Cartlanna Clibe: Nuacht 24

Uasghnéasú na Gaeilge?

teanga

Dá labhródh bean leat íseal, nach n-ísleofá do ghuth
Dá mbeadh an bean réasúnta, nach réasúnófaí thú

Tugann an ghné alt sa Sunday Tribune ábhar machnaimh dom. San alt deirtear go bhfuil an Ghaeilge i mbéal an phobail agus maítear gur de bharr go bhfeictear anois go bhfuil an teanga á shealbhú ag an dream ghairmiúil, go h-áirithe iad san sna meáin Ghaeilge.

Tá ceangal á dhéanamh san alt seo idir uasghnéasú seo na Gaeilge – ní fheadar cad a cheapann sibh faoi mo leagan Ghaeilge de ‘sexing-up’? – agus chomh feiceálach is atá an Ghaeilge anois de bharr go bhfuil pearsaí i TG4/iar TG4-TnaG agus daoine aille eile á úsáid – leithéidí Dáithí Ó Sé, Gráinne Seoighe, Blathnaid Ní Chofaigh agus Aoibhinn Ní Shúilleabháin atá luaite in alt Úna Mullally.

Tá barúil agam go bhfuil caint mar seo cosúil leis an chaint ann cheol thraidisiúnta tar éis chéad léiriú Riverdance – sé sin le rá nár thuig daoine go raibh ceol agus rínce traidisiúnta gnéasúil go bhfaca siad Michael Flatley agus na stumpaí breatha a bhí in éineacht leis ar an dteilifís.

Anois, de bharr go bhfuil leithéidí na réaltaí ghnéasúil thuas luaite ag labhairt na Gaeilge agus cuid acu beo ar an dteanga, tá an teanga gnéasúil arís agus de bharr sin tá ailt mar seo sna meáin. Creidim go bhfuil abhairín den aicíd sin ‘spin’ i gceist anseo agus feicim láimh an chomhlachta chaidreamh phoiblí, Stillwater, ann – agus ní droch rud amach is amach an méid sin. Luaitear duine de phríomhaithe Stillwater san alt – Natasha Fennell – agus tá blas leataobhach is easnamhach san alt fiú má tá sé ag dul sa treo ceart. Agus luaitear go sonrach Gradaim Cumarsáide an Oireachtais san alt agus bhí páirt lárnach ag an gcomhlacht le h-eagar is poibliú na Gradaim agus sílim gur toradh an alt seo ar an obair phoiblíochta a bhí ar bun ag Stillwater faoi na Gradaim seo.

atasha Fennell is a communications adviser with Stillwater, a company that works with Irish language organisations. “What has happened in this sector [Irish media] is that it has been completely professionalised,” Fennell says. “Public sentiment towards the language has changed – the Irish language has managed to turn a corner from being quite nasty to being fashionable. That shift has been made.”

Fennell believes that a dominant presence in Irish media of fluent Irish speakers has played a huge part in changing the way the public perceives the advantages of learning Irish. “They are role models,” she says of the nominees in the Irish Language Media Awards. “Because of them, people have started to see the value of what Irish can bring you. And it’s about confidence. They have instilled confidence in young people to use the language and be proud of it.”

Tá sé tabhachtach, áfach, go mbeadh an ghné ghnéasúil sin ag baint leis an Ghaeilge. Is tosca é sin a chuideoidh le fás phobal labhartha na Gaeilge amach anseo, chomh fada agus go mbeidh réaltaí nua ag teacht chun tosaigh agus ag úsáid na Gaeilge.

Is dócha nár cheart iontas a bheith orainn agus sinn ag léamh ailt cosúil le seo go bhfuil bearnaí ollmhóra ann i dtuiscint agus i léargas an iriseora.

Dá gcuirfí ceist ormsa faoi na ghnéithe is forásaí agus is gnéasúla i saol na Gaeilge, ní bhéinn ag caint ar Dháithí Ó Sé (quelle surprise? Cé go dtuigim go dtaithníonn Dáithí le roinnt nó na mná thuasluaite, cé nach bhfuil amhras orm ach go bhfuil siad ‘gnéasúil’).

