Cartlanna Clibe: Seán Ó Cuirreáin

Cad is fiú Coimisinéir Teanga anois?

Is ag dul siar atá tiomantas na Roinne is mó atá cúram na Gaeilge uirthí ó ceapadh an Choimisinéir Teanga – agus ní h-é sin mo bhreith ach breith an Choimisinéara féin.

Ag labhairt do inniu (Dé hAoine) ag seimineár a reachtáil Conradh na Gaeilge i dTrá Lí thug an tUasal Seán O Cuirreáin, an Choimisinéir Teanga – aka Fear a’ Bhata – le fios go raibh laghdú 50% ar líon na mball foirne sa Roinn Oideachais a raibh ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge thar mar a bhí 5 bliain ó shin.   An uair sin, i dtuairisc an Choimisinéara, bhí 3% a dúirt go raibh siad ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

I mbliana, de réir suirbhé a rinne an Choimisinéir a choimisiúnú, níl ach 1.5% d’fhoireann na Roinne Oideachais atá ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Cheapfá go mbeadh múineadh faighte ag an Roinn Oideachais i 2005 nuair a náiríodh iad i dTuarascáil an Choimisinéara agus, dá bhrí sin, go mbeadh údaráis na Roinne ar a míle dícheall le, ahem, oideachas a chur orthu féin.

Ní h-amhlaidh a thit amach.  Is amhlaidh gur lean siad ag dul i léig ó thaobh na teanga de.  Anois, níl a fhios agamsa conas is féidir le duine post a fháil sa Roinn Oideachais gan Ghaeilge a bheith acu.  Tá’s agam nach bhfuil Gaeilge éigeantach don iontráil sa Stat Seirbhís níos mó ach nach léiriú é ar easpa oideachais, sa chiall is bunúsaí den fhocal, nach bhfuil Gaeilge ag an mball foirne.  Sa chás sin an bhfuil sé ceart go mbeadh na daoine seo ag obair i Roinn Rialtais ar bith, gan trácht ar an Roinn Oideachais, mar níl siad inchurtha leis an obair.   An aon íontas é go bhfuil an tír sa phriacal ina bhfuil sí, an Roinn Oideachais gan cainteoirí Ghaeilge, an Roinn Airgeadais gan eacnamaithe….

An rud amháin eile a deir seo liom, gur beag is fiú an Choimisinéir Teanga bheith ann ar chorr ar bith.  Níl aon eagla ar an Stat Seirbhís roimhe.  Tá sé chomh h-eifeachtach le baincéir a bheith ina rialtóír airgeadais – agus tá’s againn cad a tharla mar gheall ar sin.   Ní le drochmheas ar Sheán O Cuirreáin a deirim sin ach ní doigh liom go bhféadfadh duine ar bith múineadh a chur ar an Stat Seirbhís maidir leis an nGaeilge agus is fánach an scéal go bhfuilimíd ag cur airgead, am is allas amú ar an saothar in aisce seo.

B’fhearr dúinn ár n-iarrachtaí a dhíriú i dtreo eile…  Ar na meáin stat urraithe a dhíreoinn mo chuid saothair agus ar bhunú bunscoileanna lán Ghaeilge, agus ag obair ag an libhéal áitiúil, le cead nó gan cead.

Gan amhras, léiríonn seo freisin go bhfuil Conradh na Gaeilge féin ag gníomhú sa treo mí cheart.  In áit bheith ag iarraidh cathanna a bhuachaint ar fiú agus ar féidir iad a bhuachaint, tá siad ag cnagadh a gcinn in éadan falla brice agus gan de luach saothair acu as a dtrioblóid ach ceann scoilte agus píosa ‘reachtaíochta’ nach fiú é an phaipéar ar a bhfuil siad scríte.

Maorláthas ar Mire na gCoimisinéirí Ioncaim

Ar maidin inniu a seoladh Tuarascáil Oifigiúil an Choimisinéara Teanga don bhliain seo chaite.   Tá sé le léamh anseo.    Tá a fhios ag daoine nach mise an ‘leantóir’ is dílsí ag An Choimisinéir Teanga agus go bhfuil mé ag cur ceisteanna le tamall faoi fhiúntas na h-oifige – seachas fiúntas an fhir – atá isteach is amach le €1m á chaitheamh aige in aghaidh na bliana.

