Cartlanna Clibe: Rasaí na Gaillimhe

Corp agus Anam

Thosnaigh Corp agus Anam anocht agus chonaic mé é. Déarfaidh mé seo anois – is é seo an dráma teilifise is fearr dá bhfaca mé – Gaeilge, Béarla, TG4, HBO, RTE, BBC. Tá sé firinneach, léargasach agus tá gach gné de ar an gcaighdeán is airde.

Ní beag an méid atá bainte amach ag Darach Mac Con Iomaire – agus b’é a dhriothar, Colm, a chur an fuaimrian ar fáil, fuaimrian le macallaí na Sopranos (ceapaim) – agus a chliar is an chriú. Dramaí ar nós An Crisis, Rasaí na Gaillimhe, Running Mate, Na Cloigne – tá siad an mhaith. Tá Corp agus Anam níos fearr.

Cuirim sin i gcodarsnacht leis an stuif a bhionn ar RTE, stuif suarach ar nós Love/Hate, Mrs Brown’s Boys agus, le déanaí, Raw. Stuif é sin nach féidir leat creidiúint ann. Níl sé ‘firinneach’.

Ar aon nós, maith sibh TG4. Sár oíche theilifíse.

Tá Diarmuid de Faoite i bpáirt Cathal, tuairisceoir theilifíse ar chúrsaí coiriúlachta, agus is ceardaí é. Duine a bhionn an casadh is fearr agus is déanaí a bhaint as gach scéal. Níl alán acu timpeall. Tá bean aige atá le ceangail sa bhaile agus í ag iarraidh tús a chur le post nua. Tugann sé abhaile a h-athair ó thigh altranais, áit go raibh sé faoi chois, agus ní ró shásta atá a bhean mar gheall ar sin. Idir an dhá linn tá a iníon 15 ag póirseáíl timpeall seomraí comhrá ar an idirlíon is tá a mhac ag cothú trioblóide ar na sraideanna.

Ansan maraitear cúigear leaid óg agus iad ag tiomáint go dainséarach, ag déanamh ‘diffs’. De réir dealraimh, bhí a fhios ag na Gardaí cad a raibh ar bun agus ar oíche na timpiste bhí deis acu an tiománaí ba chúis leis an timpist a bhaint den bhóthar. Ach nior bhac siad leis. Ar aon nós faigheann Cathal seo ar fad ar scannán agus craolann sé an timpist in ainneoin nach bhfuil a eagarthóir nuachta sásta le seo. Ach tá gach éinne eile sásta leis.

Tá trí chlár eile le teacht sa sraith seo – ach tús mhaith curtha leis anocht.

Tá cúpla rud eile le rá agam faoi seo – ach tá a dhothain ráite agam go fóill.

Pócaí folamh is cloigeann tinn

Tús mhí Eanáir agus ar maidin inniu, is mé ag dul chun na h-oibre, sciorr ar mo chos agus thiteas ar mo thóin taobh amuigh den doras sa bhaile.  Bhuail mo cheann in éadan an talamh siocaithe agus bhain croitheadh asam ó bhaitheas go bonn.  Ach amháin go raibh mé ag caitheamh caipín tiubh, táim cinnte gur ar éigean go mbeinn ag scríobh anois.   Ní raibh mé riamh chomh buioch as bronntanas Nollag a fuaireas ó mo bhean chéile!

Agus mé ag caint ar chúrsaí chloigne, tá sé curtha in iúl dom ag mo shean cháirde ag Rosg, comhlacht teilifíse ildánach ó Chonamara, go bhfuil an sraith is déanaí uatha, Na Cloigne, á chraoladh amarach (Dé Chéadaoin) ar TG4 ag 10.30in (beagáinín déanach, is dócha, ar eagla go bhfeicfeadh paiste éigean é agus go gcoinneodh sé ó chodladh na h-oíche é/í ach an bhfuil sé beagáinín ró dhéanach?)