Mar atá ráite agam go minic is iad na fiontair agus na daoine is ‘gnéasúla’ i saol na Gaeilge iad san atá ag saothrú le tionscnaimh ar nós ‘nós*‘, Raidió Fáilte, Raidió na Life, Raidió Rí Rá, An Druma Mór/Nuacht 24, Blas an BBC ó thuaidh, lucht an Chonartha agus tionscnaimh ar nós Ceol 09, fiontair ar nós Gaelchultúr (ranganna Ghaeilge) agus Comhluadar/Baile, agus, gan amhras, an pobal Ghaelach ar an líon, ó Shéamus Poncán go Tadhg Mac Dhonnagáin go iGaeilge is eile. I gcásanna áirithe, nílim cinnte an é ‘gnéasúil’ an focal ceart….

An rud a thugaim faoi ndeara faoi na daoine/fiontair atá luaite agam go bhfuil siad ‘gairmiúil’ maith go leor ach nach an t-airgead an rud is tabhachtaí leo – is é an obair an rud is tabhachtaí agus toradh a saothar agus an slí a théann siad i bhfeidhm ar an bpobal, ar phobal na Gaeilge ar dtúis agus, ina dhiaidh sin, ar sciar den phobal mhór, sciar atá ag fás.

Tá cuma ghairmiúil ag an obair – ach is grá agus diograis na gnéithe is tabhachtaí ann, seachas airgead. Tá sé go maith go bhfuil altanna mar seo sa Sunday Tribune agus sna meáin Bhéarla ó am go chéile – an rud is annamh is iontach – agus fiú go bhfuil an chreidiúint ag dul don dream is lú atá sé tuillte acu, i gcead doibh agus gan dímheas orthu a deirim san, is cinnte nach mbeadh altanna mar seo ann ach an obair ceannródach atá ar bun ag faobhar nua na Gaeilge.

Ní fheadar cad a cheapfadh Ó Riordáin faoin chasadh seo ar a línte chlúiteach óna dhán, Saoirse (féach thúas).

Dá labhródh bean ghnéasúil thú,nach gnéasófaí do ghuth

Gach seans nach mbeadh morán measa aige ar a leithéid…….cad a cheapann sibh?

Foinse – Pravda Uí Chuív?

Táim i gConamara, ag céad comaoine mo neach, agus níl locht air mar ocáid teaghlaigh. Is mór an áthrú é ón ocáid teaghlaigh dhgeireannach a thug sinn le chéile, sochraid m’athair, tuairim is leath bhliain ó shin anois.
Táim ag scriobh an meid seo ar iPhone ague níl sé éasca.
Ag léamh Foinse dom tar eis aifrinn, aithnim an bhearna ata fagtha le dúnadh La Nua. Is léir dom ó thuairisciú ‘phríomh nuachtán naisiúnta na Gaeilge’ – nó an neamh thuairisciu – go bhfuil pé cnamh droma a bhí ag an nuachtán caillte.
Tri shampla:
1. Le linn na seachtaine, sheol an Choimisinéir Teanga a thuairisc bhliantúil. Tá tuairiscí is eagarfhocal ar an dtuarascáil i bhFoinse ach ar eigean gur luadh failli Roinn Ui Chuiv i leith na reachtaiochta agus go h-airithe, níor luadh an faillí atá déanta ag an Roinn a reachtaigh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus a chum agus a cheap cur chuige na scéimeanna i leith a scéim teangan féin.
2. Go fóill níl tagairt ar bith sa nuachtán seo ar an bplean atá ag an Aire Uí Chuív aonad aistriúcháin a bhunú agus an costas a bheadh air. Is scéal mór é seo i saol na Gaeilge – ach ní aithníonn an ‘phriomh nuachtán’ gur amhlaidh atá.
3. An mó pictiúr d’Éamon agus An Taoiseach ar gá a fhoilsiú in aon eagrán?

