Cartlanna Clibe: Mary Hanafin

Mary Hanafin, Ciorclán 44/07 agus Fimíneacht Fáil

'F' a fuair Fianna Fáil sa litriú....

Feicim go bhfuil polasaí Ghaeilge seolta ag Fianna Fáil agus is é an phríomh phointe sa pholasaí seo, go bhfuil Fianna Fáil chun cosaint a dhéanamh ar stadas na Gaeilge san Ard Teist.

Ait mar sin gurb í Mary Hanafin a cuireadh chun tosaigh chun íonsaí a dhéanamh ar pholasaí Fhine Gael ar an mbonn ná raibh sé, dar lei, bunaithe ar thaighde eolaíoch agus fianaise neamhspleach.

Ar éigean gur thiteas as mo shuíochán ag gairí nuair a léigh mé an méid seo ó bhéal an Aire Hanafin, an iar-aire Oideachais a d’éisigh an ciorclán úd 07/1044, agus í ag cáineadh go géar seasamh Enda Kenny.

During my time as Minister for Education, when Enda Kenny first proposed to abolish the teaching of Irish as a core subject for the Leaving Cert I pointed to his failure to provide a single shred of evidence or research to support his position.

In the intervening five years, he has failed to come up with a single scientific or research-based argument to support his proposal. The reason for this is simple; there is no evidence to back Enda’s hunch.

Is cuimhin liom gur minigh a ghlaoigh mé ar an Aire Hanafin bunús éigean eolaioch nó fianaisiúil a chur ar fáil maidir leis an gcinneadh deireadh a chur le tumoideachas Ghaeilge tar éis an chéad téarma don naíonán bheag ach ní raibh aon freagra uaithi.

Arís, sa ráiteas seo, tá an Ghaeilge luaite mar chroí ábhar san Ard Teist agus is amhlaidh gur ábhar éigeantach í agus cuirtear síos ar Mhatamaitic agus ar Bhéarla mar chroí-ábhair agus ní ábhair éigeantacha iad. I ráiteas a d’eisigh Foras na Gaeilge an tseachtain seo chaite, mhol siad polasaí FG mar seo:

Aontaíonn Foras na Gaeilge le rún Fhine Gael go ndéanfaí athbhreithniú ar churaclam na Gaeilge ach, os a choinne sin, mholfadh an Foras go tréan nach ndéanfaí aon bheart bonnathraitheach ar nós an Ghaeilge a bhaint de liosta na n-ábhar éigeantach don Ardteistiméireacht. Bhí deacrachtaí ag croí-ábhair Ardteistiméireachta eile, an mhatamaitic mar shampla, ach, in ionad an t-ábhar a bhaint den churaclam, rinneadh athbhreithniú ar an gcuraclam agus ba é toradh a bhí air sin gur tugadh isteach Tionscadal Mata ag leibhéal na hArdteistiméireachta.

Arís tá míthuiscint in áit éigean – ní h-ionann croí ábhar agus ábhar éigeantach mar sin níl aon chiall le moladh an Fhorais nach mbainfí an Ghaeilge ‘de liosta na n-ábhar éigeantach’ nuair nach bhfuil ach an Ghaeilge éigeantach! Chomh maith le sin, dá olc é moladh FG i leith an Ghaeilge san Ard Teist, ní doigh liom go bhfuil sé i gceist ag an pháirtí é a bhaint den churaclam, mar a chreideann an Fhoras is cosúil. Ar aon nós, cad is fiú bheith ag plé le h-eagras ar nós Foras na Gaeilge atá go mór ar chúl na h-imeartha sa chluiche seo.

