Cartlanna Clibe: Pádraig Mac Fhearghusa

Mac Fhearghusa tofa ina Uachtarán arís

Tuairim is uair a chloig ó shin, deineadh Pádraig Mac Fhearghusa  a ath-thoghadh ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge tar éis ceann de na feachtais is bríomhaire agus is conspóidí i stair na dtoghchán don phost áirithe sin.

De réir na dtuairiscí atá ag teacht ó Luimneach, thug sé oráid spreagúil agus ba é sin an difir idir é féin agus an Fheirsteach óg, Seán O hAdhmaill a thug dúshlán do sa toghchán.

Ar shlí is cuma cé atá ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge nó tá an eagras féin níos mó ná an tUachtarán.   Go deimhin má tá an méid a deir Gearóid O Cairealláin le creidiúint, b’fhéidir gur fearr don t-é ar mhaith leis an gConradh a athrú agus a ‘bhrú níos faide ar aghaidh’ gan a bheith ina Uachtarán mar go bhfuil cúramaí na h-eagraíochta ar an t-é sin agus go bhfuil saoirse níos mó ag an ghníomhaí aonair rudaí a athrú.

Is léir go bhfuil Seán O hAdhmaill ag díriú ar an mblian seo chugainn nuair a bheidh an Ard Fhéis i Nás na Rí i gContae Chill Dara.    Tá súil agam go mbeidh toghchán ann an uair sin freisin – nó cothaíonn an diospóireacht éagsúlacht tuairimíochta agus, chomh maith le sin, cothaíonn sé suim ó na meáin.

Luadh toradh an thoghcháin ar Nuacht RTÉ ar an Raidió ag 3.30in – agus luadh é roimh toradh Grand National na hAlban.  Sin dul chun cinn, ar éigean, ón gcraoltóir náisiúnta.

Is féidir libh bheith ag faire ar an Ard Fhéis anseo agus é ‘beo’ ar ustream.

Ré úr don Chonradh, ré úr don teanga?

Chláraigh mé im bhall de Chonradh na Gaeilge an tseachtain seo.   Is mise Ball Aonair #105, de réir na h-admhála r-phoist a seoladh chugam sa r-phost tar éis dom mo €20 a íoc le mo chárta ‘laser’.

Chláraigh mé im bhall de bhrí go bhfuil brí nua sa Chonradh – níl sé chomh marbh le hArt, de réir na ceiste atá ar shuíomh Nuacht 24.  Bhuel, níl sin díreach cruinn.   Deir an ráiteas go gcreideann bunús phobal na hÉireann go bhfuil an Chonradh chomh marbh le hArt.    D’fhéadfadh gach Gaeilgeoir sa tír a bheith ar mhalairt tuairim – ach bheadh an raiteas fós fíor mar is é an tuiscint atá ag bunús an phobail abhar raitis Ghearóid Uí Chairealláin, iar Uachtarán an Chonartha, agus ní cur síos ar staid reatha an Chonartha.

Ceann de na cúiseanna leis an mí thuiscint sin ar obair an Chonartha go mbíodh agus go mbionn na trodanna mí chearta á throid ag an eagras agus na feachtais míchearta á chur chun tosaigh acu.   Níl aon locht orthu – bhí mé chomh mí cheart leo mé féin trath agus mé ag glacadh páirte i mhór shiúl i mBaile Atha Cliath ar son stadas oifigiúil oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach agus ag áiteamh go mbeadh Acht Teanga ann ó dheas.

Cé go raibh tabhacht leis an mhórshiúl úd – i mí Aibreán 2004 – agus leis an bhfeachtas chun reachtaíocht ann a thabharfadh cosaint don Ghaeilge ó dheas, b’é an misneach a thug sé do phobal na Gaeilge an toradh ba thabhachtaí agus ba mhó tairbhe.   Ag siúl dom ó Chearnóg Pharnell, síos Sráid Uí Chonaill agus chomh fada leis an Dáil, gualainn ar ghualainn le go leor Gaeil eile, suas le 5,000 de réir mar is cuimhin liom, thóg sé mo chroí.

