Cartlanna Clibe: Nuacht

Charlie criochnaithe i Washington

Seo Charlie Bird ....is dócha

Chaith mé leath shúil an oíche dheireannach ar Charlie Bird, comhfhreagraí RTÉ i Washington, agus é ag cur i láthair chláir faoin bliain a bhí caite i bpríomh chathair Mheirceá.  Thosnaigh sé agus ré Obama ag breacadh ann – ach is cosúil go bhfuil sé i gceist aige eirí as go luath nó de réir na dtuairiscí, tá sé thar a bheith uaigneach ann.

Is cuimhin liom nuair a thosnaíos ag obair le nuachtán an chéad lá, fiche bliain ó shin go díreach, cuireadh ag obair mé i Lios Tuathail i dtuaisceart Chiarraí agus, go deimhin féin, tuigim cuid den uaigneas atá ar Charlie.  Ag an am chéanna, ní rabhas chomh fada sin ó bhaile agus bhíos i gCúil Aodha geall leis gach deireadh seachtaine ar feadh i bhfad.

Nuair atá tú i mbaile nua, gan cara agat ann, agus dualgas ort saol an bhaile sin a chur i lathair i nuachtán seachtainiúil, bhuel, tá’s agat go bhfuil cúramaí ort agus tá obair le déanamh.  De ghnath má oibríonn tú go cruaigh reiteofar na fadhbanna.  Maolófar an t-uaigneas agus eireoidh an obair níos éasca.

Sin mar a tharla domsa.

Ag an am chéanna thuigeas go raibh mé ag snamh in aghaidh an easa i gCiarraí Thuaidh agus i Lios Tuathail nó dá fheabhas mo chuid iriseoireachta agus na scéalta uaim a bhí á fhoilsiú sa nuachtán, The Kingdom, ní raibh spás sa cheantar dár nuachtán nó bhí bhí paipéar eile ann romhainn, the Kerryman agus Kerry’s Eye, dhá nuachtán an iomaíoch go deo.   An rud a bhí ar bun agam, i ndáiríre, go raibh mé ag cur i láthair an saol i dtuaisceart Chiarraí do phobal leitheoireachta an nuachtáin a bhí suite, don chuid is mó, i gCill Airne agus i ndeisceart an chontae.   Ba bheag suim a bhí ag muintir Lios Tuathail féin agus an cheantair mhaguaird sa mhéid a bhí le scríobh agam – cé gur bhain mé stangadh astu ó am go cheile le scéalta speisiúla agus eisiacha, scéal a fuaireas in ainneoin na ndeacrachtaí agus na ndúshlán ó na nuachtáín eile fad bhunaithe sa cheantar.

Tá codarsnachtaí agus cosúlachtaí idir mo scéal agus cás Charlie Bird, creid nó ná creid.

Is léir gurb iad sinne, pobal na hÉireann, lucht féachana Charlie Bird nó is beag an suim atá ag pobal SAM nó Washington sa mhéid a thuairiscíonn sé.    Ar éigean go bhfeicimíd Charlie Bird ag cur agallamh ar an Uachtarán Obama riamh, mar shampla, cé go bhféadfadh sé tarlú taca toghcháin i 2013.

Ag am seo an ghatair, agus ciorruithe á dhéanamh ar an sceideal i ngach slí [ní chraolfar ach aifreann amháin sa mhí feasta ar RnaG, mar shampla], an bhfuil gá le comhfhreagraí buan i Washington ag RTÉ?  Nó sa tSín?  Nó i Londain?  Nó sa Bhruiséal?   Nach feidir na seirbhísí céanna a cheannach ar phraghas i bhfad níos lú tre conraí a thabhairt d’iriseoirí atá ag cur futha sna h-áíteanna sin theana féin?  Nó an é nach bhfuil i gceist leis na postanna seo ach cineál buaileam sciath ag RTÉ?

Rud eile a thugaim faoi ndeara, agus tuigim go dtagann sé seo salach ar an bpointe thuas, ach má tá RTÉ le comhfhreeagraí buan a fhostú sna h-áíteanna seo, nár cheart go mbeadh an comhfhreagraí sin a bheith ábalta tuairiscí a chur ar fáil don “News” AGUS don “Nuacht” ag an am chéanna?  Nár cheart go mbeadh an Ghaeilge ar a dtoil ag tuairisceoirí RTÉ?  Mura bhfuil, nach bocht an léargas a thugann sin ar an oideachas atá faighte acu tar éis 13 bhliain deag, ar a laghad, a chaitheamh i scoileanna agus meanscoileanna na tíre?

Tugaim faoi ndeara go bhfuil Tomás Ó Mainín ó TG4 ag tuairisciú do RTÉ anois i Haiti agus tá slacht ar a chuid tuairiscí ón oileán buailte sin gan amhras.   Nuair a luaitear ainmneacha ‘réaltaí’ éagsúla ó TG4 leis an bhfolúntas i Washington nuair a fhileann Charlie, cén fath nach gcuirfí tuairisceoir dhá theangach san áireamh?   [Agus nílimse sa tóir ar an bpost seo mé féin, dála an scéil!]

