Cartlanna Clibe: Kevin Myers

Kevin Myers – an Gael is fearr riamh!

Kevin Myers - an Gael is Gaelaí riamh

Bhí litir uaim san Irish Independent ar maidin ag gabhail buiochais le Kevin Myers agus a chomh thaistealaithe mar gheall ar an méid atá déanta aige agus acu ar son na Gaeilge i gcaitheamh na mblianta. Gan a mbinib in éadan na teanga le linn an ama sin ar fad cá bhfios ach go mbeadh an Ghaeilge faoin bhfód fadó!

An rud nach maraionn, neartaíonn. Sin a deirtear ar aon nós. In ainneoin na n-ionsaithe ar an dteanga ó leithéidí Kevin Myers i gcaitheamh na mblianta, tá níos mó beatha intí anois ná mar a bhí le blianta fada. I gcead do ‘Ghluaiseacht na Gaeilge’, ní h-é Conradh na Gaeilge nó Comhdháil nó Foras nó aon eagras eile atá ar a chúl seo ach gnathdhaoine ag iarraidh sealbhú a dhéanamh ar rud éigean atá, b’fhéidir, as an ghnath. Teanga éagsúil ó theanga an aonaigh – mar a dúirt Hartnett, English is the perfect language to sell pigs in – ach ár dteanga féin ag an am chéanna!

Agus nuair a chuireann leithéidí Kevin Myers a bpinn sa phota nimhe le h-íonsaí a dhéanamh ar an dteanga, is sinne, an ghnath chosmhuintir, atá á íonsaí aige, na dúramáin a fhanann dílis do theanga nach dtuigeann sé. Scríobhann sé chun sinn a mhaslú ach is amhlaidh go ngriosann sé sinn. Agus féach an toradh atá ar a chuid maslaí – thug sé Telefís Delorean ar an bhfeachtas ar son TG4 (TnaG mar a bhí) agus anois tá ceannairí na tíre ag diospóireacht as Gaeilge ar an staisiún sin agus lucht féachana san iomlán de 500,000 aige. Go deimhin b’é an diospóireacht ab fhearr san fheachtas é, dar le go leor, an t-aon uair a raibh beocht san fheachtas fhadalach leathdránach seo. (Thit mo chodladh orm le linn na diospóireachta ar RTÉ an oíche dheireannach!)

Tá sé féin fostaithe ag nuachtán, an Irish Indo, agus deintear Foinse a dháileadh sa nuachtán céanna. Ar an lá a fhoilsíodh an cholún is déanaí uaidh i leith na Gaeilge bhí scéal ar phríomh leathnach Foinse faoin líon is airde léitheoirí riamh a bheith ag an nuachtán sin, 195,000, thar aon nuachtán Ghaeilge eile riamh roimhe. Ní beag an méid léitheoirí sin ag aon nuachtán.

Mar sin tá Kevin Myers agus a leithéid tar éis bheith ina chabhair mór ag lucht na Gaeilge i gcaitheamh na mblianta agus é ár bpriocadh ó am go chéile chun sinn a dhíriú ar an mbóthar romhainn seachas bheith gafa ag mionshonraithe an lae. Cén fath go mbímíd ag cur am agus allas i dtreo cur chun cinn na teanga? Uaireannta, tá a fhios agat, bionn gá le meabhrú cad é an rúd atá ag troid ar a shon agus is é sin an fheidhm atá ag Myers – nuair a léann tú a cholún bionn a fhios agat laithreach cad tá tú ar a shon mar gheall go bhfuil an rud atá tú ina choinnibh curtha i gcuimhne dhuit!

Mar sin, lean ort Kevin Myers, an Gael is fearr riamh. Ná trathfadh an nimh i do pheann choiche!

Cé atá ag cur cás na Gaeilge?

Is dócha gur cheart bheith ag súil lena leitheid ach seo alt aineolach leataobhach eile faoi staid na Gaeilge – an uair seo ní i nuachtán Éireannach atá sé ach sa New York Times.

Tá blúirín den bhfirinne ann – sa chiall is go bhfuil cabhair á fháil ag an nGaeilge agus go bhfuil sí in ísle brí sa chóras oideachais – ach sa deireadh thiar is bolscaireacht é atá fréamhaithe go mór in aineolas agus binibeacht frith Ghaeilge leitheidí Kevin Myers.

Kevin Myers, a columnist for the Irish Independent in Dublin, has concluded that the Irish language is dying, and wonders aloud why Ireland’s government, by continuing to pay for things like Irish-language television and education, is spending so much money to postpone the inevitable.

Mr. Myers recently told the German broadcaster Deutsche Welle (in the report embedded at the foot of this post) that he thinks the Irish government is wasting money on a revival project that has obviously failed:

Languages die. This is a norm. Dozens of languages die every year. Is it good? No, it’s not culturally good, it’s not good for the world that something happens, but it does happen, that’s it. Species become extinct, other species emerge. It is the world we live in. You can weep about the world we live in — and with every reason to — but that’s not going to change anything. Putting money into the Irish language is to say “I’m going to burn this money.” It’s like getting a big bonfire, throwing all your millions of euros on it and setting fire to it. That’s what it is.

