Cartlanna Clibe: Seó Beo an tSathairn

Anois nó riamh….

Tá ceisteanna fós ann i dtaobh Foinse – an bhfuil sé beo nó marbh? – ach tá sé in am dúinn féachaint ar staid na h-iriseoireachta Ghaeilge faoi láthair i bhfianaise na sceannairte atá déanta le tamall anuas ar an earnáil seo.

Ní h-é an iriseoireacht chló amháin atá curtha ó mhaith ag maorláthaigh ach is cinnte go bhfuil ár n-áird ar bhás ró luath na nuachtán, Lá Nua agus Foinse, le roinnt míonna anuas.

Ach, de bharr na gciorruithe, tá dhá chlár chursaí reatha a bhí á chraoladh ar RTÉ RnaG, Faoi Chaibidil agus Seó Beo an tSathairn, cláracha ná raibh ró spreagúil nó géar chúiseach dar liom, ach bhí siad ar an sceideal agus ni fhillfidh siad san Fhómhar. Fágann sin nach mbeidh ach Adhmhaidin agus Nuacht a hAon ina mbeidh aon sórt plé á dhéanamh ar chúrsaí reatha. Agus ansan ní bheidh ann ach an bheagán agus plé cúrsaí reatha ag troid le scéalta pharóistiúla ó na Gaeltachtaí móra.

Bain ón bpictiúr chomh maith an easpa mór chláracha chúrsaí reatha i nGaeilge ar an dteilifís. Níl ann ach Seacht Lá ar TG4 – sin clár uair sa tseachtain a mhaireann níos lú ná leath uair a chloig. Craoltar ‘Scannal’ ar RTÉ – ach is clár é sin a bhaineann le cúrsaí stairiúla seachas cúrsai reatha.

Níl an scéal morán nios fearr ar an idirlíon. Iris mhíosúil é Beo.ie agus cé go mbionn roinnt ailt ann ar chúrsaí reatha – cuid acu a bhionn le moladh – tá an iris srianta ag an bhfoilsiú míosúil. Níl an réimse ábhair ann a chinnteodh go mbeadh léitheoireacht aige taobh amuigh de chiorcal na bhfoghlaimeoirí, sciar tabhachtach den mhargadh ach sciar teoranta.

Is cosúil go gcaithfimíd, chomh fada is a bhaineann sé le na h-udaráis, na h-údaráis céanna a deir gur mhian leo go mbeadh Éire ina thír dhá theangach faoi 2028, go gcaithfimíd, an dream atá Gaeilge againn agus a thaitníonn cúrsaí reatha leo, glacadh leis go gcaithfimid cúl éisteacht le cúrsaí reatha i mBéarla gan aon pháirt a ghlacadh sa phlé.

Ar an bport céanna, trí bhliain deag tar éis bhunú TG4/TnaG, níl cead ag pobal na Gaeilge féachaint ar chluichí ceannais na hÉireann beo beathach le trachtaireacht Ghaeilge. Is cosúil go mbeidh orainn brath go ceann tamall eile ar an bhfuaim ar an dteilífís a ísliú agus éisteacht leis an dtrachtaireacht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nó, más trachtaireacht dhá theangach atá uainn, eisteacht le Mícheál Ó Muircheartaigh ar Raidió 1.

Tá obair mhaith á dhéanamh ag leithéidí An Druma Mór/Nuacht 24, nós* agus Feasta is Saol le freastal ar sciar áirithe den mhargadh – ach níl na h-acmhainní acu an beart a dhéanamh mar is ceart. Maidir le Comhar, tá deis ann rud éigean fónta a dhéanamh ach ní féidir leis an iris aon dul chun cinn a dhéanamh agus é faoi stiúr eagarthóir nach gcreideann sa nua theicneolaíocht agus nach dtuigeann cad atá ag titim amach i saol na Gaeilge is na tíre.

Thug mise faoi ndeara port áirithe i gcuid de na ráitis a deineadh i dtaobh Foinse agus an nuachtán ag saothrú an bháis. Bhí go leor achainí agus éilimh á dhéanamh go dtiocfadh an Rialtas i gcabhair ar Foinse ionas nach gcaillfí an nuachtán – ach is é sin díreach an fhadhb.

Má táimíd le h-iriseoireacht Ghaeilge a thabhairt slán don chéad glúin eile, ní feidir linn bheith ag brath ar na h-údaráis. Ciall ceannaigh, tá sé nios fearr ná an dhá chiall a mhúintear. Agus tá ciall ceannaithe go daor ag pobal na Gaeilge le tamall anuas. Beidh orainn greim a bhreith ar ár gcinniúint féin.

Déanfadsa mó dhícheall anseo plé a dhéanamh ar chúrsaí reatha agus nuacht an lae ach táímse ag obair faoi chúing – tá post agam i réimse eile agus ní féidir liom mo chuid ama a chaitheamh anseo faoi mar ba mhaith liom.

