Caithfidh mé a admháil gur mó uair a dúirt mé liom féin go raibh i bhfad an iomarca cláracha ceoil, cheapas, ar TG4. Ní h-é nach dtaitníonn ceol traidisiúnta liom – nó taithníonn sé liom go mór – ach uaireannta ní bhionn sé chomh speisiúil sin bheith ag faire ar a leitheid de chlár ar an dteilifís.
Idir é sin agus na cláracha Béarla a bhionn ar TG4, is iad is mó a chuireann as dom faoi ‘súil eile’ an staisiún. Thug mé faoi ndeara go bhfuil na ceisteanna seo á phlé i leabhar nua atá éisithe ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag eascairt as sraith chainteanna a bhí acu anuraidh agus atá leirmheas déanta air san Irish Times. [Quelle surpris, léirmheas ar leabhar Ghaeilge san Irish Times!]
Ar aon nós, seo linn go dtí abhar an lae. Os rud é go raibh ana chuid Béarla san eagrán seo de “Faoi Lán Cheoil” agus go mbaineann sé le fear ag foghlaim conas poirt a sheinnt ar an bhfidil [Reality TV – cúis eile chun an clár a dhí mholadh], bhíos den tuairim nach dtaithneodh sé liom ar chorr ar bith.
Ach a mhalairt glan atá fíor. D’eirigh leis an eagrán inar fhoghlaim an sar aisteoir scannáin, Jeremy Irons, a bhuaigh Oscar roinnt mhaith blian ó shin, conas an fhidil a sheinnt i seisiún ceoil imeacht i bhfeidhm orm go mór.
Clár an-phleisiúrtha a bhí ann le fáire air agus le h-eisteacht leis. Bhí sé suite idir iarthar Chorcaí, áit atá caislean ag Irons láimh le Dún na Séad, agus i Nua Mheicsiceo, mar a bhí Irons ag scannánaíocht ar scannán a bheidh le feiscint, amach anseo, ar ‘Western an Aoine’, Appaloosa. Ar aon nós bhí draíocht eigean ag baint leis an gclár – cumas grinn Irons agus a nadúrthacht os comhair an cheamra, foighid an mhúinteora, Caoimhín, agus an radharcra alainn idir iarthar Chorcaí agus iarthar Mheirceá, a mheall mé, a shuaimhnigh mé agus a shasaigh mé.
An sprioc a bhí ag an múinteoir agus ag an dalta, seinnt le cheile ag Aonach na bhFidil i nDún na Séad san Fhómhair, rud a rinne siad agus cé a bhí ag seinnt leo ach Martin Hayes, Breandán O Beaglaoich agus Dennis Cahill, triúr de mhór cheoltóirí na tíre.
Má bhí Irons abalta seinnt leo is cinnte go mbeadh sé abalta an fód a sheasamh in áit ar bith sa tir, fiú ag seisiún i Sraid na Cathrach le linn seachtain Willie Clancy.
Ar aon nós ní doigh liom go bhfuilim ag scaoileadh rún má dheirim go raibh crioch sona ceolmhar leis an gclár a léirigh Conor O’Byrne, sár cheoltóir é féin, ar son Stirling Productions i mBéal Feirste agus a fuair tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta ó thuaidh.
Maith sibh ar fad!