Nuair a léim altanna mar seo, bíonn díomá orm. Bionn fearg orm freisin – ach is leis an easpa aistroda a bhím i bhfeirg seachas leis an aineolas agus bolscaireacht san alt mí-amharach.

Cé h-iad a chuireann cás na Gaeilge nuair a thagann sí íonsaí mar seo?

Déinimse é go rialta anseo – agus ar bhlaganna eile agus i bhfóraim eile.

Ní mór a aithint, áfach, go bhfuil go leor cur amú airgid i gceist leis an mbealach a chaitheann an Stát leis an dteanga.

Nuair a mhaíonn Kevin Myers gur ionann agus do chuid airgid a chaitheamh ar thine chnamh agus airgead a chaitheamh leis an nGaeilge, tá fírinne ag baint leis chomh fada agus go bhfuil tú ag caint ar an airgead a chaitear ar aistriúcháín nach léitear de chaipéisí nach léitear i dteanga ar bith.

Cuir faoi ghlas an RIRA agus an CIRA – Kevin Myers

Is dócha nár chuala Kevin Myers riamh faoi Sheán Ó Riordáin nó, má chuala, beag aird a thug sé ar na línte úd sa dán úd Daoirse nó an é Saoirse:

Dá labhródh bean leat íseal, nach n-ísleófá do ghuth
Dá mbeadh an bean réasúnta, nach réasúnófaí thú

Ina alt inniu san Irish Independent, mhol an tUasal Myers go gcuirfí gach mac mathar agus iníon athar de chuid an RIRA agus CIRA faoi ghlas, go ndéanfar iad a ‘imtheorannú’. Ná bac liomsa – is féidir leat an méid a deir sé a léamh tú féin anseo:

ntern them. The lot, the heathen mujahadeen of Real and Continuity. Intern the the apparatus of the Irish Taliban before they do any more murder, and before they can wreck the creaking non-government that is the Northern Executive.

Intern them, before they bring the name of Ireland into still greater disrepute. Put them in the prison cells of the Curragh, and subject terrorist internees to a military regime, until they submit to the rule of the State.

Gan amhras tá an tír á náiriú ag lucht an RIRA agus CIRA lena ngeaitsí dúnmharfacha. Is tréas atá ar bun acu agus iad ag dúnmharú na saighdiúirí seo agus an phoilín seo. Níl aon ghá leis an dhoirteadh fola seo.

Ach aon duine a thugann ceann don Sean Diúc Myers, níl sé ag tabhairt ceann do cheachtanna na staire. Níl sé ag moladh an chúrsa seo mar go bhfuil a fhios aige gur oibrigh sé an chéad uair a baineadh triail as. Go deimhin tá’s aige, nó ba cheart go mbeadh a fhios aige, nár oibrigh sé agus gurb é an toradh a bhí air gur earcaigh an IRA ana chuid daoine óga don streachailt mhileata.

Seo an cineal aisfhreagra atá ag teastáil ó na marfóirí a mharaigh an triúr idir an Satharn agus an oiche aréir – agus a rinne iarracht ceathrar eile a mharú….

Ba mhaith leo go mbeadh siad ina ’cause celebre’ agus go mbeadh aird an domhain orthu. Má tá a fhios ag na poilíní ó thuaidh cé rinne seo, gabhtar iad, cúisítear iad agus tugtar ós comhair na cúirte iad. Mar a gcéanna ó dheas.

Tá Kevin Myers á dhéanamh seo, dar liom, mar gurb é seo an bealach is éasca le cinntiú go mbeidh seisean – seachas na daoine bochta a maraíodh – i mbéal an phobail mar gur eisean atá ag moladh an aisfhreagra is tréine agus is géire. Dá mbeadh pionós an bháis ar fáíl, is dóíchí go mbeadh sé á moladh san freisin. Níl a fhios agam an mbacfadh sé le triail nó chuala mé ar an raidio níos luaithe ag maíomh ná bhfuair na daoine a maraíodh aon triail sarar scaoileadh marbh iad.

Gan amhras ní bhfuair siad triail mar ba choirpigh a mharaigh iad agus mar sin ní bheadh duine ar bith ag súil le caighdeáin éagsúla seachas caighdeáin choiriúil ó choirpeach, an mbeadh? Más amhlaidh go bhfeidhmíonn an phobal mar a fheidhmíonn na coirpigh, nach ionann sin agus an bhonn a bhaint ón argóint go bhfuil an sochaí a mhaireann de réir rialacha, de réir dlí, níos fearr ná an sochaí choiriúil, áit nach bhfuil dlí dá laghad?