Cartlanna Clibe: Milene Fegan

Nuacht 24 – fíorú na físe

Tá an tseirbhís nuachta dhigitigh, Nuacht 24, beo faoi dheireadh, deirtear  liom.   Beagnach bliain ó shin ó fhograíodh go raibh an chonradh faighte ag Tomaí O Conghaile agus a cháirde i Fusion i mBéal Feirste, tá na deacrachtaí suntasacha a bhí acu maidir le cúrsaí éagsúla réitithe.

Seo sampla thuas den chineál oibre a bheidh ar bun ag Nuacht 24 – scéal deas ag cur síos ar an obair mhaith atá á dhéanamh i gColáiste Feirste.   Dream óg ag tabhairt an dráma iomráiteach, Dialann Anne Frank, ar árdán sa Baby Grand sa Grand Opera House i mBéal Feirste.

Is maith liom na guthanna óga seo a chloisint ag labhairt na Gaeilge go nádúrtha, de réir a gcanúint féin.   Níl aon náire orthu í a labhairt – a mhalairt glán, is léir go bhfuil siad bródúil aistí agus is dea theist é sin ar scoil ar bith.

Iar scoláire de chuid Coláiste Feirste í Milene Fegan, laithreoir Nuacht 24, agus ar ndoigh tá sí tar éis go leor taithí iriseoireachta agus eile a bhailiú le Nuacht 24, an nuachtán, agus chomh maith le sin b’í Rós Bhéal Feirste ag Féile na Rósanna anuraidh.

Beidh Tomaí O Conghaile, mo shean chomrádaí ag Lá Nua agus duine de na h-iriseoirí agus gniomhaithe is bisiúla sa tír, ina laithreoir freisin agus tuigim go mbeidh sean chomrádaí eile liom, Eoghan O Néill le feiscint ós comhair ceamra freisin.

Tá sé de rún agam féin cúpla scannán a chur ina dtreo le féachaint an mbeidh spéis acu iontu – b’fhéidir go mbeidh tuairisc againn ar chuairt na bhFilí Albanacha go Múscraí ar Nuacht 24 amach anseo?

Beidh le feiceáil!  Más amhlaidh go dtarlaíonn sé sin, déanfaidh mé mo dhícheall mo phus gránna a choimead as radharc an cheamra!

Mar is dual do mhuintir Bhéal Feirste, tá ceannródaíocht ar bun acu.  Níl siad sásta bheith sáite leis an sean rud ach iad, ar nós criú an Enterprise, ag lorg domhan úr agus a leithéid.

Go maire sé i bhfad – agus go raibh rath air!  Live Long and prosper!