Cartlanna Clibe: Michael Lowry

Arán agus sorcais: Athmheas na seachtaine

Arán agus sorcais! Panes et circentes! B’shin téama na seachtaine seo chaite, idir ath-shuathadh na n-airí stáit (agus díshealbhú seachtar acu) agus fógairt ne Leon Éireannach is Briotanach. B’shin iad na sorcais….ceisteanna aráin agus ime a bheidh ag déanamh tinnis don chúpla céad a chaill postanna le linn na seachtaine, i dTrá Lí mar shampla.

Ní doigh liom go dtuigeann Brian Ó Comhainn an bata atá sé ag gearradh do féin agus a pháirtí. Le gach u-chasadh óna bhéal – “glacfaidh sé reachtaíocht chun an bónas fad seirbhíse a bhaint ó TDanna atá i dteideal iad a fháíl anois” nó ”bhí sé i gceist nach bhfaigheadh iar airí pinsin agus iad fós ag feidhmiú mar TDanna sa todhchaí” – tá sé ag tochailt faoina chreidiúint féin mar pholaiteoir a dheineann beart de réir briathar.

Is mór an trua é sin nó chreid mise nuair a ceapadh é go raibh mianach ann. Chlaon sé mé ina threo leis an Ghaeilge. B’fhuraist mé a cheapadh ar a fhoireann mar sin.

Is mór an tairbhe a rinne sé don Ghaeilge í a úsáíd mar a rinne sé in oráidí – ach ní bheathaíonn briathra na bráithre. Nó ní bheireann caint an móin abhaile…

Ní fheictear domsa go bhfuil aon tairbhe fad tréimhseach déanta don Ghaeilge lena linn agus, mar sin, i solas fuar an lae, ní mór dom athmheas a dhéanamh ar an dtacaíocht a bhí mé sásta a thabhairt don Taoiseach.

Sampla den easpa tacaíochta i bhfirinne atá ag FF agus an Taoiseach don Ghaeilge, gan fiú focal Ghaeilge a bheith go fóill ar shuíomh nua an pháirtí nó fiú focal sa “chéad teanga náisiúnta” a bheith sna teachtaireachtaí r-phoist a chuireann sé chugham ó am go chéile. [Níl aon caidreamh agam leis an dTaoiseach seachas gur chláraigh mé m’ainm le suíomh idirlín FF!].

Ar aon nós, ní léir go bhfuil aon am ag an dTaoiseach chun í a chaitheamh ar an nGaeilge níos mó. Níl a fhios agam an mbionn sé ag crunniú go rialta lena chomh bhaill den fho choiste Rialtais atá ceaptha chun plean Ghaeilge a chur le chéile. Nó an raibh cruinniú ar bith go fóill i mbliana?

Tá pobal na Gaeilge sásta go minic an dubh a chur ina gheal orainn tre glacadh le geallúintí ach gan a bheith ró bhuartha faoi chomhlíonadh na ngeallúintí. Deirtear linn go mbeidh pleán Ghaeilge ann chun an teanga a thabhairt slán as seo go ceann 20 bliain. In ainneoin go raibh an pleán sin le bheith ar fáíl roimh an Nollaig seo chaite, bhuel táimíd fós ag feitheamh go foighdeach.

Nílimse ag feitheamh go foighdeach. Táimse agus daoine eile ag brú ar aghaidh – tá nós* bunaithe ag Tomaí Ó Conghaile agus Feilim Bórland – gan deontas – tá Raidió Rí Rá – an raidió don aos óg a bhíodh Éamon Ó Cuív ag tagairt do go mion is go minic ag craoladh ar an idirlíon a bhuiochas do Chonradh na Gaeilge, ceann de na h-eagrais Ghaeilge atá faoi bhagairt ag na ciorruithe, tá pobail thuas agus thíos na tíre ag iarraidh gaelscoileanna a bhunú agus a thacú.

Ceapann an Rialtas agus an Taoiseach seo gur féidir caitheamh le pobal na tíre agus pobal na Gaeilge amhail is go mbeimíd, mar a bhí pobal na Róimhe trath, sásta le blúiríní aráin agus sorcais.

Tá dul amú orthu. Mar a dúirt an iar Aire Stáit, John McGuinness, lena Aire Shinsearach, an Tánaiste Máire Ní Chochláin, níl muinín againn asaibh níos mó.

Ní gá vóta mí mhuiníne bheith ann sa Dáil i leith an Rialtais seo – nó tá ár muinín caillte acu i bhfad ó shin.

Le linn na seachtaine seo votáil TDanna an Rialtais ar shon reachtaíóchta a chuirfeadh deireadh le ‘bónas na Nollag’ do lucht faighte iocaíochtaí leasa shoisialaigh, pinsinéirí, tuismitheoirí aonair, daoine le míchumas éigean, daoine dí fhostaithe. Bhí roinn TDanna Rialtais ná raibh i láthair don vóta – an Taoiseach féin ina measc. Bhí roinnt TDanna neamhspleacha a thugann tacaíocht don Rialtas as láthair freisin – Jackie Healy Rae ó Chiarraí Theas agus Michael Lowry. Ná ceapadh siad nach dtugaimíd chun cuimhne ná raibh siad sásta seasamh leo san atá ar an imeall…..