Cartlanna Clibe: Ireland

Pádraig Ó Cuanacháin – i bParrthas na nGael go raibh sé

Chuala mé an scéal inniu go raibh Pádraig Ó Cuanacháin ar shlí na firinne. Duine abea Pádraig a chuir an ‘gníomh’ i ‘ghníomhaí teanga’.  

Pádraig Ó Cuanacháin 1932-2008 

Is boichte sinn de bharr é bheith caillte ach is saibhre an tír agus an teanga de bharr an meid a rinne sé.Chas mé le Pádraig beagnach cúig bliain is fiche ó shin den chéad uair nuair a tháinig sé go Cúil Aodha le labhairt leis an óg eagras ann. Bhíos mar runaí ar Óg Eagras Chúil Aodha ag an am – Eoghan Ó Lionaird abea an chathaoirleach.   D’iarr sé orainn leacht cuimhneacháin a nochtadh do Sheán Ó Riordáin ar ar an teach inar saolaíodh an sár fhile i mBaile Mhuirne i nGaeltacht Mhúsgraí.  Agus sinn ag nochtadh an leachta seo, mhol Eoghan Ó Lionaird, ar iarratas ó Phádraig, go mbunófaí Gaelscoil i mBaile An Chollaigh mar leacht chuimhneacháin bheo ar an fhile.  Ar ndóigh bhí an obair déanta ag Pádraig Ó Cuanacháin roimhe sin agus an Fhomhar sin i 1983 – nochtadh an leacht i mí Bealtaine – osclaíodh an scoil, Gaelscoil Uí Riordáin.  Tá breis is scór bunscoil Ghaeilge oscailte i gCorcaigh ó shin agus dornán gaelcholáistí.   Tá athas orm gur chas mé ar fhear chomh gniomhach agus chomh h-eifeachtach le Pádraig.  Guím comhbhrón ar a bhean Nóirín agus ar a chlann.     Tá an príomhscéal faoi i Lá Nua inniu – http://www.nuacht.com