Cartlanna Clibe: Libertas

Pobal na Gaeilge in áit na leathphingine

Tá comhaireamh fós á dhéanamh – agus gach seans go mbeidh votaí go fóill á chomhaireamh (agus á athchomhaireamh b’fhéidir i gCaisleán a’Bharraigh) go déanach anocht.

Nílim chun morán a rá faoin dtoghchán agus na torthaí anseo – tá daoine ann a chreideann, mar shampla, gur beag an bhrí a bhionn ag torthaí na dtoghcháin Eorpacha inár saol. Is cosúil freisin go bhfuil laghdú mór tagtha ar líon na votairí ar fuaid na hEorpa a rinne votáil sa toghchán Eorpach i mbliana thar mar a bhí ag an gcéad toghchán Eorpach i 1979. I 1979, agus gan ach naoinúr sa Chomhphobal, bhí an ráta votála i ngiorracht do 65%. I mbliana, agus 25 ballstat ann, agus, cheapfá, níos mó suime san aidbhintiur pholatúil seo, bhí an ráta nios giorra do 40%. Arbh vóta mímhuiníne é sin sa bhfiontar pholatúil seo, vóta mímhuiníne níos tréine ná an vóta a fuair pairtithe atá in éadan an Aontais, leithéidí Libertas, UKIP agus eile?

An cloch is mó ar mo phaidrín anois go gcreidim go laidir go bhfuil droch mhargadh á fháil ag pobal na Gaeilge ó thaobh thuairisciú is anailís cúrsaí reatha. Beag an méid a bhí ar TG4 mar gheall ar an dtoghchán le linn na deireadh seachtaine, i gcomparáid leis an méid a bhí ar RTÉ 1 agus TV3. Bhí clár uair go leith ann oíche Dé Satharn, á chur i láthair ag Páidí Ó Lionaird agus Eibhlín Ní Chonghaile, agus aréir bhí clár leath chomh fada ann agus gan ach Eibhlín sa stuideo. (Dheineas éagóir ar TG4 i dtrachtaireacht eile nuair a thugas le fios nach mbeadh aon clár toghcháin ann – ach le bheith cothrom, ní raibh a leithéid fógartha sna nuachtáin). Ar eagla na míthuisceana, ní ar lucht léirithe an chláir atáim ag cur locht ach ar saoistí an staisiún agus na h-údaráis nach dtuigeann, is léir, go bhfuil goile ann do chláracha beo ar mhór imeachtaí ar nós toghcháin i measc lucht féachana na Gaeilge is TG4. Is é an locht is mó a laghad agus ní féidir Páidí nó Eibhlín a lochtú as sin…

Gan amhras, ní i dtuairisciú cúrsaí reatha atá easpa le mothú ó TG4. Inné agus go leor cluichí craoibhe ar bun i gCraobhacha na hIomána agus na Peile, bhí trachtairí TG4, Pádraig Brian Tyers agus Gearóid Mac Dara Mac Donncha, (grma@maidhci), ag tuairisciú ar Chraobh Leadóige Oscailte na Frainnce. Ní h-é go raibh cearta eisiacha acu ar an gcluiche leadóige seo nó bhí sé ar fáil ar BBC 2. Má tá sé tabhachtach go mbeadh mór ocáidí spóirt ar fáil i nGaeilge, nár cheart go mbeadh tús áite ag na cluichí Gaelacha?

Feictear dom go bhfuil TG4, dá fheabhas iad, á imeallú de réir a chéile ó lár an aonaigh agus go bhfuil an staisiún, ar mhaithe le greim a choimead ar an ndeontas laghdaithe, ag treabhadh leo gan aon ghleo a dhéanamh faoin leatrom seo. Gan amhras tá TG4 ag brath ar RTÉ le h-aghaidh nuacht agus cursaí reatha agus is cinnte go bhfuil an máthair chraoltóir ag déanamh cinnte nach mbeidh sciar cothrom den chiste á fháil ag craoltóireacht cúrsaí reatha trí Ghaeilge.

