Cartlanna Clibe: Rialtas na hÉireann

Cá bhfuil an Ghaeilge i gComhaontú an Titanic?

An Titanic ar ghruinneal na farraige - maraon le geallúintí i leith na Gaeilge ó thuaidh.

Tar eis an oiread agus a tuairiscíodh roimh ré, chreideas go mbeadh caibidil ar a laghad faoin straitéis Ghaeilge sa chomhaontú nua idir SF agus an DUP a fhograíodh ar maidin.
In ionad sin, ní luaitear an Ghaeilge olc maith nó donaí sa chaipéis atá foilsithe ar shuíomh an Belfast Telegraph. B’fheidir, agus mé ag dul in aois go bhfuil an radharc ag teip orm, ach má tá sé aimsithe agat, bheinn buioch duit as an tagairt ar leith a fhoilsiú anseo.
Táim ag baiste Comhaontú an Titanic ar an gComhaontú de bharr gur thart ar an am seo, i 1912, a chuaigh an lóng sin, déanta i mBéal Feirste, go tóín phoil in ainneoin an buaileam sciath a bhí déanta ag a dtogálaithe faoi chomh do phollta is a bhí sí.

An oiread leis an Titanic, bhí go leor dóchas agus aislingí luaite leis an gComhaontú seo, go h-áirithe i leith na Gaeilge.  An oiread leis an Titanic nior bhain na dóchais seo amach an ceannscríbe, pár an Chomhaontaithe…
Maidir leis an Ghaeilge sa chomhaontú seo, mholfainn do phobal na Gaeilge sceideal chomh beacht agus soiléir is an sceideal maidir le cursai na bparaideanna ata sa chomhaontú a lorg agus a fháil i scribhínn sara ndeineannn siad aon cheiliuradh!

Ní ar Shinn Féin amháin an locht as seo.   Teip Rialtas na hÉireann, comh shínitheoirí Chomhaontú Aoine an Chéasta agus Chill Rimhinn, é an oiread is gur teip na mór phairtithe náisiúnacha.

Deirtear thall ar Slugger O’Toole, ar phostáil Ghael Gan Náíre, go bhfuil an méid seo raite ag Martin McGuinness, an Leas Chéad Aire (nó an Tánaiste!)

We have agreed a process to progress the rights of Irish Language speakers and North/South aspects of the St. Andrews Agreement.

Ní doigh liomsa go bhfuil sé maith go leor nach bhfuil an ‘proiseas’ seo luaite le sonraí beacht sa Chomhaontú is déanaí.   Is masla ar bharr masla é nach bhfuil an Ghaeilge luaite sa Chomhaontú.   Nach feidir le na pairtithe náisiúnacha agus an dá Rialtas tabhairt ar na hAondachtaithe gur ann don Ghaeilge agus go bhfuil tabhacht lei?  Murar feidir leo seo a dhéanamh, is cinnte go bhfuil an long áirithe seo ag dul i dtreo na gcarraigeacha agus poll mór intí theana féin.   An ainm a thugaimse ar an bpoll seo, easpa measa.

Gan meas, níl aon chaladhfort sabhailte roimh an Chomhaontú seo go luath….

‘An mhír dheireannach sna mireanna meara’ – ní doigh liom é, a Arlene!

Arlene Foster, Céad Aire Gníomhach an Tuaiscirt.

Tá Arlene Foster anois ina Céad Aire ó thuaidh le trí lá agus theana féin tá borradh faoi chainteanna agus polataíocht ó thuaidh.   Bean fuinniúil eifeachtach í, de réir dealraimh, agus ní bheinn ró chinnte, dá mba mise Peter Robinson, go mbeadh sé chomh h-éasca teacht ar ais i gcumhacht tar éis seal ‘ag tabhairt aire do chúramaí pearsanta’.