Ní h-amháin go bhfuil an argóint ann – agus ann go láidir – go bhfuil an nuachtán claonta go mí nadúrtha i dtreo amháin ó thaobh na polataíochta de ach is léir freisin go bhfuil Foinse ar chúl na h-imeartha maidir le scéalta móra na Gaeilge. An tseachtain seo chaite bhí fógra sa nuachtán faoin Stiurthóir Aistriúcháin agus ní raibh an scéal ann. An tseachtain seo bhí an scéal mór ag Nuacht 24 faoi phlean an Aire ‘Údarás na Gaeilge’ a dhéanamh de Údarás na Gaeltachta agus agallamh leis an Aire faoin phlean seo. Ach ní raibh rian den scéal i Foinse.
Tuigim go maith go bhfuil todhchaí an nuachtáin idir dhá cheann na meá faoi láthair agus an Fhoras – Dia idir sinn agus an t-olc – ag plé téarmaí an chonartha úir leis an fhoilsitheoir, Pádraig Ó Céidigh.
Ach ni leithscéal é sin an súil a bhaint den liathróid. Is é priomh ghnó an nuachtáin iriseoireacht a dhéanamh, seachas bolscaireacht ar son pháirtí nó fiú aire ar leith. Is mó an chosúlacht idir Foinse agus ‘Pravda’ Uí Chuív anois ná riamh.

Údarás na Gaeilge á bheartú ag Ó Cuív

Tá seo le léamh in agallamh idir Eoghan Ó Néill agus an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, atá foilsithe san eagrán is déanaí de Nuacht 24. Glacaim leis go bhfuil leagan den agallamh le fáil freisin ar Raidió Fáílte.

San agallamh seo deir sé an méid seo:
Ar dtúis an cheist:

Eoghan Ó Néill: An bhfuilimíd ag caint faoi eagras iomlán nua a bheadh ag comhordú na rudaí seo ar bhonn 26 contae amháin.
Éamon Ó Cuív: Sin an cheist. Ceann de na féidearthachtaí atá ann ná go mbaintear úsáid as ceann de na h-eagrais atá ann cheana féin, mar shampla, Údarás na Gaeltachta. Agus go mbeadh freagracht áirithe ar an Údarás ar fud na tíre ar fad, chomh maith leis an Ghaeltacht.
Sin tuairim amháin a cuireadh chun cinn agus tuairim atá á scrúdú. Ach níl aon chinneadh déanta. Níl ann ach caint faoi láthair. Ach tá fadhb ann. Níl aon cheist faoi sin.

Is cosúil gurb é an rud atá ag déanamh tinnis don Aire, agus nach mall atá sé á admháil seo, go bhfuil an ghné uile Éireannach den Fhoras, an ghné thuaidh theas le bheith beacht, ag cur bac ar chur chun cinn na Gaeilge. Ní cháineann sé a shiúr roinn ó thuaidh, ná an Aire ó thuaidh, Greagóir Doicheallach Ó Chaim Bhéil, ach is léir go dtuigeann sé go bhfuil an roinn sin ag cur laincis nach beag ar chur chun cinn na Gaeilge. Is cuimhin liom an méid sin a thuairisciú roinnt blian ó shin, i 2001/2002, agus nuair a thuairiscíos an méid sin, tháinig preas oifigeach an Aire ar an bhfón chugam go feargach ag séanadh an méid a bhí tuairiscithe. An uair sin ba fear ón UUP a bhí ina Aire, Michael McGimpsey, ach is mar a chéile iad an DUP agus an UUP i leith na Gaeilge.

Tá an crioch dheighilteachas seo gléasta i bhfocail eile ag an Aire agus é ag caint faoin stadas éagsúil atá ag an nGaeilge ó thuaidh is ó dheas agus gur stat ceannasach é an Stat ó dheas agus mar sin go gcaithfidh sé beartú dá réir sin i leith na Gaeilge. Agus, ag cur polataíocht na Poblachta ar leataobh ar feadh soicind, ní féidir argóínt faoi sin nó is firic é go fóíll.

Ar an láimh eile tá sé deacair an Aire a chreidiúint nuair atá sé ag gearán faoi ‘chriochdheighilteachas’ na n-eagras Ghaeilge. Gan amhras tá leithéidí Pobal ann ó thuaidh agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó dheas de bharr go bhfuil cúinsí éagsúla ag an nGaeilge ó thuaidh is ó dheas. Agus eisean is mó atá ag dul don phort sin!

