Cartlanna Clibe: Thomas Friedman

Tá an domhan cothrom!

Dúirt Galileo gur cruinneog an domhan, agus tugadh eiriceach air mar gur chreid na daoine an uair sin go raibh an domhan cothrom (sa chiall fisiciúil atá i gceist agam).

Anois is eiriceach é an duine a mhaíonn go bhfuil an domhan cothrom (táimíd go fóill ag caint ar an gciall fisiciúil!).  Ach uaireanta tá gá le h-eiriceach chun rud nach bhfuil ag teacht leis an ghnath thuiscint ar an saol a rá ós árd.

Tá an domhan cothrom!  Ní mise amháin atá á rá sin – mar gur sin príomhtheachtaireacht an scríobhnóra Mheirceánach Thomas Friedman ina leabhar ‘The World is Flat’.

Séard atá i gceist ag Friedman go bhfuil an t-idirlíon tar éis an domhan a chothromú – sé sin go bhfuil rudaí, daoine agus tíortha níos giorra dá chéile.  Giorraíonn an leathanbhanda an bóthar eadrainn.

In ainneoin an méid a dúirt mé faoi Galileo, ní doigh liom gur aon rud réabhlóideach atá á rá ag Friedman.  Ina leabhar, mar shampla, bionn cur síos ar go leor samplaí a léiríonn daoine ag obair de reir an phrionsabail gur sraidbhaile beag an domhan seo sa deireadh thiar.   Tá daoine san Ind ag déanamh cúntais do Mheirceánaigh ó oifigí san Ind.  Tá coras curtha le cheile ag Walmart a thugann le fios do lár oifig na comhlachta cé acu an bhfuil a dhothain d’aon rud in aon storas de chuid Walmart ar fuaid an domhain agus a sheachadann é an lá céanna chuig an siopa atá ganntanas air.

Bhíodh – agus tá go fóill –  feidhm ag an riail céanna i saol na Gaeilge.  Bhíodh daoine ag léamh Lá Nua ar lá a fhoilsithe i Hawaii agus in áíteanna eile nios faide ó bhaile.  Tá daoine ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáílte agus Raidió Rí Rá ar fuaid an domhain agus tá lucht féachana domhanda ag cláracha TG4.

Faoi láthair, táimíd ag fánacht ar rud éigean – ar phlean na Gaeilge 2028/2030/?, ar dheimhniú an Rialtais maidir le na ciorruithe atá á bheartú acu don Ghaeilge is don Ghaeltacht tar éis foilsiú Thuarascáil McCarthy (tuarascáil, creidim, a chuirfidh ar cheal an phlean atá á bheartú ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta d’athréimniú na Gaeilge).

Tá Sinn Féin ag baint leasa as an sean náth cáínte – ná cuirtear amú an ghéarchéim – chun cur lena seasamh sa Ghaeltacht agus feachtas á reachtáil acu chun troid in aghaidh na gciorruithe – ach creidimse nach mbeidh aon dea thoradh ar seo, fiú do Shinn Féin.

Tá gá le dearcadh atá níos mó samhalaíócht ag baint leis ná freasúra scun scan do na ciorruithe.  Tá an tír i bponc – de bharr mí eifeacht agus lofacht na bpolaiteoirí, na mbanc agus na bhforbróirí agus na stat seirbhíseach – agus is fúinne atá sé an tír a thabhairt slán ón bponc.

Mar chuid de sin, caithfimid dearcadh nua oscailte a shamhlú agus a shealbhú.  Caithfimíd a léiriú do phobal na hÉireann agus an domhain nach ag iarraidh an ‘status quo’ atáímíd, ach ag iarraidh feabhais is forbartha is leasuithe.

Má tá an domhan mór cothrom, ba cheart go mbeadh domhan na nGael cothrom freisin….