Tá agallamh fada – an fhada ach lán le f***** stuif spéisiúil – ar Beo na míosa seo leis an Seanadóir Eoghan Harris. Liosta le h-áireamh iad na daoine ar thit an Seanadóir amach leo….Proinsias Mac Aonghusa, Máire Nic Roibín…..
Deineann an Seanadóir tagairt don chaint a rinne sé ag ocáid oscailte an Oireachtais nuair a chuir sé gluaiseacht na Gaeilge i gcomparáid le paisinéirí ar an Titanic agus gan a fhios acu go raibh an long pollta faoin uisce líne!
Bhíos ag an chaint sin, oíche oscailte an Oireachtais, agus bhí sé ana thaithneamhach. Ní fheadar, afach, ar thaitin sé le maithe is mór uaisle ghluaiseacht na Gaeilge a bhí i láthair i Halla na Cathrach an oíche úd!
Mar sin féin, tá sé fíor inniu go fóill agus an chaint seo ar fad faoin phlean 20 bliain atá le foilsiú uair eigean go luath faoi athbheochan na Gaeilge agus na Gaeltachta. An mbeidh an Titanic go fóill ar snámh nuair a thagann an plean sin chun tarrthála a dhéanamh uirthí!
Thuas tá deis eile le sliocht ón oráid téigeartha sin a chloisteáil….