Más spreagadh atá uait, bí ag faire ar seo.
Cartlanna Clibe: Rith 2010
Toghchán Uachtarántachta eile chugainn
Tá sé dearbhaithe ag an bhFeirsteach óg, Seán Ó hAdhmaill, go mbeidh sé san iomaíocht do thoghchán Uachtarántachta Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl an mhí seo chughainn i Luimneach.
Níl aon amhras orm go ndéanfadh an cheannaire fhuinniúil seo beart dá dtoghfaí é agus tá sé go maith go bhfuil sé ag imeacht sa bhearna baoil.
Tá siad ann a deir nár cheart dá leithéid bheith ag cur a chuid ama amú leis an Chonradh – go n-íosfaidh an eagras sin gan salann é agus go mbeidh sé gan feidhm as seo go dtí go n-eiríonn sé as i gceann bliain nó dhó nó trí. Tuigim dóibh ar shlí – tá siad ag tabhairt chun cuimhne an méid a tharla do Ghearóid Ó Cairealláin nuair a toghadh eisean i 1997. Shíleas gur dhearna sé jab réasúnta maith ach ná raibh na deiseanna atá ann anois i saol na Gaeilge. Deiseanna agus dúshláin.
Is eagras fónta é Conradh na Gaeilge atá tar éis go leor a dhéanamh go ciúin le cúpla bliain anuas ach go h-áirithe chun leas na Gaeilge a chur chun cinn ar shlite atá eifeachtach is fiúntach. Ach tá sé cothrom a rá nach bhfuil an Conradh – a bunaíodh sa ré céanna inar bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael – chomh lárnach i saol na tíre is atá an CLG.
B’fhéidir go bhfuil sé ró uaillmhianach bheith ag súil go n-eireoidh leis an Chonradh an áit lárnach sin a bhaint amach i saol na tíre go luath – ach caithfear díriú ar an sprioc sin a bhaint amach. Má tá sé mar aidhm ag an Rialtas go mbeadh 250,000 cainteoir Ghaeilge laethúil sa tír faoi 2030, ba cheart go mbeadh príomh eagras na Gaeilge ag díriú ar an sprioc go mbeadh ar a laghad 100,000 ball gníomhach ann faoin am chéanna.
Ní h-aon dochar ceannaire atá suite i mBaile Átha Cliath a thoghadh le go mbeidh aghaidh phoiblí an Chonartha i lár an aonaigh. Dá mbeinn ag scríobh clár toghcháin do Sheán dhéarfainn leis díriú ar fhoinsí airgeadais neamhspleacha a aimsiú don eagras ionas nach mbeidh sé ag brath ar an bhForas, “Lámh Marbh na Gaeilge”, agus ar an Roinn, má mhaireann an Roinn sin beo. Ba cheart go mbeadh an Chonradh ábalta maoiniú a mhealladh ó bhaill – tre orduithe seasta – ionas go mbeadh cultúrlannaí gniomhacha i ngach baile mór – agus baile beag – in Éirinn, faoi mar atá ag an CLG.
Tráth dúshlánach é seo d’eagrais Ghaeilge agus iarracht á dhéanamh ag na h-údaráis coilleadh a dhéanamh ar a líon. Má tá eagras ar bith chun teacht slán ón dtua, ní mór do bheith ábalta seasamh ar a chosa féin ó thaobh cúrsaí maoinithe. Ní h-ionann sin agus a rá nár cheart don eagras a bheith ag fáil maoiniú phoiblí d’aon tsort – ach má fhéachann aoinne ar CLG, feicfidh siad nach mbionn dearcadh leithscéalach ag an eagras sin agus iad ag dul chun cainte leis an Rialtas – go díreach – seachas le h-eagrais ar nós an bhForas is a leithéid.
Ní mór do Chonradh na Gaeilge áiteamh a dhéanamh ar an Rialtas suíochán a thabhairt don eagras timpeall Bhórd na bPáirithe Shoisialta. Os rud é go bhfuil an socrú sin in amhras faoi láthair, is am mhaith é an éileamh a dhéanamh mar, luath nó mall, beidh tús nua á chur leis an bproiseas seo. Tá gá a chur in iúl don Rialtas agus don phobal go neamh bhalbh go gcruthaíonn gluaiseacht na Gaeilge ‘caipteal soisialta’, go bhfuil an obair dheonach a dheineann eagrais ar nós Conradh na Gaeilge ar leas an phobail i gcoitinne agus gur cheart é sin a aithint tre cuireadh a thabhairt don eagras bheith ionadaíoch ar choistí rialtais.
Tá gá le feidhmiú ar an talamh – ie na Cultúrlannaí thuas luaite – agus tá gá le beartú go straitéiseach ag an am chéanna. Ba cheart d’Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge bheith cosúil le Barack Obama – sé sin ba cheart go mbeadh sé nó sí ábalta feidhmiú ar dhá libhéal ag an am chéanna. Sílim go bhfuil an cumas sin léirithe ag Seán – é lárnach in eagrú Rith2010 agus é gníomhach ar cheisteanna ar nós ainmneacha na n-eastáit nua i mBAC a bheith i nGaeilge (cé nach doigh liom go mbeidh eastáit nua á thogáil i mBAC nó in aon ait eile go ceann roinnt bliana ach sin scéal eile!).
Guím gach rath ar Sheán sa toghchán seo ach tá súil agam freisin go mbeidh toghchán ann agus iarrthóír laidir ina choinnibh. Bheadh sin ina chomhartha ar shláinte an Chonartha gan aon agó. Ar chúis éigean tá amhras orm go mbeidh iomaíocht ann – ach beidh le feiceáil.
