Cartlanna Clibe: Gaelscoileanna

Batt O’Keeffe – laoch nua an tumoideachais!

An tAire Oideachais is Eolaíochta, Batt O'Keeffe

Ní minic dom ag moladh Batt O’Keeffe, an tAire Oideachais is Eolaíochta, nó go deimhin aon Aire Oideachais is Eolaíochta, ach táim chun nós nua a thosnú(?) inniu.

Nó thug an méid a léigh in alt uaidh i Foinse na maidine spreagadh AGUS misneach dom.    Chaith an t-alt furmhór a gcuid spáis ag caint faoin suíomh idirlín nua, Abair Leat, suíomh atá déanta ag an Roinn i gcomhphairt nó le spreagadh Des Bishop is cosúil.

De réir an ailt, agus tá an mhír seo geall leis ag deireadh an phíosa, tá plean ag an Aire deis a thabhairt do gach macléinn iar bhunscoile freastal ar chúrsa ceithre sheachtain ‘tumoideachais’  ag cur barr snáis ar an nGaeilge.

Anois is smaointeoireacht úr é seo – agus is sean smaointeoireacht é.   Ach is cinnte go gcuideoidh sé le daltaí sin bheith níos mó ar a gcompórd in úsáid na Gaeilge agus iad ag freastal ar na meanscoileanna.  Gan amhras, d’fhéadfadh sé iompú ina ‘ghimic’, nach mbeadh morán brí leo agus nach mbeadh morán tairbhe don dalta nó don teanga dá thoradh.

I bhfocail an Aire féin:

Tá sé beartaithe agam go ndéanfar cúrsa ceithre sheachtain tumtha do scoláirí iarbhunsleibhéil a phíolótú agus go ndéanfar athbhreithniú ar an soláthar a dhéantar sna Coláistí Gaeilge Samhraidh i gcoitinne.

Tá go leor feidireachtaí ag an scéim seo – d’fhéadfadh sé bheith ina dheis eacnamúil don Ghaeltacht nó cén áít eile a bhfuil an taithí ar chúrsaí tumoideachais trí Ghaeilge thar treimhse ceithre sheachtain a chur ar fáil?   Tá Gaelscoileanna ag gabhail don tumoideachas ar feadh na mblianta.  Dream eile a fhéadfadh comhairle a chur ar an Aire.

Is é seo an chéad chomhartha dar liom go bhfuil an Aire seo, thar mar a dhein aon Aire roimhe, ag tabhairt faoi ndeara go mbionn dea thoradh ar an nGaelscolaíocht, ní h-amháin don Ghaeilge ach do dhearcadh agus chur chuige an dalta agus iad ag tabhairt faoi abhair eile.  Níl sé coicís ó chuir sé deireadh le Ciorclán 0044/07 ach seo é anois ag moladh scéim ceannródach agus fadradharcach.

An rud is annamh is íontach, Aire Oideachais is Eolaíochta atá sásta foghlaim.

Slán le Ciorclán 44/07 – ach céard a thiocfaidh ina áit?

Ar An Druma Mór is túisce a chuala mise an scéal is mó ó thaobh na Gaeilge/na Gaeltachta an tseachtain seo.

Go ciúin, cheapfá, tá an Roinn Oideachais agus Eolaíochta tar éis Ciorclán 44/07 a chuir ar cheal.  B’é seo an ordú chonspóideach a chuir iachaill ar mhúinteoirí Gaelscoile leath uair a chloig gach lá a chaitheamh ag múineadh Béarla do naíonáin bheaga, in ainneoin gurb é an dea chleachtaa gan tosnú le múineadh an Bhéarla go dtí níos déanaí i saol scoile an phaiste.

Anois tar éis cás cúirte ar chosain go leor táim cinnte – bhí Scoil Mhic Easmainn agus Gaelscoil Nás na Rí tar éis dúshlán a thabhairt don ordú seo, ordú a rinne an Aire Oideachais (mar a bhí) Mary Hanafin GAN DUL i GCOMHAIRLE le Gaelscoileanna nó saineolaithe eile san earnáil – tá an Ciorclán curtha ar ceal.

