Fiú, tá sin thart. Caithfidh mé rá go raibh mé cineál neirbhiseach roimh an diospóireacht ar maidin inniu [beo anois] idir mé féin agus an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn O Cuív ar Adhmhaidin ar maidin inniu.
D’iarr an tAire ar léiritheoirí an chláir an deis a thabhairt do diospoíreacht liom faoin alt uaim a d’fhoilsigh an Sunday Independent Dé Domhnaigh. Agus gan amhras ní raibh aon cheist ach go gcuirfí an ardán ar fáíl d’Aire na Gaeltachta ar Raidió na Gaeltachta. An mó Aire eile atá staisiún náisiúnta raidió ann chun riar a dhéanamh air nó uirthi?
Ar aon nós thosnaigh an diospóireacht agus cé gur an Aire a d’iarr é, is mise a iarradh air labhairt ar dtúis. Chuireas i láthair go raibh áthas an domhain orm an deis seo a fháil chun an cheist a phlé leis an Aire, ar iarratas an Aire, mar gur trath cinniúnach é seo i stair na tíre agus go bhfuil roghanna tabhachtacha le déanamh againn.
Dar liom, tá ‘airgead na Gaeilge’ á chur amú ar aistriúcháin ar chaipéisí oifigiúla agus chorporáideacha nach bhfuil morán leas le baint ag an bpobal astu fhaid is atá gníomhaithe teanga/eagrais/múinteoirí/eile á ngearradh agus á fhágáil ar an dtrá folamh ag an Rialtas.
Thugas cúpla sampla:
De réir Scéim Teanga na Roinne Oideachais, tá sé mar aidhm ag an Roinn sin leaganacha Gaeilge de chaipéisí chorporáideacha a chur ar fáil go comhuaineach le na leaganacha Béarla.
Foilseacháin Chorpraithe
Foilsíonn an Roinn roinnt foilseachán corpraithe gach bliain. Faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, leanfaimid orainn ag soláthar leagan Gaeilge de gach foilseachán corpraithe. Cuirtear na foilseacháin seo amach chuig na Comhpháirtithe Oideachais agus faigheann níos mó ná 4,000 scoileanna cóipeanna de na foilseacháin chorpraithe. Cuirtear leaganacha Gaeilge de dhoiciméid chuig na Gaelscoileanna agus na scoileanna Gaeltachta, ar ndóigh, agus bíonn siad ar fáil do scoileanna eile ach iad a iarraidh.
Foilseacháin
Tá an Roinn freagrach as pleanáil agus soláthar cóiríocht scoile agus dá réir sin tá sí gafa le bainistíocht tionscadal móra tógála. Mar thaca don gclár seo tá sraith de ábhar treoraithe teicniúla ann maraon le doiciméadú de leithéid Líníochtaí Ailtireachta, Billí Cainníochtaí, agus Iarratais ar Thairiscintí, &rl. De bhrí go bhfuil siad casta, teicniúil leanfar de na doiciméid seo a chur ar fáil i mBéarla amháin chomh fada agus a mhaireann an chéad scéim.
De ghnáth, is i mBéarla amháin a bhíonn fáil ar doiciméid taighde, tuairiscí coistí, moltaí meitheal oibre agus doiciméid eile a úsáidtear go hinmheánach nó a scaiptear i measc na gComhpháirtithe Oideachais.
Bileoga Eolais
Cuireann an Roinn bileoga eolais ar fáil do ghrúpaí éagsúla custaiméirí. Bíonn na bileoga seo i mBéarla de ghnáth. Eisíonn an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais a mbileoga eolais go léir i mBéarla agus i nGaeilge.
An Feabhsúchán atá Curtha Romhainn
Go ginearálta, foilsítear an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla i diaidh a chéile, ach i gcaitheamh scéime 2005 – 2008 tosóidh an Roinn diaidh ar ndiaidh ag cur amach dlúthdhioscaí leis an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla orthu.
Sin mar a deir sé sa scéim. Cuir seo i gcomparáid leis an dearcadh atá acu i leith pacaí acmhainní do na scoileanna céanna, pacaí a bheadh ina áis agus ina acmhainn do na múinteoirí agus na páistí:
Pacáistí Acmhainne agus Físeáin
Ní bhíonn eolas i bhfoirm pacáistí acmhainne agus físeáin ar fáil ach i mBéarla amháin de ghnáth mar gheall ar chostas foilseacháin líon beag pacáistí acmhainne agus tairgthe físeán i nGaeilge.
Preaseisiúintí
Faoi láthair, cuirtear preaseisiúintí amach as Béarla.
Óráidí nó Ráitis
Óráidí nó ráitis a thugann Airí, na cinn a thugtar san Oireachtas ina measc, nó óráidí a thugann oifigigh sinsearacha, cuirfear ar fáil i dteanga(cha) a dtabhartha iad.
