Cartlanna Clibe: Irish Independent

Kevin Myers – an Gael is fearr riamh!

Kevin Myers - an Gael is Gaelaí riamh

Bhí litir uaim san Irish Independent ar maidin ag gabhail buiochais le Kevin Myers agus a chomh thaistealaithe mar gheall ar an méid atá déanta aige agus acu ar son na Gaeilge i gcaitheamh na mblianta. Gan a mbinib in éadan na teanga le linn an ama sin ar fad cá bhfios ach go mbeadh an Ghaeilge faoin bhfód fadó!

An rud nach maraionn, neartaíonn. Sin a deirtear ar aon nós. In ainneoin na n-ionsaithe ar an dteanga ó leithéidí Kevin Myers i gcaitheamh na mblianta, tá níos mó beatha intí anois ná mar a bhí le blianta fada. I gcead do ‘Ghluaiseacht na Gaeilge’, ní h-é Conradh na Gaeilge nó Comhdháil nó Foras nó aon eagras eile atá ar a chúl seo ach gnathdhaoine ag iarraidh sealbhú a dhéanamh ar rud éigean atá, b’fhéidir, as an ghnath. Teanga éagsúil ó theanga an aonaigh – mar a dúirt Hartnett, English is the perfect language to sell pigs in – ach ár dteanga féin ag an am chéanna!

Agus nuair a chuireann leithéidí Kevin Myers a bpinn sa phota nimhe le h-íonsaí a dhéanamh ar an dteanga, is sinne, an ghnath chosmhuintir, atá á íonsaí aige, na dúramáin a fhanann dílis do theanga nach dtuigeann sé. Scríobhann sé chun sinn a mhaslú ach is amhlaidh go ngriosann sé sinn. Agus féach an toradh atá ar a chuid maslaí – thug sé Telefís Delorean ar an bhfeachtas ar son TG4 (TnaG mar a bhí) agus anois tá ceannairí na tíre ag diospóireacht as Gaeilge ar an staisiún sin agus lucht féachana san iomlán de 500,000 aige. Go deimhin b’é an diospóireacht ab fhearr san fheachtas é, dar le go leor, an t-aon uair a raibh beocht san fheachtas fhadalach leathdránach seo. (Thit mo chodladh orm le linn na diospóireachta ar RTÉ an oíche dheireannach!)

Tá sé féin fostaithe ag nuachtán, an Irish Indo, agus deintear Foinse a dháileadh sa nuachtán céanna. Ar an lá a fhoilsíodh an cholún is déanaí uaidh i leith na Gaeilge bhí scéal ar phríomh leathnach Foinse faoin líon is airde léitheoirí riamh a bheith ag an nuachtán sin, 195,000, thar aon nuachtán Ghaeilge eile riamh roimhe. Ní beag an méid léitheoirí sin ag aon nuachtán.

Mar sin tá Kevin Myers agus a leithéid tar éis bheith ina chabhair mór ag lucht na Gaeilge i gcaitheamh na mblianta agus é ár bpriocadh ó am go chéile chun sinn a dhíriú ar an mbóthar romhainn seachas bheith gafa ag mionshonraithe an lae. Cén fath go mbímíd ag cur am agus allas i dtreo cur chun cinn na teanga? Uaireannta, tá a fhios agat, bionn gá le meabhrú cad é an rúd atá ag troid ar a shon agus is é sin an fheidhm atá ag Myers – nuair a léann tú a cholún bionn a fhios agat laithreach cad tá tú ar a shon mar gheall go bhfuil an rud atá tú ina choinnibh curtha i gcuimhne dhuit!

Mar sin, lean ort Kevin Myers, an Gael is fearr riamh. Ná trathfadh an nimh i do pheann choiche!

Aghaidh nua Foinse Nua

 

1611_foinse_indo_414543t

Foinse snásta suas go dáta

léargas níos soiléire arís in Irish Independent an lae inniu ar an chuma a bheidh ar Foinse [Nua] nuair a bheidh sé á dháileadh leis an nuachtán sin ón gCéadaoin beag seo agus caithfidh mé a rá go bhfuil cuma snásta blasta air, cuma i bhfad Éireann ní ba thaithneamhaí don súl ná an sean Foinse.     Mar a dúirt mé go minic roimhe seo, bhí dealramh stálaithe agus siocaithe ar an sean Foinse, an cuma air nár caitheadh pingin ar an dearadh ón am gur bunaíodh é nó go gairid ina dhiaidh sin.

