Cartlanna Clibe: Picturegate

Plean Ath-bheochana na Gaeilge? Cén plean?

De réir mar a shleamhnaíonn na laethannta tharainn, de réir mar a dhruideann an Samhradh linn, de réir mar a mhéadaíonn na scamaill ghruaim os ár gcionn, sea is lú seans a ghealfaidh an lá ina bhfógrófar an phlean iomráiteach chun an Ghaeltacht a shabháil agus an Ghaeilge a chur i mbéil 250,000 duine, gach lá, faoi 2028.

An gcreideann éinne, i ndáiríre, go bhfuil an Rialtas, fiú is dá mbeadh An Taoiseach is gaelaí riamh againn, chun am a ghlacadh saor ó bhainistiú – nó mí bhainistiú – an eigeandála eacnamaíochta chun plean Ghaeilge a chur inár láthair agus, níos tabhachtaí fós, a chur i bhfeidhm.

Dúradh uair amháin faoi Thaoiseach eile go mbeadh sé de mhí adh air dá mbeadh anraith ag titim mar bhaisteach ná beadh aige ina ghlaic ach forc. Tá an t-adh dearg leis an dtaoiseach sin, John Bruton, i gcomparáid le Brian Ó Cómhainn.

Gach rud a leagann a rialtas láimh air, i láthair na h-uaire, iompaíonn sé ina chac. Is amhlaidh go gcaithfimíd bheith ar ár n-aire nach dtiteann an lug orainn agus an lag i mbun oibre. Nuair a chuimhním air, ná raibh an t-adh dearg linn nár thit an doras ón heileacaptar úd ar dhuine bocht eigean amuigh ag siúl sa Pháirc Náisiúnta i gCill Airne agus an Aire Martin Cullen ag éitilt thart?

An tseachtain seo chaite, bhí go leor rudaí le déanamh ach de bharr tuairisc pháistiúil ar RTÉ faoi na pictiúir sin, agus an idirghabhail mífhortúnach a lean é ó Fheidhmeannas Phreasa an Rialtais leis an gcraoltóir náisiúnta, bhí an phraiseach ar fuaid na miasa sara raibh na focail ‘ní raibh ann ach magadh’ tagtha ónár mbeil go léir.

Tá rudaí níos práinní ag dóghadh na geiribe againn. Tugaim mar shampla cás Oisbidéal Bheanntraí. Oisbidéal é seo ina bhfuil aonad dian chúraim, aonad timpist is eigeandála, aonad athchothabhála d’othair a bhfaigheann stróc, maraon leis na gnath fearaistí a bhionn in oisbidéal ar bith.

Le linn na seachtaine dúnadh deich leaba d’othair. An tseachtain céanna bhí ceathrar fagtha ar throllaí. Ní raibh na h-altraí ann chun aire a thabhairt doibh sna leapacha – nó bhí siad ligthe chun bealaigh de bharr faillí an Fheidhmeannais Seirbhísí Sláínte – agus anois tá an bhuairt ann go mbeidh a thuilleadh droch thorthaí mar gheall ar na giorruithe seo a bheidh le fógairt i gceann deich lá.

Ceaptar mar shampla nach n-earcófar lia don oisbidéal nuair a eireoidh an lia atá ann amach ar phinsean an Samhradh seo. Fagfaidh sé sin go gcaillfidh an aneisitist a phost agus má chailtear eisean, beidh ar an téatar dúnadh síos agus an aonad dianchúraim.

Cá bhfagfaidh sin muintir iarthar Chorcaí má bhuailtear iad le tinneas tobann? I mbaol báis. Anuraidh nuair a bhuail an stróc m’athair, chriochnaigh sé in Oisbidéal Bheanntraí. Ba mhór an suaimhneas don chlann ar fad go raibh sé gar duínn agus an tinneas seo air. Bhíomar ar chuairt chuige gach lá ar feadh ceithre mhí go dtí gur cailleadh é. Fuair sé galarú san oisbidéal agus fuair sé bás. Níl locht ar an oisbidéal as seo – bhí m’athair lagaithe go mór ag an stróc agus cá bhfios cad as a tháinig an ghalarú. Ní raibh locht againn ar na h-altraí is na dochtúirí a thug aire do m’athair. Ba aingil iad aige. Tuigimíd an ghá atá le h-oisbidéal áitiúil. Is fearr oisbidéal áitiúil atá oscailte ná 20 nó triocha ionad feabhais i bhfad uait.