Seod luachmhar é seo – cé nach dtabharfainn €1m – faoin gcleachtas a bhíodh ag na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le preas ráitis a éisiúint i nGaeilge.  De réir na scéime teanga a bhí aontaithe idir iad agus an Choimisinéir agus dearbhaithe ag an Aire, bhí ar na Coimisinéirí Ioncaim 20% dá gcuid preas raitis a éisiúint i nGaeilge.

Ní fhaca mise riamh preas raiteas ó na Coimisinéirí Ioncaim le linn dom bheith ag Lá Nua – glacaim leis nár thuig siad go raibh aon suim ag leitheoirí an nuachtáin i nithe chomh suarach le cáin is a leithéid.

Bíodh sin mar atá, b’é an cleachtas a bhí ag na Coimisinéirí na preas raitis a éisiúint i mBéarla ar dtúis, de réir mar a bhí gá leo, nuair a bhí  agus ansan NAOI MÍ ina dhiaidh sin nó mar sin, rithfeadh sé leo go gcaithfidís na leaganacha Ghaeilge a éisiúint agus roghnóidís 20% den líon iomlán a foilsíodh roimhe sin agus chuirfí iad go h-aistritheoir le h-aistriú agus ansan d’éiseofaí iad go ciúin ar an suíomh idirlín.

Anois ni cur amú airgid go dtí é.   Agus seo á dhéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim.   Le bheith cothrom leis an gCoimisinéir, dúirt  sé an méid seo go lom, bhuel chomh lom is a dheirfeadh aon stat sheirbhíseach aon focal cháínteach i leith na gCoimisinéirí Ioncaim.

Cad is fiú preas ráiteas naoi mhí i ndiaidh an scéil a bheith te bruite?  Cad is fiú 20% de phreas raitis a éisiúint i nGaeilge agus 80% a fhágáil gan aistriú?   An cur amú airgid an rud a fad?  Sin iad na ceisteanna a chuirimse agus mé ag léamh an scéil seo. Sin é an cur chuige cheimnitheach atá á úsáíd,nach ea?  An fiú an tairbhe an trioblóid?  An bhfuil aon iriseoir Ghaeilge a d’fhan ar an leagan Ghaeilge de phreas raiteas sara rinne sé scéaal bunaithe ar an eolas a bhí ar fáil na míonna roimh ré i mBéarla?

Molaim An Choimisinéir Teanga as an méid thuas agus tuilleadh a thabhairt chun solais ach is mór m’eagla go léiríonn an scéal seo gur Cultúr an Mhaorláithis ar Mire atá á bheathú anseo seachas aon fhíor chosaint do chearta teanga lucht na Gaeilge….

Ritheann sé liom go mbeadh an cleachtas seo stoptha fadó dá mba rud é go raibh an eolas seo faighte ag an tUassl O Cuirreáin agus é ag obair mar iriseoir le Raidió na Gaeltachta (sea iriseoir, seachas ‘solathróir abhair’)  agus an scéal seo tugtha chun solais aige ar Adhmhaidin!

Mar a tharlaíonn sé, thug mé cuairt ar shuíomh na gCoimisinéirí Ioncaim inniu agus maith go leor bhí leaganacha Ghaeilge den dhá phreas ráiteas is déanaí a éisíodh ar an bpríomh leathnach Ghaeilge.  Ach nuair a chuaigh tú sa tóir ar bhreis nuachta – tugadh tú chuig na preasráitis i mBéarla arís.   Léargas eile ar an ndearcadh cúramach atá ag an mhaorláthas ar an tabhacht atá leis an Ghaeilge agus iad i mbun a gcuid dualgaisí.  Tá an tsoiniceas i mbarr a réim.

An Choimisinéar ar líne amháin, an tAire ar an líne eile

Is cosúil go bhfuil an t-alt liom sa Sunday Indo tar éis daoine a mhúscailt.   Go dtí seo ar maidin tá dhá ghlaoch guthán faighte agam mar gheall air – ceann acu ón Choimisinéir Teanga é féin, an tUasal Seán O Cuirreáin, agus ceann eile ó Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Is cosúil go bhfuair leiritheoir an chláir glaoch ón Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn O Cuív, ag iarraidh orthu diospóireacht idir eisean agus mise a shocrú don mhaidin amarach.   Mar sin bígí ag éisteacht le hAdhmhaidin maidin amárach tar éis na gcinnlínte ag 8.30rn.