Ní h-amháin go bhfuil coilleadh á dhéanamh ar TG4 ach tá seo á dhéanamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin. De réir scéala i bhFoinse ag an deireadh seachtaine, dearbhaiodh an méid a tuairisciodh an seachtain roimhe go raibh deireadh le cur le dhá chlár cúrsaí reatha – Seó Beo an tSathairn agus Faoi Chaibidil – agus cé ná raibh aon rud le rá sa scéal faoi ciorrú ar uaireannta chraolta Adhmhaidin, dearbhaíodh go mbeadh deireadh leis an mir ‘Cad A Deir Sé Sna Paipéir’.

Imeallú de short é seo ar lucht éisteachta na Gaeilge. Ba mhír é seo a rinne ceangal idir pobal éisteachta na Gaeilge agus na mór scéalta sna meáin chlóite Béarla agus, nuair a bhí Lá/Lá Nua ann, bhíodh don chuid is mó tagairtí ann do scéalta sa nuachtán sin. Ar ndóigh níl Lá Nua ann níos mó – ach lean an mir agus cé gur cheap mé go bhféadfadh slacht níos fearr a bheith air, bhí sé úsáideach agus tairbheach é a bheith ann.

Splanc geal amháin sa dorchadas go mbeidh síneadh le h-uaireannta chraolta chlár Ronáin Mhic Aoidh Bhuí, dhá uair a bheidh ann anois seachas uair amháin. Ciallóidh sin breis craic is eile – ach ciallóidh sé freisin go m’bhféidir go mbeidh deireadh le clár Máirtín Tom Sheainín idir 2-3in nó an clár Foinn is Fógraí idir 4-5in nó an clár An Glóir Anoir (idir 5-6in). Níl an pictiúir soiléir go fóill.

Thugas faoi ndeara gurb é Dónal Ó Braonáin, leas cheannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta, an t-é a bhí ina urlabhraí ag RTÉ RnaG agus an scéal á thuairisciú ag Foinse. Cén fath nárbh í an ceannasaí, Edel Ní Chuirreáin, a thug an droch scéal? Is dócha go bhfuil gá le ceannasaí nó leas cheannasaí ar RTÉ RnaG ach an bhfuil gá leis an mbeirt acu. Mura raibh ann ach ceannasaí, an mbeadh clár nó beirt ná raibh caillte againn?

Thugas faoi ndeara freisin go raibh fógra le Des Bishop ag an gCoimisinéir Teanga á chraoladh ar TG4 le déanaí. An bhfuil sé in am don Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, an báta clúiteach a deirtear bheith ina sheilbh a úsáid chun smacht a chur ar RTÉ agus iachailll a chur ar an gCraoltóir Náisiúnta riar a dhéanamh níos fearr ar chúrsaí reatha (agus cúrsaí spoirt) i nGaeilge agus iad ag teacht chun tosaigh (cathain?) le scéim teanga?

Seachas bheith ag gearán, agus tá an ghearán tabhachtach, tá gá freisin le beart eile a dhéanamh. Thugas faoi ndeara ná raibh morán, seachas mé féin, ag blagáil agus ag baint úsáide as Twitter chun trachtaireacht a dhéanamh ar thorthaí na dtoghchán éagsúl. Rinneadh an-iarracht amhlaidh a dhéanamh i mBéarla agus ní gá ach cuairt ar an láthair seo, Count Day Live, agus is sár obair atá déanta anseo.

An mbeadh suim ag Gaeil amuigh ansan iarracht mar seo a dhéanamh nuair a bheidh olltoghchán ann luath nó mall. Má tá, tagaigí i dteagmháil liom agus déanfaimid beart. Táim cinnte go bhféadfaí leithéidí Raidió Fáílte, Raidió Rí Rá agus eile a thabhairt ar bórd agus sár jab a dhéanamh…..

RT

Toghchán na dTurcaí

Tá an Comhaireamh go fóill á dhéanamh – agus is cosúil nach mbeidh aon deireadh leis. Ní fhógrófar buaiteoirí na suíochán Eorpach go dtí anocht, ag 9in, tar éis go mbeidh an vótáil criochnaithe i dtíortha eile san Aontas. Tá siad ag vótáil inniu.

