Cartlanna Clibe: Washington

Charlie criochnaithe i Washington

Seo Charlie Bird ....is dócha

Chaith mé leath shúil an oíche dheireannach ar Charlie Bird, comhfhreagraí RTÉ i Washington, agus é ag cur i láthair chláir faoin bliain a bhí caite i bpríomh chathair Mheirceá.  Thosnaigh sé agus ré Obama ag breacadh ann – ach is cosúil go bhfuil sé i gceist aige eirí as go luath nó de réir na dtuairiscí, tá sé thar a bheith uaigneach ann.

Is cuimhin liom nuair a thosnaíos ag obair le nuachtán an chéad lá, fiche bliain ó shin go díreach, cuireadh ag obair mé i Lios Tuathail i dtuaisceart Chiarraí agus, go deimhin féin, tuigim cuid den uaigneas atá ar Charlie.  Ag an am chéanna, ní rabhas chomh fada sin ó bhaile agus bhíos i gCúil Aodha geall leis gach deireadh seachtaine ar feadh i bhfad.

Nuair atá tú i mbaile nua, gan cara agat ann, agus dualgas ort saol an bhaile sin a chur i lathair i nuachtán seachtainiúil, bhuel, tá’s agat go bhfuil cúramaí ort agus tá obair le déanamh.  De ghnath má oibríonn tú go cruaigh reiteofar na fadhbanna.  Maolófar an t-uaigneas agus eireoidh an obair níos éasca.

Sin mar a tharla domsa.

Ag an am chéanna thuigeas go raibh mé ag snamh in aghaidh an easa i gCiarraí Thuaidh agus i Lios Tuathail nó dá fheabhas mo chuid iriseoireachta agus na scéalta uaim a bhí á fhoilsiú sa nuachtán, The Kingdom, ní raibh spás sa cheantar dár nuachtán nó bhí bhí paipéar eile ann romhainn, the Kerryman agus Kerry’s Eye, dhá nuachtán an iomaíoch go deo.   An rud a bhí ar bun agam, i ndáiríre, go raibh mé ag cur i láthair an saol i dtuaisceart Chiarraí do phobal leitheoireachta an nuachtáin a bhí suite, don chuid is mó, i gCill Airne agus i ndeisceart an chontae.   Ba bheag suim a bhí ag muintir Lios Tuathail féin agus an cheantair mhaguaird sa mhéid a bhí le scríobh agam – cé gur bhain mé stangadh astu ó am go cheile le scéalta speisiúla agus eisiacha, scéal a fuaireas in ainneoin na ndeacrachtaí agus na ndúshlán ó na nuachtáín eile fad bhunaithe sa cheantar.

Tá codarsnachtaí agus cosúlachtaí idir mo scéal agus cás Charlie Bird, creid nó ná creid.

Is léir gurb iad sinne, pobal na hÉireann, lucht féachana Charlie Bird nó is beag an suim atá ag pobal SAM nó Washington sa mhéid a thuairiscíonn sé.    Ar éigean go bhfeicimíd Charlie Bird ag cur agallamh ar an Uachtarán Obama riamh, mar shampla, cé go bhféadfadh sé tarlú taca toghcháin i 2013.

Ag am seo an ghatair, agus ciorruithe á dhéanamh ar an sceideal i ngach slí [ní chraolfar ach aifreann amháin sa mhí feasta ar RnaG, mar shampla], an bhfuil gá le comhfhreagraí buan i Washington ag RTÉ?  Nó sa tSín?  Nó i Londain?  Nó sa Bhruiséal?   Nach feidir na seirbhísí céanna a cheannach ar phraghas i bhfad níos lú tre conraí a thabhairt d’iriseoirí atá ag cur futha sna h-áíteanna sin theana féin?  Nó an é nach bhfuil i gceist leis na postanna seo ach cineál buaileam sciath ag RTÉ?

Rud eile a thugaim faoi ndeara, agus tuigim go dtagann sé seo salach ar an bpointe thuas, ach má tá RTÉ le comhfhreeagraí buan a fhostú sna h-áíteanna seo, nár cheart go mbeadh an comhfhreagraí sin a bheith ábalta tuairiscí a chur ar fáil don “News” AGUS don “Nuacht” ag an am chéanna?  Nár cheart go mbeadh an Ghaeilge ar a dtoil ag tuairisceoirí RTÉ?  Mura bhfuil, nach bocht an léargas a thugann sin ar an oideachas atá faighte acu tar éis 13 bhliain deag, ar a laghad, a chaitheamh i scoileanna agus meanscoileanna na tíre?

Tugaim faoi ndeara go bhfuil Tomás Ó Mainín ó TG4 ag tuairisciú do RTÉ anois i Haiti agus tá slacht ar a chuid tuairiscí ón oileán buailte sin gan amhras.   Nuair a luaitear ainmneacha ‘réaltaí’ éagsúla ó TG4 leis an bhfolúntas i Washington nuair a fhileann Charlie, cén fath nach gcuirfí tuairisceoir dhá theangach san áireamh?   [Agus nílimse sa tóir ar an bpost seo mé féin, dála an scéil!]

Ceapaim go bhfuil go leor bealaí againn chun ár gcuid nuacht a fháíl na laethannta seo gan a bheith ag brath ar ghuth lár Atlantaigh ó RTÉ chun a bheith ar an láthair i Washington agus i geeantaracha eile ó cheann ceann na bliana.   Creidim gur cur amú airgid é postanna eachtracha den chineal seo agus ní h-é gur duine mé nach bhfuil dearcadh leathan agam ar an domhan ach nach gá do dhuine ar bith an nuacht a scagadh ar mo shon.  Is féidir liom mo chinneadh féin a dhéanamh faoin nuacht atá suim agam ann, atá tabhacht lei, nó a mhalairt.

Ní eisceacht mise.  De bharr an idirlín agus Nuacht 24/7 ar an dteilifís,  is féidir le duine i gCúil Aodha bheith ar an eolas faoi chúrsaí reatha Washington an oiread leis an gnath dhuine i Washington, fiú an tuairisceoir Eireannach ann.

Taithníonn sé le leithéidí RTÉ bheith ábalta maíomh gur craoltóir é atá ábalta oifig a bheith ag an gcainéal i Washington.   Tá siad ábalta snámh sna h-uiscí céanna le na h-éisc móra – ach, mar a léirigh an clár an tseachtain seo chaite faoi shaol Bird, níl teacht acu ar dorchlaí na cumhachta.  Bheadh sé nios éasca domsa nó duitse cuairt a thabhairt ar an dTeach Bhán le víosa chuairteora, ná mar a bheadh sé do Charlie Bird nó a mhacasamhail.

Mar sin, má tá RTÉ le post Charlie Bird a líonadh, ba cheart go líonfadh an craoltóír náisiúnta an post sin le comhfhreagraí dhá theangach, Gaeilge agus Béarla.

Seachas sin, ná bac an post a líonadh in aon chorr.  Caith an t-airgead ar chúpla aifreann sa bhreis a chraoladh agus cúiteofar libh sa tsioraíocht é sin!