Fagfaidh mé sin don lá amárach.  Is cinnte go mbeidh cuid agaibh ansan ag súil go ndeinfear sceannairt orm agus mo chuid barúlacha nach bhfuil ag teacht leis an seasamh ceart creidmheach go mba cheart an oiread agus is feidir de chaipéisí oifigiúla a aistriú go Gaeilge, is cuma faoin chostas agus is cuma arís eile faoin eileamh atá orthu – nó nach bhfuil orthu – i measc an phobail.

De reir dealraimh, agus de réir Gael Gan Naire agus é ag scríobh mar fhreagra ar thrachtaireacht eile, is cosúil gur úrlabhraí ‘neamh mhaith’ mé agus tá mé gafa anois ag an Sunday Independent frith Ghaelach.

An talt sin sa Sunday Independent a thug ar Sheán sós a ghlacadh óna sceideal ghnóthach, ag monatóireacht ar scéimeanna teanga is eile.  Casadh Seán orm na blianta fada ó shin agus mise ag glacadh páirte in agóide ar son theilifís Ghaeilge a reachtáladh ag na Forbacha i gConamara nuair a bhí taifeadadh ar siúl ar chlár theilifíse de chuid BiBi Baskin ag RTÉ.  Bhí furmhór an chláir sin ar siúl i mBéarla cé go raibh sé á thaifeadadh sa Ghaeltacht, go deimhin ós comhair Roinn na Gaeltachta, mar a bhí, agus Udarás na Gaeltachta.

Dar le Seán, bhíos tar éis mí bhrí a bhaint as a raiteas le linn na seachtaine agus bhí casadh curtha agam ar an scéal le tabhairt le fios go raibh sé ag tathant ar ‘Irish speakers’ bheith ag ‘clogging up’ the court system.   Dar léis ná raibh sé ach ag iarraidh a chur ar shúile dhaoine go raibh an ceart sin acu, de réir Alt 8 de Acht na dTeangacha Oifigiúla.   Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa síolraíonn an ceart sin ón Bhunreacht ach ní miste, tá an cheart ann.

Teastaíonn ó Sheán go rachainn i dteagmháil leis an Sunday Independent agus faoistin a dhéanamh faoin ‘mhí thuiscint’.   Níl sé i gceist agam amhlaidh a dhéanamh.  Má tá gearán le déanamh ag Seán  faoi rud eigean a scríobh mise sa Sunday Independent, tá sé go maith ábalta litir a scríobh chuig an Sunday Independent é féin agus an gearán sin a dhéanamh.  Táim cinnte go bhfoilseoidh siad a litir, ós rud é gur Coimisinéir é a fuair a shéala ón Uachtarán féin.      Is cuimhin liom an ceannteideal a chur ar an scéal mé féin ‘Coimsiúnaithe’ i Lá Nua.

Nior bhain mé mí bhrí as a alt – ach is cinnte anois a bhuí don alt seo agus clampar atá á spreagadh aige – go bhfuil daoine ar an eolas faoin cheart seo ná beadh dá mbeidís ag brath ar na meáin Ghaeilge amháin.      Mar sin, má bhionn borradh mór ar an líon cásanna i nGaeilge sna cúirteanna, b’fhéidir go mbeidh an mileán á chur ormsa ag trachtaire éigean eile san Irish Mail on Sunday amach anseo.

Sílim go bhfuil an dhá shliocht seo ó mo alt chomh soiléir agus is féidir bheith ar an gceist.

THE Irish Language Commissioner, Sean O Cuirreain, has urged Irish speakers to avail of their right to have their cases heard in the First Official Language in the Irish court system.

Agus:

Of course, let me hastily point out that the Irish Language Commissioner, An Choimisineir Teanga, the much respected Sean O Cuirreain, hasn’t called on more Irish speakers to break the law, one of the possible requirements to appear in court. He has, however, called on more Irish speakers to avail of their right, under the Constitution, to fight their cases in Irish.

