Ó Shinn Féin go Siad Féin

Tá Sinn Féin tar éis an dá chos a chur i gceist na Gaeilge arís.  Ag am go raibh na hAondachtaithe ar an chúl chos, agus an Aire Cultúr faoi bhrú de bharr a chuid beartais frith Ghaeilge,  ghníomhaigh Sinn Féin chun armlóin a thabhairt do le h-íonsaí eile a dhéanamh ar an dteanga. Táim ar son go mbeadh Sinn Féin ag bunú cumainn Ghaeilge sa phairtí – ach caithfidh mé a admháil go raibh go leor rudaí a bhain leis an gcinneadh chumann iarthar Bhéal Feirste a ainmniú in omós do bhall den IRA, Caoimhín Mac Brádaigh, a bhí mí chaoi.Beidh a fhios agaibh faoi na cúinsí inar maraíodh Caoimhín cothrom is scór bliain ó shin.  Bhí sé ag freastal ar shocraid Triúr Gibraltar ag Reilg Bhaile an Mhuilinn nuair a d’ionsaigh fear an torramh.  Michael Stone a bhí ann agus d’fhag a ruathar le greanáidí agus le gunnaí triúr marbh i measc na n-uaigheanna.  Bhí Caoimhín ar dhuine den buíon a maraiodh agus é ag rith sa tóir ar Stone. D’eirigh leis an dílseoir an mótar bhealach a bhaint amach, áit ar ghabh – nó ar tharrtháil – an RUC é.   Bhí siad ag fánacht ann i veain bán ná raibh marcanna ar bith air a thabharfadh le fios gur veain de chuid an RUC a bhí ann.  Sa leabhar a scrígh Stone tar éis gur saoradh ó phriosún é d’inis sé go raibh ball ban den RUC i gcúl an veain agus gur phóg sí é lena h-athas faoin ‘éacht’ a bhí déanta aige a chur in iúl.   Tá go leor amhrais ann freisin faoi na gunnaí agus na greanáidí agus cén áit a fuarthas iad – ceaptar gur ó na forsaí slándála a tháinig siad.Ba rúd cróga a rinne Caoimhín gan aon amhras an lá sin.  Fuair sé bás mar thoradh ar a chrógacht agus an rud is lú a fhéadfadh Sinn Féin a dhéanamh in omós do ná a ainm a bhaiste ar chumann nua de chuid an phairtí in iarthar Bhéal Feirste, i measc an phobail ónar fáisceadh Caoimhín.É sin ráite, ní fhéadfaí argóint go raibh sé ciallmhar gur díreach anois an am ceart le h-aghaidh a leitheid d’omós.  Cinnte tá sé cothrom is scór bliain ó shin ó tharla marú Chaoimhín agus go bhfuil omós éigean tuillte do anois as ucht a chrógacht an lá sin.Ach tá an beartas seo tar éis armlóin níos cumhachtaí ná gunnaí nó greanáidí a chur i lámha an DUP agus iad ag déanamh ruathar mire is seicteach ar an nGaeilge.Tá sé ráite ag an Aire Cultúr, Edwin Poots, anois nach reachtóidh sé Acht Gaeilge.   Nuair a d’fhogair sé go raibh sé ar intinn aige gan an Acht a reachtú i mí Dheireadh Fomhair d’fhag sé an doras oscailte le h-aghaidh cainteanna agus straitéis a chumadh chun tacú leis an dteanga.  Bhí sé chun an cheist a phlé leis an Coiste Cultúr, Ealaíon is Foilliochta.  Tá an doras sin druidte go poiblí anois.Is cinnte, áfach, ná raibh sé i gceist aige doras ar bith a fhágáíl ar oscailt d’Acht Ghaeilge a reachtú agus bhí a fhios sin againn go léir.  Ní gá ach na raitis óna chomhgleacaithe – agus an méid a tháínig óna bhéal féinig go raibh sé bródúil as “An Ghaeilge a choinneáil amach as Thuaisceart Éireann – a léamh chun sin a thuiscint.Ach anois, tá sé ag díriú a mhéar ar Shinn Féin agus ag scairteadh gur iad san is cúis leis, iad san atá ag ‘polaitiú na Gaeilge’. Ach tá leath ghráinne na fírinne sa mhéid a deir sé cé go bhfuil sé fite fuaite leis an fhimíneacht agus an bhréag lofa seicteach mar is dual do ráitis ón DUP.Má theastaíonn ó Shinn Féin rud eigean fónta a dhéanamh ar son na Gaeilge – seachas bheith ag geaitsíocht mar atá siad – cuirfidh siad dhá sprioc rompu anois agus oibreoidh siad ina dtreo gan staonadh go mbainfidh siad amach iad. 

  •  Cuirfidh siad iachaill ar an Fheidhmeannas todhchaí an Chiste Craoltóíreachta a chinntiú. Déarfaidh siad lena gcomhleacaithe ar an bhFeidhmeannas, cuidigh linn anseo nó bí cinnte de seo, ní bheidh aon ‘céad míle fáílte’ roimh na cuairteoirí chuig an Comhdháil Eacnamaíochta.  Táim ag caint ar léirsithe siochánta ar na sráideanna ag gearán faoin sean reimeas bheith go fóill i reim agus gurb í an Ghaeilge atá anois á bhrú faoi chois.  Cuirfidh a leitheid de léirsiú eagla craicinn ar na Meirceánaigh agus imeoidh siad leo agus a gcuid dollair diluachailte leo.  
  • Cuirfidh siad brú ar an DUP fáil reidh le Poots agus glacfaidh siad an Aireacht seo mar éiric ar dhílarú na póilíneachta agus na slándála bheith ar an méar fhada. 

    Uair amháin roimhe seo, agus mise ag scríobh ailt a bhí abhairín cháinteach ar Shinn Féin agus ar sheasamh an phairtí i leith na Gaeilge, fuair mé nóta ó bhall sinsearach sa phairti ag rá liom ná raibh siad ‘ag unfairt thart leis an dteanga’.I gcead don bhall sinsearach sin, tá an cosúlacht ar an scéal anois nach bhfuil rud ar bith ar bun acu i leith na Gaeilge ach ‘unfairt thart’.   Ní ar leas na Gaeilge é, ag an pointe seo, cumann Ghaeilge sa phairtí a ainmniú in omós do Chaoimhín Mac Brádaigh.  Tá sé in am do Shinn Féin meabhrú ar seo.  Tá Sinn Féin ag glacadh a gcomhairle féin seachas comhairle lucht na Gaeilge agus is bealach cinnte é sin chun tacaíocht a chailliúint i measc toghcheantar atá réasúnta báúil don chúis pholatúil phoblachtach.  Má leanann siad orthu mar sin, tosnóidh siad ag cailliúint tacaíochta.  B’fhearr liom nach dtarlódh sin – ach feictear dom níos mó gur Siad Féin atá i gceist le SF seachas Sinn Féin.

    Freagra