Cartlanna Clibe: George Lee

Cé a sheasfadh i dtoghchán?

Mairtín Ó Muilleoir ar chamchuairt a thoghcheantar nua le déanaí - b'fhearr do gan bacaint leis an fógra saor in aisce do Starbucks agus gnó a thabhairt do chaifé dúchasach ar Bhóthar Lios na gCearrbhach!

Tá sé ina scéal nuachta ar Nuacht 24, ar an mBBC agus ar an Andersonstown News – agus ar na meáin eile is dócha – go bhfuil Máirtín O Muilleoir tar éis a ainm a chur chun tosaigh d’ainmniúchán Shinn Féin i gceantar Bhalmoral i ndeisceart Bhéal Feirste i dtoghchán Chomhairle Chathrach Bhéal Feirste.     Bhí sé ina chomhairleoir theana féin – agus nach aerach an Chomhad Chomhairleora a bhí ag an Muilleorach – ach tá na blianta caite aige ag togáil ghnó Grúpa Mheáin Bhéal Feirste.    Is iomaí uair a chuaigh sé sa bhearna baoil lena chuid airgid féin – le Lá, le Daily Ireland agus anois leis an Irish Echo – agus táimse buioch as sin. Nuair a chuaigh sé sa bhearna baoil roimhe seo, ba é a bheatha agus beatha a chlann a raibh i gcontúirt nó bhíodh na dílseoirí ag iarraidh a leithéid a mharú an uair úd. Bhí a theach leathscoite i gceantar na bhFal níos cosúla le dún ná tigh clainne.

Is cinnte gur maith an rud é go bhfuil leithéidí Máirtín Ó Muilleoir sásta dul ar ais sa bhearna bhaol pholatúil – cé go bhfuil an dainséar ó na dílseoirí laghdaithe má tá sé imithe i dtreise ó na h-easaontóirí – tar éis do an oiread a bhaint amach is atá bainte amach aige i gcúrsaí gnó.

Tá na meáin – Eaglais ár linne – lán le daoine barrthabhachtacha atá ag iarraidh stiúr a chur ar an dtír. Chuala mé Fintan O’Toole, an Saoi gan locht, ag caint ar an raidió inné.  An rud a dúirt sé nuair a cuireadh an cheist air seasamh don Dáil, nár mhaith leis criochnú mar chúlbhínseoir agus go dtarlódh an rud ar thárla do George Lee do féin.

Ní theastaíonn ó leithéidí FOT, árdshagairt na meáin,  bheith ag freastal ar shocraidí agus ag deisiú cúl bhóithre is a léithéid. Go deimhin ba mhaith leo bheith sa Dáil ach nior mhaith leo a lámha a sailiú le cúrsaí toghcháin. Ba mhaith leo bheith tofa de réir Chóras an Liosta. De réir mar a mhéadódh ceatadán tacaíochta an pháírtí sa fíor toghchán, thoghfaí níos mó ó liosta an pháírtí sin agus, dár ndóigh, bheadh leithéidí FOT ar bharr an liosta.

Anois cuirim seo i gcomparáíd le cur chuige Uí Mhuilleoir. Tá sé ag cur a ainm sa chró dá pháírtí – agus fagfaidh mé mo dhearcadh i leith a pháirtí ag an doras an uair seo – chun seasamh i dtoghchán Comhairle Cathrach. Cheapfá, fán dtrath seo, go mbeadh a leithéid ag fánacht ar shuíochán Westminster Gerry A seachas bheith á chrá féin le na cosáín i mBalmoral agus leis an bhfadhb ollmhór maidir le madraí agus a bhfagann siad ina ndiaidh i bPáirc Ormeau.

Tá sé sin neamh choitianta. An bhfuil plean ann go mbeidh Máirtín ina ard mhéara ar Bhéal Feirste – nach deas an díoltas é sin ar leithéidí Sammy Wilson agus Rhonda Paisley – agus go mbeidh sé ina Bhall Tionóil ina dhiaidh sin agus, cá bhfios, ina Aire Cultúr?

