Cartlanna Clibe: Plean 2028

‘Sí an Ghaeltacht – ach ní mar is eol dúinn

Tuairisc spéisiúil ar Nuacht TG4 anocht faoi ‘leid laidir’ atá tugtha ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn O Cuív, go gcuirfidh sé na toghcháin le h-aghaidh Udarás na Gaeltachta, atá sé luaite leo go mbeidh siad á thionól i mí Dheireadh Fómhair 2010, ar athló.

De réir na tuairisce ag Ronán Mac an Iomaire, tá seo á phlé mar gheall ar an ‘athstructurú’ ó bhonn atá le déanamh ar eagar na Gaeilge mar chuid de Phlean 20 Bliain na Gaeilge.   De réir an meid eolais atá á sceitheadh faoi láthair, bheadh feidhm náisiúnta ag an tUdarás faoin phlean seo agus ní bheadh ach áiteanna ar an mbórd d’ionadaithe Ghaeltachta ó na mór Ghaeltachtaí – Ciarraí, Conamara, Tír Chonaill is dóichí, agus bheadh ionadaíocht náisiúnta ó phobal Ghaeilge na tíre.

Bheinn in amhras faoina leithéid de phlean cé go dtacaím go ginearálta leis an aidhm go mbeadh an tír – an t-oileán ar fad – ina Ghaeltacht agus mar sin go mbeadh ionadaíocht ó gach cearn den tír ar bhórd stiúrtha eagras dá leithéid.

Ach nach bhfuil ceann acu sin theana féin – mar atá Foras na Gaeilge.  Bíodh is go gcreidimíd nach bhfeidhmíonn an Fhoras go h-eifeachtach, tá an struchtúr ann.   Ní bheinn ar shon go mbeadh cead ag an Aire furmhór na mbaill a ainmniú ar an mbord nó an fhianaise go dtí seo go ndeineann Aire an lae riar ar a phairtí pholatúil féin agus na ‘suimeanna leasmhara’ san órd sin agus gur beag an spás atá ann d’ionadaithe fónta le samhalaíocht agus cnamhdroma.

Nior mhiste liom, dá mbeadh na h-acmhainní ann chuige, go mbeadh toghcháin uile Eireannda chun ionadaithe a thoghadh ar an mbórd seo – ach arís, fagann sin gur féidir go mbeadh cuma phairtí pholatúil ar an mbórd agus ní eireodh linn tada a dhéanamh.

Tá sé ráite agam go minic go bhfuil gá le h-ath-shamhlú a dhéanamh ar an nGaeltacht – agus is cinnte gur athshamhlú a bheadh i gceist anseo.   Ní féidir leanúint níos mó leis an gcur chuige cine dheighilteach – Gaeltacht V Galltacht – atá ina bhunchloch ar an straitéis – nó easpa straitéise – atá á leanúint ó bhunú an Stáit.

Tá a dhothain ráite agam faoi amáil an phlean seo – go bhfuil sé bliain níos déanaí ná an sceideal a fhograíodh nuair a seoladh Straitéis an Rialtais i leith na Gaeilge i mbéal na Nollag i 2006.  Ach is í an amáil a bhaineann leis an bplean seo a bheith ag teacht chun tosaigh trath go bhfuil an eigeandáil is contúirtí i saol an stáit ina phúca ag an mbórd is measa ar fad.

Cibé cén plean a fhoilseofar agus a aontófar ina dhiaidh sin, cad iad na h-acmhainní a bheidh ann chun an plean a chur i bhfeidhm trath go bhfuil an Chiste Idirnáisiúnta Airgeadais ar lic a’ dorais againn?

Mura bhfuil freagra inchreidte agus seasmhach ar an gceist sin, is caint san aer ar fad é bheith ag caint faoi uaillmhian an Phlean 20 Bliain seo.   Uaillmhian gan seasamh.

 

Fiche bliain gan bogadh suntasach….

fichebliainagfanuint

Agus mé tar éis roinnt machnaimh a dhéanamh le cúpla lá anuas ar phríomh thorthaí an suirbhé seo, caithfidh mé a rá go bhfuil abhairín díomá orm agus go bhfuil tuiscint níos soiléire agam ar an dúshlán atá romhainn, sinne atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn cibé slí is féidir.

