Cartlanna Clibe: Plean na Gaeilge

Foras na Gaeilge = HSE na Gaeilge?

Is cosúil go bhfuil ‘imní’ ann go mbeidh ciorrú 20% ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge de bharr an méid atá á bheartú ag An Bórd Snip Nua.

Seo a thuairiscítear i ‘Foinse’ na deireadh seachtaine seo. [Maith dhom é nach bhfuil nasc ann don scéal nó ní fhoilsíonn an nuachtán sin na scéalta is déanaí ar an idirlíon go dtí an Luan nó an Mháirt an seachtain dar gcionn – polasaí craiceáilte i saol na linne seo.]

Ach ní gá imní bheith ann faoi phostanna an Fhorais nó, mar a thuairiscíonn Áine Ní Chiaráin:

Ní shíltear go bhfuil aon chontúirt do phostanna buana san Fhoras

Má thiteann an tua, is cosúil gur ar ‘scéimeanna áirithe’ a thitfidh sé. I bhfocail eile, má tá tú ag obair i ngort na Gaeilge agus ag brath ar mhaoiniú an Fhorais, gach seans go mbeidh tú ag fáil litreach go luath ag cur in iúl duit go bhfuil tú i mbaol giorruithe.

Ritheann sé liom go bhfuil Foras na Gaeilge cosúil leis an HSE, an Fheidhmeannas Seirbhísí Sláinte. Nuair atá ciorrú le déanamh ag an HSE/FSS, is iad na h-othair is mó a fhulaingíonn nó scaoiltear altraí chun bealaigh agus deintear bhagairt ar na dochtúirí, iad san atá sa chéad líne catha ag iarraidh cóir leighis a chuir orthu san atá breoite.

Bí cinnte nach bhfulaingeoidh foireann buan an Fhorais na ciorruithe a bheidh le fulaingt acu san atá ag obair go dian amuigh sa ghort. Iad san nach bhfuil a bpostanna chomh buan le postanna buana an Fhorais a mhothóidh an phian sa ghéarchéim seo.

B’fheidir go bhfuil sé in am féachaint ar bhealaí eile chun ciorruithe a dhéanamh. Cad faoi an comhlacht caidrimh phoiblí atá fostaithe ag an bhForas – Financial Dynamics – chun dea scéalta an Fhorais a fhogairt don phobal? Cé mhéid a thugtar mar tháille don chomhlacht seo – buille faoi thuairim nach lú é ná €100,000 in aghaidh na bliana. Má fhéachann tú ar shuíomh an Fhorais, tabharfaidh tú faoi ndeara nár foilsíodh ach 14 preas raiteas anuraidh ón bhForas.

Agus go dtí seo i mbliana níor fhoilsíodh ach preas raiteas amháin. Fiú nach bhfuil an méid sin oibre ag an gcomhlacht caidrimh poiblí seo, tá conradh acu agus is iad atá freagrach as polasaí cumarsáide an Fhorais. Nach bhfuil aon duine ar fhoireann an Fhorais arbh fhéidir leis nó lei preas ráiteas a éisiúint….

Anuraidh, nuair a cuireadh deireadh le Lá Nua, ‘sábháileadh’ €240,000 in aghaidh na bliana. Ach láithreach d’fhostaigh an Fhoras cúigear nó seisear foirne – nó d’fhogair siad go raibh siad á lorg ar aon nós. Costas? Isteach is amach le €200,000 in aghaidh na bliana. An raibh gá leo? I bhfirinne?

Cuireann sé isteach orm go mbeidh an dream is mó atá ag obair ar son na Gaeilge thíos le ciorruithe ar bith – agus nach mbeidh aon phian le fulaingt ag na maorláthaigh i bhForas na Gaeilge féin.

Ceist amháin eile: An mó leas phríomh fheidhmeannach ar ghá don bhForas? Duine, beirt, triúr, níos mó?

Ceist amháin eile; cé a cheapann, i ndáiríre, agus an aoráid eacnamúil mar atá sé, go mbeidh aon acmhainní ann d’fheidhmiú Phleán Tarrthála/Foirithinte/Athréimnithe na Gaeilge má (nó nuair a) fhoilsítear i mbliana nó choiche?