 

Ar ndóigh níl an dearadh chomh tabhachtach anois is a bhíodh sé sa chiall nach mbeidh Foinse á dhíol mar a bhí – ach go mbeidh sé á dháileadh mar iatán leis an Irish Independent gach Céadaoin.   Ach beidh sé tabhachtach go mbeidh aghaidh tarraingteach ar an nuachtán ar a mbronnfaidh Foras na Gaeilge an conradh a bhíodh ag Foinse ag a gcruinniú Dé hAoine, más amhlaidh go bhfuil sé i gceist ag an Foras leanúint leis an bproiseas sin.

Tá meascán acu de phearsaí TG4 agus Raidió na Gaeltachta chun colúin a chur ar fáil – Gemma Ní Chionnaith, Dáithí O Sé agus Hector O hEochagáin.   Feicim ainm Maidhc P. O Conaola luaite leis an nuachtán freisin.  Duine ildánach é Maidhc P atá ainm in airde air mar scriobhnóir, léiritheoir, aisteoir, amhránaí….agus anois iriseoir.

An rud is suntasaí faoin méid eolais atá tugtha dúinn go dtí seo gur iatán Ghaeilge a bheidh i Foinse Nua seachas nuachtán sa chiall go raibh aithne againn air roimhe.  Is é sin nach cosúil go mbeidh an mbéim an oiread is a bhí ar nuacht náisiúnta, nuacht na Gaeilge agus nuacht ó na Gaeltachtaí.  Gach seans go cruthófar go bhfuilim san éagóir.  Sa mhéid atá léite agam go dtí seo, beidh an bhéim ar fhoghlaimeoirí agus ar mhúinteoirí is ar dháltaí scoile.

Ní miste sin.  Tá gá leis, go deimhin.   Agus beidh gá leis an méid sin sa nuachtán a roghnóidh an Fhoras freisin.

Ach beidh gá freisin le nuacht – nuacht náisiúnta is idirnáisiúnta, nuacht na Gaeilge is na Gaeltachta agus Pobal na Gaeilge cibé áit ina bhfuilimíd scaipithe.

Beidh an leitheoir Ghaeilge millte le rogha don chéad uair riamh.   Na míonna ag feitheamh ar nuachtán Ghaeilge, ansan tá triúr acu ann i dteannta cheile, Foinse, Nuacht 24 agus ? – Nuacht 7 tá súil agam.    Is é Nuacht 7 an t-aon iarratas atá os comhair an Fhorais le tacaíocht ó nuachtán náisiúnta mar sin is é an t-aon nuachtán a bheidh ábalta an fhód a sheasamh sa tréimhse luath nuair a bheidh iomaíocht ghéar ann le h-aghaidh fograíocht agus, gan amhras, leitheoirí.

Is cinnte, má tá an Rialtas dáiríre faoi 250,000 cainteoir Ghaeilge bheith ann faoi 2028, go bhfuil gá lena leithéid seo d’éagsúlacht agus de rogha sna meáin chlóite Gaeilge.  Ná dearudtar freisin an dul chun cinn atá déanta ag nós* faoi stiur Tomaí Rua O Conghaile, mo shean mhéit ó Lá/Lá Nua.   Céim siar a bheadh ann a rá, ag an pointe seo, nach fiú dul chun tosaigh le nuachtán an Fhorais ceal acmhainní sa statchiste.   Má tá na milliún gach bliain le caitheamh ar aistriúcháin go Gaeilge ar chaipéisí atáim in amhras go bhfuil duine ar bith á léamh, is cinnte gur fiú don Stát €400,000 in aghaidh na bliana a infhéistiú i solathar ábhar léitheoireachta a bheidh suim ag pobal na Gaeilge a léamh.

Seachtain spéisiúil atá romhainn i stair na Gaeilge.

 

nuacht7

Nuacht 7 - an bhfuil aon nuachtán eile ann a bheidh ábalta teacht slán agus Foinse Nua ar an margadh?