Mar a léiríonn an léaráid thuas, tá libhéal suntasach tacaíochta i measc an phobail don Ghaeilge – 93.2% a thacaíonn le athbheochan na Gaeilge mar theanga phobail nó caomhnú na teanga sa Ghaeltacht agus sa réimse chultúr agus ealaíon – ach léiríonn na figiúiri, nuair a dheintear comparáid idir iad agus figiúirí 1987-8 nuair a deineadh an suirbhé deireannach den chineál is den scála céanna, go raibh creimeadh beag ar an libhéal tacaíochta don teanga. Thit sé ó 94.5% go dtí 93.2%.

Titim beag atá i gceist ansan – tá sé taobh istigh den réimse earráide – ach is titim é a thit amach le linn tréimhse inar bunaíodh TG4/TnaG, ina raibh fás ollmhór ar líon na nGaelscoileanna agus inar reachtaiodh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus inar bronnadh, faoi dheireadh, stadas mar theanga oifigiúil oibre ar an nGaeilge san Aontas Eorpach.

Shamhlaíos féin gur cheart go mbeadh tionchar dearfach ag bunú TG4/TnaG i 1996 ar ár dtacaíocht don Ghaeilge agus go mbeadh an tionchar sin le sonrú i suirbhé den chineál seo. Is cinnte gur cheart go mbeadh tionchar dearfach ag blathú na nGaelscoileanna ar an staitistic. Tá na mílte páistí tar éis oideachas den scoth a fháil i nGaelscoileanna sa tréimhse fiche bliain sin.

B’fhéidir go bhfuil sé ró luath go fóill bheith ag súil le toradh dearfach suntasach ó reachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Stadas – ach tá mo thuairim féin agam gur ar éigean go bhféadfadh beartais atá nádúr maorláthach acu, seachas iad a bheith préamhaithe i nithe a bheadh tionchar acu ar shaol laethúil an phobail.

Dhearúdas bunú Foras na Gaeilge i 1999 a chur san áireamh sa reicneáil thuas – trachtaireacht ann féin an ligint i ndearúd sin. Ní chreidim go raibh tionchar dearfach suntasach ag an bhForas ar íomhá na Gaeilge i measc an phobail. Tá daoine a dhéarfadh nach aon iontas an tuairim sin agus é á nochtadh agamsa ach fagfaimís ar leataobh mo thaithí phearsanta leis an Fhoras agus díreoimis ar an airgead atá caite ag an bhForas le deich mbliana anuas. Go maith oscionn €180m atá i gceist – cé nach féidir linn aon meastóireacht a dhéanamh ar thart ar €100m nó níl na cúntais foilsithe go fóill le h-aghaidh 2004-2008 (5 bliana ag €20m in aghaidh na bliana).

Creidimse ach amháin TG4, Gaelscoileanna agus eile, go mbeadh an tacaíocht don Ghaeilge i bhfad níos ísle sa suirbhé seo ná mar a bheadh dá uireasa. Méar sa dhíog a bhí sna beartais sin agus iarrachtaí eile, leithéidí Lá Nua. Foinse is na h-iarrachtaí barr luachmhara a deineadh ar an talamh, léithéidí Port Láirge le Gaoluinn, Tiobrad Arann ag Labhairt is go leor eile. Is iad sin an fath go bhfuil an libhéal don Ghaeilge chomh seasta sin.

Chun go mbeadh an libhéal seasta sin á chaomhnú, fiú, gan bacaint le dul chun cinn, beidh, dar liom, iarracht i bhfad níos tréine ag teastáilt san am atá romhainn. Creidim gur gá go mbeidh an infheistíocht is mó allais is iarrachtaí á dhéanamh in earnáíl na meáin.