Tá go leor cainte ar maidin faoin pobal bhreith a rinne Lansdowne Market Research ar son RTÉ/Sunday Independent agus na torthaí uaidh sin. Níl na torthaí sin ag teacht go díreach leis an tailí a bhí á dhéanamh inné ag ionaid comhairimh ar fuaid na tíre.

Mar shampla tá an pobal bhreith san Iarthar ag tabhairt le fios go bhfuil Pat The Cope Gallagher ar 21% ach de réir an tailí, is don triú suíochán a bheidh An Cóp má eiríonn leis Declan Ganley a sharú. Dar leis an tailí go mbeidh Jim Higgins agus Marian Harkin sa chéad dhá shuíochán.

Admhaítear go bhfuil deacrachtaí leis an tailí maidir leis na toghcháin Eorpacha – tá sé sin amhlaidh de bhrí ná raibh na votaí á chomhaireamh inné i slí go bhféadfaí an vóta a fheiscint go soiléir. Bhí siad á chomhaireamh bun oscionn agus mar sin bhí ar lucht tailí dul ar a nglúin chun an órd votála a fheiscint ón dtaobh thíos, má thuigeann sibh mé.

Ag an am chéanna, bionn amhras i gcónaí maidir le pobalbhreitheanna, fiú na pobalbhreitheanna iar votála. Neosfaidh an aimsir cé acu is cruinne – an tailí nó an pobalbhreith. Tá mo chuid airgid ar an dtailí!

Tá an bascadh a fuair na Glasaigh ag cur leis an tuairimíocht go mbeidh Olltoghchán ann gan ró mhoill, laistigh de shé mhí. Faoi láthair, is é mo thuairim go bhfanfaidh na Glasaigh sa Rialtas go dtí deireadh téarma más féidir leo in aon chorr. Is é seo an t-aon seans atá ag an bpáirtí a chuid polasaithe a chur i bhfeidhm agus má fhagann siad an Rialtas anois, bascfar iad ag an Olltoghchán agus b’fhéidir go mbeidh deireadh leo ar fad.

Is cinnte go bhfuil Fianna Fáil chun fánúint i Rialtas más féidir leo in aon chorr – tuigeann siad nach bhfuil aon leas ann dóibh anois Olltoghchán a lorg.

Sin a bhaineas ó chaint Dermot Ahern níos luaithe ar Newstalk agus é ag rá ‘nach mbeadh an pobal buioch dúinn olltoghchán a fhógairt anois’ agus go gcaithfídís fánúint i gcumhacht ag déanamh na gcinntí crua go dtí deireadh ‘ar mhaithe leis an tír’ seachas, mar a chuir sé i leith FG agus an Lucht Oibre’, bheith gafa le cluichí polatúla ar mhaithe lena bpairtithe.

Póta. Citeal. Dubh. Cuir in abairt an trí fhocal sin!

Tá sé ráite agam in áit eile gur mór an trua nár bhuaileamar bob ar Fhianna Fáil an uair seo. Dá mbeadh vóta maith tugtha againn don pháirtí agus go gceapfadh na saoistí gur cheart dóibh olltoghchán a fhogairt anois chun ceannaireacht Bhrian Cowen a dhromscríobh. Ansan, ag an olltoghchán sin, go dtabharfaí cic sa tóin dóibh nach ndearúdfaidh siad go brách.

Ach sin fantasaíocht pholatúil.

Tá díomá orm faoin tuairisciú atá déanta ar TG4, go h-áirithe, faoin toghchán. Bhí clár uair go leith ag an staisiún aréir, de reir tuairiscí. Maith go leor. Ach ní bheidh aon chlár faoin gcúntas inniu, an lá a bheidh na cúntais ar fad ag teacht chun criche. Nó amarach. Agus Dé Máirt, nuair a bhíodh 7 Lá ar siúl, agus nuair a bheithfeá ag súil le h-eagrán chun iarmhairtí na dtoghchán a mheas, ní bheidh 7 Lá ann ach Irish Paint Magic, clár i mBéarla.

Tá seirbhís níos fearr tuillte ag pobal na Gaeilge ó TG4.

