Caithfidh mé a rá nár mhúscail an choinbhleacht is déanaí maidir le ceannaireacht FF morán spéise ionam. Bhí an cheart ag Mícheál Ó Mairtín faoi rud amháin – is é sin nach raibh an iarracht seo fáil reidh le Brian Cowen cosúil le h-iarrachtaí eile fáil reidh le ceannairí eile. Ní filleadh ar na sean laethannta a bhí ann, de réir mar a mheabhraigh sé do Mhiriam O’Callaghan ar Primetime anocht.
Is cuimhin liom agus mé im dhéagóir, beagnach triochadh bliain ó shin, nuair a bhíodh, cheapas, iarracht gach ré mhí fáil reidh le Charlie Haughey. Bhí an Teachta Dála áitiúil, Dónal Ó Múineacháin, luaite le Seoirse Ó Colla – b’é iar chéile chomhraic Charile a nocht leacht in onóir d’athair an TD ós cómhair seipeal Chúil Aodha go luath i ndiaidh Conspóid na nArm. Is minic a chuaigh mé ag imirt cartaí ag Siopa Uí Dhuinnín agus istigh romham bheadh Aire Rialtais éigean agus é ag feitheamh ar ghlaoch le cuairt a thabhairt ar Mhuintir Mhúineacháin.
Ar aon nós, níor toghad Ó Colla riamh. Sheas Charlie an fhód go deireadh na 80aí, geall leis, nuair a sheas ceathrar an fhód ina choinnibh – Noel Dempsey, MJ Nolan, Seán Power agus,ní fheadar, Charlie McCreevey(?). Ansan tháinig Albert Reynolds agus ina dhiaidh sin Bertie….agus tá’s againn cad a tharla ansan!
Dá mba scannán é an mhír dheireannach sa dhráma seo, bheinn tar éis siúl amach i bhfad ó shin. B’é Mícheál Ó Mairtín, an Corcaíoch Mícheál Ó Mairtín, a rinne ceangal éigean, ceangal lag ar éigean, idir mé agus na h-eachtraí is déanaí.
Tá gean éigean agam ar Ó Mairtín mar le linn dom bheith im mhacléinn i gCorcaigh, tháinig sé ag canbhasáil go dtí an tigh ina rabhas ag fánacht. Tar éis tamall a chaitheamh ag caint leis, mhíníomar do nach mbeimís ábalta votáil dúinn de bhrí go raibh ár vótaí sa bhaile, i dtoghcheantair eile.
Ó bunaíodh Fianna Fáil i 1926, bhí gach ceannaire d’Fhianna Fáil ina Thaoiseach uair éigean le linn a réimeas: Eamon Devalera, Seán Lemass, Jack Lynch, Charles Haughey, Albert Reynolds, Bertie Ahern agus, anois, Brian Cowen. Pe duine a thoghfar ina chomharba ar fhear Uibh Fháilí, gach seans nach mbeidh sé – nó sí – ina T(h)aoiseach.
An droch rud é sin don tír. Ní fheadar. Níl aon bá ar leith agam le FF nó aon pháirtí eile. Deinim mo roghanna bunaithe ar mo thuiscint ar cad é an rud is fearr don tír ag an am. Iad san a bhionn feargach liom de bhrí nach dtacaím le FF nó SF, amhail is gur cheart do gach Ghaeilgeoir bheith ag tacú le na pairtithe sin mar go mbionn polaiteoirí na bpairtithe sin ag déanamh geallúintí nach gcomhlíonfaidh siad ar cheisteanna teanga. Ní thagaim leis an gceartcreidmheachas sin. Ach ní h-ionann sin le rá go dtacaím le FG nó an Lucht Oibre nó aon phairtí eile, beag nó mór.
Tá sé luath sa lá, b’fhéidir, bheith ag scríobh feartlaoi FF. Táim cinnte go gcreideann SF go bhfuil a lá ag teacht go luath mar go bhfuil siad, de réir a cheile, ag goid éadaí FF. Ón méid atá feicthe agam go dtí seo, tá SF chomh snásta céanna ag bronnadh na bhféiríní ar a gcuid tacadóirí. Bí cinnte go bhfuil ceacht nó dhó foghlamtha acu ón am go raibh David Trimble ag iarraidh orthu oiliúint tí a chur orthu féin.
An rud is measa a fhéadfadh tarlú don tír seo anois go gcuirfí SF i rialtas in áit FF. Ach sin mo bharúil – agus is cinnte go bhfuil malairt tuairimí amuigh ansin…