Cad é an aicíd a bhaineann le maorláthaigh na tire seo, thuaidh agus theas, i leith na Gaeilge? Cad é a chuireann srian orthu beartú le brí agus le h-éifeacht ar cheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge?
Tugaim faoi ndeara dhá scéal inniu, dhá scéal éagsúil ach le nasc laidir amháin á gceangal.
Tá sé tugtha chun solais ó thuaidh go bhfuil Aire Eorpach na Breataine, Caroline Flint, tar éis scríobh chuig an iar Aire Cultúr, Gregory Campbell, ag rá leis go raibh díomá uirthí mar gheall ar easpa tuairisce ón tuaisceart le cur san áireamh i dtuairisc rialta na Breataine maidir le cur i bhfeidhm Cháirt na dTeangacha Eorpacha agus ag tabhairt le fios don Aire Cam Bhéal go raibh uirthí an tuairisc a sheoladh gan mhoill, fiú is ná raibh sé iomlán, de bhrí go raibh an chontúirt ann go gclisfeadh ar an mBreatain a dualgaisí idirnáisiúnta a chomhlíonadh. Is cosúil go mbionn na hAondachtaithe ag iarraidh bheith chomh maith le treibheanna eile san Aontas ach amháin nuair is ceist é a bhaineann le comh-ionannas agus, sa chás seo, aitheantas don Ghaeilge is don chultúr Ghaelach. De réir na tuairisce tá a gcuid tuairiscí seolta ón Samhradh anuraidh ag Feidhmeannais Alba agus na Breataine Bige agus ní mó ná sásta atá siad le moill mhuintir Thuaisceart Éireann.
De reir dealraimh tá Gregory Campbell ag cur an locht ar an Leas Chéad Aire, Martin McGuinness, as ucht an mhoill óna oifig ar thuairisc a ullmhú agus cé go bhfuil leithéidí Máirtín O Muilleoir ag lochtú na hAondachtaithe amháin, ní féidir moill an Leas Chéad Aire a mholadh ar an gceist seo. Is é an Aire, sa deireadh thiar, atá freagrach as chúrsaí chomh-ionannais.
Is cinnte gur cheart go mbeadh Sinn Féin agus an DUP ábalta suí síos agus an cheist seo, ceist na teanga [teangacha má airíonn tú Albainis Uladh mar theanga], má tá siad ábalta suí síos agus plé ciallmhar a dhéanamh ar chúrsaí phoilíneachta.
Bhí mé i gcónaí den bharúil go mba cheart go mbeadh SF, dá mba rud é go raibh an pháirtí sin dairire faoi chúrsaí chomh-ionannais, tar éis tús áite a thabhairt do cheist na Gaeilge agus an leatrom a dheintear ar Ghaeilgeoirí ó thuaidh seachas bheith ag díriú ar cheisteanna ar nós poilíneacht.
Ach ní ó thuaidh amháin atá an drogall agus an tarraingt cos. Is cosúil go bhféadfadh Feidhmeannas an Tuaiscirt agus Rialtas an Deiscirt ceachtanna a thabhairt dá cheile maidir le moilleadóireacht.
De réir an scéala seo ar An Druma Mór, tá Conradh na Gaeilge go bhfoilseofaí, mar ar gealladh, Plean 2028, roimh dheireadh na miosa seo agus thug siad le fios go mbeadh na ciorruithe atá luaite leis an nGaeilge agus an nGaeltacht ina shéanadh iomlán ar rún an Stáit ón uair a bunaíodh é i 1922.
An bhfeicimíd ceachtar tuairisc go luath? Beag an bhaol.