Ní ceist mí chompórd iad na giorruithe seo atá á fhogairt nó atá á chur i bhfeidhm gan iad a fhógairt lá i ndiaidh lae. Is ceist beatha agus báis iad.

Mar sin de, nuair atáimíd ag smaoineamh go mbeidh plean ann chun an Ghaeltacht a shabháil is an Ghaeilge a chur i mbéal gach mac mathar is iníon athar faoi 2028, táimíd ag cur an dubh ina gheal orainn féin. Tá an seans caillte. Tá ár mbuiochas as an seans caillte seo tuillte go maith ag an Aire Ghnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, nó is a mhoilleadóíreacht is cúis leis an easpa phlean.

Mar a dúirt mé roimhe, ní fiú bheith ag fánacht ar an bplean. Tá’s againn cad is gá chun an Ghaeilge is an Ghaeltacht a thabhairt slán don chéad ghlúin eile – ní fiú bheith ag feitheamh ar mhaorláthas mhíeifeachtach is bhastúil chun ‘plean’ a bhronnadh orainn, plean gan acmhainní, cheapfainn.

Obair go h-áitiúil ar son na Gaeilge. Sin a choinneoidh beo í. Léirigh do mheas don teanga dod pháistí agus bímís ag guí go leireoidh siad meas di freisin agus go mbeidh siad níos eifeachtaí arís ina gcuid iarrachtaí ar son na teanga ná mar a raibh na glúinte a chuaigh rompu.

Dein dearúd ar phlean an Rialtais áfach. Fiú má fhoilsítear é, ní bheidh acmhainní breise ann do. Sinne acmhainn na Gaeilge agus tá’s againn níos fearr ná duine ar bith eile an bealach chun tosaigh….

Claontacht, Cowen, an Daily Mail agus RTÉ

Tá comhbhá éigean agam do Bhrian Cowen as ucht an chonspóid is déanaí ina bhfuil sé sáite. Tá mé ramhar, mar atá sé, b’fhéidir níos raimhre, agus ag iarraidh meachan a chailliúint i gcónaí [agus ní cabhair ar bith é go ngeillim le blaiseadh a bhaint as uachtar reoite ‘Guinness’ ag am lón i gCill Airne ag an siopa uachtar reoite ansin, Murphy’s Ice Cream].

Mar sin de, ní thaitneodh sé liom dá mbeadh mo phortraid is mé lom nocht, ciocha fear is uile, ar chrochadh sa Dhanlann Náisiúnta. Ní thaitneodh sé liom ar chuinsí critice ealaíon agus ar chúinsí phearsanta!

É sin ráite, chuaigh oifig phreas an Rialtais thar fóir nuair a d’éilíodh leithscéal ar RTÉ mar gheall ar an dtuairisc a rinne siad ar an gconspóid, ar a dtugtar Cowengate/Picturegate [cén bhaint atá ag ‘gate’ leis an scéal, ní fheadar?].

Eachtra páistiúíl é seo ó thús go deireadh.

Seo chomh náireach is atá sé, do RTÉ agus don Taoiseach féin. Tá eagarfhocal san Irish Daily Mail inniu ag gearán faoi ‘chlaontacht’ ar an gCraoltóir Náisiúnta.

Seo an ‘Daily Mail’, nuachtán le traidisiún fada claontachta maidir le nuacht na hÉireann.

An lá go n-eiríonn le nuachtán le stair an Daily Mail léacht a thabhairt ar chlaontacht in iriseoireacht in Éirinn agus an cheart a bheith aige, sin droch lá oibre ag an dream a thug an t-údar sin do.

Mar sin, bualadh bos do Oifig Phreas an Taoisigh agus do RTÉ!