Alt an Aire

‘Tá Taoiseach nua againn atá ag cur an-spéis sa Ghaeilge agus atá anois mar Chathaoirleach ar an gCoiste Comhaireachta. De bharr brú ama, níor éirigh linn an oiread cruinnithe agus ar mhaith linn bheith againn ach tá an obair ag dul ar aghaidh an t-am ar fad.’

Seo sliocht ón alt ó pheann an Aire Uí Chuív a fhoilsíodh san Irish Times Dé Chéadaoin agus é ag gabhail den sean phort céanna go deo deo, na h-údair atá leis an mhoill ar fhoilsiú ar phleán chun teacht i dtarrtháil ar an nGaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

In áit eile san alt céanna deir sé an mhéid seo:

Tá an obair seo tábhachtach, agus i mo thuairimse, tá sé níos tábhachtaí é a dhéanamh i gceart ná é a chríochnú laistigh de spriocam áirithe. Is cuimhin liom nuair a bhí an tAcht Teanga á phlé go raibh ailt i bpáipéir ag rá nach bhfoilseofaí an tAcht Teanga go deo agus nuair a foilsíodh é nach gcuirfí i bhfeidhm é.

Ar ndóigh, tharla an dá rud sin agus tá i gceist coinneáil linn chomh tapa agus is féidir agus Plean Straitéiseach don Ghaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht a fhoilsiú chomh luath agus is féidir. É sin ráite, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an plean foirfe mar beidh todhchaí na Gaeilge ag brath go mór air. Mar atá ráite agam go minic cheana, creidimse go mbeadh an taoille casta dá mbeadh 250,000 duine sa tír ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Sin an sprioc atá agam agus ag an Rialtas. Is é an dúshlán atá ann ná cén chaoi a mbainfimid é seo amach.

Ní gá do phlean a bheith foirfe le go bhfoilseofaí é – ní raibh an buiséad don bhliain seo foirfe sarar fhoilsigh an Rialtas é cúpla seachtain luath an bhliain seo chaite an raibh? Fiafraigh de na seanóirí mura bhfuil tú cinnte faoin bhfreagra!

Mar a deirtear sa Bhéarla, the perfect is the enemy of the good. Más plean foirfe atá á lorg ag an Aire, pleán nach cáínfear, beidh fánacht fada orainn dá phlean.

Luaigh sé cúpla nithe a fhéadfaí gníomhú ina leith láithreach san alt – cé nár mhiste a rá go raibh na nithe céanna luaite aige roimhe:

Creidim go mór gur cheart na hacmhainní atá ag na heagrais Ghaeilge a úsáid le lárionaid Ghaeilge a thógáil sna cathracha. Ceann de na fadhbanna a bhíonn ag pobal na Gaeilge ná nach mbíonn áit fheiliúnach le casadh ar a chéile i gcomhthéacs Gaeilge ag go leor daoine atá báúil don teanga.

Tá go leor foirgnimh ag eagrais Ghaeilge ach creidim nach bhfuil lánúsáid á mbaint astu agus gur gá athchóiriú a dhéanamh orthu agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil siad feiliúnach do shaol an lae inniu.

Beidh mé ag scrúdú na ceiste seo tuilleadh i mbliana le féachaint cén bealach is fearr an fhís seo a chur chun cinn. Níl aon amhras ach go bhfuil an-obair déanta ag pobal Bhéal Feirste leis an gCultúrlann ar Bhóthar na bhFál agus is rud mar sin atá i gceist agam, áit a bhféadfadh daoine bualadh isteach agus casadh le daoine agus réimse seirbhísí leathan pobal Gaeilge a fháil.

Is cuimhin liom tuairisciú a dhéanamh ar chaint cosúil le seo a thug an Aire agus é ag seoladh an Oireachtais i 2006 i nDoire – agus thóg sé dóchas ionam go dtarlódh rud éigean chun cultúrlainn a lonnú ar fud na tíre. Níor tharla sin go fóill agus is é seo an tagairt is speisiúla a dhein an Aire don ábhar seo ó shin.

An féidir go mbeadh seo mar chuid den téarnamh eacnamúil? Nach oibreacha caiptil a bheadh anseo, abraimis cuma agus caoi a chur ar cheannaras Chonradh na Gaeilge ag 6 Sraid Fhearchair? Nó ait eigean i mBarra Temple a aimsiú le go mbeadh áit cruinnithe lárnach ann do lucht na Gaeilge. [Is mór an trua nár glacadh seilbh iomlán ar an Arthouse nuair a dúnadh síos é cúpla bliain ó shin.]