Ar aon nós, is sraith é seo atáim ag fánacht air le fada an lá, nó gach uair le roinnt blian a labhair mé le Ciarán  O Cofaigh, príomh stiurthóír Rosg (an chomhlacht a thug na clasaicí, Cré na Cille, An Leabhar, Cosa Nite agus eile dhúinn), tá sé tar éis labhairt faoin dóchas atá aige i leith Na Cloigne.

Is é seo an cur sios ar an gclár:

Is scéinscéal osnádúrtha é Na Cloigne, a bhaineann le lanúin óg, Seán agus Nuala, a tharraingítear isteach i ndúnmharú uafásach, beirt chailíní óga.

Is péintéir den scoth í Nuala, a bhfuil teagmháil as an ngnáth aici leis an Domhan Eile, tríd an mbua ealaíonta atá aici.  Tá a caidreamh le Seán faoi bhrú mór mar go raibh sé mídhílis di le déanaí le bean áitiúil, Áine.

Oíche amháin agus é súgach tugann Seán beirt bhan óg dhathúil abhaile i gcomhair cúpla deoch tar éis bheith sa teach ósta. Dúisíonn an ragairne Nuala agus, tar éis argóna fíochmhar le Seán, imíonn sí léi sa charr, i bhfeirg le héad.  Dúisíonn Séan lá arna mhárach agus a chuid éadaí báite i bhfuil agus gan aon chuimhne aige ar céard a tharla an oíche roimhe sin.

Tá sé cráite ag taibhsí d’fhir dhorcha agus níl a fhios aige cé atá marbh ná cén bhaint a bhí aigesean leis.  De réir a chéile tá sé ag sleamhnú go tóin poill, é éadóchasach agus ag dul as a mheabhair.

Is cinnte go bhfuil cuma stiliúil ar na míreanna atá le fáil ar shuíomh facebook Na Cloigne agus mholfainn go h-ard do lucht léite an tsuímh seo súil a leagadh air nuair a chraolfar (agus nuair a athchraolfar é) é ar TG4 (ní gan chúis a fuair TG4 an uimhir 4!)).   Tá go leor luaite leis an sraith atá ard mheas orthu i saol na n-ealaíon Ghaeilge – léithéidí Robert Quinn (Cré na Cille, Rásaí na Gaillimhe etc), Darach O Tuairisc (Fibín, Ros na Rún), Aine Ní Dhroighneáin (Rasaí na Gaillimhe, Ros na Rún),  Maidhc P. O  Conghaola, Seán O Meallaigh etc.

Agus bua eile ag an sraith seo freisin, go bhfuil Darach O Scolaí agus Lauren McKenzie luaite leis mar scriobhnóirí.  Níl aithne agam ar Lauren ach is sean chara liom é Darach agus sheasfainn sa sneachta le faire ar chlár a bhfuil sé luaite leis….bhuel geall leis….

(Ar an droch uair, ar chúis nach dtuigim, ní thacaíonn WordPress le vimeo ach tá teacht ar an mhír go h-éasca anseo...)  Agus anois tá an mhír ar fáíl ar Youtube.

Ag caint dom ar chláracha teilifíse, chaith mé súil aréir ar Seacht a chuir tús leis an triú sraith aréir.  Caithfidh mé a rá go bhfuil an rud a bhí úr agus dána an chéad uair, tá cuma seanachaite agus siocaithe air anois.  Níor fhanas ró fhada ag féachaint air agus d’fhagas ann é.  B’fhéidir go bhfillfidh mé ach ní doigh liom é – cuireann an friotal teacsach, lán le droch chaint agus baois na n-óg, pian i mo chluas….

Tá mé ag dul in aois.   Beidh orm bheith cúramach….  Fanfaidh mé istigh agus beidh mé ag faire ar Na Cloigne – nuair atá pócaí folamha agus an cloigeann tinn, níl caitheamh aimsire níos sabhailte!