Gan amhras, is féidir go mbeadh an toradh ar an scéal go mbeadh na céadta Gaeilgeoirí ag imeacht ós comhair na cúirteanna ag iarraidh a gcásanna a throid i nGaeilge.  Agus chuirfeadh sin costas níos mó ar an Stát ná  mar a bhí go dtí seo.

Ach is é an fianaise atá ann – agus is é mo fhoinse ar seo an méid a bhí le rá faoi ag an gCoimisinéir féin in alt san Irish Times Dé Chéadaoin seo chaite – nach bhfuil ach sciar bheag de Ghaeilgeoirí ag lorg a gcásanna a throid i nGaeilge.

Is é an deacracht le seo, gan amhras, go bhfuil an Stát tar éis fáil reidh leis an riachtanas go mbeadh Gaeilge ag abhar dlíodóirí.   Ní raibh morán brí leis an scrúdú a chuirfeadh siad ar dhaoine nuair a bhí an riachtanas ann – ach anois níl fiú sin ann.

Fágann sin go bhfuil furmhór na mbreitheamh agus na ndlíodóirí gan Ghaeilge.   Agus seo i stát ina bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil inti, de réir na Bunreachta.   Is ait an scéal é go mbeadh gá le h-ateangairí a fhostú chun do chás a throid i gcúirteanna na tíre seo de bharr nach bhfuil cumas i dteanga oifigiúil na tíre seo ag oifigigh na cúirte.

Is é seo dea shampla den ghalar sin, reiteach Éireannach ar fhadhb Éireannach.  In áit talamh tirim a dhéanamh de go bhfuil oifigigh dlí na tíre cumasach a dhothain sa Ghaeilge le bheith in ann í a thuiscint ar a laghad – nó nár chaith siad 13 bliain á foghlaim i scoileanna na tíre an oiread is gur chaith einne eile – tá an Stat ag rá go seasfaidh siad a aineolas leo agus go n-iocfaidh siad as ateangairí a chur sna cúirteanna chun teanga oifigiúil amháin a aistriú go teanga oifigiúíl eile.

A leithéid de charn fhuilligh – agus is sinne atá ag íoc as.  An t-aon solás as seo ar fad nach bhfuil ach cúpla míle Euro caite ar seo le blianta beaga anuas!  Ach níl an t-airgead sin ann níos mó agus gach rud faoi bhagairt anois i ré na ngiorruithe.  Beatha na Gaeltachta féin.

An rud is mó a dúirt Seán a chuir meangadh ar mo bhéal, go raibh seisean beo sa saol réalaíoch.

Tá dualgas air, gan amhras, maoirseoireacht de short éigean a dhéanamh ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla.    Is éard a rinne mé im alt ná ceist a thogáil faoi brí agus eifeacht na reachtaíochta sin i gcomhthéacs an lae inniu agus i gcomhthéacs, fosta, an staid ina bhfuil an Ghaeilge inniu, gan nuachtán agus an tua á thabhairt do chláracha raidió agus teilífíse ar gach taobh… ceal acmhainní.

Ba cheart don Choimisinéir a aithint fosta gur deis iontach é seo an dea scéal a scaipeadh ar ardán níos mó ná mar a bheadh aige choiche ó aon nuachtán Ghaeilge, dá fheabhas é, nó meán Ghaeilge eile.    Tá deis aige anois an argóínt a dhéanamh, mar a rinne mise, ar son a léargas ar cheist na Gaeilge. aistriúcháin is eile.  Ní gá do ach ceart freagartha a éileamh ar Eagarthóir an Sunday Independent agus de bharr go bhfuil an nuachtán sin ina bhall de Chomhairle Phreasa na hÉireann, beidh ar an nuachtán sin an ceart sin a gheilleadh do agus spás a chur ar fáil sa chéad eagrán eile chun an mí léamh a deir sé gur rinne mé ar an méid a dúirt sé a ‘cheartú’.

Níl a fhios agam cén fath nach n-aithníonn sé an deis sin agus nach dtapaíonn sé í.   An é go bhfuil eagla air dul i ngleic le na mictíre sna meáin Bhéarla ar eagla go réabfaidís a chosaint ar an gceist seo ó bhaithis go bonn?   An é go gceapann sé go dtabharfadh freagra uaidh siúd ardán domsa agus go méadódh sé mo sheasamh leis an nuachtán?   An é go bhfuil sé ag iarraidh a mholadh a choimead faoi rún nó nach ionann an rud atá ar bun aige go dtí seo ach bheith ag díriú ar sciar bheag den phobal – is é sin pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge – gan a bheith ag dul i ngleic leis an bpobal mhór?