Guím gach rath air ina chuid iarrachtaí ach sílim gur mór an trua é go bhfuil sé ag seasamh do pháirtí atá tar éis droch úsáid a bhaint as agus a thabhairt don Ghaeilge. Ní doigh liom go bhfeiceann MOM an scéal sa tslí ceanna a fheicimse é – nó dá bhfeicfeadh rithfeadh sé céad míle ó pháirtí a fhéadfadh droch úsáíd a bhaint as féin.

Agus sinn ag caint ar iarrthóirí do Shinn Féin atá gaol acu le nuachtán, an mbeidh Trevor O Clochartaigh ag seasamh in Iarthar na Gaillimhe do Shinn Féin san Olltoghchán atá le teacht?  Nó an bhfuil scoilt eile tarluithe sa pháirtí sin?

Deirdre de Búrca nó Deirdre de Burqa?

Is cosúil go bhfuil deacracht ag Bryan Dobson, laithreoir RTÉ News.    Bhuel mura bhfuil deacracht aige, is cinnte go bhfuil deacracht agamsa lena fhoghraíocht.

Agus é ag ceistiú John Gormley, Ceannaire an Chomhaontais Ghlais, ar an News anocht, faoi chinneadh Dheirdre de Búrca eirí as an Seanad agus seasamh siar ón bpáirti, is iomaí iarracht a rinne sé a h-ainm a fhoghrú.  Ach ní raibh ceann ar bith acu i gceart.

Chriochnaigh sé agus é ag tabhairt Deirdre de Burqa ar an iar Sheanadóir.

Creidimse nár cheart go mbeadh duine nach bhfuil in ann foghrú mar is ceart a dhéanamh ar ainm  an phríomh phearsa i scéal mór an lae ag léamh na nuachta, gan bacadh le bheith ag cur i láthair na scéala sin.   Ní bhaineann sé seo le Gaeilge an oiread is go mbaineann sé le gairmiúlacht an laithreora.   Ba cheart go raibh Dobson tar éis dul i gcomhairle le duine eigean chun an fhoghrú a fháil i gceart.   Agus ní raibh fada le dul aige nó nach bhfuil Sharon Ní Bheoláin ag suí lena ais sa stuideo.

Mura raibh Sharon ábalta cuidiú leis, ba cheart go mbeadh stiurthóir an chláir ábalta focal a chur ina chluas.   Nach é sin an feidhm atá leo, treoir a chur ar an laithreoir agus é/í ar an aer?

Agus RTÉ ag caint faoin dhí ghalarú atá le déanamh ar George Lee agus é ag filleadh ar an staisiún tar éis an seal a chaith sé sa pholataíocht, b’fhéidir go bhfuil proiseas eile le cur sa tsiúl acu sa stáisiún féin.  Slacht a chur ar fhoghraíocht agus comhréir is cruinneas na laithreoirí is na comhfhreagraithe is na laithreoirí éagsúla.     Tá caighdeáin laithreoireachta is foghraíóchta na ‘réaltaí’ móra le rá, íoctha go daor, ag imeacht chun donais.

An oíche dheireannach, oíche Dé Chéadaoin, bhíos ag éisteacht leis an Nuacht ag 9.50in agus mé ag filleadh ó chruinniú.   Bhí Ronán  O Domhnaill ag tuairisciú faoi chruinniú Phairtí Phairliminte Fhine Gael an oíche sin – ach cheap seisean go raibh sé ag caint faoin Bhínse Tosaigh agus thuairiscigh sé go raibh ‘triúr agus trí scór ar an mBínse Tosaigh’ ag Fine Gael i láthair ag an gcruinniú.  Ní h-aon íontas go raibh smailc ar George agus é ag imeacht ó Fhine Gael go raibh gach duine sa Phairtí Phairliminteach ar an mBínse Tosaigh, gach duine seachas é féin!