An Feabhsúchán atá Curtha Romhainn
I rith 2005 – 2008, cuirfimid leagan Gaeilge ar fáil de na foirmeacha iarratais do na seirbhísí seo leanas:
• Seirbhís Phárolla do Bhunscoileanna, Meánscoileanna, Scoileanna Pobail, Scoileanna Cuimsitheacha – Rannán Párolla
• Seirbhísí Riaracháin Bunscoile
• Seirbhísí Pearsanra d’fhoireann múinteoireachta agus foireann eile a fhostaítear ag leibhéal Bunscoile.
Déanfar cur i bhfeidhm na dtionscnamh ríomhsheirbhísí Rialtais agus tabhairt isteach na bhfoirmeacha iarratais ar-líne, a dhéanfar in éineacht leis sin, ar bhonn dátheangach. An chéad tionscnamh den sórt sin, gabháil ar-líne bhunachair éileamh tuarastal d’fhoireann múinteoireachta agus foireann eile a fhostaítear i mbunscoileanna, déanfar é a phíolótú i 2006.
An Feabhsúchán atá Curtha Romhainn
I rith 2005-2008, measúnóimid féidearthacht pacáistí acmhainne a aistriú go Gaeilge do chláir scoileanna.
Cé acu is tabhachtaí dár libh trath go bhfuil rogha le déanamh nuair atá acmhainní gann? Nár cheart tús áite a thabhairt do na pacaí acmhainní roimh na ‘caipéisí corporáideacha’?
Sampla eile:
Romham ar chlár Adhmhaidin inniu bhí Cabrini de Barra, gníomhaí teanga sna Déise agus duine a bhí go dtí le déanaí fostaithe mar aisitheoir teangan. Ag tús na bliana rinne an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an cúnamh don scéim seo a aistharraingt agus anois tuigim go bhfuil Cabrini gan post. Mór an náire mar bhí obair mhaith ar bun sa Rinn. Anuas ar sin tá an t-airgead don Chomharchumann atáimse im bhainisteoir air, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, gearrtha le níos mó ná 50% ag Udarás na Gaeltachta agus tá ciorruithe den scála céanna curtha i bhfeidhm ar fuaid na gcomharchumainn ar fad ina bhfuil bainisteoirí faoi oiliúint fostaithe iontu. Nílim ag lochtú UnaG – nó tá an aisínteacht sin beo ar an airgead a fhaigheann siad ó Roinn Uí Chuív.
Ar an láimh eile, tá an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta tar éis Stiurthóir Rannóg Aistriúcháin a earcú le déanaí agus is é an tuarastal atá luaite leis an post sin ná €90,000 go €130,000 móide €13,000. An chúram a bheidh ar an duine sin suas le 40,000 leathnach d’ionstraimí reachtúla a aistriú go Gaeilge ar chostas €3m nó níos mó. Dhíolfadh an suim airgid sin as roinnt mhaith gniomhaithe teanga ar an dtalamh sna Gaeltachtaí ar fad agus bheadh an briseadh ann d’iris Ghaeilge don aos óg, leithéidí nós*, a mhaoiniú, rud atá de dhith go géar.
Ceist roghanna é seo agus tugann na roghanna atá á dhéanamh ag an Rialtas seo, ag an Aire seo, trath na h-eigeandála seo, léargas íontach dúinn ar chur chuige an Rialtais i leith na tíre. Is léir nach bhfuil a fhios ag an Rialtas cad is feidir a dhéanamh chun stop a chur leis an chur amú atá ar bun san earnáil phoiblí, an earnáil atá, de reir dlí ar aon nos, faoina smacht.
Ba oscailt súl dom – agus táim cinnte d’éisteoirí Raidió na Gaeltachta ar maidin inniu – an chosaint a rinne an Aire ar na roghanna atá á dhéanamh aige agus a chomhleacaithe rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Tá sé ráite go minic aige go gcreideann sé gur ceart bunusach é go mbeadh abhar ar fáil sa dhá theanga oifigiúil ach, sa chéad anál eile, deir sé go gcuireann Acht na dTeangacha Oifigiúla srian ar an méid aistriúchán atá le déanamh nó, de reir na Bunreachta, a chum a shean athair féin i gcomhair lena chomhairleoirí.
An uair seo, dúirt sé gurb amhlaidh go raibh ‘airgead na Gaeilge’ á sparáil ag Acht na dTeangacha Oifigiúla mar anois go gcaithfidh gach Roinn agus eagras phoiblí atá ceangailte le scéim teanga an t-airgead chun riar a dhéanamh ar an scéim teanga sin a fháil laistigh d’achmhainní na roinne féin seachas ó ‘airgead na Gaeilge’, an fhoinse don obair seo roimh Acht na dTeangacha Oifigiúla. An rud nach dtuigeann an Aire, is léir, gurb é tuiscint an phobail gur ionann airgead a chaitear ar rudaí fónta agus úsáideacha i nGaeilge agus airgead a chaitear ar aistriúcháin ar chaipéisí oifigiúla chorporáideacha le cheile agus airgead na Gaeilge agus, níos cirte ná sin, amharcann siad ar an airgead seo – agus an cheart acu – mar a gcuid airgid á chur amú ar an nGaeilge.
