Cartlanna Clibe: Pat Kenny

An Ghaeilge sa chéad líne chátha

Anocht ar ‘The Frontline’, deirtear linn go mbeidh plé á dhéanamh ar an nGaeilge mar ábhar riachtanach don Ard Teist.   Agus é ag cur criche lena chlár raidió inniu, d’fhag Pat Kenny an cheist: “Why should you do an Irish exam for the Leaving Cert if you hate the subject?”

Tagann seo ag am go bhfuil an polaiteoir is déanaí a mhol an beartas seo, Enda Kenny, faoi bhrú áirithe óna chomhleacaí féin, Richard Bruton.  Ní bhaineann sin le h-ábhar – ach anois tá sé luaite, b’fhéidir go bhfillfidh mé air ar ball.  Cuireann sé i gcuimhne dhom dúnmharú Caesar ar an 15ú Márta 44 BC.  Ar ndóigh an iarraidh seo b’é Caesar (Enda Kenny) a úsáid an scian ar dtúis.  An mbeidh sé beo ag deireadh an lae amaraigh….?

Ar ndóigh  is feachtas leanúnach é seo ag an dream atá in éadan na Gaeilge a bheith éigeantach don Ard Teist agus tá an chuma air go bhfuil an ábhar á lua anois mar go bhfuil an Ard Teist ar siúl agus go bhfuil gá le scéal éigean a usáid chun an scrúdú seo a phlé ar chlár chúrsaí reatha ar nós ‘The Frontline’.

Creidim féin go raibh moladh an chliste ag Donncha O hEallaithe an mhí seo chaite nuair ar mhol sé gur cheart dúbailt poinntí a thabhairt i dtrí ábhar riachtanach – an Ghaeilge, an Bhéarla agus sa Mhatamaitic.  B’é an t-aon smaoineamh nua ar an ábhar seo le fada an lá.

Is féidir leat easpa loighice an dream atá ag iarraidh báta agus bóthar don Ghaeilge a fheiscint sa ráiteas seo ó cheannasaí HP Ireland:

HP Ireland’s Martin Murphy said the likes of Mandarin need to enjoy the same attention Irish has in the education system.

Cheapfá uaidh sin nár mhaith leis an tUasal Murphy go mbeadh an Mhandairis á mhuíneadh go h-éifeachtach.   Is é an fadhb is mó leis an Ghaeilge san Ard Teist nach bhfuil sí á mhúineadh go h-eifeachtach agus an chúis is mó le sin go bhfuil sí á múineadh de réir mar a bheadh teanga á múineadh san Aois Victoriach, gan an bhéim ar labhairt na teanga, le litríocht atá seanachaite agus leadránach den chuid is mó agus le béim ar ghramadach nuair is eol do chach go bhfuil seo leadránach.

Mar a scrígh mé féin in alt sa Sunday Independent le déanaí:

Teachers are also complaining about the ‘dumbing down’ of the Irish Leaving Cert syllabus. Henceforth there’ll only be a handful of poems and just a couple of books to study in the literature section for honours students.

If I could be as bold to make a suggestion, instead of studying Maidhc Dainin O Se‘s classic, A Thig ná tit orm, students of An Ghaeilge should be required to study An Crisis or Rasai na Gaillimhe or CU Burn instead for a few years. If nothing else, it would give them something to smile about — and given our current situation and the prospects our Leaving Certificate students face in the uncertain economic climate, that wouldn’t be a bad result.

Ní ‘dumbing down’ atá ag teastáil ón nGaeilge ach ‘smartening up’.   Ach dein iarracht é sin a rá le daoine ar nós Pat Kenny atá a gcuid smaointeoireacht siocaithe in aois nuair a raibh siad féin ag léamh ‘Peig’ is eile.

Seo thíos ráiteas a fuaireas ó Chonradh na Gaeilge atá ag coinneáil súil ghéar ar an ndiospóireacht seo – ní fheadar an mbeidh siad páirteach:

GAEILGE MAR PHRÍOMHÁBHAR ARDTEISTE

1. The Frontline, RTÉ 1 ag 10.30in ANOCHT

2. TXT Metro Herald

Mar eolas duit, beidh an Ghaeilge mar phríomhábhar Ardteiste á phlé ar an gclár The Frontline ar RTÉ 1 anocht ag 10.30in. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gclár agus do thuairim a chur in iúl trí teachtaireacht a fhágáil ar an mblag aghttp://www.rte.ie/ie/frontline/; trí teachtaireacht Twitter a fhágáil @RTEFrontline leis an gclib #Rtefl ag http://twitter.com/rtefrontline; trí teachtaireacht Facebook a fhágáil do The Frontline ag http://www.facebook.com/pages/The-Frontline/133248365817?v=wall; nó trí ríomhphost a sheoaldh chuig frontline@rte.ie.