Ní sa Ghaeilge amháin a bhionn an míchúram seo á léiriú ag lucht RTÉ.  Is iomaí uair ar lá ar bith ar  mhaith leat a léiríonn laithreoir nó tuairisceoir éigean an míshlacht céanna – fagann siad focail ar lár ó abáirtí go minic, déanann siad ainmneacha daoine agus áíteanna a aithris agus gan a fhios acu i gceart conas na h-ainmneacha sin a fhoghrú.

Tá’s ag an saol gur olc an mhaise domsa, is dócha, bheith ag gearán faoi easpa cruinnis muintir RTÉ i gcúrsaí teanga is foghraíochta.  Nach bhfuil an oiread lochtanna ar mo chuid Ghaeilge féin a dhíchailíonn mé óna leithéid de bhreithiúnas a thabhairt?

Bheinn, agus go leor eile, ag súíl  le caighdeáin níos airde ó chomhlacht stáit ar nóa RTÉ, comhlacht atá sé d’acmhainn ag an gcomhlacht comhfhreagraithe agus eagarthóirí, gan Ghaeilge ionas nach bhféadfadh siad tuairiscí a sheoladh chugainn sa dhá theanga oifigiúil, a chur go Washington agus Beising?

An féidir leo duine nó aonad amháin taobh istigh de RTÉ a chur ag obair ar an gcúram seo?  Dá mbeadh Gaeilge ag George Lee bocht, bheadh go leor oibre aige sa chúram sin a choinneodh as trioblóid é seo go dtí an taobh eile den Olltoghchán!

Imeacht George Lee ina dhroch-scéal don pholataíocht

George Lee, iar TDBhain an fhorogra go raibh George Lee ag eirí as an pholataíocht an oiread de phreab asam inniu is gur bhain an scéal go raibh sé ag liostáil le Fine Gael níos lú ná bliain ó shin.  Buile é d’Fhine Gael é gur fhag an réalt seo an pháirtí chomh gasta agus ar liostáil sé leo agus beidh ceisteanna á chur anois [nó á n-árdú ag TG4!] faoi cheannaireacht an pháirtí.

An chúis a thug an iar TD go raibh sé tar éis eirí as, nár tugadh deis do páirt gníomhach a ghlacadh sa pháirtí agus an saineolas atá aige ar chúrsaí eacnamaíochta a chur i bhfearas chun laigí chur chuige an Rialtais a chur ós comhair an phobail go soiléir.

Frustachas sa deireadh a thug air eirí as.

Cad a deir seo faoin pholataíocht sa tír seo, go bhfuil daoine fónta á chur ó dhoras ag pairtithe pholatúla de bhrí go bhfuil na daoine istigh sa pháirtí in éad leis an gcuach nua sa nead?  An siopa dúnta an pholataíocht, iata ón dtaobh istigh ag an dream atá i gcumhacht le cinntiú nach mbainfear a suíocháin compórdacha uatha?

Anois níos mó ná riamh tá gá le daoine fónta teacht chun tosaigh agus páirt a ghlacadh sa phroiseas pholatúil sa tír seo.  Má táimid chun rudaí a athrú ó bhonn – agus tá athrú ó bhonn ag teastáil i bhfianaise an chiolar chiot ar fuaid na tíre de bharr an mí riail le blianta fada – léiríonn eachtra George Lee nach bhfuil an rogha sin, liostáil le páirtí atá ann theana féin, ar fáil.

Ní mór, mar sin, machnamh a dhéanamh ar pháirtí nua a thosnú.

Is é mo bharúil go bhfuil gá le Páirtí nó, níos fearr fós, Gluaiseacht chun tabhairt faoi na h-athruithe atá gá leo i rialú na tíre seo.   Tá gá le h-athruithe sa chur chuige i go leor réimsí, an Ghaeilge/an Ghaeltacht san áireamh.    Má theastaíonn uainn athruithe a chur i bhfearas, caithfimíd páirt a ghlacadh sa phroiseas pholatúil – ach an bhfuil sé réasúnta a cheapadh gur féidir linn rud éigean a dhéanamh ar ár dtéarmaí seachas glacadh leis an tigh leath slí, an athrú ón dtaobh istigh.