Ach, mar atá raite i dtuairisc an Irish Times, tá sé i gceist ag an Roinn dul i gcomhairle le Gaelscoileanna anois chun reachtaíocht maidir le múineadh an Bhéarla agus tumoideachas a ullmhú.  Deirtear sa tuairisc nuachtáin go mbeidh an reachtaíocht seo ag teacht ós comhair na Dála i gceann roinnt seachtainí.  Níl a fhios agam an mbeidh sé chomh tapaidh le sin – ach is léir gur comhartha é seo go bhfuil fonn gluaiste ar an Roinn ar chúis éigean.

B’fhéidir go gcreideann siad go bhfuil tuismitheoir(í) pháistí Gaelscoile amuigh ansin ar bís le go múinfí an Bhéarla do pháistí atá siad ag seoladh ar Ghaelscoil in ainneoin iad a bheith timpeallaithe ag scoileanna náisiúnta ina bhfuil an Bhéarla mar ghnath theanga iontu.

Anois, an rud atá riachtanach, go ndeinfí riar cheart ar na páistí atá ag freastal ar ghaelscoileanna agus ar scoileanna Gaeltachta le réimse leabhair agus acmhainní oideachais i nGaeilge.

Rug mé ar eireaball (spideoige?) inné – sé sin d’eirigh liom féachaint ar an 20 noimead deireannach de thuairisciú bheo TG4 ar an gcruinniú den gComhchoiste Dála ar an nGaeilge agus Dréacht Straitéis 20 Bliain Uí Chuív á phlé.    [Mór an trua ná raibh teacht agam ar an mbeochraoladh seo ar an idirlíon agus bheinn ábalta faire air agus mé ag m’áit oibre – tá súil agam go mbeidh sé ar fáil mar chraoladh taifeadta agus, b’fhéidir fiú, go bhféadfaí míreanna uaidh a chur ar an suíomh seo nó chuala mé cúpla rud agus léigh mé cúpla rud ar maidin nár mhiste plé a dhéanamh orthu!)

Ní leor 'Seideán Sí' - tá réimse leathan leabhair i nGaeilge de dhith

Chuala mé Ferdie Mac an Fhailigh ó Fhoras na Gaeilge ag geallúint go mbeifí ag tógaint ar ‘Seideán Sí’ chun tuilleadh acmhainní a chur ar fáíl.   An cheist atá agamsa:  cén fath nach bhfuil níos mó oibre déanta ar seo go dtí seo.  Chuala mé an fear céanna ag maíomh as ucht go mbeidh dhá nuachtán Ghaeilge ann faoin Cháisc – amhail, cheapfá, is go raibh sé á fhoilsiú é féin.  Ní dhéarfaidh mé a thuilleadh ar an abhar…..tuigeann sibh mé, ceapaim, fiú mura n-aontaíonn sibh liom ar gach ceist.

Beidh le feiceáil cad a thiocfaidh in áit Ciorclán an Mhíchomhairle ach, ar a laghad, beidh proiseas comhairliúcháin ann faoi seo sara gcuirfear aon rud in áit.  B’fhéidir gurb é sin an ceacht is fearr a d’fhoghlaim an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ón eachtra seo ach bheithfeá ag súil le cur chuige níos cúramaí le h-achmhainní an Stait – ár bpáístí agus ár gcuid airgid – ón roinn sin thar aon roinn rialtais eile.

Cad a deir an seanfhocal?  Tá ciall ceannaigh níos fearr ná an dhá chiall a mhúintear.   Ná dein feall mar seo arís, a chairde sa Roinn Oideachais, nó tá a fhios agat anois go ndeinfidh an dream a thog gluaiseacht na Gaelscoileanna id aineoinn cosaint tréan ar an seod seo, an tumoideachas, atá ag tabhairt oideachas níos fearr dár bpáistí ná mar atá ar fáil sa mhórshruth.

Gá le cur chuige nua ó Ghaelscoileanna maidir leis an Roinn Oideachais

ráiteas déanta ag Gaelscoileanna ag cáineadh go géar an diultú ón Roinn Oideachais d’iarratas an eagrais seacht gcinn de Ghaelscoileanna nua agus Gaelcholáiste nua amháin a oscailt le beannacht na Roinne i mí Mheán Fómhar seo chugainn.

