Cartlanna Clibe: IMF

Tír an Amhrais

Séanann an Rialtas go bhfuil airgead á lorg acu - ach an gcreideann éinne ár Rialtas a thuilleadh?

Is cosúil go bhfuil an IMF agus Ciste Seasmhachta na hEorpa ag buaileadh ar an ndoras agus iad ag iarraidh airgead a thabhairt don Rialtas chun sinn a thabhairt as an sainn seo.   Níl an Rialtas ag iarraidh aon chabhairt mar measann siad gur féidir leo a lámha a chur inár bpocaí agus an t-airgead atá saothraithe go dian a bhaint dínn chun na billí a dhíol.  Is cosúil gur mhaith leo go n-íocfaí fiacha na mbanc, €50 billiún agus ag fás leis, agus ní miste leo más amhlaidh gurb iad na bochtáin, na pinsinéirí is an dream atá dífhostaithe, a íocfaidh as earráideacht na mbanc.   [Ní baol go n-íocfaidh laithreoirí RTÉ – iad san atá comhlachtaí idirnáisiúnta bunaithe acu chun a dliteanasaí cánach a laghdú taobh istigh den dlí – níos mó cánach!]

Ag an am chéanna tá na paratrúpaí – is é sin faoi cheannas an Fheisire d’Iarthar Bhéal Feirste, Gerry Adams – ag titim chun talaimh i gContae an Lú.  Cé a chreid, ocht mbliain is triocha tar éis an sléacht a rinne na paratrúpaí Briotanacha ar shráideanna Dhoire, go mbeadh reisimint pharatrúpaí ag na sealadaigh féin fán am seo?   Ar ndóigh ba ‘pharatrúpaí’ de chineal iad Bobby Sands (fear Chill Uaigh a sheas i bhFear Mánach/Deisceart Thír Eoghain agus a bhuaigh suíochán ann i 1981) agus Martin McGuinness ó Dhoire atá ina fheisire i Lár Uladh.

Tá daoine  a chreideann gur comhartha laige é an idirghabhail seo ag an tUasal Adams – ní fheadar.   Táim den bharúil go gcreideann Sinn Féin go bhfuil deis ann seasamh ceannaireachta a ghlacadh ó dheas mar gheall ar an easpa ceannaireachta atá ar fáil ó Fhianna Fáil, ach go h-áírithe, is na pairtithe eile freisin.   Má bhí aon am ann chun dul sa bhearna baoil, is é seo an am.   Is cinnte go gcuirfidh sé gaoth i seol na Sinn Féinithe agus, thar rud ar bith eile, taithníonn an ghaoth leo, bíodh sé ina seol nó ina n-aghaidh.

Le linn an ama sin, tá sé i gceist ag Fochoiste Chomhaireachta an Rialtais cruinniú a bheith acu ar an gCéadaoin, más fíor an meid a dúirt an tAire Carey sa Seanad an tseachtain seo chaite, agus an Dréacht Straitéis 20 Bliana don Ghaeilge a phlé ann.  Seans go mbeidh an leagan is deanaí – an dréacht is déanaí – á fhoilsiú acu sna laethannta i ndiaidh an chruinnithe sin.  Tá siad ag súil go sásóidh an fhoilsiú féin na Gaeil – agus ní gá éinne a bheith den tuairim go gcuirfear aon phioc den straitéis i bhfeidhm go luath.   Ní cuid de rún an Rialltais an straitéis a chur  i bhfeidhm nó na h-acmhainní cuí a chur ar fáíl do – is é Straitéis 20 Bliana an Rialtais i leith na Gaeilge scór bliain a chaitheamh ag cur agus ag cúiteamh faoin ‘straitéis’ agus mura mbionn gach Gael beo anois marbh faoi 2026 (fiche bliain ón am ar fhoilsíodh an Ráiteas Rialtais i leith na Gaeilge), beidh an chuid atá fagtha tinn tuirseach den chaint faoi agus ag bogadh ar aghaidh leis an gcuid eile dá saol.

Ní fheictear domsa, agus an IMF Is an CSE ag buaileadh ar an ndoras, go mbeidh aon rud substaintiúil mar thoradh ar chainteanna na bhfochoistí rialtais seachas tuilleadh caint.     B’fhéidir go mbeidh mé mícheart agus go gcruthóidh imeachtaí na seachtainí romhainn sin – ach táim in amhras.   Táim cinnte nach mise an t-aon duine amháin atá i dTír an Amhrais.