Le linn an agallaimh thug sé súntas do go bhfuil Pobal ann ó thuaidh agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó dheas agus, dar leis:

Is é an trua é nach bhfuil aon eagraíocht amháin Gaeilge ann do na 32 contae maidir le cur chun cinnna Gaeilge ar bhonn deonach.

Mar sin féin is léir ón agallamh go dtuigeann sé na cúinsí éagsúla atá i réim ó thuaidh is ó dheas chomh fada agus a bhaineann sé leis an nGaeilge. Agus tuigfidh sé freisin go bhfuil an dhá eagraíocht éagsúil seo gléasta le h-aghaidh dul i ngleic le na cúinsí ina gcuid féin den oileán.

Ní h-é nach gcreidim nár cheart comhthathú a bheith ann. Ach creidimse go bhfuil sé deacair creidiúint a thabhairt do chaint faoi chomhthathú do Aire atá ag cruthú maorláthas nua don Ghaeilge mar a bhí Midas fadó ag cruthú ór – gach rud a leagann sé láímh air, iompaíonn sé go maorláthas. Ní h-é nach bhfuil gá le maorláthas – ach an oiread sin de?

Anois is arís, tagann sé chun tosaigh san agallamh go dtuigeann an Aire an fadhb:

Nó mar ar thaispeáin an Athair Mac Gréil ina thuarascáil le déanaí, is é an fhadhb atá ann ó dheas go bhfuil eolas ar an haeilge ag daoine ach gan fáill acu í a úsáíd.

An rud atá mise ag rá, má bhreathnaíonn tú ar shaol duine, feictear domsa go mbeadh sé iontach dá mbeadh gasúr á thogáil i mBéal Feirste Thiar, mar shampla, go mbeadh eagraíocht amháin ann a bhreathnódh ina dhiaidh, a chinnteodh go mbeadh naíscoil Ghaelach ar fáil, go mbeadh bunscolaíocht Ghaelach ann, seirbhísí don óige ann agus iomlán saoil ar fáíl.
Is é an chaoi go bhfuil sé faoi láthair againn ná go gcaithfidh 8 nó 9 d’eagrais díreach le gasúr a thogáil le Gaeilge. Ní fheicim aon chiall le sin.

An fath go bhfuil an 8 nó 9 eagras sin ann, leithéidí Gaelscoileanna, Comhar na Naíonraí Gaeltachta etc, gur bunaíodh iad mar aisfhreagra ar easpa sheirbhís ón stát nó gur bhunaigh an stat féin iad agus go raibh sé i gceist go mbeadh riar á dhéanamh ag an eagras ar an dtaoscán sin a raibh sé aitheanta go raibh easnamh ann agus, mar sin, go raibh gá le féachaint ina dhiaidh.

Más amhlaidh go mbeidh bannaí ann go mbeidh an Stat ag déanamh a chúram i leith na h-acmhainní a chur ar fáil chun go dtógfaí na páistí le Gaeilge, maith go leor, ní gá na h-eagrais go léir a bheith ann. Ach go dtí sin, agus go h-áirithe san aeráid seo, ní ghéillfinn ar cheist na n-eagras don Aire. B’fhearr iad a bheith ann ná folús a bheith ann.

Ag an deireadh seachtaine, sa Sciobairín, beidh an tAire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, i láthair ag Comóradh an Stáit ar an nGorta. Ocáid solúnta é seo. Ba mhór aige a thabhairt chun cuimhneamh le linn an chomoraidh go raibh na mílte ag fáil bháis den ocras agus bia á sheoladh amach ó Chorcaigh go Sasana. Bhí bia ann ceart go leor – ach ní dhailfí é i measc iad san a bhí sé de dhith orthu.

