Cartlanna Clibe: Sammy Wilson

DUP – Páirti Éire Aontaithe

Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigean.  Gach seans go bhfuil ath-aontú na tíre á bhrostú ag an lagtrá eacnamaíochta agus an eigeandáil sa chóras bhaincéireacht.

Tá Sammy Wilson, Aire Airgeadais na sé contae, ag iarraidh ról a bheith ag Feidhmeannas an Tuaiscirt i gcúrsaí NAMA an deiscirt. 

Aondachtóir é Sammy, ní gá a rá, agus is iomaí uair a dúirt sé agus a chomhleacaithe ón DUP roimhe seo go mbeadh sé ina lá fuar in ifreann sara mbeadh cead ag Rialtas an Deiscirt láimh a bheith acu i ghnóthaí an Tuaiscirt.   

D’imigh sin agus tháinig seo, is cosúil.  Nó tá sé anois ag lorg ról a bheith ag Feidhmeannas an Tuaiscirt i gcur chun cinn NAMA, fiú is nach bhfuil sé cinnte go fóill go mbeidh An Aisínteacht Náisiúnta um Bhainistiú Socmhainní.  Seo a bhí le rá aige de réir tuairisce ag an BBC. 

Speaking after Tuesday’s meeting Mr Wilson said: “Nama will obviously have some influence over the management and possible disposal of significant assets located within Northern Ireland, most notably land and development assets.”

“It is imperative that this management adopts a prudent and considered position to ensure the long-term interests of the Northern Ireland economy, and indeed that of the Republic of Ireland, are protected.”

Minister Wilson proposed that the Northern Ireland Executive should have a formal role in taking forward Nama

This would safeguard Northern Ireland’s interests, he said.

Following Tuesday’s meeting, a spokesman for the NI Department of Finance and Personnel said legislation for Nama had not been passed through the Dail as yet.

He said Mr Wilson had pushed for NI representation “at an appropriate level” and that ministers agreed that Northern Ireland would be “fully and appropriate represented with regard to Nama’s holding of loans pertaining to NI assets”.

Is ait an mac an saol, bí cinnte de sin.  Nó is ionann seo agus comhpháirtíócht gnó agus ní bunús ró olc d’aontas níos doimhne a leithéid de chomhpháirtíocht. 

Is cinnte go bhfagann sé iarrachtaí Shinn Féin agus an SDLP ar an gceist  in áit na leathphingine.