Deimhníonn polasaí Fhianna Fáil, de réir mar atá sí foilsithe inniu (Dé Domhnaigh), go ngeallann FF:

stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar don Ardteist a chaomhnú agus staidéar eolaíoch a dhéanamh ar an dara ábhar Gaeilge a thabhairt isteach le freastal ar riachtanais ar leith daltaí Gaeltachta agus daltaí líofa eile

I bhfianaise stadas FF sna pobal bhreitheanna, is féidir an gheallúint sin a chur i dtaisce sa bhanc nach féidir. Is cinnte má tharlaíonn sé de thimpist nó de mhiorúilt éigean go mbeidh Fianna Fáil agus, go h-áirithe, Mary Hanafin ar ais sa Dáil agus, Dia idir sinn is an t-olc, sa Rialtas, beidh an deis againn an tiomantas nua don bheart atá bunaithe ar thaighde, dea chleachtas agus fianaise a chur i gcuimhne di agus dá comhleacaithe.

Ní léir ó shuíomh idirlín Fhianna Fáil go raibh Eamon Ó Cuív i láthair ag an seoladh seo. Ar a laghad níl aon chuma ar an scéal gur labhair sé ag an ocáid agus is deacair ocáid phoiblí de chuid FF faoin nGaeilge a shamhlú gan oráid ón Chuíveach. Más amhlaidh an scéal, is ait an scéal an méid sin.

Tá an chuma ar an bpolasaí maidir le cúrsaí oideachais go bhfuil polasaí Chonradh na Gaeilge sciobtha acu scun scan – comhartha, b’fhéidir, go bhfuil Fianna Fáil á réiteach féin do thréimhse freasúra ina mbeidh siad ag tapú gach deis chun an Rialtas a íonsaí agus gur beag an baol go mbeidh siad ag cur i bhfeidhm Straitéis Tamhlachta II.

Beidh le feiceáil is dócha.

Dála an scéil, is cosúil go bhfuil profleitheoir ó Mhary bocht nó tá na cúpla focail Ghaeilge a úsáideann sí breac le botúin. Cheapas gur múinteoir Ghaeilge í – b’fhéidir go léiríonn sin an fhadhb!

Léiríonn suirbhéanna éagsúla go bhfuil dearcadh níos dearfaí ag pobal na hÉireann i leith na Gaeilge ná mar bhí le blianta fad.

Batt O’Keeffe – laoch nua an tumoideachais!

An tAire Oideachais is Eolaíochta, Batt O'Keeffe

Ní minic dom ag moladh Batt O’Keeffe, an tAire Oideachais is Eolaíochta, nó go deimhin aon Aire Oideachais is Eolaíochta, ach táim chun nós nua a thosnú(?) inniu.

Nó thug an méid a léigh in alt uaidh i Foinse na maidine spreagadh AGUS misneach dom.    Chaith an t-alt furmhór a gcuid spáis ag caint faoin suíomh idirlín nua, Abair Leat, suíomh atá déanta ag an Roinn i gcomhphairt nó le spreagadh Des Bishop is cosúil.

De réir an ailt, agus tá an mhír seo geall leis ag deireadh an phíosa, tá plean ag an Aire deis a thabhairt do gach macléinn iar bhunscoile freastal ar chúrsa ceithre sheachtain ‘tumoideachais’  ag cur barr snáis ar an nGaeilge.

Anois is smaointeoireacht úr é seo – agus is sean smaointeoireacht é.   Ach is cinnte go gcuideoidh sé le daltaí sin bheith níos mó ar a gcompórd in úsáid na Gaeilge agus iad ag freastal ar na meanscoileanna.  Gan amhras, d’fhéadfadh sé iompú ina ‘ghimic’, nach mbeadh morán brí leo agus nach mbeadh morán tairbhe don dalta nó don teanga dá thoradh.

I bhfocail an Aire féin:

Tá sé beartaithe agam go ndéanfar cúrsa ceithre sheachtain tumtha do scoláirí iarbhunsleibhéil a phíolótú agus go ndéanfar athbhreithniú ar an soláthar a dhéantar sna Coláistí Gaeilge Samhraidh i gcoitinne.

Tá go leor feidireachtaí ag an scéim seo – d’fhéadfadh sé bheith ina dheis eacnamúil don Ghaeltacht nó cén áít eile a bhfuil an taithí ar chúrsaí tumoideachais trí Ghaeilge thar treimhse ceithre sheachtain a chur ar fáil?   Tá Gaelscoileanna ag gabhail don tumoideachas ar feadh na mblianta.  Dream eile a fhéadfadh comhairle a chur ar an Aire.