B’fhéidir go bhfuil míniú eile ar fad aige ar an scéal.  Níl a fhios agam.

Maidir le daoine atá ag iarraidh freagra a thabhairt ar m’alt agus litir a sheoladh chuig an Sunday Independent ach go gcreideann siad nach bhfoilseoidh an nuachtán sin na litreacha céanna – agus is iomaí litir uaimse nár fhoilsigh an nuachtán céanna – is féidir leo iad a sheoladh anseo agus chomh fada agus go ndíríonn siad ar an argóint seachas ormsa – mar a dhein Gael Gan Náire ina fhreagra – foilseofar iad anseo, i mBéarla nó i nGaeilge.

Is é an fath gur bheartaigh mise alt a scríobh ar an ábhar seo faoin cheist seo don Sunday Independent go raibh mé tinn tuirseach de litreacha uaim a bheith fagtha gan foilsiú.    Táim ag seasamh ar son polasaí ciallmhar ar son na Gaeilge – seachas cur amú airgid gan ciall ar rudaí nach mbainfear úsáid astu agus nach bhfuil ann, is cosúil, ach chun ‘stadas’ na Gaeilge a dhaingniú sa stát chóras.

Níl faic a dhaingneoidh stadas na Gaeilge seachas í a labhairt agus a scríobh agus a léamh agus a chraoladh agus a mhúineadh.  Ní chuidíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla le seo.

Pobal na Gaeilge in áit na leathphingine

Tá comhaireamh fós á dhéanamh – agus gach seans go mbeidh votaí go fóill á chomhaireamh (agus á athchomhaireamh b’fhéidir i gCaisleán a’Bharraigh) go déanach anocht.

Nílim chun morán a rá faoin dtoghchán agus na torthaí anseo – tá daoine ann a chreideann, mar shampla, gur beag an bhrí a bhionn ag torthaí na dtoghcháin Eorpacha inár saol. Is cosúil freisin go bhfuil laghdú mór tagtha ar líon na votairí ar fuaid na hEorpa a rinne votáil sa toghchán Eorpach i mbliana thar mar a bhí ag an gcéad toghchán Eorpach i 1979. I 1979, agus gan ach naoinúr sa Chomhphobal, bhí an ráta votála i ngiorracht do 65%. I mbliana, agus 25 ballstat ann, agus, cheapfá, níos mó suime san aidbhintiur pholatúil seo, bhí an ráta nios giorra do 40%. Arbh vóta mímhuiníne é sin sa bhfiontar pholatúil seo, vóta mímhuiníne níos tréine ná an vóta a fuair pairtithe atá in éadan an Aontais, leithéidí Libertas, UKIP agus eile?

An cloch is mó ar mo phaidrín anois go gcreidim go laidir go bhfuil droch mhargadh á fháil ag pobal na Gaeilge ó thaobh thuairisciú is anailís cúrsaí reatha. Beag an méid a bhí ar TG4 mar gheall ar an dtoghchán le linn na deireadh seachtaine, i gcomparáid leis an méid a bhí ar RTÉ 1 agus TV3. Bhí clár uair go leith ann oíche Dé Satharn, á chur i láthair ag Páidí Ó Lionaird agus Eibhlín Ní Chonghaile, agus aréir bhí clár leath chomh fada ann agus gan ach Eibhlín sa stuideo. (Dheineas éagóir ar TG4 i dtrachtaireacht eile nuair a thugas le fios nach mbeadh aon clár toghcháin ann – ach le bheith cothrom, ní raibh a leithéid fógartha sna nuachtáin). Ar eagla na míthuisceana, ní ar lucht léirithe an chláir atáim ag cur locht ach ar saoistí an staisiún agus na h-údaráis nach dtuigeann, is léir, go bhfuil goile ann do chláracha beo ar mhór imeachtaí ar nós toghcháin i measc lucht féachana na Gaeilge is TG4. Is é an locht is mó a laghad agus ní féidir Páidí nó Eibhlín a lochtú as sin…

