Cartlanna Clibe: UVF

Trí bheart ‘stairiúil’ ó thuaidh in aon lá amháin

Tharla trí rud éagsúil inniu i dtuaisceart na hÉireann – nó TÉ más fearr leatsa – a luaifear an focal ‘stairiúil’ leo amach anseo.

Tháinig sé chun solais go raibh grúpaí paraimilitigh dílseacha – drongadóirí drugaí is piompaí striapaigh chomh fada is a bhaineann sé liomsa, briogaideoirí mar a thugann siad féin orthu féin – tar éis roinnt dá gcuid arm a chur ó mhaith. Stairiúil.

San Ard Chúirt, tugadh breith a chinntigh ná raibh gá don iriseoir, Suzanne Breen, a cuid nótaí faoi agallaimh a rinne sí le baill den bhFíor IRA maidir lena gniomhaíochtai a thabhairt don PSNI. Breith tabhachtach, dar le roinnt, é seo a chinnteoidh nach gcuirfear an phreas faoi chois, go h-iomlán, ar feadh seal eile.

Agus, ansan, ‘faoin radar’, más maith leat, ghabh an BBC leithscéal as ucht gur rinne duine de comhfhreagraithe polatúla an staisiún beag d’oráid Ghaeilge an fheisire Eorpach atofa, Bairbre de Brún, agus í ag ceiliúradh a bua sa toghchán ag tús na seachtaine. Fhaid is a bhí sí ag labhairt i nGaeilge, d’íslíodh an fuaim agus lean sé air ag labhairt i mBéarla. Nuair a rinne Pobal gearán faoi seo, fuair siad litir ón BBC ag gabhail leithscéil diultú leithscéal a ghabhail de bharr go raibh an litir gearáin i nGaeilge. Scéal seafóide nach bhféadfá a chumadh.

Ach inniu – nó inné – ghabh an BBC leithscéal as seo. Stairiúil. Ní doigh liom gur tharla a leithéid riamh roimhe. Mar sin féin, is é an teist anois cé acu an mbeidh athrú dearcaidh ar an gcraoltóir san am atá romhainn.

Is cuimhin liom David Trimble, an cuimhin leatsa é, ag labhairt go tarcaisniúil agus é faoi agallamh faoin ró úsáid a bhaintear as an bhfocal stairiúil. Tá brí leis an méid a deir sé. Ag an am chéanna, tá barúil agam go bhfuil leithscéal an BBC chomh tabhachtach nó níos tabhachtaí ná an dá rud eile a luaigh mé.

Cad é bhúr mbarúil?

Agus sara ndeinim dearúd ar, fair plé do Shinn Féin as an brú a chur ar an BBC ar an gceist. Ní fheadar an é ná raibh dúil acu labhairt i nGaeilge leis an BBC go dtí go raibh leithscéal ón gcraoltóir, mar ar thug mé dúshlán don pháirtí a dhéanamh, agus gurb é sin an fath ar bhrúigh siad an cheist go h-eifeachtach, an iarraidh seo, nó an bhfuil dearcadh an pháirtí i leith na Gaeilge agus éilimh phobal na Gaeilge ag eirí níos dearfaí agus níos gniomhaí. Ach is toradh é ar fiú aitheantas a thabhairt do. An chéad tasc eile: tabhairt ar chraoltóirí sa BBC, iad san nach bhfuil ag craoladh as Gaeilge, ainmneacha i nGaeilge a fhoghrú mar is ceart, mar a dheinfídís le ainmneacha i dteanga eile.

Déarfaidh lucht SF nach mbím riamh shásta – agus an cheart acu. Ach is é sin gnó na polataíochta nach ea?

Ciníochas, dílseoirí agus deontais

Bí ag caint ar aire a thabhairt dóibh féin. Na Dílseoirí, d’fhéadfaidís deontas a bhaint as tornapaí a fhás agus ansan deontas eile a tharraingt as iad a dhódh sa tine. Agus an mó uair atá sé cloiste againn go bhfuil cabhair breise ag teastáil ón gcosmhuintir Dílis iad féin iad féin a eagrú go h-eifeachtach, mar atá an cosmhuintir náisiúnach eagraithe.