Anois nuair a fheicim an toradh a bhí ar na feachtais sin, ní fheicim ach an maorláthas ag fáil greim daingean ar an dteanga.   Ní h-amháin go bhfuil an nuachtán laethúil a bhí mé ag obair leis imithe ach tá níos mó acmhainní á chaitheamh le caipéisí neamh leite i mBéarla a aistriú go Gaeilge le go mbeadh siad chomh neamh léite céanna sa chéad teanga oifigiúil ná mar atá á chaitheamh ar litríocht i nGaeilge.   An bua sin?

Deintear seo a chosaint de bhrí go bhfuil sé ag solathar postanna d’aos na n-aistritheoirí – ach nach mbeadh an t-aos sin díreach chomh fostaithe agus ag solathar rud éigean fónta agus inléite dúinn mar leitheoirí dá mbeidís ag obair ar leabhair, ghreannáin (a la Rí Rá) agus go leor eile, nithe a mheallfadh daoine i dtreo léamh agus scriobh na Gaeilge.

An cloch is mó ar  mo phaidrín, taca an ama seo, go mbeadh bealach éigean ann le cinntiú go mbeadh craoladh beo beathach ar an dteilifís ar chluichí móra CLG an tSamhraidh agus trachtaireacht i nGaeilge orthu seachas go bhfagfaí lucht eisteachta na Gaeilge ag brath ar an bhfuaim a bheith múchta ar an dteilifís agus iad ag éisteacht le trachtaireacht ar na gcluichí móra ar RTÉ RnaG.  Fiú mura raibh an trachtaireacht sin ag leimpt ó chúige ó chúige agus gan é ag teacht leis an bpictiúir ar an dteilfiís de bhrí nach ionann an chlár ar RnaG agus an chlár ar an dteilifís, bheadh seo maslach.   Seo an bliain 2010 –  nior cheart go mbeadh orainn brath ar sheirbhís 1973!

Ní h-amháin gur cheart na cluichí craoibhe sa Pheil agus san Iomáint a bheith ar fáil le trachtaireacht beo i nGaeilge – ach nár cheart cluichí Chorn an Domhain agus Sraith na Seaimpíní is Cluiche Ceannais Heineken sa Rugbaí a bheith ar fáil i nGaeilge chomh maith céanna.

Seo an cineál cúise, dar liom, a mheallfadh lucht an Bhéarla ar bhórd.  Cuireann sé an Ghaeilge ar fáil doibh ar shlí nach bhfuil sí faoi láthair.  Go foill tá sí ceangailte leis an mhaorláthas – an mhaorláthas ar mire – agus is cinnte go gcothaíonn sé sin droch íomhá don teanga i measc an phobail mhóir.

Tá siad san ann a chreideann gur cheart do Chearta na nGael tús áite a bheith acu, roimh ‘íomhá na teanga i measc phobail an Bhéarla’ [eagarthóir Gaelscéal, Ciaran Dunbar, ag scríobh do ex cathedra ina thréadlitir chuig leitheoirí an nuachtáin eagrán #1] ach sin meoin seana chaite nach dtugann sinn ach go bun an ‘cul de sac’, áit atá an Ghaeilge sáinnithe ar feadh ró fhada.

Tá obair tabhachtach le déanamh ag an gConradh san am atá romhainn agus is é sin an droichead a thogáil idir an mhór phobal agus pobal na Gaeilge le cinntiú go dtuigeann gach duine, gach duine nach biogóidí frith Ghaeilge é nó í, an leas is feidir baint as an nGaeilge, ár dteanga.

B’fhéidir go n-athródh sin an port a bhí le clos ar na h-aerthonnta le cúpla lá anuas faoi daltaí scoile a fuair diolúine ón nGaeilge san Ard Teist le cuidiú leo de bharr go raibh ‘deacrachtaí foghlamtha’ acu – ach ansan chuaigh tuairim is 50% de na páistí céanna agus rinne siad staidéar ar theanga eigean ó mhór roinn na hEorpa in áit na Gaeilge.   Ní h-é seo fadhb na bpáistí an oiread is gur fadhb na teanga í.   Ar ndóigh rinne siad seo le beannú agus i gcomhcheilge lena dtuismitheoirí agus an Roinn Oideachais agus Scileanna.