Gan amhras, ní i dtuairisciú cúrsaí reatha atá easpa le mothú ó TG4. Inné agus go leor cluichí craoibhe ar bun i gCraobhacha na hIomána agus na Peile, bhí trachtairí TG4, Pádraig Brian Tyers agus Gearóid Mac Dara Mac Donncha, (grma@maidhci), ag tuairisciú ar Chraobh Leadóige Oscailte na Frainnce. Ní h-é go raibh cearta eisiacha acu ar an gcluiche leadóige seo nó bhí sé ar fáil ar BBC 2. Má tá sé tabhachtach go mbeadh mór ocáidí spóirt ar fáil i nGaeilge, nár cheart go mbeadh tús áite ag na cluichí Gaelacha?

Feictear dom go bhfuil TG4, dá fheabhas iad, á imeallú de réir a chéile ó lár an aonaigh agus go bhfuil an staisiún, ar mhaithe le greim a choimead ar an ndeontas laghdaithe, ag treabhadh leo gan aon ghleo a dhéanamh faoin leatrom seo. Gan amhras tá TG4 ag brath ar RTÉ le h-aghaidh nuacht agus cursaí reatha agus is cinnte go bhfuil an máthair chraoltóir ag déanamh cinnte nach mbeidh sciar cothrom den chiste á fháil ag craoltóireacht cúrsaí reatha trí Ghaeilge.

Ní h-amháin go bhfuil coilleadh á dhéanamh ar TG4 ach tá seo á dhéanamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin. De réir scéala i bhFoinse ag an deireadh seachtaine, dearbhaiodh an méid a tuairisciodh an seachtain roimhe go raibh deireadh le cur le dhá chlár cúrsaí reatha – Seó Beo an tSathairn agus Faoi Chaibidil – agus cé ná raibh aon rud le rá sa scéal faoi ciorrú ar uaireannta chraolta Adhmhaidin, dearbhaíodh go mbeadh deireadh leis an mir ‘Cad A Deir Sé Sna Paipéir’.

Imeallú de short é seo ar lucht éisteachta na Gaeilge. Ba mhír é seo a rinne ceangal idir pobal éisteachta na Gaeilge agus na mór scéalta sna meáin chlóite Béarla agus, nuair a bhí Lá/Lá Nua ann, bhíodh don chuid is mó tagairtí ann do scéalta sa nuachtán sin. Ar ndóigh níl Lá Nua ann níos mó – ach lean an mir agus cé gur cheap mé go bhféadfadh slacht níos fearr a bheith air, bhí sé úsáideach agus tairbheach é a bheith ann.

Splanc geal amháin sa dorchadas go mbeidh síneadh le h-uaireannta chraolta chlár Ronáin Mhic Aoidh Bhuí, dhá uair a bheidh ann anois seachas uair amháin. Ciallóidh sin breis craic is eile – ach ciallóidh sé freisin go m’bhféidir go mbeidh deireadh le clár Máirtín Tom Sheainín idir 2-3in nó an clár Foinn is Fógraí idir 4-5in nó an clár An Glóir Anoir (idir 5-6in). Níl an pictiúir soiléir go fóill.

Thugas faoi ndeara gurb é Dónal Ó Braonáin, leas cheannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta, an t-é a bhí ina urlabhraí ag RTÉ RnaG agus an scéal á thuairisciú ag Foinse. Cén fath nárbh í an ceannasaí, Edel Ní Chuirreáin, a thug an droch scéal? Is dócha go bhfuil gá le ceannasaí nó leas cheannasaí ar RTÉ RnaG ach an bhfuil gá leis an mbeirt acu. Mura raibh ann ach ceannasaí, an mbeadh clár nó beirt ná raibh caillte againn?

Thugas faoi ndeara freisin go raibh fógra le Des Bishop ag an gCoimisinéir Teanga á chraoladh ar TG4 le déanaí. An bhfuil sé in am don Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, an báta clúiteach a deirtear bheith ina sheilbh a úsáid chun smacht a chur ar RTÉ agus iachailll a chur ar an gCraoltóir Náisiúnta riar a dhéanamh níos fearr ar chúrsaí reatha (agus cúrsaí spoirt) i nGaeilge agus iad ag teacht chun tosaigh (cathain?) le scéim teanga?