Seo an scéal a spreagann an trachtaireacht seo. Is amhlaidh go bhfuil pearsaí a bhíodh luaite le h-eagrais ar nós an UDA agus an UFF is an UVF díreach tar éis teacht ar ais ó shaoire ó chúrsa a d’fhreastail siad air sa Pholainn d’fhonn comhairle a chur orthu faoi meas a léiriú don phobal Pholainneach i dTuaisceart na hÉireann agus gan a bheith ciníoch ina leith. Cúrsa é seo a bhí maoinithe ag Oifig an Chéad Aire agus an Leas Chéad Aire. “The Thin End of the Wedge” an teideal a bhí air.

Cúrsa thar a bheith trathúil é seo i bhfianaise an méid a tharla le déanaí nuair a bhí ciréib ar shraideanna Bhéal Feirste roimh an chluiche idirnáisiúnta sacair idir an Pholainn is Tuaisceart na hÉireann i bPairc Bhindsor ag deireadh mhí Mhárta. Tá sé tuairiscthe le cúpla lá anuas go bhfuil díbirt déanta ar 46 Pholainneach a bhí ina gcónaí i gceantair dílseacha ar nós an Village agus a leithéid ó thárla an cluiche sin agus na caismirtí a ghabh leis. Sin atá á mhaíomh ag Cumann Pholainneach Thuaisceart na hÉireann ar aon nós agus ní eagras é sin atá luaite le na h-eagrais a áirítear mar frontaí don IRA.

Más amhlaidh gur fíor an mhaíomh ón gCumann Pholainneach, cad a deir sin faoin gcúrsa a bhí maoinithe ón sparán phoiblí? Glacaim leis gur cúrsa é seo a bhí beartaithe le tamall agus nach fás aon oíche a bhí sa tuairim i ndiaidh an chluiche úd. An é go raibh na ceannairí seo, a bheadh meas orthu sa phobal sna ceantaracha atá luaite leis an díbirt, ar an gcúrsa nuair a tharla an imeaglú atá ar chúl na díbirte?

Ar ndóigh ní aithníonn polaiteooirí áirithe sa phobal aondachtach go bhfuil fadhb ar bith ann i measc a bpobal féin. Dar le Bob Stoker, iar mhéara ar Bhéal Feirste agus iar chomhairleoir ar an iar Aire Cultúr, Michael McGimpsey ón UUP, trath go raibh seisean ag iarraidh bac a chur ar fhiontair ar son na Gaeilge:

Councillor Stoker said: “While I would obviously condemn attacks on people wherever they’re from, I’m greatly concerned about people bandying figures like this about without any solid evidence.
“What these sorts of claims do is detract from the good work that is being done to build better relations with people from eastern Europe.
“And this is not only in recent weeks, but over the course of the last 18 months.”

Dar le na póilíní, tá siad ar an airdeall sa cheantar de bharr an géarú teannais. Agus deir an Feidhmeannas Tithíochta go bhfuil ochtar Polainneach ón gceantar ag lorg bogadh tí de bharr ‘imeaglú’.

Níl sé ró fhada ó shin ó bhí raic sa cheantar céanna nuair a maíodh go raibh ‘Éireannaigh’ – sé sin le rá daoine ón dtaobh ó dheas den dteorainn ina gcónaí i bhforbairt nua ar Rae na Gainnimhe, Churchill House. Deineadh scrios ar an áit le grafitti agus bhí slua taobh amuigh den bhforbairt ar feadh tréimhse maith agus iad ag iarraidh go ndíbreofaí na ‘hÉireannaigh’ seo.

Níl aon amhras go bhfuil fadhbanna ar nós an ciníochas is an imeaglú a ghabhann leis ar gach taobh ó thuaidh. Tá sé aitheanta, áfach, go bhfuil sé níos coitianta i measc na ndílseoirí. Is pobal eisíach atá i gceist.

Thar na mblianta fada tá fuath léirithe acu don phobal Éireannach ó thuaidh agus dár gcultúr. Tá maolú tagtha ar an bhfuath sin anois cé go bhfuil sé fós ann, a bhuí cuid mhór don mhíthreoir a bhfaigheann an phobal óna bpolaiteoirí, go h-áirithe iad san sa DUP ach freisin sa UUP.

Bheadh sé go deas a cheapadh go mbeadh an práinn céanna is an dua céanna á léiriú maidir leis an ‘gciníochas baile’ is atá i leith an chiniochais frith Pholannaigh.