An fear is fearr a thabharfaidh faoin droichead seo idir phobal na Gaeilge agus an phobal mhór a fhorbairt, sin an t-é is fearr a bheadh ina Uachtarán ar an gConradh don trí bhliain atá romhainn.   I gcúinne amháin tá file agus iriseoir, duine uasal, fear atá meas mór agam air, Pádraig Mac Fhearghusa, trodaí ar son na teanga, agus sa chúinne eile tá ógfhear cumasach fiontrach atá grá mór aige do phobal na Gaeilge agus atá cróga agus fuinniúil agus fonn air tabhairt faoi áit larnach i bpobal na hÉireann a bhaint amach don Chonradh. Is é sin Seán O hAdhmaill.

An oiread is mé féin, níl Gaeilge na bhfilí ag Seán – ach tá fuinneamh aige agus tá fuadar faoi, an iomarca fuadair chun a chuid ama a chaitheamh ag ceartú is ag profléamh a bpreas raitis atá ag teacht chugam go tiubh agus te faoi láthair.   Tá daoine ann a dhéarfadh nach bhfuil an Ghaeilge atá ag Seán maith a dhothain le go mbeadh sé á chur féin tosaigh d’Uachtarántacht Chonradh na Gaeilge.

Ach narbh é Máirtín O Cadhain féin a dúirt dá dtiocfadh an Ghaeilge slán do na glúinte inár ndiaidh, ní h-í an  Ghaeilge a bhíodh á labhairt agus á scríobh aige a bheadh ann ach Gaeilge a bheadh deacair a aithint mar theanga saibhir agus ársa ár sinsir.

Dá dtoghfaí O hAdhmaill in áit Mac Fhearghusa an iarraidh seo, leireodh sé go raibh an Chonradh sásta aghaidh a thabhairt ar an ré sin  le dóchas agus le dúthracht seachas bheith sáinnithe i sean ré na bpeann dearg.

Is cinnte, mar sin, go bhfuil an Chonradh ag crosbhothar an deireadh seachtaine seo agus iad sinn ag díriú ár n-aghaidheanna ar Luimneach agus an Ard Fheis ann.  Ní bheidh mé ann – tá cúramaí orm sa bhaile ó thaobh oibre, cur chun cinn na Gaeilge agus sa bhaile féin – ach tá súil agam strac fhéachaint a thabhairt ar imeachtaí na deireadh seachtaine ar an balla Twitter agus ar ustream.    Nach fada óna leitheid sin de theicneolaíocht a bunaíodh an Chonradh agus léiríonn sé, b’fhéidir, go bhfuil an rogha déanta theana féin agus an Chonradh píosa den slí ar an mbóthar i dtreo an todhchaí.     [É sin go léir á dhéanamh faoi Uachtarántacht Mhic Fhearghusa, rud a léiríonn nach ceist dubh agus bán í an cheist seo ar chorr ar bith.]

Roinn na Mí-dhaonnachta agus na hIar Coilíneachta = An Roinn Oideachais

Is é sin an ceannlíne ón bhfeachtas is déanaí ó Chonradh na Gaeilge, feachtas ina bhfuil díriú á dhéanamh ar bhaill an Oireachtais ag cur ar a súile go bhfuil an Roinn Oideachais is Eolaíochta ag íonsaí na Gaeilge agus gurb é an úirlis ionsaithe atá á úsáid acu ciorclán na conspóide, Ciorclán 44/2007.

Is é seo an ciorclán a chuireann iallach ar mhúinteoirí tosnú leis an Bhéarla i rang na naíonáin beaga tar éis an chéad téarma. Cuireann sin poll sa chóras tumoideachais iomlán a bhí ag obair go h-anmhaith i mbunscoileanna agus atá ag obair i mbunscoileanna ó thuaidh go fóill.