Hamlet, An tAire agus An Chaighdeán Oifigiúil
it is a custom
More honor’d in the breach than the observance
Sliocht ghairid ó dhráma Shakespeare, Hamlet, a ritheann liom ar chloisint an scéil go bhfuil sé fógartha ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon O Cuív, go bhfuil sé le coiste a cheapadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil.
Anois tá cloiste agam faoin Chaighdeán Oifigiúil – ach ní dluth cháirde sinn, mar is léir duit is dócha freisin. Dá mbeadh leathnach ag An Chaighdeán Oifigiúil ar Facebook, ní fheadar an mbeinn ina chara leis. An mbeifeá?
Is dócha gurb iad na focail seo, ón bpreas raiteas, na focail is mó a spreagfaidh meangadh ar m’aghaidh agus, cá bhfios, d’aghaidh freisin.
Ceapfaidh an tAire Coiste Stiúrtha leis an athbhreithniú a chur chun cinn,
Is iomaí coiste atá ceaptha ag an Aire i gcaitheamh na mblianta. Dá luaithe iad a bheith ceaptha cailleadh iad in áit eigean ar Oileán Chragaí, amhail leis an dream úd ar an oileán sin sa sraith theilifíse, Lost. Murach nod sin do ‘Ar Son Na Cúise’, ní fheadar cad é!
Deirtear sa phreas raiteas go mbeidh ballraíocht an choiste á fhógairt ag an gcéad cruinniu. Fuair iGaeilge griangraf de bhaill an choiste agus foilsímíd go h-eisiach anseo ar chlé an ghriangraf sin. Féach an aithníonn sibh aoinne ann.
Is cosúil go mbeidh ‘proiseas céimnithe’ ar bun san athbhreithniú seo. Agus beidh dhá chéim comhairliúcháin ag gabhail le gach céim athbhreithnithe. Deirtear sa phreas raiteas go mbeidh an chéad chéim reidh faoi Mheitheamh 2011 (tá súil acu!).
Beidh íontas orm má tharlaíonn sin ós rud é nach cuimhin liom tuairisc ar bith ó choiste a roghnaigh an Aire a bheith foilsithe de réir an sceidil a bhí geallta ar an lá a seoladh é. Ach sin scéal eile.
Tá an méid seo le rá ag an Aire ina ráiteas:
“Cúis mhór áthais dom an togra stairiúil seo a fhógairt ag tús Sheachtain na Gaeilge. Tá teangacha orgánach agus athraíonn said thar na glúinte. Tá sé tábhachtach go bhféadfadh an Caighdeán Oifigiúil freastal ar riachtanais na haoise seo.
Aithnítear anseo gur rud beo an teanga agus go n-athraíonn siad thar na glúinte. Agus sa chéad abairt eile deir sé go mbeidh sé ag súil le Caighdeán Oifigiúil a dhéanfaidh ‘freastal ar riachtanais na h-aoise seo’. Is léir ón méid go bhfuil an Aire idir dhá thine Bealtaine – nó má tá an teanga de shíor ag athrú, chun feabhais nó chun donais (mar a chreideann go leor), cén mhaith ag a bheith cumadh proisis chun Caighdeán Oifigiúil a ullmhú a dhéanfaidh riar ar riachtanais na h-aoise seo. Fán am a bheidh an chéad chéim den athbhreithniú foilsithe, beidh an teanga imithe chun tosaigh air. Is cinnte gur proiseas é seo nach mbeidh aon deireadh leis agus go bhfuil sé dírithe ar ‘theanga riaracháin’ seachas ar rud ar bith eile. Trath cheiliúrtha do lucht an aistriucháin!
Más é seo an freagra atá ag an Aire, chun tús a chur le ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge, ar imeachtaí ón bpobal aníos ar nós ‘Rith 2010, b’fhéidir nár mhiste go bhfuil a ainm á lua go tréan le bogadh ón Roinn seo in athshuathadh na Comhaireachta atá á thuar ag trachtairí pholatúla.
Léiríónn sé a easpa shamhlaíochta agus chomh as tiúin atá sé le cainteoirí na Gaeilge sa phobal.
Rith 2010 – anois tá ‘Gluaiseacht na Gaeilge’ ag gluaiseacht
Tá mé spreagtha ag tús Rith 2010 thar mar a bhí mé le fada an lá. Is íontach go deo an obair atá déanta ag Siobhán Seoighe agus lucht eagraithe Rith 2010 chun an seó seo a chur ar bhóithre na tíre – ach is íontaí fós an smaoineamh.
Tá Gluaiseacht na Gaeilge – idir óg agus aosta – ag gluaiseacht faoi dheireadh. Agus sibhse á léamh seo tá lucht reatha Rith 2010 ar a mbealach ó dheas ó Iúr Chínn Trá agus seachtain ón lá inniu tá an Rith ag criochnú i nGaillimh. Thosnaigh sé aréir ag Cultúrlann McAdam O Fiaich. Nuair a chriochnóidh sé ar an Fhaiche Mhór ar an lá sin, osclófar an maidín atá i seilbh an reathaí dheireannaigh agus léifear an teachtaireacht istigh ann ó Uachtarán na hÉireann.
Maith sibh a lucht reatha – agus tá súil agam sibh a fheiscint i Múscraí ag an deireadh seachtaine le h-aghaidh mo sheal sa rás sealaíochta is mó riamh in Éirinn.