Ceapaim go bhfuil go leor bealaí againn chun ár gcuid nuacht a fháíl na laethannta seo gan a bheith ag brath ar ghuth lár Atlantaigh ó RTÉ chun a bheith ar an láthair i Washington agus i geeantaracha eile ó cheann ceann na bliana.   Creidim gur cur amú airgid é postanna eachtracha den chineal seo agus ní h-é gur duine mé nach bhfuil dearcadh leathan agam ar an domhan ach nach gá do dhuine ar bith an nuacht a scagadh ar mo shon.  Is féidir liom mo chinneadh féin a dhéanamh faoin nuacht atá suim agam ann, atá tabhacht lei, nó a mhalairt.

Ní eisceacht mise.  De bharr an idirlín agus Nuacht 24/7 ar an dteilifís,  is féidir le duine i gCúil Aodha bheith ar an eolas faoi chúrsaí reatha Washington an oiread leis an gnath dhuine i Washington, fiú an tuairisceoir Eireannach ann.

Taithníonn sé le leithéidí RTÉ bheith ábalta maíomh gur craoltóir é atá ábalta oifig a bheith ag an gcainéal i Washington.   Tá siad ábalta snámh sna h-uiscí céanna le na h-éisc móra – ach, mar a léirigh an clár an tseachtain seo chaite faoi shaol Bird, níl teacht acu ar dorchlaí na cumhachta.  Bheadh sé nios éasca domsa nó duitse cuairt a thabhairt ar an dTeach Bhán le víosa chuairteora, ná mar a bheadh sé do Charlie Bird nó a mhacasamhail.

Mar sin, má tá RTÉ le post Charlie Bird a líonadh, ba cheart go líonfadh an craoltóír náisiúnta an post sin le comhfhreagraí dhá theangach, Gaeilge agus Béarla.

Seachas sin, ná bac an post a líonadh in aon chorr.  Caith an t-airgead ar chúpla aifreann sa bhreis a chraoladh agus cúiteofar libh sa tsioraíocht é sin!

TG4 agus an ‘leath shúil’ eile…

Is cosúil go bhfuil deireadh leis an clár cúrsaí reatha a chraoltar ar TV3, The Political Party. De bharr ciorruithe tá an staisiún trachtála ag ciorrú ar an líon cláracha déanta in Éirinn atá á chraoladh acu. Chomh maith leis an clár seo, tá deireadh á chur leis an clár spóirt a bhíodh á chraoladh gach oíche ar TV3, clár nar fhéach mé air ach corr uair.

Ar aon nós, níor thaitin an clár ‘The Political Party’ liom riamh – níor mhothaigh mé go raibh ‘údarás’ ar bith ag an laithreoir, Ursula Halligan, agus go deimhin bhí an rud go léir abhairín leath bhacáilte. Bhí an clár a bhíodh á chraoladh ag TV3, Agenda, gach maidin Domhnaigh fiche uair ní b’fhearr, agus an laithreoir, David McWilliams, ana chumasach. Ach chuir an staisiún seo deireadh leis agus tá deireadh curtha anois acu le “The Political Party”. Ina áít is dócha go mbeidh clár eile againn ó Shasana nó ó Mheirceá….

Go fóill áfach tá clár maith cúrsaí reatha ar TV3 – nó craoltar Tonight With Vincent Browne gach oíche (Luan go Déardaoin) idir 11 agus 11.45. Is fiú faire ar an gclár ar mhaithe leis an sceannairt a dheineann Vincent Browne ar na h-airí rialtais is eile a bhionn aige mar aoíanna ar an gclár.

Tá gá lena leitheid de chlár go h-áirithe anois agus deireadh á chur le Questions and Answers, clár ná raibh gan locht ach a thabharfadh ardán éigean do ghnath bhaill an phobail [chomh maith le h-ionadaithe faoi cheilt ó na pairtithe polatúla ar fad] ár gcinnirí a chuir faoi dhian cheistiú.

Fiú leis an sceannairt atá ag titim amach ar sceidil chúrsaí reatha ar TV3 agus ar RTÉ, is mó i bhfad an solathar atá á dhéanamh ag an dhá stáisiún sin don lucht féachana ná mar atá á dhéanamh ag TG4. Go fóill níl ach clár amháin leath uaire in aghaidh na seachtaine ar an staisiún teilifíse Ghaeilge. Seacht Lá a thugann siad air agus bionn ar an fhoireann atá i mbun an chláir sin scéalta uile na seachtaine a chuaigh roimhe a chíoradh agus anailís a dhéanamh orthu laistigh de leath uair a chloig, briseadh fógraí as an áireamh.

Ní soláthar é sin ach másla.

