Cartlanna Clibe: Tuarascáil

Roinn Uí Chuív ar bharr ‘Léig na Náire’

Tá scéim teanga na Roinne Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta imithe in éag le breis is bliain go leith. Sin an ceannteideal is mó atá le baint ón dtuarascáil bliantúil a d’éisigh an Choimisinéar Teanga, Seán Ó Cuirreáin, inniu. Ní h-amháin sin ach sharaigh Roinn Uí Chuív an reachtaíocht ar bhealach eile, rialaigh an Choimisinéir.

Cé gur seoladh an tuarascáil inniu sa Ghailllimh, bhí sé curtha faoi bhráid an Aire Uí Chuív i mí Feabhra agus coinníodh faoi chois é go dtí an lá inniu. Deirfear liom é má táim ag déanamh éagóir ar aoinne ach seoladh an tuarascáil seo níos luaithe i mblianta eile. B’fheidir nár cheart aon íontas bheith orainn go raibh moill ar fhoilsiú an tuarascála nó bhí go leor sa tuarascáil nár mhaith leis an Aire bheith os comhair an phobail, bheinn ag ceapadh.

Sa tuarascáil, tuairiscítear gur imigh an Chéad Scéim Teanga a bhí ag an Roinn in éag i mí Meán Fómhair 2007. Fagann sin go bhfuil 20 mí caite gan é a bheith ath-nuaite. Ciallaíonn sin go bhfanann forálacha na scéime a chuaigh in éag i bhfeidhm fhaid is atá an scéim nua á ullmhú – ach ní dheintear aon fhorbairt orthu.

Tá an Roinn ar bharr Léig na Náíre mar sin, cuid mhaith chun tosaigh ar Oifig an Uachtaráin, Máire Mhic Giolla Íosa, an bhean céanna a d’oscail Oifig an Choimisinéara go h-oifigiúil.

Cliseadh nach beag é seo ar an gcur chuige scéimeanna – agus ní h-aon íontas gur mhol, de reir mo thuiscint, an Roinn ó dheas an cur chuige seo don Fheidhmeannas ó thuaidh mar shlí chun reachtaíocht lag a chur ar na leabhair, reachtaíocht nach gcuirfeadh isteach ar an status quo.

Tá tuairim is 650 comhlacht phoiblí ann – agus níl scéimeanna teanga daingnithe ach i 155 acu seo go fóill. Tá dhá chomhlacht is fiche, Roinn an Taoisigh san áireamh, a dhaingnigh scéim teanga ach atá an scéim sin anois imithe in éag gan scéim nua bheith tagtha i gcomharbacht ann.

Seo a bhí le rá ag an gCoimisinéir féin ar an chéist:

Chonacthas dom nach raibh an dara scéim teanga tugtha i bhfeidhm fós i gcás aon
chomhlachta phoiblí agus go raibh 22 scéim teanga tar éis dul “in éag”, mar a deirtear i
bhfo-alt 15(1) den Acht. De réir na reachtaíochta, caithfidh na comhlachtaí poiblí
leanúint de sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge de réir na ngealltanas a bhí tugtha acu sna
chéad scéimeanna ach níl aon dualgas orthu tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na
seirbhísí sin in éagmais scéim nua.
Chuir mé in iúl go bhfacthas dom nach raibh an folús a bhí cruthaithe ag teacht lena raibh
beartaithe faoi fhorálacha an Achta ná faoi na rialacháin reachtúla a bhí déanta faoin
Acht.
Léirigh mé freisin gur ábhar imní ar leith a bhí ann dom nach raibh aon Scéim nua
daingnithe i gcás na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta féin cé go
ndeachaigh an chéad Scéim “in éag” ar an 21 Meán Fómhair 2007.
Dúirt mé gurbh í an imní ba mhó a bhí orm ná go mbeadh baol ann go gcaillfeadh an
tionscnamh ina iomláine an móiminteam nó an luas a bhí faoi, rud a d’fhéadfadh a bheith
ina bhuille an-mhór ar fad. Thug mé le fios gur mheas mé go gcaillfeadh an pobal agus
na comhlachtaí poiblí muinín i gcur i bhfeidhm fhorálacha an Achta go ginearálta dá
mbeadh moill mhíchuí i ndaingniú scéimeanna nua, go háirithe an dara babhta
scéimeanna agus dara Scéim na Roinne féin san áireamh. Dúirt an tAire Gnóthaí Pobail,
Tuaithe agus Gaeltachta mar fhreagra go raibh sé féin agus a Roinn chomh tiomanta is a
bhí riamh maidir le forálacha an Achta a chur i bhfeidhm agus na spriocanna a bhain leis
a bhaint amach.
Dúirt sé freisin go raibh dréacht dá ndara Scéim faighte aige ó fhormhór na gcomhlachtaí
poiblí a raibh sin iarrtha orthu agus go raibh plé gníomhach ar siúl ag oifigigh a Roinne
leo chun an próiseas maidir le haontú agus le daingniú na ndara scéimeanna sin a
thabhairt chun críche a luaithe agus ab fhéidir. Bhí an obair i dtaca le daingniú dara
Scéim dá Roinn féin “cuid mhaith chun cinn freisin,” a dúirt sé.

Dar liom, má chailleann an Roinn a chur an reachtaíocht seo, Acht na dTeangacha Oifigiúla, ar na leabhair dlí an t-údarás – agus creidim gur buille mór an tuarascáil seo d’údarás na Roinne – is beag spéis a bheidh ag na ranna eile an dlí a chomhlíonadh.

Cad é bhúr mbarúil?

Dála an scéil, ní chreidim go gciallaíonn seo go bhfuil Oifig an Choimisinéara ar leas na Gaeilge nó na Gaeltachta. Ní h-é nach gcreidim go bhfuil daoine maithe cumasacha eifeachtacha ag obair ann – agus is mó mo mheas ar Sheán Uí Chuirreáin ná riamh – ach ní chreidim gurb é seo atá ag teastáil ó phobal na Gaeilge is na Gaeltachta faoi láthair. B’fhearr liom ‘Czar na Gaeilge’ a bheith fostaithe a bheadh feidhim aige nó aici bealaí nuálacha a aimsiú chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun leas na Gaeilge d’eacnamaíocht na tíre a léiriú.

Creidim go bhfagfaidh tuarascáil an Choimisinéara droch bhlás i mbéal an phobail mhóir agus iad ag smaoineamh, gan amhras, gur cur amú airgid gach pingin a chaitear ar an nGaeilge de bharr faillí na Roinne agus na ranna eile rialtais ar an reachtaíocht a chuir siad féin in áit.

Seo an tuairisc atá ar shuíomh RTÉ – i mBéarla amháin atá sé. Nach ait an scéal nach bhfuil aon scéim teanga i bhfeidhm ag an comhlacht poiblí is mó tionchar sa tír, cé go bhfuil sé luaite ar liosta na gcomhlachtaí phoiblí? Nár cheart go mbeadh ról ag an gCoimisinéir Teanga – seachas ag an Aire – ordú a thabhairt do chomhlachtaí tabhachtacha scéimeanna teanga a ullmhú.

Agus dá mbeadh an ról sin aige, nach gcuirfeadh sé ar shúile RTÉ gur cheart go mbeadh seirbhis nuachta ar líne ann, ar chomhchéim leis an seirbhís atá ann i mBéarla, mar bhun riachtanas in aon scéim teanga…..