Fuaireas cuireadh ó chara ‘Facebook’ clárú im leantóír ar an leathnach ‘Senator David Norris for President’. Caithfidh mé a rá go bhfuil an mheas agam don Seanadóir a sheas an fhód ar son daoine aeracha sa tir seo nuair ba bheart é sin ná raibh aon duaiseanna ag dul dá leithéid. Chuir a dhúshlán do dhlí a chuir cosc ar homaghnéasachas, dlí a ghlacamar mar ‘oidhreacht’ ó leabhair reachtaíochta na Breataine mar ba dhli é a bhí i réim ó 1861 go dtí na nochadaí sa chéad seo chaite. Is cinnte go mbeadh an Seanadóir ina Uachtarán fhónta, fiú is nach bhfuilim ró chinnte faoin dearcadh atá ag an Seanadóir i leith na Gaeilge agus nach féidir liom a shamhlú go mbeadh duine ina Uachtarán ar an dtír seo gan é bheith líofa sa Ghaeilge nó toiltheanach ar a laghad tabhairt faoi í a fhoghlaim le diograis.
I gcead don Seanadóir, áfach, b’fhearr liomsa mo thacaíocht a thabhairt do dhuine eile nach bhfuil tar éis a rá go fóill go mbeidh sé ina iarrthóir don Uachtarántacht. Is é Trevor Sargent, TD, Iar Aire Stáit, an duine sin.
Rinne Trevor an rud ceart i gcónaí ina shaol pholatúil mar a léiríonn an eachtra a thug air eirí as an Aireacht. Nuair a tháinig duine ón toghcheantar chuige ag iarraidh a chabhair air, rinne sé sin. Bhí an t-é a bhí ag lorg cabhair tar éis gearán le tuismitheoir pháiste a bhí ag scriosadh comharthaí bóíthre san eastáit ina raibh cónaí air. De bharr an trioblóid sin a tharraingt air fein cúisíodh í as ucht iompar bhagarthach. Sheol an Teachta Sargent litir chuig na Gardaí ag cur a súile nár léir go raibh an scéal iomlán ina seilbh agus ag moladh dóibh breis fiosruithe a dhéanamh.
Mar gheall ar an scéal a thug an Evening Herald chun solais, ba léir go raibh sé místuama an litir sin, mar a bhí sé scríte aige, a sheoladh agus, laithreach, thuig sé go raibh air eirí as in áit ‘Willie O’Dea II’ a dhéanamh de féin. Rinne sé amhlaidh agus níl cloiste uaidh ó shin.
Creidim gur léirigh an eachtra sin go bhfuil an dignit agus an meas aige ar an mBunreacht a sheasfadh leis agus é ina Uachtarán.
Ar ndóigh, tá go leor cúiseanna eile chun é a thoghadh agus nior cheart an fhócas iomlán a leagadh ar an slí ar eirigh sé as. Is ceannródaí é ar son na timpeallachta agus ar son chaighdeáin árda i ndorchlaí na cumachta. Má tá an Chomhaontas Glas chun éinne a chur chun tosaigh is é Trevor an fear.
Anuas ar sin aithnítear Trevor mar cheannaire ionraic taobh amuigh dá thoghlach pholatúil féin. Agus is é sin an rud is mó atá ag teastáil chun iontaoibh an phobail sa chóras pholatúil a thuilleamh. Is é Trevor an fear cheart ag an am cheart. Níl a fhios agam an bhfuil aon spéis aige sa phost – b’fhéidir go m’bhfearr leis bheith