Ag filleadh ar an bplean a luaigh an Aire ó chianaibh, nior mhiste liom a lua gurb é an moladh a bhí agam, go mbeadh ionadaí ó ghluaiseacht na Gaeilge timpeall an bhoird nuair a bhionn na pairtithe shoisialta ag socrú céard atá le déanamh chun téarnamh a dhéanamh ar an ngeilleagar.

I bhfianaise an meid a tharla an tseachtain seo, níl a fhios agam an mbeidh lá eile ag an bpáirtíocht shoisialta. Creidim go mbeidh – ach creidim go bhfuil gá le fíor pháirtíocht agus go bhfuil gá le níos mó ná ceardchumainn agus fostóirí timpeall an bhoird, go bhfuil gá le h-ionadaithe ó ghrúpaí shuntasacha ar nós gluaiseacht na Gaeilge a chuireann caipteal shoisialta ar fáil, sé sin go n-oibríonn siad ar son leas an phobail agus ar leas na teanga, timpeall an bhoird.

Seachas plean Ghaeilge a bheith aontaithe ag an libhéal sin, cad is fiú é?

Tá sé suntasach agus mé ag léamh alt Uí Chuív nach bhfuil tagairt amháin don dhá phríomh eagraíocht stáit atá ag obair ar son na teanga, is iad sin Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge. Thuigfinn don Aire a neamhaird i gcás an Fhorais, institiúid teanga atá imeallaithe ag míeifeacht agus míchumas an eagrais féin; is cuid den fhadhb í Foras na Gaeilge.

A mhalairt glan atá fíor maidir leis an Údarás, eagras nach bhfuil gan locht ach atá eifeachtach agus cumasach – gan tracht ar bheith chúntasach agus tre dhearcach – den chuid is mó. Má tá eagras le gearradh ag an Bórd Snip, tá’s agamsa an rogha a dhéanfainn dá mbeinn i mbróga an Aire, an eagras nach bhfuil tar éis cúntais nó tuairisc bhliantúil a fhoilsiú do bhliain ar bith ó 2004 go dtí inniu.

Rud amháin eile: Dá mbeinnse im Aire, ní bheinn ag maíomh faoi seo:

NUAIR A fhéachaimid ar dhul chun cinn pholasaí na Gaeilge le blianta beaga anuas, seasann nithe áirithe amach. Mar shampla, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, stádas oifigiúil agus oibre a bhaint amach don Ghaeilge san AE agus Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006.

Tubaistí don Ghaeilge iad an stadas oifigiúil agus Acht na dTeangacha Oifigiúla agus níl aon seasamh le raiteas an Rialtais i leith na Gaeilge thar mar a bheadh ag eisiúint oifigiúil aer the ar bith!

“Táimíd ag obair go láidir air”

Is é sin an phlean le go mbeidh an Ghaeilge ina theanga laethúil ag 250,000 chainteoir faoi 2028.  Is é sin an phlean a gealladh dúinn i mbéal na Nollag i 2006 go mbeadh sé againn faoi dheireadh 2028. 

Is cosúil anois go mbeidh an phlean ag an Aire ‘go luath‘.  Is é sin a dúirt sé agus é ag labhairt le tuairisceoir TG4 aréir – an tuairisceoir céanna a bhí ag tuairisciú an dea scéala don Ghaillimh a luaigh mé i mir eile ar an mblag [léiríonn sé sin tosaíochtaí nuachta Nuacht TG4, scéal measartha don Ghaillimh á mheas mar scéal níos tabhachtaí ná scéal tabhachtach don Ghaeilge – cad do a sheasann an G i TG4 arís?]

An roball ar an scéal sin, má bhionn sé ag an Aire go luath, nach bhfuil a fhios aige cén uair a fhoilseofar an phlean agus go mbeidh moltaí ‘radacúla’ ann.  Luaigh sé freisin an ‘staidéar teanga-eolaíoch’ ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.   Tá mearbhall ormsa agus mé ag iarraidh tuiscint iomlán a fháil ar conas mar a imríonn an phlean tionchar ar an staidéar is a mhalairt. 

Nach abhar é sin le h-aghaidh eagrán speisialta do 7 Lá?