Is é seo an litir a fuaireas ó Phádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus Eagarthóir Feasta, faoin cheist seo:

A Chairde agus a Scríbhneoirí na Gaeilge,
Gheobhaidh thart ar 500 duine agaibh an teachtaireacht seo in ainneoin nach féidir libh ríomhphoist a chéile a fheiscint. Tá sé curtha ag thart ar 40 ball de Oireachtas Éireann cheana féin chomh maith: ábhar macnaimh dóibh don samhradh.
Bheinn buíoch dá bhféadfadh sibh
Seo a chur ar aghaidh go dtí cairde libh.
A fhiafraí de aon Teachta nó Seanadóir a mbuaileann sibh leis i gcaitheamh an tsamhraidh (agus d’fheadfadh sibh féachaint chuige go mbuaileann) : why doesn’t the Department stop attacking Irish medium education AND see to it that Irish is taught properly in English medium national schools.

Níl aon áibhéil ar bun agam nuair a deirim go bhfuil daonnacht an Éireannaigh faoi ionsaí – múchadh atá i gceist ag Roinn Oideachais. Léirítear an meon sa bheart.
Maithfidh sibh dom mo thaithí mar eag. ar FEASTA a chur chun tairbhe na cúise mar uachtarán ar an gConradh.

Ádh mór oraibh agus beirimis bua,
Pádraig Mac Fhearghusa

Is é seo an litir atá seolta aige chuig baill an Oireachtais. Tacaím leis an bhfeachtas seo – ach caithfear é a leathnú taobh amuigh de chiorcal chúng na scríobhnóirí Ghaeilge.

A Theachta, a chara,
For your information – despite all evidence to the contrary the Department of Education and Science still maintains its post-colonial war against immersion education, and early total immersion in infants in particular, in the 26 Counties. I refer to the failure of the Department to withdraw circular 44/2007, a circular aimed at ending early total immersion in Irish in Gaeltacht schools, which need the Departments support as never before; and in Irish medium national schools, known as gaelscoileanna, to which the Irish language community looks in order to ensure its longterm viability.
This is not acceptable behaviour from the Department. Nor is it acceptable that Dáil Éireann should allow this behaviour to continue. The humanity of Irish citizens in Ireland is under attack by a Department of Education and Science in which people who regard education through Irish as ‘bad practice’ – no matter what the evidence is to the contrary – are in the ascendant.

COGG – An Chomhairle Oideachais Ghaeilge agus Gaelscolaíochta, should be allowed to do its own research these questions.

And the Department should direct its attention to ensuring that Irish is properly taught in all national schools. It is essential that the Department provide a proper integrated and graded course in Irish for national schools generally (on the Séideán Sí model): you may not appreciate that the Department is guilty of 20 years neglect in the provision of such back up for the national teacher generally, yet attacking what little educational provision there is through Irish seems to be the priority. Besides, the Department knows that the 93% of the population who support Irish (Mac Gréil research) want their children to be properly taught the language. Dáil Éireann could see to it that the Department sets about fulfilling its responsibilities in that regard.

Cuirim leis seo mar eolas roinnt rún a ritheadh ag Ardfheis Chonradh na Gaeilge i mí Bhealtaine, ar eagla nach bhfuil siad feicthe agat cheana. Is ábhar suime an taighde is déanaí ó Thuaisceart Éireann a bhfuil tuairisc ina thaobh ar Gaelport.com thíos Agus gura maith agat as an méid seo a léamh go dtí seo.
Le dúthracht duit,
Pádraig Mac Fhearghusa, uachtarán
Thar ceann Chonradh na Gaeilge

+++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++

Rúín Ardfheise ó Chonradh na Gaeilge, 2009

8. Oideachas. Luath-thumoideachas iomlán: Dearbhaímid arís eile gur prionsabal luachmhar oideachasúil de chuid na gaelscolaíochta an tumoideachas lánGhaeilge i ranganna naíonán; go gcosnóidh Conradh na Gaeilge é i gcomhar le gaelscoileanna, tuismitheoirí agus pobal na tíre i gcoitinne an ceart seo a bhaineann le spiorad sainiúil teangeolaíoch na scoile lánGhaeilge; agus go gcuirfimid in aghaidh aon iarracht de chuid na Roinne Oideachais & Eolaíochta an prionsabal oideachais seo, a bhfuil aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta aige, a chealú nó a athrú nó a mhaolú. (Craobh Thrá Lí)

9. Oideachas. Luath-thumoideachas iomlán: Iarraimid ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ciorclán 44/2007 a tharraingt siar.

