnaí tuairiscthe sa nuachtán ROIMH a ceapacháin. Teip an eagarthora an easnamh seo – ní le Sarah Carey amháin an faillí.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s