An deireadh seachtaine seo chaite, d’fhograiodh go mbeadh aonad aistriucháin á bhunú ag an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le breis is 6,000 ionstraim reachtúil a aistriú go Gaeilge. Tá sé i gceist, de reir dealraimh, an aonad seo a lonnú i gceann de phriomh oifigí na Roinne. Ní fios cé mhéid a chosnóidh sé an méid sin a aistriú go Gaeilge ach d’fhéadfadh sé bheith thar a bheith costasach. An bhfuil bealach níos tairbhí don Ghaeilge is don Ghaeltacht an t-airgead sin a chaitheamh? É a infheistiú in irisí/nuachtáin Ghaeilge, ar a laghad do léighfi iad san. Nó an obair a thabhairt do chomhlachtaí aistriúcháín neamhspleach i nGaeltachtaí ar fuaid na tíre? Nó an t-aonad féin a lonnú i gColásite Iosagáín nó ionad mar é i nGaeltacht atá tearc fhorbartha ó thaobh institiúidí náisiúnta Ghaeilge de?

Tá gá le h-athshamhlú ar an nGaeltacht agus ar phobal na Gaeilge agus eirí as an chaint sioraí seo faoi theorainní is a leithéid. Tá sin ró theorannta.

Tá gá an béim a leagadh ar labhairt agus ar léamh agus ar scríobh is ar chruthaitheacht seachas ar mhaorláthas agus ar fhoirmeacha agus ar phroisis measúnaithe.

Ach is cosúil gurb é bóthar an mhaorláithis atá roghnaithe ag an Aire Ó Cuív – sin bóthar nach dtogfaidh sin in áit ar bith….

An Poc Ar Buile – an amhrán is measa ar Ceol 09?

Tá’n eagrán is déanaí de Nuacht 24 ar fáil agus tá go leor sna scór leathnaigh sa nuachtán seachtainiúil saor ó dheontas seo, mar a bhionn gach seachtain. Tréaslaím le hEoghan Ó Néill agus a fhoireann as a gcuid oibre.

Ach cad é seo sa léirmheas ag Gráinne Nic Fhearraigh ar Ceol 09? Bhí mo léirmheas féin anseo cúpla lá ó shin. An bhfuil sí ag caitheamh anuas ar An Poc Ar Buile, an amhrán is clúití riamh a scríobhadh i nGaeilge?

Seo a deir sí ina léirmheas:

”Ach leis an fhírinne a dhéanamh, bhí mé meallta leis na traiceanna direannacha. Ó traic 11 (Ham Sandwich – Click Click Boom Boom) ar aghaidh, is laige na h-amhráin, rud a tharlaíonn go minic ar dhlúthdhioscaí na saolta seo dar liom. Is minic a chuirtear isteach amhráin mar ‘fillers’ agus tá mé den bharúil go bhfuil lorg de sin ar Ceol 09.

Más sin mar atá, is íonadh gur choinnigh siad an t-amhrán is measa go dtí an deireadh! Cuireann sin isteach orm go mór. Cad é atá i gceist agam? John Spillane agus ‘An Poc Ar Buile’. An ag magadh atá tú, a mhic! Ar dhluth dhiosca pop. Ní thuigim é. Tá sé as áit, aisteach, agus thar a bheith sean aimsearthale taobh Duke Special agus a leithéid, is cuma gur leagan nua John Spillane atá ann. Ní oireann sé do Ceol 09!”

Ní lia duine ná tuairim. Agus is maith an rud é go bhfuil an leirmheastóir seo sásta tuairim a nochtadh atá dúshlánach agus nach bhfuil eagla uirthí sonc a thabhairt do bhá bheannaithe na Gaeilge!

Ag an am chéanna, ba cheart a lua gurb é ‘An Poc Ar Buile’, dá olc é, an t-aon amhrán ar Ceol 09 nach aistriúchán a bhí ann. Cinnte is ‘golden oldie’ é agus níl morán difiriúil i leagan John Spillane ón leagan a bhí ag Seán Ó Sé sna 60í. Agus tá Seán Ó Sé ag canadh sa leagan seo freisin. Ní mór a lua freisin go raibh An Poc Ar Buile ar an albam ‘Irish Songs We Learned At School’ a d’eisigh John Spillane roimh na Nollag agus a dhíol na mílte coipeanna, tuairim is 40,000, an díolachán is mó d’albam Ghaeilge riamh creidim.

