Cartlanna Clibe: Imtheorranú

Dido agus an Daily Mail agus ‘The Men Behind The Wire’

Is cosúil go bhfuil an amhránaí Dido tar éis raic a thogáil le h-amhrán nua dá cuid, amhrán ar a h-albam nua, ‘Safe Trip Home’.

Tá cúpla líne ón amhrán ‘The Men Behind The Wire’ á cheol aici sa chúlra i lár an amhráin thuas – thart ar 1 noimead 40 soicind istigh – agus is cosúil gur omós an méid sin dá hathair, ar cailleadh é anuraidh, agus gur de shliocht Éireannach é.

Tá tagairt ann níos déanaí san amhrán a mhíníonn an chéad tagairt – ‘Rebel songs sung out of tune’ – agus tugann sin léargas dúinn ar charactéir an amhráin.  Mar a dúirt Bono – This Song Is Not A Rebel Song.

Ar aon nós, is amhrán deas séimh é.  Eist leis agus tuigfidh tú.

Ba ar bhlag Mháirtín Uí Mhuilleoir a chonac an chéad tagairt do seo agus anois feicim go bhfuil sé ag filleadh ar an abhar de bharr go bhfuil an http://www.dailymail.co.uk/news/article-1092551/Thoughtless-Dido-criticised-IRA-rebel-song-new-album.html tar éis eirí feargach faoin amhrán.

Ach thall ar an Daily Mail, tá alt acu ag moladh na cinsireachta – chuir an BBC cosc ar an amhrán seo [agus rinne RTÉ amhlaidh] – agus ag déanamh íonsaithe ar an amhránaí as ucht na focail ón amhrán seo a úsáid ar bhealach neamh urchóideach. [Ní aontaim go bhfuil bealach urchóideach chun na focail a úsáid nó tá saoirse cainte fós i réim, nach bhfuil?]

Tá ráiteas ann ó Ghregory Campbell ag léiriú a mhíshasamh faoin amhrán, ar an ábhar, dar léis, gur ‘murderers, arsonists and terrorists’ iad na ‘Men Behind The Wire’.

Tá’s ag an saol mhór – agus is dócha go bhfuil a fhios seo ag Gregory ach gur thapaigh sé an deis ráiteas bladhmannach a thabhairt don Daily Mail agus é den tuiscint go mbeadh a ainm luaite ar amhrán ar an mór thír – nach amhlaidh a bhí.  Gur mó duine ná raibh aon bhaint acu le ‘sceimhlitheoireacht’ nó, mar is fearr liomsa, treallchogaíocht ná a mhalairt a gabhadh in Operation Motorman.

Más buan mo chuimhne, d’aithin Arm na Breataine fiú gur oibríocht gan chiall a bhí ann agus gurb é an toradh a bhí air gur deineadh glúin fear óg a pholaitiú nach mbeadh a leath acu sáite i ngluaiseacht ar nós an IRA ach amháin gur cuireadh iad ‘behind the wire’ go h-éagórach agus, ná dearúdaimís, gan iad a chur ar a dtriail ar chúis ar bith.

Bréaga lofa agus claontacht traidisiúnta na meáin Briotanacha…..cad leis a bheithfeá ag súil ó muc ach búireach?