Táim sásta tairiscint a rinne mé roimhe seo a dhéanamh in athuair. Má tá Gaeil ann ar mhaith leo iriseoireacht Ghaeilge sláintiúil, beidh orthu íoc as. Tá ciste ag teastáil, ciste shuntasach thart ar €1m a bheidh ag teastáil. Táimse sásta €1,000 a infhéistiú ina leitheid de chiste – agus ní beag liom an tsuim sin – chomh fada is go bhfuil 999 Gael eile ag teastáil. Nuair a rinne mé an tairiscint seo roimhe, fuair mé ceathrar nó cúigear a bhí sásta a lámha a chur ina bpócaí.

Anois, tá an práinn níos géire. Tá gá leis an t-airgead chun bonn láidir a chur faoi sheirbhís nuachta is fóram plé rannpháirteach is eolgaiseach, acmhainn a bheadh neamhspleach ar fad ón stát agus saor, mar sin, óna marbh fhaisc.

Anois nó riamh.

Táim á scríobh seo agus mé ag faire ar an eagrán dheireannach de Questions and Answers á chraoladh. Breis is fiche bliain a bhí an clár sin á chraoladh agus cé gur fada an lá a bhí sé ar bharr a léime, bhí sé tabhachtach mar fhóram do phobal na tíre.

Tá sé deich nó cúig bhliain deag ó bhí an chlár cúrsaí reatha deireannach Ghaeilge ar aon chainéal teilifíse nó raidió – nach cuimhin linn ‘Cúrsaí’.

D’imigh sin agus tháinig seo. Cad atáimíd chun déanamh chun an bearna a líonadh…..?

Pobal na Gaeilge in áit na leathphingine

Tá comhaireamh fós á dhéanamh – agus gach seans go mbeidh votaí go fóill á chomhaireamh (agus á athchomhaireamh b’fhéidir i gCaisleán a’Bharraigh) go déanach anocht.

Nílim chun morán a rá faoin dtoghchán agus na torthaí anseo – tá daoine ann a chreideann, mar shampla, gur beag an bhrí a bhionn ag torthaí na dtoghcháin Eorpacha inár saol. Is cosúil freisin go bhfuil laghdú mór tagtha ar líon na votairí ar fuaid na hEorpa a rinne votáil sa toghchán Eorpach i mbliana thar mar a bhí ag an gcéad toghchán Eorpach i 1979. I 1979, agus gan ach naoinúr sa Chomhphobal, bhí an ráta votála i ngiorracht do 65%. I mbliana, agus 25 ballstat ann, agus, cheapfá, níos mó suime san aidbhintiur pholatúil seo, bhí an ráta nios giorra do 40%. Arbh vóta mímhuiníne é sin sa bhfiontar pholatúil seo, vóta mímhuiníne níos tréine ná an vóta a fuair pairtithe atá in éadan an Aontais, leithéidí Libertas, UKIP agus eile?

An cloch is mó ar mo phaidrín anois go gcreidim go laidir go bhfuil droch mhargadh á fháil ag pobal na Gaeilge ó thaobh thuairisciú is anailís cúrsaí reatha. Beag an méid a bhí ar TG4 mar gheall ar an dtoghchán le linn na deireadh seachtaine, i gcomparáid leis an méid a bhí ar RTÉ 1 agus TV3. Bhí clár uair go leith ann oíche Dé Satharn, á chur i láthair ag Páidí Ó Lionaird agus Eibhlín Ní Chonghaile, agus aréir bhí clár leath chomh fada ann agus gan ach Eibhlín sa stuideo. (Dheineas éagóir ar TG4 i dtrachtaireacht eile nuair a thugas le fios nach mbeadh aon clár toghcháin ann – ach le bheith cothrom, ní raibh a leithéid fógartha sna nuachtáin). Ar eagla na míthuisceana, ní ar lucht léirithe an chláir atáim ag cur locht ach ar saoistí an staisiún agus na h-údaráis nach dtuigeann, is léir, go bhfuil goile ann do chláracha beo ar mhór imeachtaí ar nós toghcháin i measc lucht féachana na Gaeilge is TG4. Is é an locht is mó a laghad agus ní féidir Páidí nó Eibhlín a lochtú as sin…

Gan amhras, ní i dtuairisciú cúrsaí reatha atá easpa le mothú ó TG4. Inné agus go leor cluichí craoibhe ar bun i gCraobhacha na hIomána agus na Peile, bhí trachtairí TG4, Pádraig Brian Tyers agus Gearóid Mac Dara Mac Donncha, (grma@maidhci), ag tuairisciú ar Chraobh Leadóige Oscailte na Frainnce. Ní h-é go raibh cearta eisiacha acu ar an gcluiche leadóige seo nó bhí sé ar fáil ar BBC 2. Má tá sé tabhachtach go mbeadh mór ocáidí spóirt ar fáil i nGaeilge, nár cheart go mbeadh tús áite ag na cluichí Gaelacha?