10. Oideachas. Luath-thumoideachas iomlán: Éilímid go bhféachfadh na húdaráis chuí chuige go ndéanfar taighde ar bhonn uile-oileánda ar an luath-thumoideachas iomlán, cleachtas tábhachtach oideachasúil, a bhfuil dlúthbhaint aige le buanú phobal na Gaeilge lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht.

11. Oideachas. Ionad Náisiúnta Oideachais: Éilímid arís eile go go mbrúfaí chun cinn leis an Ionad Náisiúnta Oideachais i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí, a gheall Airí Oideachais agus Eolaíochta i Mí na Nollag 1999 agus arís i Meitheamh 2000: ar mhaithe le múinteoirí a chumasú chun an leas is fearr a bhaint as a dtalann féin agus as buanna a ndaltaí scoile; chun taighde leanúnach a dhéanamh ar mhúineadh na teanga; áiseanna teagaisc a fhorbairt, agus oiliúint agus tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí agus do lucht comhairle agus pleanála san oideachas.

12. Oideachas. Cúrsa Comhtháite Gaeilge: Iarrann an Ardfheis ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta cúrsa comhtháite Gaeilge a chur ar fáil do na bunscoileanna sin nach bunscoileanna lánGhaeilge iad; agus go ndéanfaí amhlaidh ag an dara leibhéal.
Research points to cognitive gains of Irish-medium schools
Groundbreaking research carried out by academics from Queen’s University has demonstrated the underlying advantages of Irish-medium education.

A study by Dr Judith Wylie and Dr Gerry Mulhern from Queen’s School of Psychology indicated there were significant advantages to children educated in Irish-medium schools. Aside from cultural and social benefits of bilingualism, the research showed there were real cognitive gains from being fluent in two languages.
The research -– the first of its kind involving the Irish-medium sector -–looked at short-term memory and working memory performance in primary school children. “Short memory and working memory are centrally important in all learning, indeed everyday tasks such as reading, reasoning and mental arithmetic rely heavily on these processes,” Dr Wylie said. “Using standardised tests of verbal and visual memory, our research compared groups of children from Irish-medium schools with children from the more usual English-only schools in Northern Ireland.” Results indicated that children who attended Irish-medium schools significantly outperformed those from the English-medium sector. On average, eight-year-old and 10-year-old children from Irish-medium schools were found to outperform children of a similar age from English-only schools.
However, the most dramatic finding was that eight-year-old Irish-medium children performed at least as well as, and in several areas better than, 10-year-olds from English-only schools. Dr Reamai Mathers from Iontaobhas na Gaelscolaiochta, the trust fund for the sector, welcomed the findings. “This groundbreaking work adds further evidence to the increasingly indisputable body of good science that shows that children who are educated in Irish-medium schools are not only receiving the benefit of two languages but are also receiving tangible educational advantages,” he said. Earlier this year, Key Stage 2 assessments (Primary 7), which focuses on the areas of English and maths, demonstrated that for the last three years attainment in Irish-medium education had been higher than the Northern Ireland average.
“What the Queen’s research provides is a deeper insight into the mechanisms at work in the superior performance by Irish-medium children when compared to the more usual English language schools,” Dr Mathers said. “This research is another affirmation for our schools not only in their role in the revival of our indigenous language but, because of the deep functional mental processes involved in bilingualism, their role as centres of excellence in education. “Irish-medium education is providing children with the highest levels of attainment. Indeed, so compelling is this educational case, that the argument for the ongoing and increased support for the sector at nursery, primary and post-primary level is more compelling than ever.”