Cartlanna Clibe: Hamlet

Hamlet, An tAire agus An Chaighdeán Oifigiúil

it is a custom
More honor’d in the breach than the observance

Sliocht ghairid ó dhráma Shakespeare, Hamlet, a ritheann liom ar chloisint an scéil go bhfuil sé fógartha ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon  O Cuív, go bhfuil sé le coiste a cheapadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil.

Anois tá cloiste agam faoin Chaighdeán Oifigiúil – ach ní dluth cháirde sinn, mar is léir duit is dócha freisin.  Dá mbeadh leathnach ag An Chaighdeán Oifigiúil ar Facebook, ní fheadar an mbeinn ina chara leis.     An mbeifeá?

Is dócha gurb iad na focail seo, ón bpreas raiteas, na focail is mó a spreagfaidh meangadh ar m’aghaidh agus, cá bhfios, d’aghaidh freisin.

Ceapfaidh an tAire Coiste Stiúrtha leis an athbhreithniú a chur chun cinn,

Is iomaí coiste atá ceaptha ag an Aire i gcaitheamh na mblianta. Dá luaithe iad a bheith ceaptha cailleadh iad in áit eigean ar Oileán Chragaí, amhail leis an dream úd ar an oileán sin sa sraith theilifíse, Lost.  Murach nod sin do ‘Ar Son Na Cúise’, ní fheadar cad é!

Coiste 'An Chaighdeán Oifigiúil' ag a gcéad cruinniú

Deirtear sa phreas raiteas go mbeidh ballraíocht an choiste á fhógairt ag an gcéad cruinniu.  Fuair iGaeilge griangraf de bhaill an choiste  agus foilsímíd go h-eisiach anseo ar chlé an ghriangraf sin.  Féach an aithníonn sibh aoinne ann.

Is cosúil go mbeidh ‘proiseas céimnithe’ ar bun san athbhreithniú seo.  Agus beidh dhá chéim comhairliúcháin ag gabhail le gach céim athbhreithnithe.  Deirtear sa phreas raiteas go mbeidh an chéad chéim reidh faoi Mheitheamh 2011 (tá súil acu!).

Beidh íontas orm má tharlaíonn sin ós rud é nach cuimhin liom tuairisc ar bith ó choiste a roghnaigh an Aire a bheith foilsithe de réir an sceidil a bhí geallta ar an lá a seoladh é.     Ach sin scéal eile.

Tá an méid seo le rá ag an Aire ina ráiteas:

“Cúis mhór áthais dom an togra stairiúil seo a fhógairt ag tús Sheachtain na Gaeilge. Tá teangacha orgánach agus athraíonn said thar na glúinte. Tá sé tábhachtach go bhféadfadh an Caighdeán Oifigiúil freastal ar riachtanais na haoise seo.

Aithnítear anseo gur rud beo an teanga agus go n-athraíonn siad thar na glúinte.   Agus sa chéad abairt eile deir sé go mbeidh sé ag súil le Caighdeán Oifigiúil a dhéanfaidh ‘freastal ar riachtanais na h-aoise seo’.   Is léir ón méid go bhfuil an Aire idir dhá thine Bealtaine – nó má tá an teanga de shíor ag athrú, chun feabhais nó chun donais (mar a chreideann go leor), cén mhaith ag a bheith cumadh proisis chun Caighdeán Oifigiúil a ullmhú a dhéanfaidh riar ar riachtanais na h-aoise seo.   Fán am a bheidh an chéad chéim den athbhreithniú foilsithe, beidh an teanga imithe chun tosaigh air.   Is cinnte gur proiseas é seo nach mbeidh aon deireadh leis agus go bhfuil sé dírithe ar ‘theanga riaracháin’ seachas ar rud ar bith eile.   Trath cheiliúrtha do lucht an aistriucháin!

Más é seo an freagra atá ag an Aire, chun tús a chur le ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge, ar imeachtaí ón bpobal aníos ar nós ‘Rith 2010,  b’fhéidir nár mhiste go bhfuil a ainm á lua go tréan le bogadh ón Roinn seo in athshuathadh na Comhaireachta atá á thuar ag trachtairí pholatúla.

Léiríónn sé a easpa shamhlaíochta agus chomh as tiúin atá sé le cainteoirí na Gaeilge sa phobal.