
Mairtín Ó Muilleoir ar chamchuairt a thoghcheantar nua le déanaí - b'fhearr do gan bacaint leis an fógra saor in aisce do Starbucks agus gnó a thabhairt do chaifé dúchasach ar Bhóthar Lios na gCearrbhach!
Is cinnte gur maith an rud é go bhfuil leithéidí Máirtín Ó Muilleoir sásta dul ar ais sa bhearna bhaol pholatúil – cé go bhfuil an dainséar ó na dílseoirí laghdaithe má tá sé imithe i dtreise ó na h-easaontóirí – tar éis do an oiread a bhaint amach is atá bainte amach aige i gcúrsaí gnó.
Tá na meáin – Eaglais ár linne – lán le daoine barrthabhachtacha atá ag iarraidh stiúr a chur ar an dtír. Chuala mé Fintan O’Toole, an Saoi gan locht, ag caint ar an raidió inné. An rud a dúirt sé nuair a cuireadh an cheist air seasamh don Dáil, nár mhaith leis criochnú mar chúlbhínseoir agus go dtarlódh an rud ar thárla do George Lee do féin.
Ní theastaíonn ó leithéidí FOT, árdshagairt na meáin, bheith ag freastal ar shocraidí agus ag deisiú cúl bhóithre is a léithéid. Go deimhin ba mhaith leo bheith sa Dáil ach nior mhaith leo a lámha a sailiú le cúrsaí toghcháin. Ba mhaith leo bheith tofa de réir Chóras an Liosta. De réir mar a mhéadódh ceatadán tacaíochta an pháírtí sa fíor toghchán, thoghfaí níos mó ó liosta an pháírtí sin agus, dár ndóigh, bheadh leithéidí FOT ar bharr an liosta.
Anois cuirim seo i gcomparáíd le cur chuige Uí Mhuilleoir. Tá sé ag cur a ainm sa chró dá pháírtí – agus fagfaidh mé mo dhearcadh i leith a pháirtí ag an doras an uair seo – chun seasamh i dtoghchán Comhairle Cathrach. Cheapfá, fán dtrath seo, go mbeadh a leithéid ag fánacht ar shuíochán Westminster Gerry A seachas bheith á chrá féin le na cosáín i mBalmoral agus leis an bhfadhb ollmhór maidir le madraí agus a bhfagann siad ina ndiaidh i bPáirc Ormeau.
Tá sé sin neamh choitianta. An bhfuil plean ann go mbeidh Máirtín ina ard mhéara ar Bhéal Feirste – nach deas an díoltas é sin ar leithéidí Sammy Wilson agus Rhonda Paisley – agus go mbeidh sé ina Bhall Tionóil ina dhiaidh sin agus, cá bhfios, ina Aire Cultúr?
Guím gach rath air ina chuid iarrachtaí ach sílim gur mór an trua é go bhfuil sé ag seasamh do pháirtí atá tar éis droch úsáid a bhaint as agus a thabhairt don Ghaeilge. Ní doigh liom go bhfeiceann MOM an scéal sa tslí ceanna a fheicimse é – nó dá bhfeicfeadh rithfeadh sé céad míle ó pháirtí a fhéadfadh droch úsáíd a bhaint as féin.
Agus sinn ag caint ar iarrthóirí do Shinn Féin atá gaol acu le nuachtán, an mbeidh Trevor O Clochartaigh ag seasamh in Iarthar na Gaillimhe do Shinn Féin san Olltoghchán atá le teacht? Nó an bhfuil scoilt eile tarluithe sa pháirtí sin?