Maidir le Raidió na Gaeltachta, tá an thuairisciú á dhéanamh ar na dtoghcháin áitiúla. Tá na tailíonna is eile ag teacht go tiubh agus go tréan ó na h-ionaid comhairimh i rith an ama agus nuair a bhíos ag filleadh abhaile aréir timpeall 7.30in, bhí sé fós ag dul.

Tá an bhéim ar ndóigh ar na toghcháin aitiúla faoi láthair ar RnaG – ach bheinn ag súil go mbeadh léargas éigean á fháil againn ar an bpictiúr náisiúnta nuair a bheidh na torthaí ó na toghcháin Eorpacha á fhógairt. Tá sé cineál tuirsiúil bheith ag éisteacht le torthaí ó gach bothán votála sa tír – agus an bhéim seo ar an ghné ‘tíreolaíoch’ de gach vóta – i rith an ama: bionn an cuma ar an scéal go bhfuilimíd chomh báite leis an mionsonraithe nach bhfeicimíd an pictiúir mhór….

Ach sin trachtaireacht do lá eile….

Ceisteanna agus Freagraí

Tá moladh ag dul do Chonradh na Gaeilge as ucht an suirbhé thíos a rinne siad ar na h-iarrthóirí ar fad atá á gcur féin ós comhair na votairí agus iad sa tóir ar shuíochán i bPairlimint na hEorpa don toghchán sin an tseachtain seo chugainn.

Tá mo bharúil féin agam faoi na bhfreagraí – nuair a deir polaiteoir go mbeidh sé ag úsáid na Gaeilge, an féidir linn sin a chreidiúint? Má deir siad go bhfuil siad ar son an mhaolú ar úsáid na Gaeilge sa Phairlimint a thabhairt chun deiridh, an leor seo a rá nó ar cheart go ndéarfaidh siad go mbeidh siad i mbun feachtais ghníomhaigh chun seo a dhéanamh.

Bíodh sin mar atá – an t-aon dream nach bhfaighidh aon vóta nó tacaíocht uaimse, na polaiteoirí a bhí ró leisciúil nó ró bhiogóideach in éadan na Gaeilge (iarrthóírí an UUP agus an DUP!) freagra a thabhairt ar na gceisteanna réasúnta seo.

Molaim Conradh na Gaeilge as an mbeartas seo – ach sílim go bhfuil gá le h-athmhachnamh a dhéanamh ar an gcur chuige in am don olltoghchán atá ag teacht. Creidim gur cheart go n-eagrófaí ocáid phoiblí nó sraith ocáidí agus go dtabharfaí cuireadh do na ceannairí ar fad teacht os comhair phobal na Gaeilge agus a seasamh ar cheisteanna móra an phobail sin a mhíniú. Arís ní dímholadh é sin ar an mbeartas seo – ach creidim go dtabharfadh an cur chuige atá molta agamsa seasamh níos fearr don Ghaeilge san fheachtas toghcháin….

Agus, ar cheist eile, ritheann sé liom gur beag seans a tharlódh tada mar seo, litir nó ocáid phoiblí, gan leithéidí Conradh na Gaeilge a bheith ann agus chomh gníomhach is atá….

Seo chugaibh na ceisteanna agus achoimre ar na bhfreagraí. Is féidir na freagraí ina iomláine a léamh anseo.
CAITH DO VÓTA LEIS AN nGAEILGE
FREAGRA NA nIARRTHÓIRÍ DO PHARLAIMINT AN AONTAIS EORPAIGH AR CHEISTEANNA NA GAEILGE
1. (a) Má thoghtar mar chomhalta de Pharlaimint na hEorpa tú, an labhróidh tú Gaeilge go
rialta agus mar ghnáthchleachtas sa Pharlaimint?

(b) Muna bhfuil tú compordach le caighdeán do chuid Gaeilge, an gcuirfidh tú feabhas ar do
chuid Gaeilge trí ranganna Gaeilge a ghlacadh / cúrsa féin‐foghlaim ar líne a dhéanamh chun
a chinntiú go mbeidh do dhóthain Gaeilge agat chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn san
Aontas Eorpach ag baint úsáid as an bpríomhtheanga náisiúnta?
2. An gcabhróidh tú le deireadh a chur leis an
maolú maidir le stádas na Gaeilge san Aontas
Eorpach (AE) trí bhrú a chur ar Rialtas na hÉireann
agus ar an Aontas Eorpach chuige sin?