Seachas bheith ag gearán, agus tá an ghearán tabhachtach, tá gá freisin le beart eile a dhéanamh. Thugas faoi ndeara ná raibh morán, seachas mé féin, ag blagáil agus ag baint úsáide as Twitter chun trachtaireacht a dhéanamh ar thorthaí na dtoghchán éagsúl. Rinneadh an-iarracht amhlaidh a dhéanamh i mBéarla agus ní gá ach cuairt ar an láthair seo, Count Day Live, agus is sár obair atá déanta anseo.

An mbeadh suim ag Gaeil amuigh ansan iarracht mar seo a dhéanamh nuair a bheidh olltoghchán ann luath nó mall. Má tá, tagaigí i dteagmháil liom agus déanfaimid beart. Táim cinnte go bhféadfaí leithéidí Raidió Fáílte, Raidió Rí Rá agus eile a thabhairt ar bórd agus sár jab a dhéanamh…..

RT

Roinn Uí Chuív ar bharr ‘Léig na Náire’

Tá scéim teanga na Roinne Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta imithe in éag le breis is bliain go leith. Sin an ceannteideal is mó atá le baint ón dtuarascáil bliantúil a d’éisigh an Choimisinéar Teanga, Seán Ó Cuirreáin, inniu. Ní h-amháin sin ach sharaigh Roinn Uí Chuív an reachtaíocht ar bhealach eile, rialaigh an Choimisinéir.

Cé gur seoladh an tuarascáil inniu sa Ghailllimh, bhí sé curtha faoi bhráid an Aire Uí Chuív i mí Feabhra agus coinníodh faoi chois é go dtí an lá inniu. Deirfear liom é má táim ag déanamh éagóir ar aoinne ach seoladh an tuarascáil seo níos luaithe i mblianta eile. B’fheidir nár cheart aon íontas bheith orainn go raibh moill ar fhoilsiú an tuarascála nó bhí go leor sa tuarascáil nár mhaith leis an Aire bheith os comhair an phobail, bheinn ag ceapadh.

Sa tuarascáil, tuairiscítear gur imigh an Chéad Scéim Teanga a bhí ag an Roinn in éag i mí Meán Fómhair 2007. Fagann sin go bhfuil 20 mí caite gan é a bheith ath-nuaite. Ciallaíonn sin go bhfanann forálacha na scéime a chuaigh in éag i bhfeidhm fhaid is atá an scéim nua á ullmhú – ach ní dheintear aon fhorbairt orthu.

Tá an Roinn ar bharr Léig na Náíre mar sin, cuid mhaith chun tosaigh ar Oifig an Uachtaráin, Máire Mhic Giolla Íosa, an bhean céanna a d’oscail Oifig an Choimisinéara go h-oifigiúil.

Cliseadh nach beag é seo ar an gcur chuige scéimeanna – agus ní h-aon íontas gur mhol, de reir mo thuiscint, an Roinn ó dheas an cur chuige seo don Fheidhmeannas ó thuaidh mar shlí chun reachtaíocht lag a chur ar na leabhair, reachtaíocht nach gcuirfeadh isteach ar an status quo.

Tá tuairim is 650 comhlacht phoiblí ann – agus níl scéimeanna teanga daingnithe ach i 155 acu seo go fóill. Tá dhá chomhlacht is fiche, Roinn an Taoisigh san áireamh, a dhaingnigh scéim teanga ach atá an scéim sin anois imithe in éag gan scéim nua bheith tagtha i gcomharbacht ann.

Seo a bhí le rá ag an gCoimisinéir féin ar an chéist:

