Cartlanna Clibe: Giorruithe

An é nach dtuigeann RTÉ eifeacht na ngiorruithe ar RTÉ RnaG

raidio
Is cosúil nach bhfuil a fhios ag lucht foilsithe suíomh idirlín RTÉ go bhfuil sceideal Samhraidh RTÉ Raidió na Gaeltachta i réim agus go bhfuil deireadh le beagnach coicís le cláracha ar nós Rónán Beo @ 3.

Nó cén fath go bhfuil siad go fóill ag fógairt ar phríomh leathnach RTÉ Raidió go bhfuil deis ag daoine éisteacht le Rónán go fóill gach lá, Máirt go Aoine, 3-4in.

Ar ndóigh, b’fhearr liom go mbeadh Rónán fós ag craoladh ag an am seo nó, i gcead do Dhónal Mac Ruairí agus a leathbhadóir, níl an spioraid céanna ag an gclár ceoil atá acu. Ach ar ndóígh tá cláracha dá leitheid saor a dhothain le léiriú, i gcomparáid le cláracha ina mbionn go leor aoíanna agus taillí á n-íoc leo, leithéidi chlár Ronáin.

An é nach dtuigeann RTÉ i nDomhnach Broc an dochar atá á dhéanamh ag an tuath a thug siad do shaoistí RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla?

Cé gurb é Ronán Beo @3 an clár is fearr ar sceideal RTÉ RnaG, dar le sciar mhaith den phobal éisteachta, is cinnte nár cheart talamh tirim a dhéanamh de go bhfillfidh sé san Fhómhar i bhfianaise na ngiorruithe fealltacha atá á dhéanamh. Ní h-é go bhfuil eolas cinnte agam ar an ábhar seo – ach má tá saoistí RTÉ RnaG ag ciorrú, cá bhfios cá stopfaidh an tua?

Luach ‘ár gcuid airgid’ – curfá nua an Fhorais

Tá scéalta cloiste agam cheana féin faoi na ciorruithe a cheadaigh baill boird Fhoras na Gaeilge, bunaithe gan amhras ar mholtaí ó fheidhmeannaigh an Fhorais, ag a gcruinniú miosúil inné. 

Tá gearradh thar a bheith suntasach ar mhaoiniú Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge.  

Ceann thar a bheith do thuigte é an gearradh 50% nach mór atá déanta ar bhuiséad Chomhluadar, an eagras a chuireann seirbhísí ar fáil do theaghlaigh atá ag togáil a bpáistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.   Conas is feidir le gearradh maoiniú – arbh ionann é agus €20,o0o – bheith ag teacht le spriocanna an Fhorais féin faoi bheith ag tabhairt an Ghaeilge ó ghlúin go glúin. 

POBAL fosta thíos le ciorruithe an Fhorais.  Ciorrú 4% atá ar bhuiséad an eagrais is mó atá ag saothrú ar son Acht Ghaeilge ó thuaidh. Conas is féidir le POBAL an obair atá a dhéanamh acu – toisc nach bhfuil sé á dhéanamh ag an bhForas agus ag Sinn Féin atá glórach gan a bheith eifeachtach ar an gceist – a dhéanamh ar barr a maitheasa.

Eagras eile atá thíos le na ciorruithe an Cultúrlann, an ionad is tabhachtaí do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste.  An bhfuil brí nó dealramh leis na ciorruithe? 

Is cosúil gurb é an ‘buzz word’ is coitianta sna litreacha atá á dháíleadh ag an bhForas ar eagrais atá thíos leis na ciorruithe seo ná ‘Luach ár gcuid airgid’.   

Gan amhras ba cheart luach a gcuid airgid a bheith á lorg ag an bhForas.  Ach meabhraídís ar seo:  ní leo an t-airgead.  Is linne é, is leis an bpobal é.   Agus nílimid sásta go bhfuil luach ‘ár’ gcuid airgid á fháíl againn ón bhForas.  Níl a fhios againn an bhfuil nó nach bhfuil de bharr nach bhfoilsíonn an Fhoras a chuid cúntais go rialta – nior fhoilsíodh cúntais 2003 go dtí anuraidh agus níl aon rian go fóill ar chúntais 2004-2007, gan tracht ar chúntais 2008. 