An Seanadóir Alan Kelly, An Lucht Oibre, Toghcheantar an Deiscirt:
1. Níl sé ar a chompórd ag labhairt i nGaeilge, seachas ‘cúpla focal’. Ag iarraidh í a fhoghlaim.
2. Ba mhaith leis breis eolais faoin mhaolú. Thacódh sé beartas ar bith a bheadh chun leasa na Gaeilge.

Alban Maginness, SDLP, Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann
1. Níl Gaeilge aige. Bheadh sé ag iarraidh í a fhoghlaim. Tá an SDLP ar son Acht Ghaeilge ó thuaidh chun réimse seirbhísí a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge.
2. Ar son mholadh an Chonartha.

Bairbre de Brún, Sinn Féin Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann
1 & 2 ”Ar siúl aici go leanúnach.”

Brian Crowley, Fianna Fáíl, Toghcheantar an Deiscirt
1. Bionn cúpla abairt aige i nGaeilge i ngach oráid ach ní bheadh sé compórdach ag tabhairt oráide iomlán i nGaeilge.
2. Ar shon deireadh a chur leis an maolú chomh fada is go mbeadh an foireann aistritheoirí agus dlíodóirí/theanga-eolaithe ar fáil.

Caroline Simons, Libertas, Toghcheantar Átha Cliath
1) Tá sí sásta an Ghaeilge a úsáid sa Phairlimint.
2) Ar shon réimse iomlán seirbhísí i nGaeilge a bheith ar fáil.

Colm Burke, Fine Gael, Toghcheantar an Deiscirt
Gan freagra / No answer

Dan Boyle, An Chomhaontas Glas, Toghcheantar an Deiscirt
1. Cé nach bhfuil líofacht bainte amach ag Dan sa Ghaeilge go fóill, bheadh sé an‐shásta úsáid a bhaint as acmhainní
teanga ar bith a mholfadh an Conradh.
2. Bhí an Comhaontas Glas mar chuid den bhFreasúra nuair a cuireadh an maolú speisialta don Ghaeilge san AE i
bhfeidhm. Bhíomar ina choinne ansin agus táimid fós ina choinne.

Declan Ganley, Libertas, Toghcheantar an Iarthair
Go raibh maith agat as ucht do ríomhphost.
1 Ar bheagán Gaeilge.
2 Breis eolais á lorg aige. Ar shon stadas na Gaeilge a chaomhnú san AE.

Deirdre de Búrca, An Chomhaontas Glas, Toghcheantar Atha Cliath.
1.Ta ar intinn agam Gaeilge a labhairt go rialta sa Pharlaimint Eorpach ma thoghfar me ar 5u Meitheamh, agus gan dabht
beidh orm feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge! Chaith me seachtain sa Ghaeltacht i mBaile Feirtear an bhliain so
chaite agus déanfaidh mé an rud céanna an bliain seo.
2. Ar shon fáil reidh leis an mhaolú.

Diane Dodds, DUP, Toghcheantar an Tuaiscirt
Gan freagra / No answer

Eibhlin Byrne, Fianna Fáíl, Toghcheantar Átha Cliath.
1. Ar son a cuid Gaeilge a úsáid sa phairlimint.
2. ?

Eoin Ryan, Fianna Fáíl, Toghcheantar Átha Cliath.
1. Níl Gaeilge aige – ach ar son tacú lei.
2. Níl a dhothain aistritheoirí ann faoi láthair ach ag obair i dtreo an uair go mbeidh sin amhlaidh.

Gay Mitchell Fine Gael, Toghcheantar Átha Cliath.
1. Gaeilge aige agus ar son í a usáíd.
2. Ceist casta é seo nach féidir leis a fhreagairt.

Ian Parsley, Alliance
1. Roinnt Ghaeilge aige agus ag iarraidh í a fhoghlaim ach dar leis gur tabhachtai ‘priomh theangacha na hEorpa a fhoghlaim’.
2. Níl sé ar son deireadh leis mhaolú – ach tá sé ar shon breis airgid a chur ar fáil le h-aghaidh foilsitheoireacht agus craoladh i nGaeilge.