Bhí seo olc a dhothain mar ‘mhíniú’ ón Aire ach chuir an chéad chuid eile dá chaint an dlaoi mullaigh ar chúrsaí. Dar leis ná raibh mise buartha ar chorr ar bith faoin airgead atá á chur amú ar na bunchaipéisí Béarla, caipéisí nach mbionn aistriúcháin Ghaeilge ar a bhfurmhór mhór, agus gur mó i bhfad an cur amú airgid ar seo. ‘Go tobann,’ arsa an Aire, ‘tá Concubhar buartha mar gheall ar an airgead atá á chur amú ar an nGaeilge’.
I simply can’t take it any more. This latest scandal is piling ignominy on my beloved Irish language. More and more money — our tax euros — is being spent on translating documents which aren’t read in English so they can be equally unread in the First Official Language.
Cén chuid de seo [thuas] nach dtuigeann sé? Tá béim curtha le cúpla focal agam chun go dtuigfeadh sé go bhfuil imní orm faoi chur amú airgead an phobail – mo chuid airgid agus do chuid airgid – cuma cén teanga ina bhfuil an cur amú á dhéanamh. Is mó agam, b’fhéidir, an cur amú a fheictear dom bheith á dhéanamh ar chaipéisí Ghaeilge mar gheall ar an ngrá atá agam don teanga agus an tuiscint atá agam ar na bealaí níos fearr agus níos eifeachtaí chun an t-airgead céanna a infheistiú chun toradh nios fearr a fháil ar son na teanga agus ar son na tíre.
Luaigh an Aire figiúir de €18m – creidim,nó ar eigean gur chuala mé de bharr droch líne gutháin ach beifear ábalta seo a seiceáil ar ball nuair a bheidh an agallamh ar fáíl mar phodchraoladh – leis an chaiteachas ar chaipéisí i mBéarla a dheineann ranna rialtais. Sin suim mhór airgid agus d’admhaigh sé go raibh caipéisí faighte aige ar maidin inniu, caipéis 1000 leathnach ón NSSS (cibé dream iad san) agus caipéisí eile agus bhí sé le tuiscint uaidh nach mbeadh sé á léamh seo.
Más é sin an scéal, a Aire, tá an Rialtas seo ag cur an dubh ina gheal orainn ar fad. Agus iad ag maíomh go bhfuil eigeandáil airgeadais ann, tá páistí óga ag fánúint ar obráidí a shlánóidh iad ón mbás agus a fheabhsóidh a mbeatha de bharr nach bhfuil maoiniú ann chun íoc as altraí chun cúram a thabhairt doibh i ndiaidh na n-obráidí in aonad dianchúraim. Go fóill tá siad ag caitheamh an oiread sin airgid ar chaipéisí ollmhóra nach leitear. Is cinnte go bhfuil gach curiarracht le h-aghaidh cur amú airgid á shárú ag an Rialtas seo agus níos measa ná sin arís, níl aon náire orthu faoi seo.
Ag meabhrú ar an gcás sin faoi pháistí ag fanúint ar obráidí in Oisbidéal na bPáistí i gCromghlinn, chuimhnigh mé ar an leithscéal a thug an Aire ar cheapachán an stiurthóra nua ar an rannóg aistriúcháin. Dúirt sé go raibh air an stiurthóir a cheapadh de bharr go raibh comhairle ‘Bunreachtúil’ faighte aige agus de reir an chomhairle sin go raibh baol ann go dtabharfaí cás in éadan an Stáít.
Nach mó i bhfad an chontúirt go gcuirfí an dlí ar an Stát de bharr easpa altraí dianchúraim má fhaigheann páiste bás agus iad ag feitheamh ar an obráid a shabháilfeadh a mbeatha? Tá’s agam go cinnte nach staonfainn ó chás cúirte dá leithéid dá mbeadh mo pháiste sa chás sin.
Aontaim leis an bprionsabal go bhfuil ‘cearta teanga’ ann ach caithfear na cearta sin a chur i gcomhthéacs na linne seo agus cad é leas an phobail? Cuid den cheist faoi leas an phobail isea leas phobal na Gaeilge – ní féidir agus nior cheart pobal na Gaeilge a scarúint ón phobal mhór faoi mar atá grúpaí ar nós Guth na Gaeltachta agus grúpaí eile atá ag stocaireacht ar son a suimeanna leasmhara féin.
Mar a deir an sean fhocal, is ar scath a cheile a mhairimíd…..