Cartlanna Clibe: Gael Taca

Éacht an “Echo”

Am lón inniu {Dé Máirt] beidh an Evening Echo le fáil ar shráideanna chathair Chorcaí.  Paipéar laethúil nuachta é an Evening Echo a dhailtear ar fuaid na cathrach.  Díoltar thart ar 32,000 cóip agus meastar go mbionn thart ar 150,000 léitheoir ag an nuachtán. 

In eagrán an lae inniu, beidh forlíonadh lán dáite ocht leathnach dhá theangach ann ag ceiliúradh theacht an Oireachtais, príomh fhéile na Gaeilge, go Corcaigh.  Tá a fhios agam seo mar go raibh mé féin im eagarthóir ar an bhforlíonadh. 

Ach ná bac liomsa.   Táim ag lua an scéil seo de bharr go dteastaíonn uaim áird a dhíriú ar an méid seo – ní bhfuair an Evening Echo pingin rua as seo ó fhoinse stáit ar bith.  Is fiú b’fheidir €20,000 an deontas seo ón nuachtán don Oireachtas nó chosnódh sé an méid sin ar a laghad dá mbeadh ocht leathnach le ceannach ag an Oireachtas ón Echo. 

Ní h-amháin sin ach beidh mé ag cur tuairiscí dhá theangacha ar fáil ón OIreachtas gach lá le linn na féile an tseachtain seo chughainn agus beidh siad á fhoilsiú ag an Evening Echo.    Is ar éigean go mbeidh aon nuachtán eile sa tír ag tabhairt an spás céanna don Oireachtas, príomh fhéile na Gaeilge.

Is cinnte go bhfuil ard mholadh tuillte ag an Echo, a bhionn ag foilsiú leathnach i nGaeilge gach seachtain ag tuairisciú ar chúrsaí Múscraí.  Ní fhaigheann an nuachtán deontas dá laghad.   Cuireann siad an spás ar fáil mar tá siad ag iarraidh seirbhís a thabhairt dá leitheoirí agus, mar gheall ar sin, creideann siad go mbeidh leitheoirí dílis don nuachtán.  Is cinnte nár thit díolachán an nuachtán de bharr an Ghaeilge bheith ann. 

Sin dúshlán díbh anois, a cháirde.  An bhfuil nuachtán áitiúil sa cheantar ina bhfuil tusa id chónaí ann?  An bhfuil aon Ghaeilge ann?  Mura bhfuil, cén fath nach n-iarann tú é.  Má luann tú leo go bhfuil an Evening Echo á dhéanamh seo, agus sasta é a dhéanamh ar bhonn gnó, ar an dtuiscint go bhfuil leitheoirí á mhealladh acu, ní féidir leo an argóínt sin a shéanadh.   

Nílim á moladh seo in áit nuachtán laethúil nó seirbhís nuachta idirlíne – ach is cinnte go mbeadh sé ina chabhair mór i ngach aon áit ina bhfuil pobal Ghaeilge ar fud na tíre go mbeadh an nuachtán áitiúil ag cur seirbhíse dá leitheid ar fáíl.   Tá nuachtáin sa Ghaillimh, an Galway Advertiser, a chuireann a leitheid sin de sheirbhís ar fáil freisin agus is dócha go bhfuil nuachtáin eile ann.    

Ní miste a lua nach aon comhtharlúint go bhfuil an seirbhís seo á chur ar fáil i gCorcaigh, bunait Ghael Taca. Bhí baint ag Pádraig O Cuanacháin leis an mbeart seo agus is cinnte go bhfuil baint nach beag ag muintir Mhúscraí, leitheidí Pheadair Uí Riada,  leis an dtionscnamh seo freisin.

Ealaíon agus CLG ar ais ar chlár an Oireachtais

Bus an OireachtaisGhlacfadh sé níos mó ná blag chun cur síos a dhéanamh ar chlár chuimsitheach an Oireachtais a fhograíodh ag ocáid inné ag Ostán an Rochestown Park i gCorcaigh, príomh shuíomh mhór fheile na Gaeilge a chuirfear tús leis ar 26 Deireadh Fómhair. 

B’é cathaoirleach an Choiste Aitiúil, Peadar O Riada, a chur an clár inar láthair.   Ar na príomh imeachtaí ar cheart a lua – agus nach bhfuil luaite go fóill ar mhór shuíomh an Oireachtais – tá filleadh Taispeantas Ealaíon an Oireachtais ar an gclár, comórtas peile idir cumainn na Gaeltachta agus comórtas freisin idir scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna do phaistí faoi 12, morpharáid ar shráideanna Chorcaí ar an lá saoire bainc agus comórtas aghaidheanna fidil idir daltaí scoile sa chathair agus sa cheantar maguaird. 

Agus é ag cur an chláir chuimsithí seo i láthair, dúirt an Riadach gur chuir an Choiste Aitiúil roimhe an sprioc filleadh ar bhun mhíniú an Oireachtais – is é sin teacht le cheile chun an Ghaeilge agus an chultúr Gaelach a cheiliúradh.   Mheabhraigh sé go raibh an tOireachtas ann – sé sin an féile Ghaeilge – sara raibh Tithe an Oireachtais ann – go raibh an chultúr ann ar dtúis agus ansin an pholataíocht. 

D’fháilitigh sé roimh an socrú a deineadh idir RTÉ Raidio na Gaeltachta agus TG4 chun imeachtaí Oireachtais a chraoladh ar an raidió agus ar an dteilifís.   D’aithin sé go raibh argóint teasaí idir an dhá mhór chraoltóir Gaeilge níos luaithe i mbliana – ach, mar a dúirt sé, ní féidir bácáil gan teas. 

Sprioc eile a luaigh sé leis an Oireachtas i gCorcaigh, go luafaí draíocht leis an bhféile um Shamhain seo in athuair. 

Ní aithneoidh lucht freastail an Oireachtais iad féin ag an fheile i mbliana nó tá athfhorbairt shuntasach déanta ar Ostán an Rochestown Park.    Sar obair déanta ag úinéirí an ostáin, Seán agus Dónal O Liatháin, ón uair dheireannach go raibh an Oireachtas ag an ostán. 

Beidh tuilleadh faoi imeachtaí an Oireachtais le fáil ar an suíomh seo agus tá sé i gceist blagáil beo a dhéanamh ar an ocáid ón láthair freisin. 

Tá blas laidir Ghaeltacht Chorcaí ar mórfheile Ghaeilge na bliana seo.   Ach má tá, ní h-ionann sin agus a rá nach bhfuil blas laidir na cathrach le mothú freisin nó tá Gaeil Chorcaí – idir leitheidí Máirín Quill, leas mhéara Chathair Chorcaí agus Gaeltaca. 

Léiríodh eifeacht Ghaeltaca go follasach taobh amuigh de dhoras an ostáin nó páirceáilte ansin bhí bus máisithe le suaitheantais ag fógairt an Oireachtais sa chathair.   Is léir go bhfuil Gael Taca go brea bríomhar agus iad ag iompar an lochrann a thug bunaitheoir an eagrais, Pádraig O Cuanacháin a cailleadh níos luaithe i mbliana, agus an creideamh a bhí go smior ann an Ghaeilge a bheith chomh feiceálach is a fhéadfadh sé bheith sa chathair.    Is cinnte gur fhag Pádraig a lorg ar an gcathair – agus tá Gaeltaca ag leanúint lena chuid oibre.  Maith sibh Barra O Caoimh agus a mheithil!