Cartlanna Clibe: Máirtín Ó Cadhain

An teanga í an Ghaeilge atá in oiriúint don 21ú Aois?

Léigh mé rud éigean cúpla lá ó shin ar Facebook a chur ag smaoineamh mé faoi mheon aigne lucht na Gaeilge.  An é seo ár locht mór?

Panu Petteri Höglund Ag léamh “An Branar gan Cur” i gcónaí, agus an leabhar ag titim as a chéile. Is é an fhírinne shearbh nach bhfuil ciall ag Breandán Ó Doibhlin do chomhréir na teanga, agus gur roghnaigh sé an aimsir láithreach mar fhoirm inste le nach gcuirfeadh na léitheoirí sonrú ina dhroch-Ghaeilge. Dealraíonn sé gur scríbhneoir eile Galltachta a bhí ann nárbh fhiú leis Gaeilge na Gaeltachta a fhoghlaim, a thaighde ná a staidéar.

Anois ritheann sé liom gur seo an cineál rud a chuireann lag mhisneach ar scríobhnóirí.   An eolas atá agamsa ar Bhreandán O Doibhlín, is scoláire Ghaeilge den scoth é agus fear léanta.  É sin ráite níor léigh mé aon cheann dá leabhair, an leabhar thuas san áíreamh.   Tá altanna uaidh léite agam agus níor thuig mé go raibh locht ar a chuid Gaeilge.   B’fhéidir go raibh an iomarca suime agam sa mhéid a bhí le rá aige?

An rud a thugann ar Ghaeilgeoir Mór na Fionlainne an daor bhreith seo a thabhairt ar shaothar Uí Dhoibhlin, go mbaineann sé úsáid as an  aimsir láithreach chun an scéal a insint.  De réir Panú, an cúis atá le seo go bhfuil sé ag iarraidh a chuid droch Ghaeilge a cheilt.

An tuiscint atá agamsa ar an litríócht, gur cleas é an Aimsir Láithreach chun an leitheoir a shuíomh nios gaire don scéal, i lár an aicsin más maith leat.

Tá leabhar á léamh agam, leabhar Bhéarla, ‘Let the Great World Spin’, le Colm McCann ina mbaintear úsáid as an Aimsir Láithreach go h-eifeachtach chun scéal ceann amháin de na caraictéirí a ínsint.  An droch Bhéarla é seo?   Ní doigh liom é.  An dea scéalaíocht é?   Sin a cheapfainn.

Ar ndóigh tá claonadh ag lucht na Gaeilge bheith siocaithe san Aimsir Chaite agus sinn ag caoineadh na laethannta a bhí, na leabhair a scríobhadh fadó.  Dea leabhair gan amhras – ach leabhair a bhaineann le ré eile inár stair.

Seo ráiteas eile de chuid Panú:

Agus maidir leis an droch-Ghaeilge, is í Gaeilge na Gaeltachta, an teanga a bhí ag na scríbhneoirí móra cosúil le Máirtín Ó Cadhain agus Séamus Ó Grianna, an caighdeán atá agamsa.

An dana an mhaise domsa é bheith ag ceistiú Panú ar an bpointe seo?  Is é an rud atá á rá agam go gcreidim go bhfuil sé maith go leor bheith ag maíomh gurb iad O Cadhain agus Mac Grianna an chaighdeán – agus, dá bhrí sin, cén seans atá ag scríobhnóir atá ag scriobh sa ré seo nuair atá an bheirt sin, a bhí ag scríobh ina ré féin, agus a cáíneadh go géar, faoin bhfód agus ina mba beannaithe?

An chaint seo go léir faoin ‘chaighdeán’ agus an ‘athbhreithniú’ atá le déanamh air ag coiste éigean, ceapaim go gcaithfimíd smaoineamh ar an gceist seo faoin nGaeilge agus faoin bhéim iomarcach atá againn dar liom ar an bpeann dearg seachas ar an méid atá le rá nó scríofa.

Tá an locht orm féin.  Cuireann nithe áirithe isteach orm i gcónaí.  Ní féidir liom éisteacht le Caoimhe Ní Laighin ag léamh na nuachta i nGaeilge ar Raidió 1 gan pian – ceapaim go bhfuil an greim atá aici ar an dteanga cosúil le cailc lofa á scríobadh ar dhroch chlár dubh.

Thit mo chroí nuair a léigh mé ceann líne i gcéad eagrán Gaelscéal, san rannóg spóirt:  Labhraíonn Ronan Loughney i nGaeilge le Gaelscéal!   Cosúil le rud éigean a scríobhfadh páiste cheapas – páiste i ngnó na h-iriseoireachta (samhlaigh é:  Ronan Loughney speaks in English to [insert name of English language newspaper here].

Beannacht Dé lena anam, ach mhínigh Aodh O hIr ó Dhún Dealgan dom go raibh sé mícheart úsáid a bhaint as an Aimsir Ghnathlaithreach i gceannlíne nuachtáin mar gur Béarlachas amach is amach a bhí ann – chomh maith le droch eagarthóíreacht.

Tá daoine a easaontódh liom agus a dheirfeadh liom go bhfuil Caoimhe Ní Laighin agus fo-eagarthóir Gaelscéal [má tá a leithéid fostaithe ag an nuachtán gan iriseoirí] ag baint úsáide as Gaeilge na linne seo.   Ach de bharr go mbainim le ré eile – ré idir an ré sin agus ré m’athar a raibh Gaeilge ó chliabhán aige, Gaoluinn sean laochra Chúil Aodha ar nós Fruí is an Suibhneach Meann is a mhathair féin, Cáit Ní Shuibhne.

Ach sin mise le mo pheann dearg…..an bhfuil orainn, pobal na Gaeilge, teacht ar thuiscint nua faoin dteanga, nach rud beannaithe í a chaithfear a chosaint uatha san nach  bhfuil Gaeilge Uí Chadhain agus Mac Grianna agus m’athair agus an Suibhneach Meann is a leithéid?

An é an praghas a chaithfimíd ioc chun saibhreas na Gaeilge a thabhairt mar oidhreacht don chéad ghlúin eile, cuid den saibhreas sin a bheith millte againn agus ag an nglúin sin araon fhaid is a gcuirtear an teanga in oiriúint don aois ina mairimíd?

Tá sé ag eirí déanach agus tá na ceisteanna seo ag eirí trom.  Fagfaidh mé agaibh iad go fóill.    An cheist atá faoi chaibdil ná: An bhfuil an Ghaeilge in oiriúint [fit for purpose] don 21ú aois?

Eddie Keenan ar shlí na fírinne

eddie-2Scéal brónach chugainn ó Bhéal Feirste go bhfuil duine de laochra na teanga agus na réabhlóide, Eddie Ó Chianáin, ar shlí na firinne.

Chuir mé aithne ar Eddie le linn mo sheal i mBéal Feirste, fear lán spioraid agus amhráin agus comhluadar den scoth.

Chaith sé cuid mhaith dá shaol i ngéibheann de bharr a sheasamh ar son na hÉireann agus tá cúntas níos iomláine ar a shaol ar An Druma Mór.

Cuimhneoidh mé ar na h-oícheannta sa Chultúrlann agus é ag canadh le meanman leagan Ghaeilge den International agus amhrán clúiteach a chum sé fein, Bhí Mé Ann/I Was There.

Agus i measc na n-áiteanna a raibh sé – bhí sé ag ranganna Ghaeilge le Máirtín Ó Cadhain agus é imtheorannaithe le linn an dachadaí.
Ar dheis Dé go raibh a anam.