Tionólfar Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn in Ostán Ghobnatan ar an Satharn, 17 Eanáir, ag 7.30in. Is é seo an t-aon cúirt filíochta dá leitheid sa tír. An Monsignor Pádraig O Fiannachta Uachtarán na Dáimh Scoile agus is é Peadar O Liatháin an Cléireach.
An Cuireadh
Fáilte agus fiche go Dáimhscoil Mhúscraí
Roimh baird agus éigis lucht léinn is filí
Fágaíg bhúr mbuartha, bhúr mbrón is imní
Is bíodh caidreamh bhúr gcarad ag ardú bhúr gcroí
Fáilte roimh an ógra , cáilíní agus buachaillí
Fáilte roimh an ngasra ó Chathair Chorcaí
Fáilte roimh an geaingiléirí ó Contae Chiarraí
Fáilte roimh na sluaite ó bhailte Mhúscraí
Beidh ceist chrosta chealgánta ó pheann an rúnaí
Le suaitheadh, le fregairt, le h-áiteamh teasaí
Cé ná beidh baol an go raghfar chun dlí
Agus sé breitheamh an aighnis an scairteadh gáirí
Beidh lucht ráidió agus páipéar is an uair seo TV
Ag scaipeadh is ag alpadh dánta is dréachtaí
Beidh Betsy is an bhantracht ag réiteach cóir bídh
A shásóidh gach éinne gan bhagairt gardaí
An Monsignor Pádraig Ó Fiannachta
An tUachtarán
Ceist na Dáimhe
Im aonar dom ag spaisteoireacht
An spéir im thimpeall scamallach
Anuas dem dhruim am’ thachtadh ‘steach
Lem smaointe duairce damanta
ag casaoid leis an saol
Ansan braon is míle fearthainne
Do raid anuas go tarcuisneach
Ag sileadh síos go talamh uaim
na dhíle fuar bréan
Do rith trím chroí cás Rafteirí
Ar bord Áth Cinn ag taisteal do
Le na bhaitin bán ag priocadh leis,
is a mhaidrín dílis fairis riamh
Gan amharc ar an saol.
Nach daille sinn ná Raifteirí
nach mí-adhmharai, nach bascaithe
Le rialtóirí gan faic acu ach glam agus béic
A chaith na miliúin airgid,
d’fhág sinn sa draoib mar bhacachaibh
Ag iarraidh déirc ar sheandaoine
ní áirím na mic léinn.
Nach aithis is nach eascaine a bhfuil le fáil ag na h-airí sin
Iostas cuí is tiománaí ar bhóthar nó san aer.
Ní fios cé méid ins na h-oifigí ná luach stampaí ar litreacha
Nách suimiúla a bheadh na billí sin
dá ndíolfá iad tú féin.
Peadar Ó Liatháin
An Cléireach
Cuirfear fáilte roimh fhreagraí ar an gCuireadh nó ar an gCéist agus dánta eile ach iad a bheith foilsithe anseo roimh ré. Is féidir iad a sheoladh freisin chuig an seoladh r-phoist seo agus bí cinnte go gcuirfear iad ar fáil don Cléireach le go mbeidh siad á léamh ar an oíche.
Tá sé i gceist freisin go mbeidh míreanna ón oíche á scannánú agus á chraoladh ar an idirlíon. Beifear ábalta teacht orthu anseo nó ar suíomh Youtube iGaeilge.