Is é seo an chéad chomhartha dar liom go bhfuil an Aire seo, thar mar a dhein aon Aire roimhe, ag tabhairt faoi ndeara go mbionn dea thoradh ar an nGaelscolaíocht, ní h-amháin don Ghaeilge ach do dhearcadh agus chur chuige an dalta agus iad ag tabhairt faoi abhair eile.  Níl sé coicís ó chuir sé deireadh le Ciorclán 0044/07 ach seo é anois ag moladh scéim ceannródach agus fadradharcach.

An rud is annamh is íontach, Aire Oideachais is Eolaíochta atá sásta foghlaim.

Comhairle d’iarrthóirí FF: Laghdaigh an logó, méadaigh an vóta!

Agus í ag caint ar Newstalk ar maidin, d’admhaigh Mary Hanafin, Aire Ghnóthaí Phobail is Shoisialta an Rialtais, go raibh dornán iarrthóirí tar éis logó an phairtí ar a bpostaeirí a laghdú agus ná raibh siad de réir an teimpléid a bhí scaipithe ag lár oifig an pháirtí.

Maolaisnéis
na seachtaine nó an fheachtais ar fad. Ar ndóigh tugadh an fheinimeán seo faoi ndeara anseo agus anseo roimhe. An mbeidh éiric le h-ioc as comhghleacaithe Crowley as an ‘dicheangal’ feiceálach seo idir iarrthóirí an pháirtí agus branda an pháirtí?

Níl tús curtha leis an gcomhaireamh fós sna toghcháin Eorpacha ach is léir ó lucht tailí go bhfuil Brian Crowley, an t-é a tugadh faoi ndeara anseo ag laghdú a cheangal le FF leis an logó pháirtí is lú riamh, chun suiochán a bhaint go h-éasca an iarraidh seo. Deirtear liom gur iarrthóir mhaith é agus go ngéilleann a fhreasúra pholatúil fiú go bhfuil sé ina fheisire fhónta.

Go ginearálta, is droch thoradh a bheidh ann d’Fhianna Fáil. Ní lá íontach a bheidh ann do Shinn Féin ach an oiread, ar libhéal na hEorpa ar aon nós, agus nach mbeidh na Glasaigh ró shásta lena dtorthaí ach an oiread.

Ar an láimh eile, is lá íontach é do Joe Higgins agus na neamh spleaigh ar an éite clé: tá suíochán bainte ag Maureen O’Sullivan, comhleacaí le Tony Gregory, go ndéana Dia trócaire air, i mBaile Átha Cliath Láir, agus tá Joe Higgins féin san iomaíocht don suiochán Eorpach i mBÁC; An Chiarraíoch Shoisialach a bheidh sa reicneáil in éineacht le Mary Lou McDonald (SF) agus Eoin Ryan (FF) i mBÁC. Gach seans gur ag Joe a bheidh an suíochán mar go mbeidh seisean ábalta nios mó aistriúcháin a mhealladh ó gach taobh.

Lá maith é freisin don Lucht Oibre agus do Fine Gael. Beidh dhá shuíochán ag páirtí Éamon Gilmore – Nessa Childers san Oirthear agus Proinsias de Rossa i mBÁC – agus tá Alan Kelly sa reicneáil sa Deisceart.

Tá Fine Gael ag baint an Fhómhair anois ó na síolta a chuir Enda Kenny ón uair gur toghadh é i 2002. Tá cuma ar FG go bhféadfaidís bheith sa Rialtas – nó is páirtí atá ana éagsúil é ón pháirtí a bhí John Bruton ina cheannaire air.