Feictear dom go mbeadh sé réasúnta saor ag TG4 clár fónta chúrsaí reatha, le cois 7 Lá, a chraoladh. Ar ndóigh d’fhéadfaí Seacht Lá nó clár cosúil leis agus Páidí Ó Lionaird sa chathaoir te a chraoladh ceithre nó cúig oíche sa seachtain gan stró. Nó, dá mbeadh clár eile le cumadh, in éineacht le 7 Lá, bhuel, tá go leor daoine cumasacha i saol na Gaeilge a bheadh in ann a leitheid de chlár a chur i láthair – leithéidí Seán Ó Tuairisg, Breandán Delap, Eoghan Ó Néill, is sár iriseoirí an triúr acu, fiú mura n-aontaím leo i gcónaí, agus tá cumas craoltóíreachta acu freisin. Níos mó ná sin, tá údarás acu. Tá daoine a bheadh den tuairim go mbeadh Cathal Mac Coille go maith – b’fhéidir é. Ní thaitníonn sé liom agus chuala mé é ag déanamh cacstaí de mhír faoi dheacrachtaí pholatúla i bPoblacht na Seice cúpla maidin ó shin ar Morning Ireland. Bhí an cuma ar an scéal gur cheap sé go raibh Vaclav Havel fós ina Uachtarán sa tír sin – ar ndóigh is é Vaclav Klaus Uachtarán Phoblacht na Seice.

Mothaímse go bhfuil easnamh mór i saol na craoltóireachta Ghaeilge gan solathar níos fearr agus níos minice de chláracha cúrsaí reatha ina mbeadh polataíocht an lae á chioradh agus á anailísiú. Creidim nach é easpa airgid an chúis le sin ach easpa cnamhdroma TG4. Ní doigh liom go ndéanfaidh an staisiún sin faic chun an deontas bhliantúil a chur i mbaol fhaid is atá sé faoi cheannas na saoistí atá ann faoi láthair. Lámha sabhailte iad na saoistí ach níl ‘splanc’ ar bith iontu.

Ag am ina bhfuil an plé náisiúnta faoi bhagairt de bharr stíl ró thablóideach RTÉ agus an féin chinsireacht a leanann é agus an smacht ró dhaingean atá ag an Rialtas is an bhuainíocht ar na meáin, idir craolta agus clóite, tá gá le splanc níos mó ná riamh.

Mór an trua ach is é mo bharúil nach ‘súil eile’ atá ag TG4 ach leath shúile eile. Agus is boichte sinn agus an Ghaeilge agus an dioscúrsa náisiúnta dá bharr.

iCultúr le seoladh

Inniu an lá deireannach le h-aghaidh iarratais chuig Foras na Gaeilge le h-aghaidh conradh don nuachtán seachtainiúil Ghaeilge.   San áireamh san iarratas tá ar iarratasóirí plean a lua maidir le h-abhar an nuachtáin a chur ar fáil go leictreonach.  Mar a dúirt mé roimhe ní h-ionann sin agus seirbhís nuachta ar líne den chineal a bhí súil agamsa cur ar fáil. 

Ní gá bheith ag brath ar Fhoras na Gaeilge nó ormsa le h-aghaidh nuacht sheirbhís leictreonach áfach – nó tá Eoghan Ó Néill tar éis tús a chur le seirbhís nua theana féin ag a bhlag úr, An Druma Mór Nuacht.  Ná h-ábair é, déan é!  Is é sin an creideamh atá acu i mBéal Feirste agus, rud amháin cinnte, tá gá lena leitheid de chreideamh in aois seo an mhaoirláithis mhíre.    

Seo seirbhís phoiblí atá á chur ar fáil ag Eoghan agus tá ard mholadh tuillte aige as.  Tá an seirbhís seo ag a thús ach táím cinnte go n-eireoidh go geal leis.   Tá súil agam afach go mbeidh tacaíocht phraicticiúil ar fáíl don seirbhis. 

Táim féin ag cur tús le seirbhís nua ar líne an tseachtain seo chugainn.  Is éard atá i gceist le iCultúr fóram beo bríomhar a chur ar fáil chun plé agus léirmheasanna a dhéanamh ar ealaíon is litríocht na Gaeilge agus  na nGael trí cheile.  Tá tacaíocht á fháíl ag an seirbhís ó Ealaín na Gaeltachta agus táimíd buioch as.   Tar éis na Nollag nó níos luaithe beidh sé ag bogadh go dtí baile buan ach, go fóíll agus go sealadach, tá sé ar fáil anseo

Beidh cabhair de dhith le h-aghaidh an seirbhís seo.  Má tá suim agat léirmheasanna a dhéanamh dúinn, cuirfear fáílte romhat.  Beidh táille bheag le h-ioc as do chuid altanna agus gan amhras beidh cead agat an leabhar nó an dluth dhiosca a choimead.   

Beidh fáílte romhaibh freisin bhúr dtuairimí a nochtadh sa ghnath shlí  maidir leis na h-altanna a bheidh le léamh ar líne.