Ghlacfadh sé níos mó ná blag chun cur síos a dhéanamh ar chlár chuimsitheach an Oireachtais a fhograíodh ag ocáid inné ag Ostán an Rochestown Park i gCorcaigh, príomh shuíomh mhór fheile na Gaeilge a chuirfear tús leis ar 26 Deireadh Fómhair.
B’é cathaoirleach an Choiste Aitiúil, Peadar O Riada, a chur an clár inar láthair. Ar na príomh imeachtaí ar cheart a lua – agus nach bhfuil luaite go fóill ar mhór shuíomh an Oireachtais – tá filleadh Taispeantas Ealaíon an Oireachtais ar an gclár, comórtas peile idir cumainn na Gaeltachta agus comórtas freisin idir scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna do phaistí faoi 12, morpharáid ar shráideanna Chorcaí ar an lá saoire bainc agus comórtas aghaidheanna fidil idir daltaí scoile sa chathair agus sa cheantar maguaird.
Agus é ag cur an chláir chuimsithí seo i láthair, dúirt an Riadach gur chuir an Choiste Aitiúil roimhe an sprioc filleadh ar bhun mhíniú an Oireachtais – is é sin teacht le cheile chun an Ghaeilge agus an chultúr Gaelach a cheiliúradh. Mheabhraigh sé go raibh an tOireachtas ann – sé sin an féile Ghaeilge – sara raibh Tithe an Oireachtais ann – go raibh an chultúr ann ar dtúis agus ansin an pholataíocht.
D’fháilitigh sé roimh an socrú a deineadh idir RTÉ Raidio na Gaeltachta agus TG4 chun imeachtaí Oireachtais a chraoladh ar an raidió agus ar an dteilifís. D’aithin sé go raibh argóint teasaí idir an dhá mhór chraoltóir Gaeilge níos luaithe i mbliana – ach, mar a dúirt sé, ní féidir bácáil gan teas.
Sprioc eile a luaigh sé leis an Oireachtas i gCorcaigh, go luafaí draíocht leis an bhféile um Shamhain seo in athuair.
Ní aithneoidh lucht freastail an Oireachtais iad féin ag an fheile i mbliana nó tá athfhorbairt shuntasach déanta ar Ostán an Rochestown Park. Sar obair déanta ag úinéirí an ostáin, Seán agus Dónal O Liatháin, ón uair dheireannach go raibh an Oireachtas ag an ostán.
Beidh tuilleadh faoi imeachtaí an Oireachtais le fáil ar an suíomh seo agus tá sé i gceist blagáil beo a dhéanamh ar an ocáid ón láthair freisin.
Tá blas laidir Ghaeltacht Chorcaí ar mórfheile Ghaeilge na bliana seo. Ach má tá, ní h-ionann sin agus a rá nach bhfuil blas laidir na cathrach le mothú freisin nó tá Gaeil Chorcaí – idir leitheidí Máirín Quill, leas mhéara Chathair Chorcaí agus Gaeltaca.
Léiríodh eifeacht Ghaeltaca go follasach taobh amuigh de dhoras an ostáin nó páirceáilte ansin bhí bus máisithe le suaitheantais ag fógairt an Oireachtais sa chathair. Is léir go bhfuil Gael Taca go brea bríomhar agus iad ag iompar an lochrann a thug bunaitheoir an eagrais, Pádraig O Cuanacháin a cailleadh níos luaithe i mbliana, agus an creideamh a bhí go smior ann an Ghaeilge a bheith chomh feiceálach is a fhéadfadh sé bheith sa chathair. Is cinnte gur fhag Pádraig a lorg ar an gcathair – agus tá Gaeltaca ag leanúint lena chuid oibre. Maith sibh Barra O Caoimh agus a mheithil!