An deacracht le na torthaí seo go mbeidh deis ag FF teacht chuthu féin agus iad fós i gcumhacht agus ag ullmhú d’olltoghchán nach gá, de réir dlí, a ghairm go dtí 2012! Theana féin tá casadh á chur ar an scéal ag urlabhraithe an pháirtí – bhí Dermot Ahern, an Aire Dlí agus Cirt, ar an raidió ag rá go raibh FF sásta an pháirtí a íbirt ar son na tíre. Bhí sé ag caint faoin uair – idir mí Iúil agus Meán Fómhar seo chaite – gur bheartaigh an Rialtas tabhairt faoin dtír a thabhairt slán ón eigeandáil eacnamaíochta. Más buan mo chuimhne b’shin an tréimhse ná raibh teacht ar Aire FF in aon áit mar go rabhdar ar laethannta saoire! Ar ndóigh níl aon léiriú ach an oiread ar an dtuiscint atá agam agus ag daoine eile go raibh láimh ag FF sa tubaiste eacnamúil seo, go raibh gaoth FF i seolta na mbanc agus na bhforbróirí agus iad ag seoladh na tíre i dtreo na carraigeacha.

Ach mura mbíonn athrú ar an scéal ó thaobh na nGlásach agus an tacaíocht uatha san don Rialtas – agus tá leid nó dhó le clos ó Chiarán Cuffe ar an gceist seo agus é ag smaoineamh ós árd faoin tairbhe a bheidh le baint as an socrú atá acu le FF faoi láthair a leanúint – beidh FF ar an Rialtas.

Ag filleadh ar cheist SF, ní thosnófar an chomhaireamh ó thuaidh go dtí Dé Luain ach is léir go mbeidh an lá ag Bairbre de Brún agus go gcriochnóidh sí ar bharr an liosta. Tá súntas ag baint le sin mar gheall ar an bhfeachtas a bhí ag an DUP – theastaigh ó Diane Dodds a chinntiú nach mbuafadh SF an toghchán. Anois is cosúil go bhfeadfadh sí féin bheith i mbaol de bharr go bhfuil teacht aniar léirithe ag an bPáirtí Aondachtach ón chomhnascadh a rinne siad le Tóraithe Shasana agus go bhfuil an tacaíocht is aintoiscí agus is seictí a bhí ag an DUP ag sceitheadh go dtí an TUV.

Ní crith talún pholatúil ó thuaidh go dtí lá go mbeidh an lá ag SF i dtoghchán ar fuaid an fho chúige!

Ach má tá SF le dul i bhfeidhm ar bhonn uile Éireann, caithfidh an pháirtí iarrthóirí eile ar nós Toireasa Ferris a aimsiú, aghaidh úr is cur chuige nua ar fad a chur i bhfearas. Níl sin as an áireamh.

Mothaím go bhfuilimíd ag feiscint don chéad uair tonn an athruithe i bpolataíocht na hÉireann. Beidh le feiceáil cé an mbaileoidh an tonn céanna nirt agus go mbrisfidh sé le fórsa ar an dtrá nuair a reachtáilfear an olltoghchán go luath nó níos moille.

San iarthuaisceart tá Declan Ganley ag déanamh níos fearr ná mar a bhí á thuar sna pobalbhreitheanna. Gach seans go mbainfidh sé an triú suiochán.

Mo thuar don toghchán Eorpach ag an bpointe seo:
BÁC Gay Mitchell FG, Proinsias de Rossa Lucht Oibre, Joe Higgins (Páirtí Soisialach)
Éire Thoir: Mairéad McGuinness FG, Nessa Childers LO, John Paul Phelan FG
Éire Thiar: Jim Higgins FG, Marian Harkin Neamhspleach, Declan Ganley Libertas
Éire Theas: Brian Crowley FF, Sean Kelly FG, Kathy Sinnott NS.
Agus ná deintear dearúd – grma a Instagsign – ar Éire Thuaidh.
Éire Thuaidh: Bairbre de Brún SF, Jim Nicholson UUNF, Jim Allister TUV.

Lá cinniúnach é seo freisin do lucht bhlagála agus tá siad ag léiriú ag fiúntas an chéird agus foireann blagála ag déanamh tuairisciú 60/60/24/7 ar an dtoghchán. Is féidir an tuairisciú seo a leanúint anseo.