Chonacthas dom nach raibh an dara scéim teanga tugtha i bhfeidhm fós i gcás aon
chomhlachta phoiblí agus go raibh 22 scéim teanga tar éis dul “in éag”, mar a deirtear i
bhfo-alt 15(1) den Acht. De réir na reachtaíochta, caithfidh na comhlachtaí poiblí
leanúint de sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge de réir na ngealltanas a bhí tugtha acu sna
chéad scéimeanna ach níl aon dualgas orthu tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na
seirbhísí sin in éagmais scéim nua.
Chuir mé in iúl go bhfacthas dom nach raibh an folús a bhí cruthaithe ag teacht lena raibh
beartaithe faoi fhorálacha an Achta ná faoi na rialacháin reachtúla a bhí déanta faoin
Acht.
Léirigh mé freisin gur ábhar imní ar leith a bhí ann dom nach raibh aon Scéim nua
daingnithe i gcás na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta féin cé go
ndeachaigh an chéad Scéim “in éag” ar an 21 Meán Fómhair 2007.
Dúirt mé gurbh í an imní ba mhó a bhí orm ná go mbeadh baol ann go gcaillfeadh an
tionscnamh ina iomláine an móiminteam nó an luas a bhí faoi, rud a d’fhéadfadh a bheith
ina bhuille an-mhór ar fad. Thug mé le fios gur mheas mé go gcaillfeadh an pobal agus
na comhlachtaí poiblí muinín i gcur i bhfeidhm fhorálacha an Achta go ginearálta dá
mbeadh moill mhíchuí i ndaingniú scéimeanna nua, go háirithe an dara babhta
scéimeanna agus dara Scéim na Roinne féin san áireamh. Dúirt an tAire Gnóthaí Pobail,
Tuaithe agus Gaeltachta mar fhreagra go raibh sé féin agus a Roinn chomh tiomanta is a
bhí riamh maidir le forálacha an Achta a chur i bhfeidhm agus na spriocanna a bhain leis
a bhaint amach.
Dúirt sé freisin go raibh dréacht dá ndara Scéim faighte aige ó fhormhór na gcomhlachtaí
poiblí a raibh sin iarrtha orthu agus go raibh plé gníomhach ar siúl ag oifigigh a Roinne
leo chun an próiseas maidir le haontú agus le daingniú na ndara scéimeanna sin a
thabhairt chun críche a luaithe agus ab fhéidir. Bhí an obair i dtaca le daingniú dara
Scéim dá Roinn féin “cuid mhaith chun cinn freisin,” a dúirt sé.

Dar liom, má chailleann an Roinn a chur an reachtaíocht seo, Acht na dTeangacha Oifigiúla, ar na leabhair dlí an t-údarás – agus creidim gur buille mór an tuarascáil seo d’údarás na Roinne – is beag spéis a bheidh ag na ranna eile an dlí a chomhlíonadh.

Cad é bhúr mbarúil?

Dála an scéil, ní chreidim go gciallaíonn seo go bhfuil Oifig an Choimisinéara ar leas na Gaeilge nó na Gaeltachta. Ní h-é nach gcreidim go bhfuil daoine maithe cumasacha eifeachtacha ag obair ann – agus is mó mo mheas ar Sheán Uí Chuirreáin ná riamh – ach ní chreidim gurb é seo atá ag teastáil ó phobal na Gaeilge is na Gaeltachta faoi láthair. B’fhearr liom ‘Czar na Gaeilge’ a bheith fostaithe a bheadh feidhim aige nó aici bealaí nuálacha a aimsiú chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun leas na Gaeilge d’eacnamaíocht na tíre a léiriú.

Creidim go bhfagfaidh tuarascáil an Choimisinéara droch bhlás i mbéal an phobail mhóir agus iad ag smaoineamh, gan amhras, gur cur amú airgid gach pingin a chaitear ar an nGaeilge de bharr faillí na Roinne agus na ranna eile rialtais ar an reachtaíocht a chuir siad féin in áit.

Seo an tuairisc atá ar shuíomh RTÉ – i mBéarla amháin atá sé. Nach ait an scéal nach bhfuil aon scéim teanga i bhfeidhm ag an comhlacht poiblí is mó tionchar sa tír, cé go bhfuil sé luaite ar liosta na gcomhlachtaí phoiblí? Nár cheart go mbeadh ról ag an gCoimisinéir Teanga – seachas ag an Aire – ordú a thabhairt do chomhlachtaí tabhachtacha scéimeanna teanga a ullmhú.

Agus dá mbeadh an ról sin aige, nach gcuirfeadh sé ar shúile RTÉ gur cheart go mbeadh seirbhis nuachta ar líne ann, ar chomhchéim leis an seirbhís atá ann i mBéarla, mar bhun riachtanas in aon scéim teanga…..