Feictear dom go bhfuil TG4, dá fheabhas iad, á imeallú de réir a chéile ó lár an aonaigh agus go bhfuil an staisiún, ar mhaithe le greim a choimead ar an ndeontas laghdaithe, ag treabhadh leo gan aon ghleo a dhéanamh faoin leatrom seo. Gan amhras tá TG4 ag brath ar RTÉ le h-aghaidh nuacht agus cursaí reatha agus is cinnte go bhfuil an máthair chraoltóir ag déanamh cinnte nach mbeidh sciar cothrom den chiste á fháil ag craoltóireacht cúrsaí reatha trí Ghaeilge.

Ní h-amháin go bhfuil coilleadh á dhéanamh ar TG4 ach tá seo á dhéanamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin. De réir scéala i bhFoinse ag an deireadh seachtaine, dearbhaiodh an méid a tuairisciodh an seachtain roimhe go raibh deireadh le cur le dhá chlár cúrsaí reatha – Seó Beo an tSathairn agus Faoi Chaibidil – agus cé ná raibh aon rud le rá sa scéal faoi ciorrú ar uaireannta chraolta Adhmhaidin, dearbhaíodh go mbeadh deireadh leis an mir ‘Cad A Deir Sé Sna Paipéir’.

Imeallú de short é seo ar lucht éisteachta na Gaeilge. Ba mhír é seo a rinne ceangal idir pobal éisteachta na Gaeilge agus na mór scéalta sna meáin chlóite Béarla agus, nuair a bhí Lá/Lá Nua ann, bhíodh don chuid is mó tagairtí ann do scéalta sa nuachtán sin. Ar ndóigh níl Lá Nua ann níos mó – ach lean an mir agus cé gur cheap mé go bhféadfadh slacht níos fearr a bheith air, bhí sé úsáideach agus tairbheach é a bheith ann.

Splanc geal amháin sa dorchadas go mbeidh síneadh le h-uaireannta chraolta chlár Ronáin Mhic Aoidh Bhuí, dhá uair a bheidh ann anois seachas uair amháin. Ciallóidh sin breis craic is eile – ach ciallóidh sé freisin go m’bhféidir go mbeidh deireadh le clár Máirtín Tom Sheainín idir 2-3in nó an clár Foinn is Fógraí idir 4-5in nó an clár An Glóir Anoir (idir 5-6in). Níl an pictiúir soiléir go fóill.

Thugas faoi ndeara gurb é Dónal Ó Braonáin, leas cheannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta, an t-é a bhí ina urlabhraí ag RTÉ RnaG agus an scéal á thuairisciú ag Foinse. Cén fath nárbh í an ceannasaí, Edel Ní Chuirreáin, a thug an droch scéal? Is dócha go bhfuil gá le ceannasaí nó leas cheannasaí ar RTÉ RnaG ach an bhfuil gá leis an mbeirt acu. Mura raibh ann ach ceannasaí, an mbeadh clár nó beirt ná raibh caillte againn?

Thugas faoi ndeara freisin go raibh fógra le Des Bishop ag an gCoimisinéir Teanga á chraoladh ar TG4 le déanaí. An bhfuil sé in am don Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, an báta clúiteach a deirtear bheith ina sheilbh a úsáid chun smacht a chur ar RTÉ agus iachailll a chur ar an gCraoltóir Náisiúnta riar a dhéanamh níos fearr ar chúrsaí reatha (agus cúrsaí spoirt) i nGaeilge agus iad ag teacht chun tosaigh (cathain?) le scéim teanga?

Seachas bheith ag gearán, agus tá an ghearán tabhachtach, tá gá freisin le beart eile a dhéanamh. Thugas faoi ndeara ná raibh morán, seachas mé féin, ag blagáil agus ag baint úsáide as Twitter chun trachtaireacht a dhéanamh ar thorthaí na dtoghchán éagsúl. Rinneadh an-iarracht amhlaidh a dhéanamh i mBéarla agus ní gá ach cuairt ar an láthair seo, Count Day Live, agus is sár obair atá déanta anseo.

An mbeadh suim ag Gaeil amuigh ansan iarracht mar seo a dhéanamh nuair a bheidh olltoghchán ann luath nó mall. Má tá, tagaigí i dteagmháil liom agus déanfaimid beart. Táim cinnte go bhféadfaí leithéidí Raidió Fáílte, Raidió Rí Rá agus eile a thabhairt ar bórd agus sár jab a dhéanamh…..

RT