A luaithe is a bheidh an liosta  iomlán agam, beidh mé á fhoilsiú anseo. 

Fíric amháin nach mór a choinneáil i gcuimhne ná seo:  ní raibh aon laghdú ar bhuiséad an Fhorais ó na mathair ranna ó thuaidh nó ó dheas do 2009.  I mbliain ina bhféadfadh boilsciú diultach a bheith ann – sé sin deflation – is ionann sin agus ardú deontais.  Mar sin céard atá ar bun ag an bhForas?  Cad leis atá siad ag caitheamh ár gcuid airgid mura bhfuil siad á dháíleadh ar eagrais eifeachtacha ar nós Conradh na Gaeilge, Comhluadar is eile?    An mbeidh an Fhoras ag tabhairt airgead ar ais don dhá mhathair roinn ag deireadh na bliana seo agus na bliana seo chughainn agus iad ag ceilt maoinithe ó eagrais atá ag obair go dicheallach is go duthrachtach i ngort na Gaeilge ar an dtalamh? 

Tá an pobal i dteideal ar fhreagraí ar cheisteanna réasúnta mar seo.  Tá sé in am go gcuirfí an Fhoras faoi bhrú chun freagraí a thabhairt ar na ceisteanna seo, go h-áirithe san aeráid atá ann anois.

Bród mhúinteora agus troid in éadan na ngiorruithe

Litir é seo ó phríomh oide Gaelscoile a fhoilsíodh san Irish Examiner inniu. Tá sé i mBéarla ach creidim go bhfuil tabhacht leis – agus tá súil agam bheith ar shráideanna Chorcaí Dé Satharn chun mo fhreasúra don íonsaí seo ar ár bpáistí ag an Rialtas a throid…..

 Beag is fiú an phlámas ó Bhatt O’Keeffe faoi ghaelscolaíocht nuair atá a roinn ag bogadh in éadan gach páiste, idir Ghaelscoileanna is eile, le cinntiú nach bhfaighidh siad an seans atá tuillte acu ón gcóras oideachais….

 

I’m proud of our Gaelscoil children and ashamed of the Government

I WRITE this letter with pride… pride in the fact that I am the principal of a wonderful school, Gaelscoil Mhainistir Na Corann (Midleton) in Co Cork. 


I am proud of the 304 children under my care, proud of their humble achievements, proud of the child who won the cross-country race and the first-class child with the glowing eyes who shouts out “bonjour” in greeting when I enter his classroom. 

I am proud of our Sciath na Scoil team, proud of the exemplary behaviour of their supporters and proud of the child who completed her application form for second level in near perfect Irish.

I am even proud of the child who asked me was I a mammy or a granny! 

I am proud of all their golden moments. I am proud and privileged to be the principal of a dynamic, enthusiastic teaching staff, proud of the teacher who organises the book fair, the teacher who coordinated science week, the teacher who is taking control of the Christmas choir, the Scór music group, the healthy eating week… the list is endless. I also write with despair, despair at a Government that would even contemplate cutting the already underfunded primary education sector. 

How dare they take from the most vulnerable in our society, our children. I despair of telling the teachers and parents of my class of 35 and 37 that, yes, they will have to continue as 35 and 37 into the next school year, even though I had promised otherwise. No one envisaged an increase in the pupil/ teacher ratio. I despair that our school, which was founded 10 years ago, is still in a temporary building with numerous prefabs attached. 

I despair that the Government sees spending vast sums of money on rented accommodation as preferable to setting plans in motion for a Gaelscoil in one of the towns designated as being in a ‘rapidly developing area’. I despair as I worry about where I am to accommodate the class of 2009-’10. I despair of the letters of refusal I will have to write: “Sorry , no space in the school.” 

I despair as I write letter upon letter to the Department of Education knowing they will fall on deaf ears. All the children in our school are unique individuals, but to the department they are just numbers and euro signs. 

Our school is a microcosm of many other schools in the country. Our problems are also the problems of other schools. 

Therefore I urge people to rise early this Saturday and be counted among the thousands who are going to protest in Cork at the despicable way the Government treats the education of our children. 

Mairéad Uí Fhloinn 
Príomhoide 
Gaelscoil MhainistirNa Corann 
Mainistir na Corann 
Co Chorcaí