An dea smaoineamh amhrán ón albam seo a chur ar Ceol 09? An meallfaidh sé an phobal, seachas an 40,000, Ceol 09 a cheannach ar mhaithe leis An Poc Ar Buile agus na h-amhráin eile ar Ceol 09 a bheith acu nó an gcuirfidh sé daoine ó dhoras mar go bhfuil 40,000 tar éis an albam ISWLAS a cheananach agus nach mbeidh fonn ar chuid acu, atá fonn léirithe acu albam Ghaeilge a cheannach, díol as An Poc Ar Buile faoi dhó. Gan amhras níl ann ach amhrán amháin le taobh breis is dosaen amhrán pop eile i nGaeilge. Nior cheart go gcuirfeadh sé isteach ar dhíolachán.

Bhuel tá an dhá albam agam. Agus is dócha go bhfuil an dhá albam ag go leor Gaeil eile ar mhaithe gur i nGaeilge atá an dhá albam. Ar ndóigh is fiú an dhá albam a cheannach mar go bhfuil siad beirt go maith ó thaobh an cheoil de an oiread is go bhfuil siad go maith ó thaobh an cheoil de.

Ach b’fheidir go bhfuil gá le treo úr a léiriú i Ceol 10. Cén fath nach mbeadh an albam sin lán le h-amhráin nua chumtha i nGaeilge nach bhfuil ar fáil i mBéarla ar chorr ar bith? Cén fath nach gcuirfí meitheal scríobhneoirí is ceoltóirí le cheile chun dosaen nó níos mó amhrán a chumadh anois a bheadh á cheol ag leithéidí Fiach, Cathy Davey, Camille O’Sullivan, Duke Special, Eddi Reader is eile, amhránaithe is bannaí a bheadh i mbéal an phobail.

Cén fath nach mbeadh amhrán ó Ceol 10 ar bharr chairteacha na singlí? Nach mbeadh sé ar an fhreagra is fearr ar An Poc Ar Buile atá as alt le Ceol 09 go mbeadh amhrán Ghaeilge eile ar bharr na gcairteacha – nó ins an Barr 10 ar a laghad – i 2010?

Ar ndóigh tá tosc amháín le cur san áireamh nach bhfuil curtha san áireamh go dtí seo, is é sin go bhféadfadh tograí ar nós Ceol 10 bheith i mbaol de bharr ciorruithe an Fhorais ar Chonradh na Gaeilge. Níl a fhios sin agam go cinnte – níl ann ach tuairimíocht. Fagfaidh mé faoi leitheoirí a mbarúil a thabhairt faoin fhiúntas a bhaineann le caiteachas ar leitheidí an Fhorais seachas ar thograí ar nós Ceol 10.

Cá bhfuil Foras na Gaeilge ag caitheamh ár gcuid airgid?

An tseachtain seo d’eisíodh dhá iris nua – ceann acu ar chosain an t-uafás airgid agus ceann eile a chosain pinginí.   Ceann acu i mBéarla agus ceann eile acu i nGaeilge – buille faoi thuairim faoin cheann ar a thug Foras na Gaeilge tacaíocht do!    Freagraí ar chartaí poist chuig Ferdie ag 7 Cearnóg Mhuirfean…..

An Boord o’Ulster Scotch, leath bhadóir an Fhorais ar an bhForas Teanga, a d’eisigh an iris Bhéarla, Oot an Aboot.  Maith go leor níl sé go h-iomlán i mBéarla – tá alt amháin san iris glossiáilte seo in Albainis Uladh.    Iris costasach le tairgeadh é seo agus tá 20,000 cóip saor in aisce á dháileadh acu. 

Tá fógra amháin iomlán leathnaigh i nGaeilge in Oot an Aboot.  Is le Foras na Gaeilge an fógra seo.    Cén costas a bhí air?  Níl a fhios agam ach tá’s agam gur beag an luach a chuirfinn air.  Is mó seans go bhfuil litreacha gearáin á sheoladh chuig an Boord anois ag Aondachtóir Aintoisceach  éigean ag tabhairt le fios gur mhothaigh siad ‘fuacht’ ón leathnach i nGaeilge.  Maíomh áiféiseach é seo – ach ní maíomh é nach bhfuil déanta roimhe seo nó nach é sin a bhí á rá ag micléinn ag Ollscoil na Ríona roinnt blian ó shin agus iad ag gearán faoin fhuacht a mhothaigh siad de bharr comharthaíocht oifigiúil Aontas na Macléinn bheith dhá theangach. 