Bítear ag caint ar choinnioll teanga a bheith i bhfeidhm sna Gaeltachtaí le cinntiú go ndíolfar tithe nua le daoine le Gaeilge. Níl mé cinnte faoi eifeacht an choinníl teanga – cad is fiú bheith ag iarraidh daoine atá ag togáil tí sa Ghaeltacht a chur faoi scrúdú Ghaeilge – is iad na daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht theana atá ag baint níos mó úsáide as an mBéarla!

Ach cad faoi coinnioll teanga a chur i bhfeidhm sna meáin cumarsáide. Mar shampla go gcuirfí ina luí ar chomhlachtaí nuachtáin is meáin chraolta eile go mbeadh orthu aitheantas a thabhairt don phobal Ghaeilge sa tír tre cláracha, ailt is eile a fhoilsiú nó a chraoladh. Bheadh orthu an choinnioll sin a shasamh le go mbeadh siad ag teacht ar sciar den bhuiséad ollmhór a bhionn á chaitheamh ag earnáil an Stait ar fhograíocht sna meáin seo.

Caitheadh luach €310m anuraidh ar fhograíocht sna nuachtáin naisiúnta. Is é mo bharúil go raibh isteach is amach le €100m ag teacht ón Stát. Ní chuireann sin san áireamh an méid airgid atá á chaitheamh ar fhograí Stáít ar na meáin chraolta.

Níl ann ach tuairim amháin. An bhfuil tuairim eile agaibh? Tuairim níos fearr?

Ná bímís ag feitheamh ar phlean Uí Chuív…

príomh alt agus eagarfhocal Foinse dírithe ar an Aire Uí Chuív an tseachtain seo agus gearán ann faoin mhoill ar an bplean chlúiteach seo chun an Ghaeilge a athréimniú sa Ghaeltacht agus 250,000 cainteoir laethúil a chruthú sa tír ar fad.

Dá mbeinnse ina gcás, ag foilsiú nuachtáin Ghaeilge, is dócha go mbeinn ag déanamh amhlaidh. Ach seo an rud, má chreidimíd fianaise ár súl féin nó an méid a tuairiscíodh sa Staidéar Teangaeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, táimíd go mór ar chúl sa rás seo in éadan an chloig.

Tic. Toc.

Gan amhras, fiú má fhoilsítear an phleán seo roimh an Samhradh, cad is fiú é bheith foilsithe? An nochtfar ann aon rún nach bhfuil ar eolas againn? An ndallfar sinn lena fhoirfeacht?

Ní chreidim é.

Sílim gur ghá leanúint ar aghaidh beag bheann ar phlean agus an Ghaeilge a ‘chur chun cinn’ i do cheantar féin. Ní go náisiúnta a dheinfear an dul chun cinn is suntasaí – ach go h-áitiúil nó fiú i do theaghlach féin.

Táim féin ag obair i gComharchumann Forbartha Mhúscraí agus is é sin an rud atá ar bun agam agus daoine eile sa cheantar atá ag iarraidh Gaoluinn Mhúscraí a thabhairt slán don chéad glúin eile – agus sult a bhaint aistí sinn féin.

An tseachtain seo chaite bhí an chéad oíche againn de chumann scannáin nua, Cumann Scannáin Dhoire’n Chuilinn, agus bhí an scannánaí Bob Quinn i láthair chun labhairt le slua deas a bhailigh san Ionad Chultúrtha i mBaile Mhuirne chun faire ar an scannán ceannródach a léirigh sé ag tús na 70í, Caoineadh Airt Uí Laoghaire. B’fhiú go mór é.

Beidh scannáin eile á thaispeáint againn ag tús mí Aibreáin agus Bealtaine. Idir sin agus seo beidh trathnóna Comhluadar ann i gceann seachtaine, ar 21ú Márta, leis an scéalaí, Seán Ó Laoghaire, agus beidh sin ar siúl sa Mhuileann i mBaile Mhuirne.

Tá go leor rudaí dá leitheid ar bun ar fud na tíre. Léiriú iad ar an cineál rud ar féidir a dhéanamh le beagán oibre agus iarrachta.

Ach Dia idir sinn agus bheith ag feitheamh ar phlean, fiú má bhionn sé foirfe, ón Rialtas chun an Ghaoluinn a shlánú!