Jim Higgins, Fine Gael, Toghcheantar an Iarthair
1. 90% dá chuid oráíd i nGaeilge mar atá.
2. Ar son stadas níos laidre don Ghaeilge.

Jim Nicholson, UUP, Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann.
Gan freagra / No answer

Joe O’Reilly, Fine Gael, Toghcheantar an Iarthair
1. Úsáidfidh sé an Ghaeilge sa Phairlimint.
2.Gan amhras ar shon deireadh a chur leis an maolú.

Joe Higgins, An Pháirtí Shoisialach, Toghcheantar Átha Cliath
1. Bainfidh sé úsáid as an nGaeilge an oiread agus is féidir.
2. Caithfidh na cearta caoi a thabhairt don teanga.

John Paul Phelan, Fine Gael, Toghcheantar an Oirthir
Gan freagra / No answer

Kathleen Funchion
1. Ar bheagan Gaeilge ach ag iarraidh í a fheabhasú.
2. Ar son deireadh a chur leis an maolú agus deiseanna fostaíochta a chruthú do phobal na Gaeilge.

Kathy Sinnot, Neamhspleách, Toghlach an Deiscirt.
Gan freagra / No answer

Liam Aylward, Fianna Fáil, Toghcheantar an Oirthir.
1. Cúpla oráid i nGaeilge déanta aige. Ceal misnigh an chúis leis an neamairt seo. Níl sé i gceist aige aon chúrsa a dhéanamh chun cur lena chumas.
2. Gá le h-aistritheoirí.

Máiread McGuinness, Fine Gael, Toghcheantar an Oirthir
1.Sea/ YES
2. Sea/ YES

Marian Harkin Neamhspleách, Toghcheantar an Iarthair
Gan freagra / No answer

Mary Lou McDonald, Sinn Féin, Toghcheantar Átha Cliath
1. Beidh sí ag iarraidh cur lena cumas agus ansan tabharfaidh sí faoi níos mó úsáide a bhaint as an nGaeilge.
2. Ar son deireadh a chur leis an maolú.

Ned O’Keeffe, Fianna Fáil
1. Ar bheagan Gaeilge, chun freastal ar ranganna.
2 Ar son deireadh a chur leis an maolú.

Nessa Childers, An Lucht Oibre, Toghcheantar an Oirthir
1. – Ar bheagan Ghaeilge, chun cur lena cumas agus níos mó úsáide a bhaint aisti.
2. – Níl sí ar shon deireadh a chur leis an maolú nó níl sí ar son maolú breise a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge.

Padraig Mac Lochlainn, Sinn Féin, Toghcheantar an Iarthair.
Ag tacú leis an dá cheist

Paschal Mooney, Fianna Fáíl, Toghcheantar an Iarthair
1. Ar son ach ar bheagan Ghaeilge.
2. Ar son.

Pat the Cope Gallagher, Fianna Fáil, Toghcheantar an Iarthair
1. Ar son
2. Ar son

Proinsias de Rossa, An Lucht OIbre, Toghcheantar Atha Cliath
1. Ar son an Ghaeilge a úsáid, mar a bhí riamh.
2. Níl sé ar shon deireadh a chur leis an maolú nó níl sé ar son maolú breise a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge.

Raymond O’ Malley, Libertas, Toghcheantar an Oirthir
1. Ar son cé go bhfuil sé ar bheagan Ghaeilge.
2. Ar son deireadh a chur leis an maolú.

Seán Kelly, Fine Gael, Toghcheantar an Deiscirt
1. Sea/Yes
2. Sea/yes

Steven Agnew. An Chomhaontas Glas, Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann
1. Níl Gaeilge aige ná níl sé de rún aige í a fhoghlaim.
2. Ag iarraidh eolais faoi míbhuntáistí do phobal na Gaeilge de bharr an maolú.

Susan O’Keeffe, An Lucht OIbre, Toghcheantar an Iarthair
1. Ag foghlaim na Gaeilge in athuair. Sasta í a úsáid
2. Sásta brú a chur chun deireadh a chur leis an maolú.