Ar aon nós, bheadh sé maith go leor dá mba rud é, dar liom, dá mbeadh Foras na Gaeilge ag tacú le h-iris in Albainis Uladh ach tá sé áiféiseach amach is amach go bhfuil an éite Gaelach den Fhoras Teanga ag tacú le h-iris i mBéarla den tsort seo agus ag baint feidhme as ár gcuid airgid chun amhlaidh a dhéanamh. 

Cuir an flaithiúlacht seo i gcomparáid leis an dearcadh sprionlathach atá ag an bhForas – agus an Boord o’ Ulster Scotch – maidir le fógraí i nuachtáin  sa nuachtán  i nuachtáin Ghaeilge agus in irisí Ghaeilge.   Bhíodh na fógrai ó Fhoras na Gaeilge chomh gann le sneachta dhearg i Lá Nua – agus ní fheicim aon fhógra ón bhForas i Nuacht 24 ach an oiread. 

Ní ró shasta atá Newton Emerson faoin mbealach atá ár gcuid airgid á chaitheamh ag an Boord o’Ulster Scotch agus cé nach n-aontaím le Newton de ghnath, aontaím leis an uair seo.

Ní ró shasta atá sé ach an oiread go bhfuil an Boord ag oscailt oifig don phobal ar an bpríomhshraid i mBéal Feirste, Sraid Great Victoria, agus go mbeidh seo ina oifig eolais don phobal faoi chultúr ‘Albainis Uladh’. 

Ní miste liom beartas den tsort seo nó léiríonn sé go bhfuil an Boord ag iarraidh caidreamh díreach a bheith acu leis an bpobal – seachas an caidreamh indireach a leagann Foras na Gaeilge béim air, caidreamh a chothaitear tre fógraí costasacha a fhoilsiú in irisí ar nós Phoenix is eile.

Tá oifigí an Fhorais i mBéal Feirste agus i mBaile Atha Cliath i bhfolach nach mór agus ní áiteanna iad a thaobhaíonn an phobal leo.  Dá mba rud é go raibh na h-oifigí in áiteanna ina raibh an phobal agus go raibh gné phoiblí leo, an gcuirfeadh sé sin leis an gcaidreamh atá ag an bhForas leis an pobal agus an tuiscint atá ag an bpobal ar an obair a bhionn ar bun ag an bhForas. 

An uair dheireannach a thug mise cuairt ar an bhForas i mBéal Feirste, ní raibh ach duine amháin ann romham san iarnóin. Oifig mór fairsing atá ann le spás le h-aghaidh fiche nó triochadh duine.  Is mór an náire nach mbionn ach duine nó b’fheidir triúr ann ar bhonn leanúnach. 

In am seo an ghatair b’fheidir gur cheart don bhForas cuireadh a thabhairt d’eagrais atá ag obair san earnáil deonach teacht chun oibre sna oifigí seo agus airgead an chíosa a shábhailt ar na h-eagrais seo.  Bheadh sé ina chúiteamh ar na giorruithe a fhograíodh roimh na Nollag. 

Nó rogha eile, rogha níos fearr b’fheidir.  Nár cheart don bhForas an oifig seo ar Shráid na Banríona, atá chomh fada ón ghnath phobal is go bhfuil sé as radharc, a fhágáil agus oifig a ghlacadh ar chíos in áit eigean congarach don phobal Ghaeilge in iarthar Bhéal Feirste, oifig a bheadh oscailte don phobal le go bhfeicfeadh daoine cé h-iad Foras na Gaeilge agus céard a dheineann siad ar son na Gaeilge?    

Gan amhras d’fhéadfadh oifig phoiblí an Fhorais bheith ina chuid lárnach den athfhorbairt atá á bheartú don Chultúrlann ar Bhóthar na bhFal nó a chomhionann atá beartaithe le h-aghaidh Baile Atha Cliath.   

An cheist sin arís: Cén bealach atá ár gcuid airgid á chaitheamh ag an bhForas?