Bhí diospóireacht/argóint/plé spéisiúil agam le fear gníomhach an oíche dheireannach.  Fear a bhunaigh Gaelscoileanna agus eile. Fear a sheinneann le grúpa ceoil aitheanta.

Bhí mé ag ceol mo phort féin, faoi chúrsaí aistriúcháin is eile, agus bhí seisean ag cur an chás ar shon na ‘cathanna éagsúla atá buaite go dtí seo’.  Dar leis gur buanna iad Acht na dTeangacha Oifigiúla, An Choimisinéir Teanga, Stadas Oifigiúil san Eoraip…..creidimse gur céimeanna mór ar chúl iad, nach gcuireann siad an oiread le h-úsáid na Gaeilge agus a chuireann siad leis an maorláthas teanga.

Tuigim an cás atá á dhéanamh ag mo chara – agus atá déanta ag go leor eile – ach ag an am chéanna caithfidh duine éigean seasamh san fhasach, más gá, chun a rá ós árd go bhféadfadh rudaí bheith níos fearr.   Tá gá leis an bhéim a bheith ar úsáid na teanga seachas ar mhaorláthas na teanga.    Ach tá an teanga anois, ar nós gach réimse eile den saol, faoi smacht an mhaorlaithis.  Is ar mhaithe an mhaorláithis atá rudaí á dhéanamh.

Má deirtear, mar shampla, gur airgead amú é an t-airgead atá á chaitheamh ar na h-ionstraimi reachtúla a aistriú go Gaeilge – costas suas go €3m – trath go bhfuil an statchiste in ísle brí agus gur cheart an t-airgead a chaitheamh ar leabhair scoile i nGaeilge ina áít sin, is é an freagra a thugtar dom: Ní é sin an bealach a oibríonn cúrsaí, má chinntear gan an €3m a chaitheamh ar na h-ionstraimí reachtúla, d’fhéadfadh an airgead sin dul in áit eigean eile seachas an Ghaeilge.

Sin léiriú ar an smacht atá ag maorláthaigh ar an dteanga – tá siad tar éis a chur ina luí orainn nach bhfuil ach bealach amháin, an bealach a roghnaíonn siad, chun rudaí a dhéanamh agus tá an chóras ar fad curtha in oiriúint chun an meoin sin a dhaingniú.

Níl aon spás sa phroiseas seo don chuach a deir go bhfuil bealaí eile ann.   Bealaí a fhéadfadh a bheith níos fearr, níos eifeachtaí agus nach mbeadh an oiread san costas ag baint leis.

S’é mo laoch….George Lee

Tá George Lee, eagarthóir eacnamaíochta RTÉ, ag iarraidh seasamh d’Fhine Gael i mBaile Atha Cliath Theas san fho-thoghchán a bheidh á reachtáil ann an mhí seo chugainn. Maith é as seasamh sa bhearna baoil.

Tá go leor béime dírithe ag na dtrachtairí – agus lucht téacsála chuig RTÉ – ar an gceist seo: An é go raibh sé claonta i rith an ama agus é ag déanamh tuairisciú ar ghnóthaí eacnamaíochta na tíre agus nach bhfuil an claonadh seo á nochtadh go poiblí anois?