Go luath sa ráiteas tuigeann tú go bhfuil an seanphort ar bun ag an Roinn Oideachais arís – sé sin ag léiriu a naimhdeas don Ghaelscolaíocht in athuair. De réir dealraimh d’fhogair an tAire Oideachais i mí Meán Fhómhair na bliana seo chaite nach n-osclófaí aon scoil ach iad san a bhí lonnaithe i gceantaracha forbartha, cibé cén bhrí atá le sin go beacht, agus i raibh riachtanas soiléir léirithe dóibh.

Glacaim leis go bhfuil argóint láidir le déanamh ar son oscailt na scoileanna seo – cé nach luaitear sa ráiteas cá bhfuil na scoileanna atá fagtha gan bheannacht oifigiúil. Glacaim go sasaíonn siad na gcritéir de réir mar a bhfógraíodh iad.

Agus tá an t-eolas sin tabhachtach i gcomhthéacs an fheachtais a chaithfear a chur sa tsiúl chun brú a chur ar an Rialtas ar an gceist. Tá toghcháin ar na bacain agus tá sé tabhachtach go mbeadh feachtais laidre sna ceantracha sin – agus is dócha go bhfuil – chun brú a chur ar na bpolaiteoirí brú a chur ar a máistrí polatúla.

Is dócha go bhfuilim ag eirí tinn tuirseach d’fheachtais atá abhairín stálaithe bunaithe ar phreas ráitis is a léithéid. Agus tá an chuma abhairín seanachaite sin ar an bhfeachtas seo go fóill.

Cá bhfuil na leathnaigh idirlín is na cúntais Twitter is eile chun an fheachtas seo a thabhairt chun solais? Cad faoi scannán Youtube a léiriú? Má tá eolas ann faoi na rudaí seo bheith déanta theana féin, beidh mé sásta é a fhoilsiú anseo. Thuas tá Gaelscoil Riada i mBaile Átha’n Rí ag léiriú go bhfuil siad i dtiúin leis an aimsir…

Deirtear sa phreas ráiteas go bhfuil cearta bunreachtúla á shéanadh ar na paistí is ar a dtuismitheoirí toisc go bhfuil rogha na Gaelscolaíochta á shéanadh orthu. An bhfuil sé i gceist an chás a throid sa chúirt? Nó an bhagairt í seo nach bhfuil sé i gceist go ndéanfaí comhlíonadh uirthí?

Cad faoi fógra a cheannach i nuachtán ar nós an Irish Times – costas mór air glacaim leis – ag meabhrú na buntáisti a bhaineann leis an nGaelscolaíocht agus ag cur na bealaí atá an Roinn Oideachais ag cur bac ar an nGaelscolaíocht os comhair an phobail ar bhealach a mheallfaidh aird?

Tá míbhuntáistí ag baint leis an nGaelscolaíocht freisin. Níl an réimse céanna leabhair is acmhainní ar fáil i nGaelscoileanna is atá ar fáil sna ghnath scoileanna. Níl córas ceart ann chun cuidiú le múinteoiri caitheamh go sasúil le páistí le riachtanais speisialta. Is fadhbanna iad seo a léiríonn drogall is doicheall na Roinne i leith na Gaelscolaíochta? Cad faoi ceist a chur ar na polaiteoirí móra le rá, iad san atá páistí leo ag freastal ar Ghaelscoileanna, an Taoiseach féin san áireamh de réir dealraimh, seasamh leis an nGaelscolaíocht go poiblí in éadan an leatrom leanúnach seo atá á dhéanamh ag an Roinn ar an nGaelscolaíocht?

Nil ansan ach roinnt tuairimí. Seasaim leis an nGaelscolaíocht. Seasaim leis an bhfeachtas seo atá ar bun ag Gaelscoileanna. Tá meas agam ar obair Ghaelscoileanna ach molaim dóibh tabhairt faoin bhfeachtas seo le diograis agus cur chuige na h-aimsire a úsáid chun an bua a bhaint amach.

Go n-éirí leo….