Um an dtaca seo anuraidh, nuair a fhoilsíodh an Dréacht Straitéis den chéad uair (sa tslí céanna a chaithfeá seana chnámh chuig do mhadra chun é a chiúnú, cheistíos cad as a dtiocfadh an t-airgead chun moltaí na straitéise a mhaoiniú?  Go fóill níl aon freagra faighte ar an gceist stuama sin – bhuel, seachas go bhfuil sé molta ag an Roinn Airgeadais maoiniú na Roinne Gaeltachta a ghearradh 70% níl aon freagra faighte.

Ag an am chéanna go bhfuil an Rialtas ag fógairt go bhfuil siad ar son breis forbartha sa Ghaeltacht, fágtar Udarás na Gaeltachta as an áireamh nuair atá cruinniú d’aisínteachtaí forbartha na tíre, FAS ina measc fiú, á thionól.  Ar a laghad tá an tUdarás ag cruthú postanna sa Ghaeltacht fiú is go bhfuil siad á gcailliúnt sa Ghaeltacht freisin.  Bhí fógra poist fiú ó chomhlacht atá tacaíocht Udaráis acu an tseachtain seo sa nuachtlitir a scaiptear timpeall ar Bhaile Mhuirne/Cúil Aodha.

Conas a thiocfaimíd as an sainn ina bhfuilimíd?    Creideann Terry Prone gur cheart Spíce Bhaile Atha Cliath a chur ó mhaith, morán mar ar cuireadh Colún Nelson ó mhaith na blianta fada ó shin.

While not suggesting paramilitary action against The Spike in order to create space for such an instructive monument, that lump of nothing has to go. The Army should blow it up as a symbol of how we got sense. Even if that sense came a bit late and because it was forced on us.

Creidim féin go bhfuil sé sin ina rogha nios fearr ná na moltaí a thiocfaidh go luath ó na ghnath amhrasáin a thuilleadh giorruithe a dhéanamh ar an nGaeilge mar nach bhfuil an teanga ‘úsáídeach’ faoi láthair.   B’fhéidir go ndeinfear giorruithe.   Gach seans go ndéanfaidh an Rialtas amhlaidh lá an Bhuiséid.  Seo an Rialtas atá praghas gach ní ar eolas acu (cé go gcreidim nach eol do na hAirí an phragas ar líotar bainne nó ar bhulóg aráin) ach nach bhfuil aon tuiscint acu ar luach rud ar bith.

Creidim féin go bhfuil sé in am do cheannairí na Gaeilge agus na Gaeltachta teacht roimh an Rialtais agus ráiteas a dhéanamh go poiblí go bhfuil luach leis an teanga – ní i dtéarmaí deontais – ach san pháirt atá aici sa phobal agus inár samhlaíocht agus go bhfuilimíd chun oibriú ar aghaidh ar bhealaí atá ag brath ar shamhlaíocht agus ar cheannródaíócht chun í a choimead beo inár bpobal féin agus go náisiúnta.   Cuma deontais ann nó as.    Is é sin ár ndualgas mar Ghaeil is mar Éireannaigh.

 

Céard atá i ndán don Ghaeilge ón mBórd Snip?

Tá an Bórd Snip le tuairisc a chur faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo ina molfar go leoor giorruithe a bheidh le déanamh ar sheirbhisí phoiblí, an chóras leasa shoisialta is eile.

Cé go bhfuil leor i saol na h-eacnamaíochta a mhaíonn nach aon chabhair dúinn teacht as an sainn eacnamaíochta na giorruithe céanna, tá an Rialtas meaite ar na ciorruithe seo.

Deirtear go bhfuil tuairim is 400 moltaí sa tuarascáil seo ón mBórd a bhí faoi stiúr an eacnamaí, Colm McCarthy.

I bhfianaise an daorbhreith a tugadh ar an Rialtas agus eacnamaíocht na tíre seo i dtuarascáil an IMF an tseachtain seo agus an trachtaireacht ó shin, is léir nach bhfuil tada feicthe againn fós agus sinn ag caint ar chiorruithe is eile.

Óir go bhfuil oisbidéil, seirbhisí sláinte agus scoileanna ag fulaingt, an féidir linn bheith ag súil go dtiocfaidh an Ghaeilge is an Ghaeltacht slán ón dtuath?

I dtuairiscí éagsúla inniu, tá caint ann faoi ‘athmhúnlú’ a bheith á dhéanamh ar an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Cad a chiallaíonn seo don Ghaeilge, don Ghaeltacht, don phlean chun an Ghaeilge a réimniú faoi 2028, don Aire Ó Cuív, do thionscal an aistriúcháin?