Ni chreidim go raibh sé claonta i rith an ama nó tagann an anailís a rinne sé le m’anailís féin – go deimhin cheapas go raibh bascadh i ndán d’Fhianna Fáil ag an olltoghchán seo chaite de bharr an míbhainistiú a bhí á dhéanamh acu ar chúrsaí ag an am sin. Cé go rabhas go h-iomlán mícheart ar an gceist faoi bhascadh ag na bothaí votála, ní rabhas mícheart faoin údar a bhí agam leis an dtuairimíocht sin. Agus creidim go bhfaighidh Fianna Fáil bascadh an uair seo a mhairfidh inár gcuimhne, bascadh deich n-uair níos measa ná an rud a bhí á thuar agamsa. Tá na postaeir in airde cheana féin le h-aghaidh an toghchán Eorpach anseo i Múscrai – agus ar phostaer Bhrian Crowley, ar éigean, má tá sé ann ar chorr ar bith, gur féidir leat a aithint gur iarrthóir Fhianna Fáil atá ann!

Ní fear FG mé ná baol air – ach creidim go bhfuil sé tabhachtach go mbeadh leithéidí George Lee ag teacht chun tosaigh chun dúshlán a thabhairt don Rialtas seo ar an mbonn rí-thabhachtach sin, sé sin go mbíodh FF ag maíomh go raibh an rath ar an ngeilleagar de bharr chomh cúramach is a raibh sé á bhainistiú acu. Nuair a cuireadh ar a súile ná raibh sé amhlaidh is go raibh droch laethannta chugainn – bhuel ní ró shásta a raibh siad. Is cuimhin linn go ndúirt Bertie Ahern, iar Thaoiseach, go mbeadh fonn air a lámh a chur ina bhás féin dá gcreidfeadh sé leithéidí George Lee….

Bhuel tá Bertie imithe leis ar fán ar fud na cruinne ag tabhairt léachtaí do cibé dream atá sásta éisteacht leis faoin mbealach a rinne sé tír rathúil saibhir den oileáinín seo – agus de réir dealraimh, íocann siad go daor as na léachtaí seo. Tá níos mó airgid ná céill ag daoine go fóíll, is léir.

Tá ceist tabhachtach ann, ar ndóigh, faoi chlaontacht nó neamhchlaontacht chraoltóra cosúil le RTÉ. Ach b’fhearr liomsa craoltóir ar nós George Lee a nochtann a pholataíocht seachas na céadta istigh san eagras atá a bpolataíocht faoi cheilt ach ar léir go bhfuil siad faoina thionchar go fóíll. Is cuimhin liom go fóill an clampar a bhí ann le mo linn ag Lá Nua nuair a chuir RTÉ Raidió na Gaeltachta cosc ar ár gcolúnaí Eoin Ó Murchú, eagarthóir pholatúil an staisiúin, bheith ag scríobh faoina ainm féin ar ár son mar gur cháin sé go ró ghéar, dar leo, an Aire Oideachais, Mary Hanafin. Bhuaigh colúin Uí Mhurchú gradam an Oireachtais do cholúnaí na bliana ina n-aineoin i 2007.

An t-aon luaithreach san uachtar, dar liom, go bhfuil trachtairí is iriseoirí RTÉ ag déanamh Dia bheag de Lee agus iad á adhradh go h-oscailte ar na cláracha éagsúla raidió go h-áirithe. Bhí píosa ag Olivia O’Leary inné ar 5-7 Live agus chuirfeadh sé múisc ort agus í ag caint faoi George Lee bheith imithe go dtí an ‘taobh eile’ – taobh na polataíochta de. Omós roimh bháis a bhí ann cé go raibh sé le tuiscint ón mhéid a duirt Olivia gur ionann agus bás imeacht iriseora ó réimse na h-iriseoireachta íoctha. Ní bás – ach ath-fhás – atá ann, Olivia.

Ní docha go dtuigeann ‘réaltaí’ RTÉ go fóill nach ionann an figiúir a bhionn siad ag lua mar lucht éisteachta lena gcláracha agus an líon daoine a chaithfeadh vóta ar a son dá mbeadh an rogha acu. Go h-áirithe nuair atá an oiread acu is atá ag baint feidhme as chleasanna éagsúla chun cáin a sheachaint – ‘na conraitheoirí’ ar nós Pat Kenny, Ryan Tubridy, Gerry Ryan etc.