Tá tuairimí á lorg ag Metro Herald ar an ábhar seo inniu freisin. Ar leathanach 5, faoin alt “HP boss questions time spent on Irish in schools” (alt ina iomláine thíos agus iniata leis an ríomhphost seo i bhfoirm PDF), iarrann siad ar dhaoine: Should Irish be compulsory in school? Seol MAIL mar aon le d’ainm agus do bharrúil chuig 53131 chun do thuairim a chur in iúl. Tá costas 30c ar gach clóscéilín móide an gnáthchostas téacs agus foilseofar na teachtaireachtaí ar leathanach na litreach & na dtuairimí amárach. Is féidir freisin ríomhphost a sheoladh chuig mail@metroherald.ie le d’ainm agus do bharrúil ar an ábhar freisin.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an gceist seo agus ar bheartas oideachais Chonradh na Gaeilge ar-líne aghttp://www.cnag.ie/index.php?page=feachtais&campaign_id=2 (Gaeilge) nó ag http://www.cnag.ie/index.php?page=feachtais&campaign_id=2&lang=en (Béarla). Gheobhaidh tú beartas oideachais an Chonartha iniata leis an ríomhphost seo freisin.

Slán leis an Late Late

ryantubaiste

Bhí mé istigh oíche Dé hAoine, ag faire ar an Late Late Show, agus caithfidh mé a rá nár chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm. 

Ní mór a rá, áfach, gur thuig mé go raibh sé in am roinnt ceisteanna crua a chur ar an dTaoiseach, Brian Cowen, agus, i bhfírinne, nár chuaigh Ryan Tubridy fada a dhothain lena cheistiú.   Tá ceist mhór agam faoi neamhspleachas an Late Late Show faoi chúrsaí reatha os rud é go bhfuil urraíocht ar fiú €1.5m á fháil acu ó Ghrúpa Quinn, comhlacht atá páirt nach beag acu sa chonspóid, go h-áirithe chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí an bhainc Angla Éireannaigh. 

Bhí go leor tuairiscí is tuairimí sna nuachtáin i gcaitheamh an dheiridh seachtaine agus ar maidin faoin agallamh sin agus an méid a dúirt – agus nár dúirt – an Taoiseach. 

Tá fadhb teangan ag an dTaoiseach, sa chiall is go mbionn sé ag baint úsáid as teanga dothuigte na n-údarás agus na gcomhlachtaí ina ghnath chaint agus é ag caint le gnath dhaoine.  “Going forward” is a leithéid.  Anois tuigim cuid den chaint seo – ach mothaím go bhfuil sé á úsáid chun freagraí beachta ar na ceisteanna crua a sheachaint. 

An rud is mó thug mé faoi ndeara faoi seó, go raibh gach aoí a cuireadh faoi agallamh ar an show roimhe seo.  Níl sé bliain ó shin ó bhí Brian Cowen ann – bhí Cherie Blaire ann nuair a céad foilsíodh a beathaisnéis agus is minic go raibh Niall agus Gilian Quinn gan trácht ar Brian McFadden agus Joan Collins. 

Tá sé cosúl le na scannáin a bhionn á athchraoladh ar RTÉ rialta go maith anois.    An chéad uair a thaispeanann siad scannán mór, abair timpeall na Nollag, bionn sé ina ocáid mhór, ach deintear an scannán céanna a chraoladh chomh minic sin ina dhiaidh go n-éiríonn sé tuirsiúil.  Is doigh liom go mbionn scannán James Bond ann gach Domhnach i gcónaí.    

Beidh sé amhlaidh le na h-aoíanna ar an Late Late Show.  Feicfimíd na daoine céanna ag teacht ós ár gcomhair go rialta go dtí go mbeimíd braon díbh – agus tá mo ‘go dtí go’ sroichte agam.  

Mar sin, táim ag fágáil slán leis an Late Late Show agus, as seo amach, táim chun úsáid níos tairbhí a bhaint as gach oíche Dé hAoine.  B’fhéidir go mbéarfaidh mé mo mhadra ar siul nó go dtosnóidh mé ar an leabhar sin a scríobh agus, corr Aoine, raighidh mé amach le h-aghaidh piúnt nó dhó. 

Tá an Late Late Show marbh – agus is dócha go raibh sé amhlaidh fiú roimh do Pat Kenny suí go h-adhmadúil sa rí chathaoir.   Tá sé in am bogadh chun tosaigh i bhfirinne agus rud éigean iomlán nua agus radacach a dhéanamh.  Cad faoi seó cainte as Gaeilge?   Anois bheadh sin éagsúil!