I ráiteas atá luaite lei ar maidin ar Slugger O’Toole, tá sé tugtha le fios go gcreideann sí gurb é ‘poilíneacht’ an píosa deireannach sna míreanna meara ar a dtugtar proiseas pholatúil an Tuaiscirt.   Cinnte is é sin an tuairim i measc na meáin cumarsáide Bhéarla agus an tuairim atá á chur chun tosaigh ag an dá rialtas agus na mór phairtithe ar fad.

Creidimse nach bhfuil poilíneacht agus dlí agus cirt chomh tabhachtach agus atá siad ag tabhairt le fios.  Is rud siombalach é.  Sa deireadh thiar, tagann agus tiocfaidh an t-airgead chun riar a dhéanamh ar phoilíneacht ón áit chéanna is a dtagann an t-airgead le h-aghaidh gach réimse eile ó thuaidh – Stat Chiste na Breataine.   Is i Westminster a fhanfaidh an fior chumhacht ar an gceist seo – agus ní bheidh i gceist leis an Aire Dlí agus Cirt/Poilíneacht ó thuaidh ach cumhacht (mar dhea) a chur i lámha mhaorláthach.

Feictear dom nach dtuigeann an dhá thaobh cultúr a cheile go fóill agus nach bhfuil aon meas acu air.  Go deimhin, leis an íonsaí barbarthach mí throcaireach ar Peadar Heffron, constábla san Seirbhís Poilíneachta, is léir gur beag meas atá ag ‘poblachtóirí’ áirithe ar a gcultúr féin ach chomh beag.

Tá an droch mheas atá ag an DUP, go h-áírithe, agus polaiteoirí aondachtacha (den chuid is mó) don Ghaeilge agus do ghnéithe eile de chultúr na nÉireannach atá ina gcónaí i dTuaisceart Éireann ina séadchomhartha i dtirdhreach na mbiogóídí.   Bionn polaiteoirí aondachtacha ag sarú a cheile lena drochmheas don Ghaeilge a chur in iúl le raitis biogóideacha gan chiall.

Tá cuid den locht as seo ar Shinn Féin – baineann an pháirtí sin úsáid mí chuí as an dteanga ina gcluichí pholatúla – ach tá an claonadh biogóideach aineolach gránna i bpolaiteoirí aondachtacha ina bhac ar aon athmhuintearas fhirinneach idir an dhá phobal mhór ó thuaidh.   Aithním freisiin go bhfuil claontaí den tsort céanna i measc polaiteoirí ar ár dtaobh féin, go h-áírithe ar cheist na mórshiultaí, an fíor chultúir Aondachtach (seachas an bréag chultúr Albainis Uladh atá á chur chun cinn le déanaí).

An fhaid is atá na constaicí seo ann, agus pobal na Gaeilge faoi chois agus ar an imeall ó thuaidh, tá dualgas morálta ar Rialtas na hÉireann an oiread agus is féidir a dhéanamh chun a gcearta a chosaint.  In áit sin, mar a dúirt mé anseo roimhe, tá Rialtas na hÉireann ag tabhairt droim láímhe do Ghaeil an tuaiscirt – dá n-éistfeá le hÉamon O Cuív ag labhairt le déanaí ar an gceist seo, cheapfá gur lú tabhacht Gaeil na sé contae ná cainteoirí Ghaeilge Nua-Eabhrach nó Lublin na Polainne.  (Ní le droch mheas do Ghaeil thar lear a deirim é seo ach le léiriú a dhéanamh ar chomh droim ar ais agus thuas thíos atá dearcadh Uí Chuív agus Rialtas na hÉireann i leith an chuid sin de mhuintir na hÉireann a mhaireann sa chúinne thoir thuaidh den oileán.)

Níl a fhios agam cad é seasamh Arlene Foster ar an nGaeilge – ach ba mhaith liom a mheabhrú di agus do pholaiteoirí eile ón dhá thaobh ó thuaidh agus ó dheas (agus thoir)  go bhfuil míreanna eile le cur in áit sa mhór phictiúir sara mbeidh sé criochnaithe nó gar do.