Thomas Byrne, Fianna Fáil, Toghcheantar an Oirthir.
Gan freagra / No answer

Toireasa Ferris, Sinn Féin, Toghcheantar an Deiscirt
1. Bainfidh sí úsáid as an nGaeilge sa Phairlimint má thoghtar í
2. Sásta oibriú chun deireadh a chur leis an maolú.

Tomas Sharkey, Sinn Féin, Toghcheantar an Oirthir
1. Tá sé chun an Ghaeilge a úsáid sa phairlimint agus i ngach gné dá chuid oibre ann.
2. Tá sé chun iarracht a dhéanamh ar an maolú a chur ar cheal.

Ag brú na gcnaipí

glasagusgaelach
I bhfianaise an méid a tháinig chun solais inniu (Dé Luain) faoi sé ranna Rialtais bheith ag sárú Acht na dTeangacha Oifigiúla, máthair roinn na reachtaíochta san áireamh, is dócha nár cheart go mbeadh íontas orainn go bhfuil suíomh idirlín FF fós gan Ghaeilge. Tá níos mó i bPolainnis ar an suíomh ná mar atá i nGaeilge.

Go deimhin is másla dúbalta i gceist – nuair a bhrúnn tú an chnáipe Ghaeilge, leathnach i mBéarla a fhoilsítear. An ‘ga’ sin ar barr, sin ‘gaeilge’.

Seoladh an suíomh seo roimh Ard Fhéis FF i mí an Mhárta. Sin dhá mhí ó shin. Ní fios cé mhéid airgid ar chosain sé – go fóill, áfach, níl aon Ghaeilge ann.

Níl aon Ghaeilge ar shuíomh Fhine Gael ach an oiread.

Is beag Ghaeilge atá ar shuíomh Shinn Féin – tá cúpla focal i nGaeilge ar an bpríomh leathnach – ‘Aisling do Thodhchaí na hÉIreann’. Agus má dheineann tú cuardach ar an nGaeilge, gheobhaidh tú roinnt preas raitis faoin nGaeilge i mBéarla agus roinnt d’oráidí Gerry Adams ina bhfuil roinnt Ghaeilge ann. Ach níl leagan Ghaeilge den suíomh.

Ar shuíomh an Lucht Oibre, tá uirlis aistriúcháin Google ach cé gur feidir an suíomh a aistriú go Rúisis, níl focal Ghaeilge ar an suíomh.

Ar shuíomh Libertas, tá cnaipe ann mar atá ar shuíomh FF agus deir sé leat má bhrúann tú an chnáipe go bhfaighidh tú suíomh Ghaeilge nó Gaeilge nó ‘Irish’. Beag an baol. Níl focal i nGaeilge ar shuíomh Libertas.

Fear Gaeltachta é Joe Higgins agus bheithfeá ag súil le blúirín i nGaeilge ar suíomh a pháirtí. Beag an baol. Níl focal Ghaeilge ar http://www.socialistparty.net.

An Chomhaontas Glas – ar a laghad nuair a bhrúann tú an cnaipe Ghaeilge ar an suíomh seo, faigheann tú Gaeilge. Ní mór an méid é – ach tá sí ann agus tá an pháirtí le moladh as seo.

Is bocht an iarracht atá á dhéanamh ag na pairtithe pholatúla ar fad chun aon súntas a thabhairt don Ghaeilge ar a suíomhanna idirlín. Beag an costas a bheadh leis – costas an aistriúcháín amháin. [Agus cuireann sé sin as an áireamh go mbeadh Gaeilgeoir éigean sna pairtithe a dhéanfadh an aistriúchán mar ghar dá pháirtí!] Má thoghtar iad, is cinnte go mbeidh siad ag caitheamh na céadta mílte nó na milliún ag aistriú ábhar nach léifimíd ar chorr ar bith i dteanga ar bith go Gaeilge.

Cheapfá freisin, i bhfianaise gur deineadh teanga oifigiúil oibre den Ghaeilge san Aontas Eorpach i 2005, go mbeadh na pairtithe Éireannacha atá ag cur iarrthóirí chun tosaigh don toghchán Eorpach sásta an Ghaeilge a úsáid ar a suíomhanna idirlín. Beag an bhaol….